Is duine é den bheagán fear a cheap an Coimisiún Béaloideasa mar bhailitheoirí lánaimseartha i lár na 1930idí. Tá cuntas air ag Nioclás Mac Craith in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 6, 2002 agus deir sé gurbh ‘in Lios na bhFionn Ghaileach, míle siar ó Dhún Garbhán’ a rugadh é 10 Samhain 1912. Tá eolas air freisin inEolaire Chló Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge, 1998 in eagar ag Gearóidín Uí Laighléis. Ba iad Nioclás Breatnach agus Cáit Paor a thuismitheoirí. Bhí sé in aon rang le Michéul Ó Domhnaill i Scoil na mBráithre, Dún Garbhán, agus bhain an chéad áit in Éirinn amach sa Ghaeilge in Ard-Teist 1930. Má ghnóthaigh sé Scoláireacht an Rí an bhliain deiridh a raibh a leithéid ann, agus deirtear in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise gur bhain, cheil sé an t-eolas sin ar a chlann páistí. Cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Oiliúna de La Salle i bPort Láirge. Iománaí maith a bhí ann agus d’imir sé le foireann an choláiste in éineacht le himreoirí a fuair boinn Uile Éireann le contaetha éagsúla. Fuair sé a chéad phost múinteora sa Chaisleán Nua Thiar, Co. Luimnigh. I 1931 bhí seanscéalta agus blúiríní béaloidis i gcló aige in An Lóchrann, agus in Béaloideas, Nollaig 1933 bhí ‘Scéal Fionn Mhac Cumhaill ag Maoilárd na Léithe’ i gcló aige. Is dóigh gurbh ar an gcuma sin a fuair Séamus Ó Duilearga eolas ina thaobh agus gur thairg sé post mar bhailitheoir sna Déise dó i 1935.

I gceann cúpla bliain d’fhill sé ar an gCaisleán Nua Thiar agus ceapadh é ina phríomhoide i Scoil Chill Lachtaoin, tamall gairid ón mbaile mór. Ach choimeád sé an ceangal leis an gCoimisiún agus ina dhiaidh sin le Roinn Béaloideasa Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá cuntais ar obair an bhéaloidis agus ar an seanchas a bhailigh sé in Ar Bóthar Dom, 1998. I léirmheas in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 3, 1999 deirtear: ‘Cuid de chuimhní cinn an údair atá sa leabhar seo. Is cinnte go bhféadfaí leabhar nó dhó eile a líonadh lena thuilleadh acu, agus leis na seoda seanchais a ghabhann leothu. Cuimhní iad ar fhir sheanchais na nDéise, ar a gcuid léinn, ar a gcuideachta, agus ar a ndaonnacht ghrástúil. Luíonn sé le réasún go suíofadh scéal Niocláis go compórdach agus é meascaithe tré scéal na bhfear seo mar gur de lucht an tseanchais an t-údar féin.’ Agus deir Nioclás Mac Craith sa chuntas iarbháis úd: ‘Nuair a bhí Ar Bóthar Dom á chur amach, thriall mé féin agus an Dr Aoibheann [Nic Dhonnchadha] ar Roinn an Bhéaloidis do scrúdú a chuid saothair. Ba dhóbair dúinn ár mbascadh le lear leathanach líomhláimhscríte de oidhreacht Sean-Ghaedheal, seacht go leith míle leathanach dhe, gaisce oibre ó ghaiscíoch fir a bhfuil leor fiche leabhar ann. Tá cuid eile fós dá oidhreacht, an tseod déanach di, agus an tseod is álainne, creidim, i seilbh an Choiste Foilsitheoireachta in Iolscoil na Mumhan [Coláiste na Rinne]. “Ar mo Shiúlta” a ghairm sé dhi.’

Ghnóthaigh sé céim sa Léann Ceilteach ó Ollscoil Londan. Deirtear inEolaire Chló Iar-Chonnachta: ‘Tá spéis ar leith aige i gcanúint an Tuaiscirt. Tá spéis freisin aige i Shelta, béarlagar na saor, Parlanay agus Romany.’ Tá saothar leis i gcló in Irish School Weekly, Scéala Éireann, Inniu, An Glór, An t-Éireannach, Ar Aghaidh, An Sagart, Béaloideas, Éigse agus Feasta. Scríobh sé péire leabhar do dhéagóirí: Labhraí, 1992 agus Cleasaithe, 1993. D’éag sé ar 27 Aibreán 2002. Bhí conaí air féin agus a bhean Máire (Ní Mhaidín) ag ‘An Eala’, Gleann Maghair, Co. Chorcaí. Bhí iníon agus triúr mac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú