Ba é Liam an tÉireannach ba mhó dár casadh riamh air, dúirt Art Ó Gríofa. Agus dúirt Seán T. Ó Ceallaigh: ‘Bhí aithne mhaith agamsa ar Ó [Maol]Ruanaidh freisin agus déarfainn an rud céanna. Thug sé deich mbliana dá shaol ag obair ar son na hÉireann gan stad, gan staonadh, ag scríobh, ag labhairt, ag múineadh. Bhí intleacht den chéad scoth aige agus thug sé suas í do chúis na hÉireann – don tsaoirse, don teanga, don drámaíocht, agus don chultúr dúchais’ (Seán T., 1963). Ó Maolruanaidh ba thúisce a luaigh ‘Sinn Féin’ leis an nGríofach mar théarma ar pholasaí (feic Dúbhglas de hÍde ..., 1991, le Risteárd Ó Glaisne).

Ag 39 Sráid Mabbot, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 20 Deireadh Fómhair 1873. Tógáil cóistí an obair a bhí ar siúl ag a athair. Teresa Buckley ab ainm dá mháthair agus Patrick ab ainm dá athair. Bhí an tsráid sin ag síneadh ó Shráid Thír Eoghain go Queen’s Mews agus ag trasnú Sráid Mhontgomery (‘Monto’) agus Sráid Thalbóid. ‘Corporation Street’ a ainm inniu. ‘Tenements’ an cur síos atá ar na tithe i sean-imleabhair Thom. Faoi 1901 bhí roinnt ceardaithe ina gcónaí sa tsráid ach bhí ann leis díoltóirí bláthanna, mná glantacháin, teachtairí, póirtéirí, fir stábla, sclábhaithe de chineáil éagsúla ....

Níl a fhios cathain a d’aistrigh an chlann go dtí 23 Ascaill Laighean, an Trá Thuaidh. Nuair a rinneadh daonáireamh 31 Márta 1901 is iad bhí ina gcónaí ann: an t-athair a rugadh i mBaile Átha Cliath agus a bhí 58 bliana d’aois; an mháthair (53) arbh i mBaile Átha Cliath a rugadh í freisin; William (27), cléireach; John (24), déantóir cóistí; Judith (22), cléireach dífhostaithe; Patrick (20), déantóir cóistí (b’in é an fear a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca); Luke (18), liotaealaíontóir. Cuireadh síos go raibh Gaeilge ag gach duine díobh. In aiste in Inniu 22 Bealtaine 1953 deirtear go raibh ceathrar deartháireacha ag Liam agus luaitear Seosamh a fuair bás agus é ina pháiste. Deirtear ann go raibh beirt deirfiúracha aige agus go bhfuair duine díobh, Siobhán, bás go hóg.

Scríobh a chara Pádraig Ó Brolcháin cuntas ar Liam sa chnuasach, Poems and ballads, (1901) agus dúirt: ‘His father was a man who kept himself always in touch with whatever was most national in the land, and as a younger man was an adherent of Young Ireland. Well-read in works relating to Ireland, well-informed in all matters of the first importance in National affairs, he laid in the mind of his son the foundation of knowledge of things Irish, which he added to so extensively and used to such advantage afterwards. His mother was a woman who, as a girl, grew up in a period when national feeling in Ireland, and particularly in Dublin, ran high, and when it was hoped that the rule of seven centuries would be broken. In after life she always looked on Irish questions from the standpoint of her youth, and taught her children to do likewise’. Fuair an t-athair bás in Eanáir 1906.

Bhí Liam ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid na Trá agus i Scoil Uí Chonaill. In aois trí bliana déag dó fuair sé post in oifig dhlíodóra i Sráid an Dáma ach théadh sé ar ais ar scoil chuig na Bráithre roimh agus i ndiaidh oibre, dar leis an mBrolchánach. In 1887 d’éirigh leis i scrúduithe an Ghráid Shóisearaigh. Ba ghairid go raibh post cléirigh aige sa Midland Great Western Railway. Bhí an saorthaisteal mar bhuntáiste aige ann. Ag pointe éigin agus é sna déaga go fóill tairgeadh post iriseora i Luimneach dó ach ní raibh a mháthair sásta go bhfágfadh sé í. Tairgeadh eagarthóireacht dhá nuachtán chúigíocha dó níos deireanaí.

Compánach scoile aige ba ea Henry Egan Kenny (‘Sean Ghall’) agus thaitin colún Uncle Remus sa Weekly Freeman leo. Bhuail siad isteach chun cainte leis an gcolúnaí seo, ar sheanduine é, níorbh fholáir, agus is mar sin a casadh Rose Kavanagh (d’éag 1891) orthu, an file óg ba chara do Charles Kickham agus do Dhubhglas de hÍde í. Ba í siúd a mhol dóibh ‘Irish Fireside Club’ a bhunú chun go mbeadh na baill ann ag díospóireacht le chéile agus ag scríobh. Iris ba ea Irish Fireside. Bhí rang Gaeilge ar bun ag Risteard Ó Maoilbhréanainn, a bhí ina rúnaí ar Aontacht na Gaeilge timpeall an ama sin, sa chlub seo. Is uaidh a fuair Liam a chéad cheachtanna Gaeilge. Is cosúil gur sa chlub sin a casadh Art Ó Gríofa agus Liam ar a chéile den chéad uair in 1888. Chuaigh siad beirt isteach sa Leinster Literary Society le chéile. Bhí iris ag an gcumann seo, Eblana, agus scríobhadh sé aistí inti. Bhí a chéad aiste nuachtáin i gcló in 1892 nuair a d’fhoilsigh an Evening Herald a chuntas ar uaigheanna daoine nótáilte i gceantar Bhaile Átha Cliath. Nuair a tharla scoilt sa Leinster Literary Society i ndeireadh 1892 is ea bhunaigh Liam agus Parnailítigh eile an Celtic Literary Society ag 23 Ascaill Laighean ar 3 Feabhra 1893. Ba eisean an rúnaí. Bhí seomra acu ag 87 Sráid Mhaoilbhríde ar dtús agus ansin ag 32 Sráid na Mainistreach Íochtarach. Chaith Pádraig Mac an Fhailghe agus Micheál Cíosóg tamall ag múineadh Gaeilge sa chumann nua seo. In Sinn Féin 9 Samhain 1912 tá cuntas ag Pádraig Ó Muireagáin ar an gcaoi ar fhoghlaim sé Gaeilge ó Phádraig Mac an Fhailghe agus ó chainteoirí dúchais eile. Is toisc nach raibh cead ballraíochta ag mná a bhunófaí Iníní na hÉireann ar ball.

Bhí Liam an-bhroidiúil sa chumann. Sholáthraíodh sé ábhar don iris lámhscríofa a bhí acu, The MilesianAn Seanachaidhe mar a thabharfaí ar ball uirthi. Chuirtí cuid de na hiarrachtaí sin i gcló in The Shamrock agus in United Ireland. Ó bhí sé ina dhéagóir thaithíodh sé seomra léitheoireachta na Leabharlainne Náisiúnta. Bhí sé ina fhoinse eolais ag aon duine dá chairde ar theastaigh eolas uaidh i dtaobh stair agus cultúr na hÉireann. Chuimhnigh an Gríofach ar thurais an chumainn – ‘Our Sunday tramps over the mountains, long ago, with Rooney and his never-failing humour and merry tales interspersed with snatches of the history of the isolated houses and villages on the way’. Tá cuntas maith ar imeachtaí na gcumann a raibh Liam gníomhach iontu, agus gan amhras ar a chaidreamh ar an nGríofach, in Art Ó Gríofa, 1953 le Seán Ó Lúing.

Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge ó thús, é i láthair ag an mórchomhdháil a bhí acu 27 Márta 1894. An Young Ireland League, cumann a raibh Ó Maolruanaidh ina bhall de, a chéadmhol go dtionólfaí a leithéid. Luaitear é in Irisleabhar na Gaedhilge, Nollaig 1896, mar dhuine díobh sin a chomhthoghadh ina mbaill de Choiste Gnó na hArd-Chraoibhe, ar gheall le coiste náisiúnta na heagraíochta é ag an am sin. Deireadh sé amhráin Ghaeilge mar ‘An Bóithrín Buí’ ag cruinnithe na craoibhe. Bhíodh sé sa chathaoir anois is arís. I bhFeabhra 1901 comhthoghadh é ina bhall de choiste an Oireachtais agus bhí sé le bheith ina mholtóir ar an amhránaíocht. Ba é ba mhó faoi deara gur bunaíodh Craobh Inse Chór. Dúradh in An Claidheamh Soluis 11 Bealtaine 1901: ‘It is owing to his great knowledge of Irish music, and to his tireless energy that the scoraíochta of the Central Branch have done such good work, and have reached such a high state of musical development’. Bhí sé ar dhuine den dáréag a ainmníodh (An Claidheamh Soluis 27 Aibreán 1901) mar ionadaithe na hArd-Chraoibhe ag Ardfheis an Chonartha. Duine eile díobh ba ea Máire Ní Chillín. Deirtear go raibh lámh is focal eatarthu. Phósfadh sí cara dílis Liam, Pádraig Ó Brolcháin, ar ball.

Ainmníodh Liam don Choiste Gnó bliain amháin ach níor vótáil dó ach Séamus Ó Casaide agus Tomás Ó hAodha. Deir Pádraic óg Ó Conaire (Liam Ó Maolruanaidh, 1975) go raibh eagla ar bhaill roimh a chuid polaitíochta. Is féidir a chur mar bhonn faoi sin rud atá i gcuimhní Eoin Mhic Néill, (i gcló in Eoin Mac Neill: scholar and man of action 1867–1945, 1980 le Michael Tierney): ‘He attended a meeting, somewhere in Connaught, I am not now certain where, but I think it was in the neighbourhood of Ballaghaderreen, and he made a speech there of which of course only the most combative parts got into the newspapers. He denounced the inactivity of the Irish Parliamentary Party in the matter of the language .... His speech had the effect of causing some of the leading members of the parliamentary party to regard the Gaelic League as a hostile political force, and I have good reason to know that that notion lasted within the Irish Party ... as long as the Party itself existed’. Tuairimíonn Risteárd Ó Glaisne in Dúbhglas de hÍde (1860–1949): ceannródaí cultúrtha 1860–1910, 1991 gurbh i ngeall ar pholaitíocht Uí Mhaolruanaidh nár luaigh an Craoibhín fiú a ainm in Mise agus an Conradh. D’aistrigh Liam go leor de dhánta an Chraoibhín.

Is dóigh gurbh in 1898 a thug sé an óráid sin dár thagair Mac Néill. Poblacht ina mbeadh an Ghaeilge in uachtar a bhí uaidh agus ba dheacair dó foighneamh leis an bprionsabal a bhí ag an gConradh gan aon bhaint a bheith acu leis an bpolaitíocht. Bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta agus bhí sé an-ghníomhach i gcomóradh Bhliain a Nocha hOcht ar fud na hÉireann. Murach é níorbh fhearrde í cúis na teanga an méadú a tháinig ar an náisiúnachas in 1898, agus deirtear freisin gurbh eisean ba mhó faoi deara Gaeilge bheith ar na leachtanna cuimhneacháin ar fud na tíre. Thug sé aitheasc i nGaeilge uaidh ag an ollchruinniú 15 Lúnasa i mBaile Átha Cliath nuair a leagadh síos cloch bhoinn leacht Wolfe Tone.

Sa bhliain chéanna sin cinneadh ar an míosachán Shan Van Vocht a aistriú go Baile Átha Cliath agus seachtaineán a dhéanamh de. Mhol an Dr Marcas Ó Roighin do Alice Milligan gurbh é Liam a cheapfaí ina eagarthóir. Ach ní ghlacfadh sé leis an bpost. Bhí Art Ó Gríofa san Afraic Theas agus fonn air filleadh abhaile. Chuaigh Liam i mbannaí go ndéanfadh an Gríofach an obair go críochnúil. The United Irishman a tugadh ar an bpáipéar nua seo. Chabhraíodh Liam go mór leis an nGríofach in obair an pháipéir agus ba é a scríobhadh ‘Irish Ireland Notes’ ann. B’fhéidir gur timpeall an ama seo a chuir sé isteach ar phost oifigigh freastail scoile, post nár éirigh leis a fháil. An spéis mhór a bhí aige san acht nua a bhain le hoideachas éigeantach (Irish education act, 1892) faoi deara dó cur isteach ar a leithéid de phost.

Nuair a bunaíodh Cumann na nGael i 1900 ba é Liam a ceapadh ina chisteoir ag an gcéad chruinniú. Céim eile i dtreo Shinn Féin a bhí ann agus bealach le náisiúnaithe den uile dhath a thabhairt le chéile.

I 1900 freisin chabhraigh sé le Seán Mac Giolla Bhríde i bhfeachtas toghchánaíochta i gContae Mhaigh Eo. Deirtear gur tharla Liam Ó Briain MP ag óráidíocht an lá céanna i mBéal Átha hAmhnais agus gur timpeall ar Ó Maolruanaidh a chruinnigh an slua toisc gurbh i nGaeilge a bhí seisean ag cur de. Tuairimíonn Pádraig óg Ó Conaire gurbh í an chéad óráid thoghchánaíochta Ghaeilge í a chualathas riamh i gContae Mhaigh Eo.

Bhí bá ar leith aige le Maigh Eo. B’as iarthuaisceart an chontae dá sheanmhuintir, deirtear. I mBéal Easa a chum sé an t-amhrán ‘The Men of the West’. An píosa aithriseorachta is marthanaí dá dhéantús, ‘The Priest of Adergool’, baineann sé le Maigh Eo freisin. Bhunófaí an Priest of Adergool Branch den Chonradh i ndiaidh bhás Liam!

Ó bhí saorthaisteal aige bhíodh sé in ann geábhanna siar a thabhairt minic go leor. I gConamara a chaitheadh sé a laethanta saoire agus i mBaile Átha Cliath bhíodh tóir aige ar chainteoirí dúchais Gaeilge. Thug Pádraic óg Ó Conaire samplaí dá phrós Gaeilge le chéile sa leabhrán thuasluaite. ‘Fear na Muintire’ ceann dá ainmneacha pinn ach d’úsáideadh sé freisin, de réir mar a d’oirfeadh do ábhar a aiste, Shel Martin, Sliabh Rua, Criadhaire, Hi Fiachra, Gleann an smóil, Knockseadon, Baltrasna, Feltrim, Ballinascorney, Killester.

I Márta 1901 tholg sé slaghdán trom ach aire níor thug sé dó féin ach d’imigh leis go Maigh Eo chun labhairt ag cruinniú. D’éag sé ar 6 Bealtaine 1901. Shíl Pádraic Colum go raibh an eitinn air ach luaitear fiabhras inchinne freisin. Ach is é atá scríofa sa teastas báis: ‘Typhoid fever Splenic leucocythaemia syncope’. Is cosúil nárbh é an chéad duine den teaghlach a fuair bás den ghalar sin. D’ordaigh an Bardas don chlann a dteach a fhágáil. Chuaigh siad chun cónaithe leis na Gríofaigh ar feadh tamaill.

Ghoill a bhás go mór ar Art Ó Gríofa. Scríobh W.B.Yeats chuig an mBantiarna Gregory 21 Bealtaine 1901: ‘I brought a man to [George] Moore to propose a Gaelic dramatic touring company. Moore is excited about the scheme and will try to get money for it. It was in part a scheme of poor Rooney’s, whose death has plunged everyone into gloom. Griffith has had to go to hospital for a week so much did it affect him’. Ag Sean O’Casey in Drums under the windows tá an abairt seo faoi náisiúnaithe óga Bhaile Átha Cliath: ‘Thomas Davis was their pattern and their pride. He sang for them every hour of the day and if he happened to tire, his poor imitator William Rooney, Griffith’s great butty, sang instead’.

Cén fáth a raibh an meas go léir ag a chairde ar Ó Maolruanaidh? Dúirt Pádraic Colum: ‘Those who did not know William Rooney personally find it hard to understand Griffith’s idealization of him. His essays repeat the tone of Thomas Davis, his verse, no longer given in Irish anthologies, is as rhetorical as verse can be: it was made for recitation in a hall filled with like-minded young men and women and for them it was stirring .... Joyce found nothing in it but a “weary energy”. Yeats admired its “salutory rhetoric”’ (Arthur Griffith, 1959). Bhí léirmheas ag James Joyce ar Poems and ballads of William Rooney, 1901, in eagar ag Art Ó Gríofa, in Daily Express 11 Nollaig 1902. Foilsíodh Prose writings i 1909.

In An Claidheamh Soluis 11 Bealtaine 1901 luaitear é i gcomhluadar Eoghain Uí Ghramhna agus Dhonncha Pléimionn: ‘a martyr to a high and noble sense of duty’. Tá sé deacair a rá go lom go raibh baint ag an mbroid go léir lena bhás. Ach is cinnte go mbíodh sé ag dul thar fóir air féin go laethúil. Bhí an tseachtain oibre sé lá oibre faoi réim agus chaitheadh Liam na hoícheanta ag sclábhaíocht don chúis. Ansin go rómhinic théadh sé díreach ó obair ar thraein oíche an tSathairn go Connachta chun cainte ag cruinnithe nó mar threoraí le linn turasanna chuig uaigheanna laochra na hÉireann, agus is ar thraein an phoist a d’fhilleadh sé go deireanach ar an Domhnach.

Cuntas eile air is ea Liam Ó Maolruanaidh, 1941 le Donncha Ó Súilleabháin. Tá áit shuntasach tugtha dó ag P. J. Mathews in Revival: the Abbey Theatre, Sinn Fein, the Gaelic League and the Co-operative Movement, 2003. Bunaíodh an Willie Rooney Shield chun inniúlacht ar Ghaeilge mar chúnamh i dtionscal na clódóireachta a spreagadh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú