Bhí an scoláire seo ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus tá eolas cuimsitheach ar a shaol ag Breandán Ó Conaire in Aistí ag iompar scéil: in ómós do Shéamus P. Ó Mórdha, 2004 in eagar ag Ó Conaire. Sa leabhar céanna tá an chaibidil ‘Séamus P. Ó Mórdha agus Coláiste Phádraig’ le Stiofán Ó hAnnracháin; tá ann freisin liosta den 170 píosa, idir aistí léannta, bhuncheapadóireacht, léirmheasanna, etc. in Celtica,Éigse, Studies, Studia Hibernica, Seanchas Ardmhacha, in irisí faoi stair a chontae dúchais, in irisí Gaeilge agus sna nuachtáin. Faoin teideal ‘Renowned scholar who promoted Irish education, language and culture’ tá cuntas iarbháis in Irish Times.

I gCoill an Iúir, Cnoc Rua, Co. an Chabháin, a rugadh é ar 8 Deireadh Fómhair 1915. Ba iad Brian Ó Mórdha, príomhoide i scoil náisiúnta, agus Bríd Ní Luineacháin, a bhí ina bunmhúinteoir cáilithe, a thuismitheoirí; in Butte, Montana, a rugadh Bríd, mar a raibh a hathair Pádraig, cainteoir dúchais Gaeilge as Bun Machan, Co. Phort Láirge, ar dhuine de bhainisteoirí an mhianaigh chopair. Cuireadh Séamus chuig an scoil i gCnoc na Labhras ar dtús ós í ba chóngaraí dóibh. I scoil Choillidh Fearga in Achadh na hAbhla a bhí a athair ina phríomhoide um an taca seo agus i 1928 bhog an teaghlach go Droim Srian in Achadh Abhla agus chaith Séamus an dá bhliain deiridh den bhunscolaíocht i scoil a athar. Deir Ó Conaire faoin athair: ‘Bhí luí ar leith aige le stair agus seanchas áitiúil, le ginealas, le béaloideas, leis an teanga.’ Ó 1930 go 1935 bhí Séamus i gColáiste Mhic Cairthinn, cliarscoil dheoise Chlochair, Muineachán. Cuireann Ó Conaire agus Ó hAnnracháin araon síos ar a shuim sa pheil. Bhí sé ar fhoireann an choláiste a bhuaigh Corn Mhic Ruairí agus ar fhoirne a pharóiste a bhuaigh craobh Chontae an Chabháin i 1936 agus 1937. D’imir a dheartháireacha ar fhoireann an chontae. Thacaíodh sé féin go mór le foireann Choláiste Phádraig, Dóchas Éireann.

Chaith sé an tréimhse 1935-38 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar scoláireacht ó Chomhairle Chontae Mhuineacháin. Gaeilge agus Laidin na hábhair a bhí aige i scrúduithe an BA agus fuair sé céad onóracha (1938). Comparáid idir dán mór Virgil agus eachtra an dáin mar atá san insint mheánGhaeilge is ea a thráchtas máistir (1939). Bhí sé ina rúnaí ag an gCumann Gaelach sa choláiste le linn do Thomás de Bhaldraithe a bheith ina reachtaire. Idir 1939 agus 1954 bhí tamaill caite aige ag múineadh i Scoil Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, i gColáiste Mhic Cairthinn agus in Ardscoil Fhionntain i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Ainmníodh é ina chomhalta den Chomhairle Oideachais a cuireadh ar bun i 1950. Ceapadh é ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1954, post a bhí aige go 1981 nuair a shroich sé aois an phinsin. Deirtear san Irish Times: ‘His tenure coincided with a period of great change in education that saw the introduction of the new curriculum and the restructuring of teacher training. When St Patrick’s College was granted university status in 1974 he ensured that the Irish department rose to the challenge by offering courses on a par with any third-level institute.’

Ó 1948 go 1956 bhí sé ina eagarthóir ar An tUltach. Tar éis dó a fhógairt go raibh faoi éirí as an eagarthóireacht dúradh in Inniu 9 Nollaig 1955: ‘Le linn a thréimhse eagarthóireachta rinneadh méid an pháipéir a dhúbailt, dúbladh líon na léitheoirí, agus baineadh úsáid as an chló Rómhánach den chéad uair’ (i gcló ag Ó Conaire). Bhí baint mhór aige le hobair Chomhaltas Uladh agus go háirithe leis na coláistí Gaeilge ó thuaidh; bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Choláiste Ros Goill agus bhí ar fhoireann teagaisc Choláiste Rann na Feirste. Thacaíodh sé freisin le hobair an Chomhchaidrimh. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Studia Hibernica agus baint aige leis an iris léannta sin ar feadh i bhfad. Bhí sé ina bhall de Bhord na Leabhar Gaeilge ó 1961 agus ina chathaoirleach ar an mBord ar feadh tamaill fhada go dtí 1983. Bhí sé ina bhall den Údarás um Ard-Oideachas 1980-85, é ina Leas-Chathaoirleach i 1984, agus ina chomhalta de Institiúid Teangeolaíochta Éireann 1988-93 agus ina bhall de Chomhairle Bhéaloideas Éireann 1978-87. Bhí sé ina bhall de mhórán de chumainn staire a cheantair féin i gCúige Uladh agus thugadh cúnamh agus tacaíocht do gach staraí áitiúil ann. Maidir lena eolas ar an gceantar sin deir Stiofán Ó hAnnracháin: ‘Leor domsa a rá gur ar éigean a d’fhéadfadh aon duine le caoga bliain anuas staidéar a dhéanamh ar thraidisiúin dheisceart Uladh nó thuaisceart Laighean gan bheith faoi chomaoin ag Séamus P. Ó Mórdha. Nach é an trua é nach raibh ar chumas an choláiste iarchéim a thairiscint do mhic léinn lena linn. Nárbh aoibhinn don scoláire óg a mbeadh Séamus mar stiúrthóir ar a thráchtas aige!’. I 1948 phós sé Bríd Ní Mhothair ó Chill Uird, Co. Chorcaí, agus saolaíodh ceathrar mac agus beirt iníonacha dóibh. D’éag sé ar 12 Feabhra 2005 agus tá sé curtha i Reilig Bhaile Dardis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú