In Aill an Phréacháin, na Forbacha, i gConamara, a saolaíodh Diarmaid Ó Gráinne ar 10 Bealtaine 1950 agus cé go mba i mBaile Átha Cliath agus ina dhiaidh sin i gContae Ros Comáin a chaith sé bunáite a shaoil mar dhuine fásta, d’fhág a thógáil agus an ceantar as ar fáisceadh é rian láidir ar a chuid scríbhneoireachta, a bhí breactha leis an gcaint shaibhir, nádúrtha a bhí cloiste aige óna mhuintir agus óna chuid comharsan.

Ba é Diarmaid an dara duine ab óige de sheachtar clainne, ceathrar mac (Pádraig, Stiofán, Diarmaid, Máirtín) agus triúr iníonacha (Máire, Nuala, Sorcha), a bhí ag a thuismitheoirí – Diarmaid (Dairbe) Ó Gráinne, feirmeoir beag as Aill an Phréacháin agus ag a bhean, Siobhán (Júidín Steif) Breathnach as an mBaile Ard ar an Spidéal.

D’fhreastail Diarmaid ar Scoil Náisiúnta na bhForbacha. I gColáiste Éinde ar an mBóthar Ard i nGaillimh a fuair sé a chuid meánscolaíochta agus chuaigh sé as sin chuig Coláiste Phádraig i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath, áit ar oileadh mar bhunmhúinteoir é sa bhliain 1970.

Níor réitigh an bhunscoil ná an mheánscoil chónaithe leis beag ná mór agus chreid sé go daingean gurbh amhlaidh a d’ísligh an córas iontu a spiorad, in ionad é a neartú. Malairt measa a bhí aige ar Choláiste Phádraig agus an tsaoirse agus an spreagadh a bhí le fáil ansiúd.

Ba é an t-ollamh le Gaeilge a bhí i gColáiste Phádraig, Séamus Ó Mórdha (1915–2005), a mhol dó tabhairt faoin scríbhneoireacht agus ansiúd freisin a fuair sé deis luí isteach ar ábhar eile a thaitin go mór leis – an stair. Bhuaigh sé Duais Uí Mhaolónaigh as na marcanna ab airde sa choláiste a bhaint amach san ábhar sin. Níorbh iontas nuair a rinne sé freastal ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ina dhiaidh sin (ó 1976 go 1979) gur ar an stair, ar an bpolaitíocht agus ar an mBéarla a dhírigh sé.

Thug sé scaitheamh ag múineadh i Scoil Náisiúnta Bhaile Shéamais Dhuibh i gContae an Chabháin, ach ba sa phríomhchathair agus sa cheantar máguaird a chaith sé an chuid is mó dá shaol múinteoireachta – i Scoil Cholmcille, Sráid Mhaolbhríde (Scoil Chaoimhín mar atá anois), Scoil Pháirc Sandford, Raghnallach, agus Scoil agus Coláiste na Toirbhirte, Bré, Co. Chill Mhantáin, baile inar chuir sé faoi.

Sa bhliain 1976 phós sé Caitlín Ní Shíthigh as Glas Naíon i mBaile Átha Cliath agus bhí beirt chlainne orthu, Áine agus Brian.

Ainneoin oiread ama a bheith caite aige sa phríomhchathair agus a bhí taobh amuigh di, shantaigh sé saol na tuaithe i gcónaí agus in 1999 cheannaigh sé gabháltas beag i Mullach na Sí in aice leis an gCaisleán Riabhach i dtuaisceart Chontae Ros Comáin. Idir bheithígh, laonna agus ghamhna, bhíodh sna déaga eallach aige agus é sásta go leor ag fosaíocht orthu siúd, ag scríobh, ag léamh agus i gcomhluadar feirmeoirí beaga eile an cheantair.

Saothar léirmheastóireachta ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain (1906–1970) a bhí sa chéad leabhar a tháinig uaidh, An Dá Mháirtín (1990). Bhí ardmheas ag an nGráinneach ar Ó Cadhain agus mheas sé gur fhág a bhás teanga na Gaeilge gan cheannaireacht. Bhí cuid den phearsantacht chéanna ag baint leis an mbeirt – taghdach, giorraisc ar uairibh agus gan fuacht ná faitíos orthu tabhairt go hoscailte agus go poiblí faoi dhaoine agus faoi fhorais nach raibh ag déanamh an chirt, dar leo.

Cúrsaí oideachais agus cúrsaí na Gaeilge ba mhinice a bhíodh ag déanamh tinnis do Dhiarmaid Ó Gráinne. I gcolún a bhíodh aige sa nuachtán agus ar mhíreanna dá chuid a craoladh go rialta ar Raidió na Gaeltachta sna 1990idí, thug sé faoi eagraíochtaí stáit agus faoi ranna rialtais ar easaontaigh sé lena gcuid polasaithe. Ba mhinic freisin a cháin sé acadóirí as a gcuid leithleachais. Bhíodh a ghlór le cloisteáil ag agóidíocht ag cruinnithe poiblí agus ba mhinice ná sin a thuairim ar leathanaigh na litreacha i nuachtáin.

Duine domhain ab ea é a nocht cuid dá chroí agus dá chuid fealsúnachta sna trí imleabhar Ó Rinn go Sáil (2010, 2012, 2013), dialanna dírbheathaisnéiseacha a scríobh sé ar a fheirm i Ros Comáin sna blianta go gairid sular bhásaigh sé. Ansiúd, agus é ag teannadh leis na trí scór, scríobh sé: ‘Táim tar éis íobairt a dhéanamh i ngach uile ní ar son na scríbhneoireachta. Chuir mé mo bhean, mo chlann, mo phost, mo mhuintir in áit na leathphingine ar son na huaill-mhéine seo amháin. Ag tagairt don uaigneas a bhaineann le saol an scríbhneora scaití, dúirt sé:

Strainséara gach duine ina bhealach féin, agus maidir leis an aonarán, cruthaíonn sé a ifreann aonarach féin. [. . .] Is cleasach an mac í an intinn agus cuireann sí speabhraoidí orainn. Má chónaíonn tú leat féin is í an intinn is mó díol cúraim, agus ní an corp. Sciúrann an scríobhneoireacht an intinn, agus sin é an fáth a bhfuil mé ag dul don chéipear seo.

In 1991 d’fhoilsigh An Clóchomhar a chéad úrscéal, Brionglóidí briste, tuairisc ar bhuachaill óg as iarthar tíre a bhuann scoláireacht chuig meánscoil chónaithe agus a théann isteach inti le croí éadrom, luaineach. Ach ní fada go dtuigeann sé gur mór atá idir an saol suaimhneach sa bhaile agus cora casta an tsaoil sa choláiste.

Foilsíodh úrscéal eile dá chuid An traimp an bhliain sin freisin. Fear óg ab ea an traimp a raibh bliain caite aige ag múineadh i mBaile Átha Cliath, ach a chaith trí bliana ag plé le sclábhaíocht agus le hobair láimhe i Sasana, san Fhrainc agus sa Ghearmáin, mar a bhí déanta ag an údar. Tá rian den saol a bhí caite ag Diarmaid go dtí sin le feiceáil go láidir sa dá úrscéal

Leabhar filíochta, Spéir thoirní (1993), ab ea an chéad saothar eile a facthas uaidh, dánta a bhí dírithe ar na daoine agus ar an gceantar dar díobh é. Ina dhiaidh sin foilsíodh dhá leabhar filíochta eile dá chuid, Spealadh an drúchta (1995) agus Coill chríon na bhForbacha (2001). Do Mháire Mhac an tSaoi, an t-aon duine in Éirinn a thuigfeadh é, dar leis, a thiomnaigh sé an t-aon leabhar gearrscéalta dá chuid, Céard a dhéanfas tú anois? (1997). Bhí Mhac an tSaoi ar dhuine den bheagán a thacaigh leis in am an ghátair, a dúirt sé.

Ar ábhar a bhailigh sé ó chomharsa béal dorais dá chuid in Aill an Phréacháin a bhí an leabhar A scéal féin – Máire Phatch Mhóir Uí Churraoin (1995) bunaithe, agus ba le hábhar a fuair sé ón amhránaí agus an seanchaí as Leitir Péic sa Spidéal a bhain Peait Phádraic Tom Ó Conghaile – A scéal féin (1997).

Cur síos ar an scór scríbhneoir ba mhó a chuaigh i bhfeidhm air is ea Doirse éalaithe (2004) agus sna blianta a lean, scríobh sé trí leabhar faisnéise eile. Le dúnmharuithe chomh fada siar le Mám Trasna agus chomh fada chun cinn le Veronica Guerin a bhain Fágann marbh láthair (2006); le stair na dornálaíochta, sa tír seo go háirithe, a bhain An dorn iata (2007) agus Cúba agus Castró (2009).

Foilsíodh aistriúchán a rinne sé ar bhunleabhar Caroline Seaward Karl Marx (1993) agus foilsíodh freisin An Strainséara (2012), aistriúchán a rinne sé ar úrscéal Albert Camus, L’Étranger.

Bhí bearna aon bhliain déag idir An traimp agus an tríú húrscéal a scríobh an Gráinneach, Cloch scoiltí (2002). Sna blianta beaga sular bhásaigh sé, scríobh sé ceithre úrscéal eile, Nead préacháin (2008); An drochshúil (2009); Muintir na coille (2011), leabhar a fuair ardmholadh; agus Aois na n-iontas (2013), a foilsíodh mí sula bhfuair sé bás ar 28 Lúnasa 2013.

Bhí baint aige le dhá leabhar eile, An cultúr agus an duine (1993) a chuir sé in eagar le Daithí Ó hÓgáin (1949-2011) agus An fhealsúnacht agus an tsíceolaíocht (1992) a chuir Ciarán Ó Coigligh in eagar agus a bhain le sraith léachtaí a d’eagraigh Diarmaid thar ceann Chraobh na hÉigse de Chonradh na Gaeilge.

Mártan Ó Ciardha