‘An t-oidhre deiridh ar fhilí Oirghialla’ a thug Tomás Ó Fiaich agus Liam Ó Caithnia, eagarthóirí Art Mac Bionaid: dánta (1979) air. D’fhéach sé le filíocht agus prós Oirghialla san 18ú céad a chóipeáil. Bhí sé síolraithe go díreach ó Mhicheál Ó hÍr a chum ‘Seachrán Chairn tSiadhail’. Tá cuntas air freisin ag Breandán Ó Buachalla in I mBéal Feirste Cois Cuain (1968) agus chuir Séamus P. Ó Mórdha a litreacha chuig Roibeard Mac Ádhaimh i gcló in Seanchas Ard Mhacha, 1957. Sa Bhaile Caol, Co. Ard Mhacha, a rugadh é. Ba é an tríú leanbh é ag John Bennett (d’éag 1829), a raibh tuairim deich n-acra talún aige. Bhí triúr deirfiúracha agus triúr deartháireacha aige. Tá cuid dá n-ainmneacha i gcló ag Éamonn Ó Tuathail in Irish Book Lover, Márta-Aibreán 1934. Scríobhaí freisin ba ea duine de na deartháireacha, Michael. Bhí an sloinne McBennett coitianta go maith sa cheantar uair agus tuairimíonn Ó Fiaich agus Ó Caithnia gurbh as an ainm baiste Maol Beannachta a d’fhréamhaigh an sloinne, rud a dhealódh amach ón sloinne Normanach é.

Níl a fhios cár cuireadh scolaíocht air. Bhí léamh agus scríobh an Bhéarla agus na Gaeilge le fáil aige cois teallaigh. Rinne sé cóip de Foras Feasa ar Éirinn in 1819 agus tá dán againn uaidh ó 1817. In 1825 d’éirigh leis a bheith ina mhúinteoir faoin Irish Society agus bhí ag an gcruinniú úd de mhúinteoirí an chumainn i nDún an Rí ar 5 Meán Fómhair ar fhreastail Peadar Ó Gealacáin air. Ní fada an téarma a chaith sé leis an gcumann agus b’fhuath leis an bhíoblóireacht feasta. Phós sé roimh 1830 agus rugadh beirt bhuachaillí agus ceathrar cailíní dó. B’fhéidir gur chaith sé cuid den tréimhse 1831-44 ag obair i Sasana; níl eolas ar aon ní óna pheann i rith na mblianta sin, cé go raibh a ainm i liosta de 38 scoláirí aitheanta Gaeilge a foilsíodh i mBaile Átha Cliath in 1838 (Ó Mórdha). Níl amhras ach gurbh é Roibeard Mac Ádhaimh a chuir ag scríobh arís é agus ag bailiú. Ní hí an chuid is lú spéis den chaidreamh a bhí acu ar a chéile na litreacha a chuireadh Art chuige, cuid acu giorraisc searbhasach. Insíonn siad scéal ar nádúr Airt. Tugann siad freisin léiriú ar a ainnise a bhí an saol aige agus ag a theaghlach i rith an Ghorta Mhóir. Sampla maith an ceann a scríobh sé 15 Feabhra 1846: ‘It appears that I will never have happy tidings to send to you. On this morning a fine girl, a daughter of mine, died of convulsion of four days’ standing. She was fifteen years of age and worse than all cha raibh bia nó deoch nó pingin a cheannódh é nó a d’adhlacfadh í ar mo sheilbh. You will please excuse me for being a little dilatory in sending any writings.’ Leis an tréimhse sin freisin a bhaineann an t-easaontas le hAodh Mac Domhnaill ar ceann dá thorthaí an aoir aitheanta a scríobh Art, ‘An tOllamh Úr’, a raibh de theidil air aige féin ‘Aoir ar Aodh Mac Domhnaill or reflections upon Hugh MacDonnell’s conduct for assuming the name of poet’ agus ‘Hugh McDonnell’s insolence, incapacity and folly in attempting to compose Irish verses censured by Art Bennett’ (i gcló maille leis an dán in Nua-Dhuanaire Cuid II, 1976 le Breandán Ó Buachalla). Mar scríobhaí atá meas ag an mBuachallach air agus dúirt sé in Seanchas Ard Mhacha, 1979 nach ró-iontach an fhilíocht a scríobh sé agus nár rómhór an file é, gur scríobh sé véarsaíocht toisc gurbh é sin traidisiún an léinn sa Ghaeilge. Is léir ón mbeagán litreacha a sheol sé chuig Seán Ó Dálaigh go bhféadfadh sé a bheith an-chantalach agus mífhoighneach. Bhí fainic curtha ag an Athair Ó Luain, cara Airt, ar an Muimhneach: ‘He is of a very singular and odd disposition. I consider he is very fond of his own opinion and would withdraw both from me and you his contribution if we displeased him. Should he send you any manuscript you would do well to flatter his pride a little, and you will succeed the better.’ In Éigse Iml. II, Cuid II, 1940 (‘O’Kearney, O’Daly and Bennett’) chuir Lorcán Ó Muireadhaigh i gcló dán cáinte a chuir Mac Bionaid chuig Ó Dálaigh agus tá an nóta seo aige leis: ‘Bennett boasted that O’Daly, on receipt of this poem, “nipped his lips and dropped the North.” In another manuscript he wrote that O’Daly should have had his tongue burned through with a hot iron for retailing falsehoods.’

Tá liosta a shaothair mar aguisín in I mBéal Feirste Cois Cuain. Tá tríocha dá amhráin ar marthain. Meastar gur cailleadh cuid mhaith dá lámhscríbhinní. Scríobh sé in 1857-58, ‘Comhraic na nGaodhal agus na nGall le chéile’, stair na hÉireann ó theacht na nDanar go dtí Conradh Luimnigh, agus tá cur síos ar an lámhscríbhinn seo ag Réamonn Ó Muirí in Seanchas Ard Mhacha, 1978. Thairg Mac Bionaid an stair seo a scríobh i mBéarla do Mhac Ádhaimh ach b’fhearr leis siúd é a bheith i nGaeilge agus chuir sin deireadh leis an gcairdeas. Scríobh Art sa deireadh é d’Éamann Mac Aonghusa, fear gnó san Iúr. Bhí sé caillte ar feadh céad bliain agus ar chuma éigin tharla i seilbh duine i nDún Pádraig é. Thug seisean chuig Músaem Uladh é agus is ann a d’aithin Ó Muirí lámh Airt. Chuir sé i gcló é in 1994 faoin teideal Lámhscríbhinn staire an Bhionadaigh: Comhrac na nGael agus na nGall le chéile. D’éag Art 10 Márta 1879 agus cuireadh é i reilig an Mhullaigh Bháin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú