Bhain rómánsaíocht leis na chéad mhúinteoirí taistil. Chuir Alice Milligan go mór leis nuair a scríobh sí an dán ‘The man on the wheel’: ‘A man goes by on a wheel with the rain on his face/ Against the way of the wind and he not caring ...’. Ach níorbh aon óglaoch an chéad duine riamh acu, Francis Nugent. Fiú rothair ní raibh aige.

Scríobh Aindrias Ó Muimhneacháin leabhrán, Na múinteoirí taistil, 1966, agus dúirt an méid seo i dtaobh cheapachán Mhic Uinseannáin i gceantar an Iúir agus Dhún Dealgan: ‘Bhí an múinteoir ullamh réidh cheana féin ag an gCoiste Ceantair nuair a bheartaíodar an scéim — ógfhear a bhíodh ag múineadh ranganna saor in aisce i gCraobh Iúir Chinn Trá – Proinnsias Mac Uinseannáin – agus ba shin é a cheapadar don ghnó – an duine tosaigh de Mhúinteoirí Taistil Chonradh na Gaeilge .... Meán Fómhair 2 1899 is ea chuaigh sé i mbun a dhualgais nua. Dhá chraobh a bhí faoina chúram ar dtús ... ach laistigh de mhí trí craobhacha eile agus ... deich gcinn de ranganna aige, 685 duine sna ranganna sin agus é féin ag imeacht ó cheann go ceann acu ar a rothar á dteagasc. £1 sa tseachtain an tuarastal a bhí aige’.

An ráiteas sin a spreag Peadar Ó Dubhda chun alt dar teideal ‘An Chéad mhúinteoir taistil Gaeilge’ a scríobh in An tUltach, Samhain 1966. Pictiúr contrártha ar fad atá ann. ‘Seanfhear ab ea Proinsias tráth a tháinig sé chugainn den chéad uair – i bhfogas don seachtó, déarfainn; trom sa tsiúl, ag bogadh leis go réidh, agus ar éigin a chífeá a ghnúis le méid agus fáslach na féasóige a bhí air .... Ní dóigh liom go raibh sé ar rothar riamh, ná cha bhíodh a leithéid de ghléas taistil le feiceáil ach ag na boic óga galánta. Ar an traein a thagadh sé as Iúir Chinn Trá, agus dúradh linn gur ar thrucaillín deas éadrom is asailín fuinte faoi a théadh sé thart fa na háiteacha eile’.

An seanchainteoir dúchais Aindi Ó Marcaigh a d’inis do Pheadar an méid a bhí ar eolas aige i dtaobh Phroinsiais: togha matamaiticeoir é agus údar ar Laidin; go mba mhúinteoir náisiúnta é tráth a bhí bíoblóirí ag obair i gceantar Fhoirceala. Co. Ard Mhacha. ‘Cé nach raibh baint ag Proinsias, ná suim, b’fhéidir, i sábháil anamacha, chuir sé dúil mhór sa scrioptúr, agus deirtí nár dhiúltaigh sé aon chuidiú a d’iarrtaí air le blas ceart a chur ar fhocla agus ar bhriathar i mbéal na misnéirí. Ba ghairid gur chaill sé a phost mar oide agus deireadh Aindí linne gur ársaigh Proinsias dó: “Deir daoine gur briseadh as mo phost mé, ach deirimse gur éirí as a rinne mé”.’

Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea Proinsias agus seanchas agus filíocht Oirialla aige. In A hidden Ulster: People, songs and traditions of Oriel, 2003 deir Pádraigín Ní Uallacháin, agus fianaise Pheadair Uí Dhubhdha aici air, gurbh ó Art Mac Bionaid a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh. Bhíodh Ó Dubhda agus a chairde i gcraobh Dhún Dealgan ag déanamh iontais den chomhrá a bhíodh ar siul ag Aindí agus Proinsias i ndiaidh an ranga: ‘... is ba bhinn linn bheith ag éisteacht leis an bhéal beo seo is na gáirí croíúla, cé nár thuig muid brí a gcuid cainte. Anois, cad chuige nach cuid den bhéal bheo sin a bhíodh aige don rang – an rud a shantaigh muid ó thús – An léitheoireacht agus an t-aistriúchán as Ó Gramhna is ag míniú pointí gramadaí, bhí sé tur. “Caithfimid cloí le Ó Gramhna”, deireadh sé go minic.’

D’fhiafraigh Peadar an mar gheall ar an mbaint a bhí aige leis na bíoblóirí gur cuireadh d’iachall ar an seanmhúinteoir cloí leis an nGramhnach agus gan a bhéal beo féin agus saibhreas dúchasach Oirialla a roinnt orthu.

Is é an t-eolas a d’fhoilsigh an Dundalk Democrat 21 Nollaig 1901 gur bhaintreach a bhí ann, é tuairim trí bliana is trí scór d’aois, é ina chónaí i gClárchoill lena mhac agus a iníon; gur mhúinteoir náisiúnta é uair ach go raibh éirithe as ar phinsean aige; gurbh i Mullach Bán a rugadh é; gur comhairleoir ceantair ba ea é (ba ghnách R.D.C. lena ainm i dtuairiscí An Claidheamh Soluis).

Bhí sé ag rang i scoil Mhullach Bán an Aoine, 13 Nollaig 1901. Ar a bhealach abhaile ghlaoigh sé isteach i dteach i Maigh Phónaire agus d’fhan ann go dtí 10.00 p.m. Bhí an oíche garbh dorcha agus síleadh nár éirigh leis dul trasna abhainn an Bhaile Chaoil sa ghnátháit, gur síos le fána a d’úsáideadh beithígh a chuaigh sé. Ní bhfuarthas a chorp go dtí an Domhnach agus é béal faoi i dtanaíocht uisce.

‘As an Irish scholar he had few equals; as a teacher his former pupils will remember how devoted and painstaking and self sacrificing he was. In all kinds of weather he was at his post and no one ever heard a grumble from him’ (Dundalk Democrat). In Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893–1927, 1990 deir Donncha Ó Súilleabháin: ‘Ba é an chéad mhúinteoir taistil é agus an chéad mhairtíreach de mhúinteoirí taistil an Chonartha ach níorbh é an duine deireanach acu é’.

Ghoilleadh an fhaillí a rinne an eaglais sa Ghaeilge go mór ar Pheadar Ó Dubhda, agus bhí sé cúig bliana os cionn na gceithre scór nuair a scríobh sé an cuntas sin in An tUltach. Arbh fhéidir gobán a chur chomh furasta sin i mbéal duine a bhí ina chomhairleoir tofa? Bhí 685 duine le teagasc aige gach seachtain ar £1. B’fhéidir gurbh iad leabhair bheaga Uí Ghramhna an gléas ab éifeachtai in aice láimhe agus é i mbun an ualaigh oibre sin. De réir thuairisc An Claidheamh Soluis ar an gcruinniú mór in Ó Méith ar 7 Lúnasa 1899 chun craobh a bhunú, bhí sé in éineacht leis an gCairdinéal Ó Lúóg mar dhuine de na cainteoirí. Tá aisling (‘Aisling do chonnairc aréir ar leaba is mé ’mo luí’) a chum sé don ócáid i gcló san iris 11 Samhain. ‘Éirigh, a mhic, is bí ag gluaiseacht, suas go hÓ Méith gan mhoill:/ Beidh mórshlua aníos as Béal Feirste ann, Albanaigh, Gaeil agus Gaill:/ Beidh Ard-Fhlaith na heaglaise naofa ann, ’s an chléir lena chois go tiugh/ Ag cur craoibhe de Chonradh na Gaeilge ar bun in Ó Méith inniu.’

Ag cruinniú de Choiste Gnó an Chonartha 4 Iúil 1899 léadh litir uaidh [Francis Nugent, R.D.C.] i dtaobh an Iúir: ‘I well remember that fifty years ago Irish was spoken almost universally by the peasantry throughout the district .... Even yet in detached groups of townlands the old tongue is understood by most people over forty. Approaching sixty a great many can speak it, and above that age some would rather speak it than English; of course these latter are becoming scarcer every day. In no part of this district would a learner have very far to go to get some assistance in the pronunciation’ (An Claidheamh Soluis 15 Iúil 1899). Tá péire amhrán a scríobh Proinsias síos i Lios Liath i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge in 1893, ‘Frainc Mac Uinnseacháin’ an leagan den ainm a d’úsáideadh sé ag an am sin.

Is mar thimire freisin a bhí Mac Uinseannáin ag obair go dtí gur thug siad an cúram sin do fhear eile. Is toisc gur bhreathnaigh siad orthu féin mar an t-aon cheantar Gaeltachta in oirthear na hÉireann a rinne siad an obair cheannródaíochta seo. Um Shamhain 2001 nochtadh plaic ina onóir i dTí Chulainn, an Mullach Bán.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú