Tá cuntais ar an scoláire fuinniúil seo: in ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann, 28 Feabhra 1959; ag Maitiú Ó Murchú in An tUltach, Iúil 1992. Agus tá cuntas ag Alan Harrison in Seanchas Annie Bhán, 1997; is in ionad féilscríbhinne a foilsíodh an leabhar sin, é in eagar agus aistrithe ag Alan Harrison agus Máiri Nic Gill-Fhinnein. I nGlaschú a rugadh 23 Feabhra 1931 an mac seo le Charles McLennan, pluiméir, agus a bhean Jessica Wallace. Ní raibh Béarla ag seanathair a mháthar, fear arbh as Co. Bainbh na hAlban dó; bhí Gàidhlig mhaith ag a sheanmháthair agus beagán ag a mháthair. Bhí Gàidhlig ag muintir a athar freisin.

Domhnall Mac Gill-Eathain, píobaire as Oileán Leodhais agus oileánaigh eile, a casadh air le linn dó a bheith dhá bhliain in aerfhórsa na Breataine, a chuir i dtreo na Gàidhlige é. Bhí sé ina náisiúntóir lasanta tar éis an dá bhliain. Ar ais i nGlaschú dó, agus gan ach fiche bliain fós aige, bhí sé ina thimire toghcháin pharlaiminte ar mhaithe le cara a sheas mar iarrthóir náisiúnaíoch; chuir sé aithne ar go leor Gaeilgeoirí, idir Éireannaigh agus Albanaigh, i rith an fheachtais. Thaithíodh sé cumainn agus ranganna agus bhí sé tamall ar choiste ceantair Ghlaschú de Chonradh na Gaeilge. Is iomaí cineál oibre a dhéanadh sé: ag díol bainne, ina chléireach, ag obair ar scéim hidrileictreach san Oileán Sciathanach. Bhí sé tamall ag obair sa Ghàidhealtachd do Scoil Eolais na hAlban.

Bhí sé ina mhac léinn ag Kenneth Jackson in Ollscoil Dhún Éideann 1953-57 agus an léann Ceilteach agus an Fhraincis mar ábhair aige. Chruthaigh sé thar cionn mar mhac léinn. Deir Harrison: ‘He was from this time also one of the very few scholars who specialised in both Irish and Scottish Gaelic and who was equally at home speaking both languages, an accomplishment all the more remarkable given that he was monolingual (English) until he was twenty years old.’ Chaith sé an bhliain 1955–56 sa Fhrainc mar chuid dá chúrsa ollscoile.

Ghnóthaigh sé MA i 1957 agus fuair post an bhliain sin i Roinn na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar chomharba ar Chalum Mac Gilleathan. Bhí Gaeilge Uladh agus Gàidhlig na hAlban á múineadh aige. ‘He immediately immersed himself in the academic, social and cultural life of Ireland. . . . He used this period to broaden his base and competence in the various Celtic disciplines. He attended additional courses in Indo-European Philology, Old Irish, Classical Irish, Welsh and Breton. In addition he added a German qualification to the French he had studied as part of his primary degree’ (Harrison). Bhunaigh sé club lán-Ghaelach badmantain tuairim an ama sin. I 1960 bhí sé ag obair in Inniu ar feadh sé mhí mar eagarthóir cúnta páirtaimseartha (Ó Murchú). Bhunaigh sé coláiste samhraidh Anagaire; i 1961 bhailigh sé seanchas ó Annie Bhán Nic Grianna, a bhí fostaithe aige mar sheanchaí sa choláiste faoi 1962 agus ar dheirfiúr í le Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna.

Thug sé Léacht an Oireachtais i 1964 (‘Cad é atá i ndán don Ghaeltacht?’). I 1966 d’fhoilsigh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath Gàidhlig Uidhist a Deas (téacsleabhar) mar a ndéanann sé comparáid idir an Ghaeilge sin agus Gaeilge na hÉireann. Chaith sé tamall de 1963 sa Nigéir agus tamall de 1966–67 ina aoi-léachtóir sa Cheiltis agus sa Fhraincis in Ollscoil Cornell, Nua-Eabhrac. Bhí baint mhór aige i 1971 le tús a chur leis an malartú d’fhilí Gaeilge idir Éire agus Alba.

I 1974 ghnóthaigh sé Ph.D. (Ollscoil na hÉireann) leis an tráchtas ‘Canúint Ghàidhlig de chuid Chontae Inbhir Nis, Ceap Breatain, Albain Nua, Ceanada’. I 1973 d’fhág sé Baile Átha Cliath agus bhí post aige sa National Museum of Man, Ottawa. Ceapadh é ina leas-cheannaire sa mhúsaem i 1976 agus bhí sé i gceannas ar obair thaighde ann. Ceapadh é ina aoi-ollamh sa Léann Ceilteach in Ollscoil Ottawa i 1977. Nuair a bunaíodh cathaoir sa Léann Ceilteach san ollscoil i 1986, tar éis dianfheachtais a raibh páirt mhór aige féin ann, ba é a ceapadh ina ollamh. An bhliain chéanna sin d’eagraigh sé an Chomhdháil Cheilteach in Ottawa. Bhí béaloideas á bhailiú aige i rith an ama agus deir Ó Murchú go ndearna sé obair don Readers Digest ar leabhar ar bhéaloideas Cheanada. Tuairim 1983 a thosaigh sé ag cur ardspéise arís san ábhar a bhí bailithe aige ó Annie Bhán agus bhí áthas air a chloisteáil go raibh bailiúchán mór dá seanchas i Roinn Béaloidis an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; Aodh Ó Duibheannaigh a bhailigh an chuid is mó de. Bheartaigh sé eagar a chur ar an ábhar go léir; líonfadh sé roinnt imleabhar. Deir Ó Murchú: ‘In 1989 thug Acadamh Ríoga na hÉireann cuireadh dó dhá thionscnamh a ghlacadh idir lámha agus a bhfoilsiú.Concordancear fhoclóir Anna Nic Grianna, Rann na Feirste, a bhfuil 3,000 leathanach de lámhscríbhinn bhéaloideasa dá cuid ar fáil, agus bailiúcháin a dhéanamh de fhocail agus nathanna ón fhoinse chéanna nach bhfuil sna gnáthfhoclóirí.’

Bhuail an galar multiple myeloma é sé bliana sular cailleadh i gCeanada é 18 Eanáir 1992. Tugadh a luaithreach abhaile go hAnagaire. Bhí sé pósta ar Bhríd Ní Dhónaill as Anagaire agus bhí iníon agus mac acu. Bhí sé ag ullmhú leagan Nua-Ghaeilge den scéal Eachtra an Amadáin Mhóir ach níor éirigh leis an obair a thabhairt chun críche; in Eighteenth Century Ireland, 1989 tá i gcló aige ‘Eachtra an Amadáin Mhóir’ agus tugann ann cuntas ar an scéal agus an stair atá ag baint leis na haistriúcháin. In Donegal Annual, 1984 tá aige an aiste ‘A contribution to the social and linguistic history of Rannafast’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú