An Buachaill Bán

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Seoda sean-nóis as Tír Chonaill (1996). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

I nDobhar Láir, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, a rugadh an t-amhránaí aitheanta seo 18 Nollaig 1920. Feirmeoir beag ba ea a hathair, Eoghan Éamoinn Shíle Ó Gallchóir, a dhéanadh obair shéasúrach in Albain. Ba í Sailí Nic Cóil a máthair. Bhí cáil an léinn ar Eoghan agus ba é a léadh nuachtáin agus a scríobhadh litreacha oifigiúla do mhuintir na háite. Bhí naonúr sa teaghlach acu. Fuair sí scolaíocht go háitiúil, i gClochar Lughaidh, Muineachán, ina dhiaidh sin agus i gColáiste Mhuire, Sráid Chathal Brugha, Baile Átha Cliath. Bhí sí ag múineadh in áiteanna éagsúla: i gContae Lú, Co. an Chabháin, Cill Chainnigh agus i mBaile Átha Cliath. D’fhoghlaim sí a cuid amhrán i nDobhar Láir ó Shíle Mhicí Uí Ghallchóir go mór mhór; níor ghaolta iad. Ba í an duine deireanach í a bhuaigh an Bonn Óir, príomhdhuais an Oireachtais d’amhránaíocht ar an sean-nós anuas go dtí 1959, agus an bhliain dár gcionn ba í an chéad duine a bhuaigh Corn an Chomhlacht Oideachais (Corn Uí Riada anois). Bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life uirthi i 1994 as a saothar don sean-nós. Thaifead sí cláir do Radio Éireann sa dá shraith Amhráin ar an Sean-Nós agus Amhránaithe ón Ghaeltacht. Is i gCartlann Raidió RTÉ atá an bailiúchán is cuimsithí dá cuid amhrán. Ghlac sí páirt i gcláir eile ar Radio Éireann—mar shampla in Fadhbhanna Gaeilge agus i sraith clár le Gordon Mac Gill-Fhinnein faoi amhráin na hÉireann agus na hAlban. D’fhoilsigh Gael Linn ceirnín dá cuid. D’éirigh sí as an amhránaíocht phoiblí i lár na 1960idí agus chuaigh le múinteoireacht eacnamaíocht bhaile go lánaimseartha. Bhí sí gníomhach mar mholtóir i gcomórtais amhránaíochta an Oireachtais go dtí deireadh a saoil. Phós sí Wilfrid Lee, arbh as Baile Shéamais Dhuibh, Co. An Chabháin, dó, 6 Deireadh Fómhair 1952 agus bhí triúr clainne orthu. I gCluain Sceach, Baile Átha Cliath, a bhí siad ag cur fúthu. D’éag sí 7 Samhain 1994. Tá sí curtha i Machaire Gathláin, Co. Dhún na nGall. Bhuaigh a deirfiúr Cití comórtas sean-nóis an Oireachtais freisin agus bhí cáil na hamhránaíochta ar a deartháir Hiudaí Beag, a d’ímir peil shinsireach le foireann an chontae agus le foireann Chúige Uladh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú