Ba é sáramhránaí Ghaeltacht Thír Chonaill é ar feadh dhá scór bliain, dar leis an gCairdinéal Tomás Ó Fiaich san aitheasc a thug sé cois na huaighe (i gcló mar aon le hómós Phádraig Uí Ádhmaill in An tUltach, Deireadh Fómhair 1984). Tá cuntais air: ag Proinsias Ó Conluain in Inniu 3 Lúnasa 1984; in Donegal Democrat 27 Iúil 1984; ag Lillis Ó Laoire in The Companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely. I Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 18 Eanáir 1914. Ba é Padaí Hiúdaí Ó Duibheannaigh, feirmeoir, a athair agus ba í Gráinne (Chonaill) Ní Dhuibheannaigh a mháthair. Bhí beirt deartháireacha agus triúr deirfiúracha aige. Deir Ó hÁdhmaill: ‘Bhí, ar ndóighe, tobar an eolais fa’n doras aige. Bhí a mháthair, Gráinne Chonaill, agus a muintearsan ainmnithe as a mbeachtaíocht Ghaeilge, a stóras ceoil agus seanchais, agus as a n-eagna chinn. Bhí na buanna sin uilig ag Hiúdaí…’.

Dhealródh sé ó thagairtí a dhéanann Ó Fiaich agus Ó hÁdhmaill go raibh éalang ar lámh nó ar sciathán leis. Ní luaitear gur cuireadh meánoideachas air. Is cosúil gur tháinig sé os comhair an phobail a chéaduair i 1935 nuair a ceapadh é mar chúntóir ag Seán Ó Baoill, a bhí ag múineadh amhránaíochta i gColáiste Bhríde, Rinn na Feirste. Go ceann caoga bliain ina dhiaidh sin bhí sé fostaithe ag an gcoláiste mar amhránaí agus mar sheanchaí. D’fhan cuimhne ag Ó Fiaich ar Aodh ag dul i mbun oibre an chéad lá: ‘Tháinig muid go Coláiste Bhríde sa bhliain chéanna, eisean mar mhúinteoir óg gealgháireach, mise mar ghasúr scoile. Bhí eagla orainn roimh chuid de na múinteoirí eile agus roimh lucht stiúrtha an Choláiste ach ní raibh faitíos ná cotú riamh ar dhuine ar bith roimh Aodh Ó Duibheannaigh. Bhí an oiread céanna ama aige don scoláire ab óige sa rang agus bhí aige don scoláire a ba léannta in Éirinn. Bhí sé modhúil, mánla, séimh, aoibh an gháire ar a bhéal i gcónaí, grásta Dé ag spréacharnaigh sna súile móra loinnireacha aige, agus é cíocrach chun teacht i gcabhair ar an té a bhí lag nó ar an mhac léinn a bhí caillte uaigneach.’ Toradh ar an gcomhoibriú le Seán Ó Baoill is ea Cnuasacht de Cheoltaí Uladh (1944). Sa réamhrá deir Ó Baoill: ‘Thug Aodh bunadhas a bhfuil de cheoltaí annseo damh agus chuidigh sé go mór liom na h-amhráin a sgríobhadh amach.’ Foilsíodh i 2001 Amhráin Hiúdaí Fhéilimí agus Laoithe Fiannaíochta as Rann na Feirste. Pádraig Ó Baoighill a chuir in eagar agus Mánus Ó Baoill a chóirigh an ceol; tá ann 19 amhrán agus deich laoithe/dánta a bhailigh Aodh Ó Duibheannaigh agus Pádraig Ó Droighneáin—Aodh a bhailigh dosaen de na hamhráin agus sé cinn de na laoithe.

I 1942 fostaíodh é mar thimire agus mar mhúinteoir taistil i gceantair i gcontaetha Ard Mhacha agus Thír Eoghain; bhí ranganna aige in Ard Mhacha féin, sa Mhaigh, i bPort an Dúnáin agus i nDún Geanainn. Deir Ó hÁdhmaill: ‘Blianta an chogaidh a bhí ann agus i ndeireadh ama tugadh bata agus bóthar dó, mar diúltaíodh ceadúnas cónaithe i bpáirt dá chúige féin.’ Ní léir go raibh buanphost aige riamh. Chaith sé seal in Albain. Bhí sé tamall ag obair do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, tamall i roinn chultúir agus oideachais Ghael Linn ag eagrú díospóireachtaí idirscoileanna agus comórtas ar fud na tíre agus ina bhall den ‘Cabaret Gaelach’, tamall leis an gCoimisiún Béaloideasa agus scéalta, amhráin, paidreacha agus dánta á mbailiú aige. Bhí post státseirbhíse aige tamall i malartán feidhmeannais agus chaith sé seal ar an gClochán Liath leis an Roinn Leasa Shóisialaigh. Maidir lena chuid oibre don Choimisiún Béaloideasa dúirt Gordon Mac Gill-Fhinnein: ‘In the Rannafast area two cousins were employed as part-time collectors; Hughie Devanney (Hiúdaí Phadaí Hiúdaí) and Hugh O’Donnell (Hiúdaí Mhicí Hiúdaí). At first they both collected mainly from two female seanchaithe, both called Greene, though not related: Sorcha Bean Mhic Grianna, known as Sorcha Chonaill, and Anna Nic Grianna, or Annie Bhán, the subject of this paper. However, after a while they decided to avoid the inconvenience of competition (they were paid according to the amount of material collected) by agreeing that Hiúdaí Mhicí Hiúdaí would collect from Sorcha Chonaill while Hiúdaí Phadaí Hiúdaí would collect from Annie Bhán. Thus, while a little of Annie’s lore was collected by Hiúdaí Mhicí Hiúdaí the vast bulk was collected by Hiúdaí Phadaí Hiúdaí’ (i gcló aige in Seanchas Annie Bhán, 1997 in eagar ag Alan Harrison agus Máiri Nic Gill-Fhinnein). Idir 1937 agus 1939 a bhailigh sé an t-ábhar uaithi.

Bhuaigh sé Bonn Óir sa chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós ag Oireachtas 1958. Tá taifid dá amhránaíocht i gcartlanna RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. Aistriú ar scéalta le Alphonse Daudet, Émile Erckmann agus P.A. Chatrain is ea Scéalta ón bhFraincis, 1955. D’fhill sé ar Rann na Feirste ó Bhaile Átha Cliath tuairim 1974. Is cosúil gur taom croí ba thrúig bháis dó nuair a bhain miontimpiste gluaisteáin dó 24 Iúil 1984. An Cairdinéal Ó Fiaich a léigh an t-aifreann éagnairce. Cuireadh é in Anagaire. Ní raibh sé pósta. Is mar seo a liostaíonn Vallely na taifid tráchtála a rinne sé: ‘An Cailín Gaelach’ (FSB 003); Aodh Ó Duibheannaigh (CEF 048) [Mac Grianna anthology] (CEF 049). Amhránaí maith ba ea dheartháir John agus bhíodh seisean ag obair i gColáiste Bhríde freisin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú