Rugadh é ar 3 Feabhra 1907 ag 50 Sráid Duke, Doire. Ba é Michael Friel, tiománaí traenach, a athair agus Sarah Donaghy ba ainm dá mháthair. De réir Dhaonáireamh 1911 bhí Gaeilge ag a sheanathair, John Donaghy, saor cloiche ar scor, a raibh cónaí air sa teach. B’as Co. Dhoire dó agus bhí sé 75 bliana d’aois. Rinne Réamonn staidéar ar an gceol faoin gcumadóir Norman Hay agus d’fhreastail sé ar St. Mary’s College of Education, Londain. Bhí sé ina ardmháistir ar Scoil na mBuachaillí, Taobh na hAbhann, agus ina mhúinteoir ceoil i gColáiste Cholmcille i nDoire. Bhí Phil Coulter agus an cumadóir Kevin O’Connell i measc a mhac léinn.

Chóirigh sé ceol traidisiúnta agus chum sé ceol a bhí bunaithe ar an traidisiún. Luaitear ‘Symphonic Movement’ (1949) agus ‘The Children of Lir’ (1950), sraith bailé agus ceolchoirm. Leabhar a raibh lámh aige ann is ea Cnuasacht de Cheoltaí Uladh, 1944. Seán Ó Baoill a chuir le chéile, Réamonn Ó Fríghil agus Aodh Ó Duibheannaigh a chuidigh leis. I measc a fhoilseachán tá: Amhráin as Tír Chonaill agus Tuilleadh Amhráin as Tír Chonaill, 1955 agus The Paterson Irish song book, 1957 (in eagar agus cóirithe aige). D’fhoilsigh Gael Linn a leagan den fhonn ‘Séamus ‘ac Mhurchaidh’ ar CEF 001. D’éag sé ag 22 Ardán Cluny, Doire, 5 Nollaig 1979. Ag a aifreann éagnairce seinneadh ceol aifrinn a chum sé féin, ‘The Mass of St Columb’. Bhí mac agus beirt iníonacha aige féin agus a bhean Sadie. Bhain Deirdre, duine de na hiníonacha, cáil amach mar léiritheoir teilifíse agus drámaí, agus tá cáil mar údar leabhar do pháistí ar an iníon eile, Maeve.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú