Ó BAOILL, Seán (1908–1979)

I mBéal Feirste a rugadh é ar 9 Meitheamh 1908. Bhí triúr deartháireacha aige agus beirt deirfiúracha. Ba iad Cathal O’Boyle, múinteoir scoile, agus Susan McLarnon a thuismitheoirí. Duine de chúpla ba ea Susan agus bhí a leathchúpla Eilís gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge timpeall an ama a bunaíodh Conradh na Gaeilge i mBéal Feirste. Múinteoir scoile ba ea í agus bhí sí i measc na mban óga a théadh go hÓ Méith sa samhradh ag foghlaim Gaeilge. Bhí sí ina cónaí le clann Bhaoill le linn óige Sheáin. Bhí cáil na Gaeilge ar a athair freisin. Dúirt sé le Seán gur fhoghlaim sé í ó phóilín Ciarraíoch a bhíodh ar diúité sráide i mBéal Feirste. Bhí dúil mhór ag Cathal i gceol dúchasach na hÉireann. Chuir sé aithne ar Carl Hardebec agus chuaigh leis go Conamara ag bailiú ábhair. Luann Hardebec a ainm i réamhrá Seoda Ceoil uimhir a 3 [c.1916]. Bhíodh ceoltóirí agus Gaeilgeoirí sa teach aige go minic nuair a bhí Seán óg.

Bhí Seán agus a dheartháir Tom ina mbaill de Fhianna Éireann toisc, b’fhéidir, col ceathar lena máthair, Seán Ó Néill, a bheith ina oifigeach i mBriogáid Bhéal Feirste d’Arm na Poblachta le linn Chogadh na Saoirse. Fuair sé meánoideachas i gColáiste Maolmhaodhóig. Le linn dó a bheith ina mhac léinn i gColáiste na Ríona d’imigh sé go Baile Átha Cliath le bheith ina rúnaí ag Hardebec. Bhí de chúram air a shaothar a bhreacadh. D’fhoghlaim sé a lán dá cheird uaidh agus thug leis fealsúnacht Hardebec i leith an cheoil Ghaelaigh. D’fhill sé ar an ollscoil agus bhain céim BA amach i 1934. Thosaigh sé ag dul go dtí Gaeltacht Thír Chonaill timpeall an ama sin. Fuair sé a chéad phost mar mhúinteoir scoile i gColáiste Phádraig in Ard Mhacha i 1936. I measc na ndaltaí ina rang bhí an scríbhneoir/craoltóir Proinsias Ó Conluain agus Tomás Ó Fiaich. Phós sé Alice Woods i 1937 agus rugadh ceathrar mac agus triúr iníonacha dóibh.

Tháinig borradh ar shuim na ndaoine sa teanga i rith an Chogaidh Mhóir 1939-45. Bhí sé ina bhall de chraobh Ard Mhacha de Chomhaltas Uladh ag an am sin. Mhúineadh sé rang Gaeilge sa chathair i rith an gheimhridh agus chaitheadh sé an samhradh ag múineadh ceoil in éineacht le hAodh Ó Duibheannaigh i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste. Bhaineadh sé úsáid as amhránaíocht le suim sa teanga a spreagadh sna páistí. I 1944, i gcomhar le hAodh Ó Duibheannaigh agus Réamonn Ó Frighil, chuir sé le chéile Cnuasacht de Cheoltaí Uladh chun go mbeadh amhráin in a gcanúint féin ar fáil ag daltaí an chúige. I 1945 bhunaigh sé cór Gaelach in Ard Mhacha. Bhíodh sé ina mholtóir ar an amhránaíocht ag an Oireachtas.

I 1949 chuir B.B.C. roimhe ceol dúchais Chúige Uladh a thaifeadadh. Scríobh Rex Cathcart in The Most contrary region. The B.B.C. in Northern Ireland 1924-1984, 1984: ‘As the B.B.C. was fortunate in the collaboration of Michael J. Murphy, so in the field of folk music it found an expert in Seán O Boyle of Armagh. At first in company with Sam Hanna Bell and then on his own O Boyle went out for a number of years recording the best of traditional music, creating an extensive and valuable archive for the B.B.C. and for the Irish people. Seán O Boyle himself wrote scripts and became a well-known broadcaster, often using his own recordings, as in the various Music on the hearth series’. I 1955-56 a craoladh an tsraith sin agus is inti a cuireadh amhránaithe mar Sarah Makem agus Paddy Tunney os comhair an phobail den chéad uair. Ní cheadaítí Gaeilge sna cláir ag an am sin. Nuair a chuir sé clár dátheangach The Two voices i láthair i 1971, ba é an chéad uair é ar tugadh cead Gaeilge a chraoladh. I 1952 d’iarr an B.B.C. air dul i bpáirt le Peter Kennedy chun bailiúchán d’amhráin Chúige Uladh idir Bhéarla agus Ghaeilge a chur le chéile. Lean an obair seo ar feadh trí bliana. Scríobhadh sé ó am go chéile don sraithchlár As I roved out agus do Thríú Clár an B.B.C. Ba é a thug Peter Kennedy chuig na fidléirí Mickey agus John Doherty chun a gceol a thaifeadadh. Bhí sé ina bhall den Broadcasting Advisory Council ag B.B.C. Thuaisceart na hÉireann ó 1954 go 1957.

I 1971 a bhain sé an MA amach lena thráchtas The Irish dialect of County Monaghan. D’éirigh sé as an múinteoireacht i 1973. Bhí sé ina bhall den SDLP agus ina chathaoirleach ar an gcraobh áitiúil. Ó 1974 go 1977 bhí sé ag múineadh Gaeilge do mhná a bhí i ngéibheann i bpríosún Ard Mhacha. I 1976 foilsíodh a The Irish song tradition. D’éag sé ar 23 Meitheamh 1979. Scríobh Micheal Longley dán cuimhneacháin: ‘Ogham stone, In memoriam : Seán Ó Baoill’. Bhí ardspéis aige san ogham agus shíl sé gur nodaireacht ceoil a bhí ann. Foilsíodh a leabhar Ogam; the poet’s secret i 1981.

Scríobh a iardhalta agus a chara Proinsias Ó Conluain in Éigse Cheol Tíre 3, 1981: ‘Tá sé ró-luath fós le léirmheas a dhéanamh ar shaothar Sheáin Uí Bhaoill mar bhailitheoir, ach níl aon dabht ann ach gur beag duine a bhí ann lena linn a raibh a oiread eolais aige ar stair agus ar chúlra na n-amhrán (i nGaeilge agus i mBéarla), ar a struchtúr, ar a meadaracht, ar lucht a gcumtha agus ar lucht a gcanta. Bhí sé ina bhall de Chumann Cheol Tíre Éireann ón uair a bunaíodh é sa bhliain 1971; bhí sé ar choiste an Chumainn agus bhí sé ar na daoine ba túisce a thug léacht do na baill tar éis a bhunaithe’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú