Tá cuntas ar an sagart seo: ag Dónall Mac Giolla Choill in An tUltach, Eanáir 2006; in Foinse 27 Samhain 2005; in Donegal Democrat 10 Samhain, 2005; in Donegal News, 11 Samhain, 2005. Thug sé cuntas air féin in ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 29 Márta 1958. An 30 Nollaig 1927 ar an Choitín, i nDoirí Beaga, Co. Dhún na nGall, a rugadh é. Bhí beirt deartháireacha agus ceathrar deirfiúracha aige. ‘Merchant’ an cur síos ar an athair, Joe Friel, sa taifead breithe; bhí seisean páirteach in obair Chonradh na Gaeilge agus Chumann Lúthchleas Gael. Ba í Kate Coll a mháthair (Cit Phaidí Bhillí). Is tamall maith i ndiaidh d’Eoghan a theacht ar an saol a thóg a athair Óstán Radharc an Eargail. Cuireadh bunoideachas air i Scoil Dhoirí Beaga agus i Scoil Bhríde, Mín an Chladaigh. Scoláireacht a thug go Coláiste Adhamhnáin é ar feadh 1942-47. As sin chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad. Bhain sé an B.A. amach agus oirníodh é i 1954. Anuas go 1958 bhí sé ag obair i bparóistí Chnoc Mhuirfean agus Bhaile Dúill, Baile Átha Cliath. Ceapadh é ansin mar rúnaí ag easpag Ráth Bhoth agus is i Leitir Ceanainn a bhí sé lonnaithe. Ceapadh ina riarthóir ar Ghleann tSúilí é. Chaith sé tamaill in Anagaire agus i nGaoth Dobhair agus bhí sé ina shagart paróiste i gCill na mBard ó 1982 gur cailleadh é ar 5 Samhain 2005.

I mBaile Átha Cliath bhí baint aige leis an Réalt. Ba duine de bhunaitheoirí Éigse Uladh é. Agus é ag tagairt d’Óstán Radharc an Eargail deir Pádraig Ó Baoighill (Gaeltacht Thír Chonaill: Ó Ghleann go Fánaid, 2000) gurbh ann a bhí Éigse Uladh gach bliain ó 1970. ‘Ar na hócáidí eile a bhíonn acu, bíonn Tionól Uí Fhiaich i mí Iúil, oícheanta ceoil oíche Chéadaoine agus Meitheal an Cheoil Dúchais faoi stiúir Ghearóidín Breathnach, buaiteoir Chorn Uí Riada 1996.’

Bhí Eoghan ina rúnaí náisiúnta ag Cumann na Sagart agus chaith tamall mar ionadaí acu ar choiste an Oireachtais. Bhí sé tamall ina uachtarán ar Choláiste Cholm Cille, an coláiste samhraidh i nGaoth Dobhair, agus bhí baint aige leis na coláistí tánaisteacha i mBun an Inbhir agus sa bhFál Carrach. Bhí sé ina chomhairleoir deoise ar chúrsaí cumarsáide ó 1961 ar aghaidh agus cláir eaglasta na stáisiún raidió áitiúla i gceist sa chúram sin. Bhí sé ina eagarthóir ar chláir chreidimh Radio Éireann 1958-69 agus sholáthraíodh sé ábhar le haghaidh ‘An Sagart Linn’ ar R.T.É. i rith 1964-70. Bhíodh aistí i gcló aige in An Timire. Deirtear go mbíodh aistí Gaeilge aige in Scéala Éireann ó bhí sé 17 bliana d’aois.

Dhealródh ar aiste le Darach McDonald (‘Father Eoghan Ó Frighil has a speculative way with him’ in Hibernia 7 Deireadh Fómhair 1977) go raibh spéis rómhór aige in úinéireacht talún agus i dtógáil tithe. In Feasta, Nollaig 1976 tá i gcló litir ghearánach ó Phroinsias Ó Mianáin faoin gcaoi a reáchtáladh sé Coláiste Cholm Cille agus coláistí eile a bhí faoina chúram mar bhainisteoir, mar rúnaí agus mar chisteoir. Ach ní mór a rá freisin nár fágadh fuíoll molta air sna tuairiscí báis atá luaite thuas.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú