In aon chuntas ar Sheán níor mhór dul i muinín scata aidiachtaí: ceannródaíoch, cíocrach chun foghlama, eachtrúil, fiafraitheach, forbarthach, scéalach, siúlach…. In Birmingham 27 Samhain 1921 a rugadh é. B’fhéidir a rá gur mhair sé i gcomhaois leis an stát nua. Ba iad a thuismitheoirí James Redmond ó Bhuaile Mhaodhóg agus Wilhelmina Bruen ó Shligeach. Níorbh fhada gur thug gnó an árachais James Redmond go Baile Átha Cliath. Agus is ann, i Scoil Choinneach, a bhí Seán ar scoil. Ach arís thug ardú céime an t-athair go Cluain Meala agus is ar scoil ag na Bráithre Críostaí a bhí Seán ansiúd; bhí sé riamh ina dhiaidh sin ceanúil ar an dúiche sin. Bhí sé in aois mheánscoile nuair a d’aistrigh an teaghlach go Gaillimh. Ba gheall le cuid den Bhreac-Ghaeltacht an chathair sin sna luath-thríochaidí. Agus cuireadh go scoil lánGhaelach é, Coláiste Iognáid. I rith a óige bhuail cúpla babhta tinnis é, rud a bhí ina ábhar imní ag a thuismitheoirí; an bheirt leanaí a rugadh roimh Sheán is amhlaidh a scuab fliú mór 1918-19 chun siúil iad.

Bhí an Taibhdhearc agus an ollscoil i mbláth a maitheasa agus chuir Seán sin chun tairbhe i gcúrsaí acadúla, scríbhneoireachta, agus aisteoireachta. Bhí tionchar go háirithe ag an Ollamh Liam Ó Briain air. Scríobhadh Seán geamaireachtaí Nollag don Taibhdhearc. Gaeilge (agus Sean-Ghaeilge) agus Fraincis na hábhair aige agus chabhraigh céim mháistir leis post treasrúnaí a fháil sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Cathair an-shuimiúil ba ea Baile Átha Cliath le linn Chogadh 1939-45; comhluadar scríbhneoirí ann, an tOireachtas nuabhunaithe, Comhar, Inniu, Glúin na Bua agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge tagtha ar an saol; an Comhchaidreamh fuinniúil. B’fheidir a rá gurbh i lár an aonaigh a bhí Seán. Chaith sé tréimhse stairiúil ina eagarthóir ag Comhar. Ach ba mhian leis riamh cur lena eolas ar thír na hÉireann agus nuair a tháinig annus mirabilisRadio Éireann i 1947 chuir sé isteach ar phost ann mar oifigeach a bheadh ag taisteal na hÉireann leis an Aonad Taistil d’fhonn ábhair le haghaidh cláir raidió a bhailiú. Séamus Ennis agus Seán a ceapadh; fágadh an réalt Eamonn Andrews sa tríú háit!

Cuimhnítear go háirithe ar cheann de na chéad turais a rinne siad chun ceirníní a dhéanamh de chaint Pheig Sayers ar fearr iad, b’fhéidir, de theist ar chumas na mná sin ná a bhfuil sna leabhair féin. Cuimhnítear freisin ar an taisteal a rinne Seán le Ben Kiely chun an tsraith The Nine Counties of Ulster a chur le chéile. Is i rith an ama sin a chuir sé eolas maith ar Ghàidhlig na hAlban agus ar an mBreatain Bheag agus ar an mBreatnais. Níorbh aon ionadh go mbronnfadh an Eisteddfod ardonóracha air ar ball. Ba é Seán a thug gur tháinig bláth arís ar an gcraoltóireacht ó Chorcaigh i 1957-58 tar éis gur ceapadh é ina Oifigeach Réigiúnda. Pointe suntasach eile ina shaol an freastal proifisiúnta a rinne sé ar Vatacáin a Dó sna 1960idí luatha. Scríobhfadh sé ar ball Vatacáin a Dó agus an Réabhlóid Chultúrtha. Is iomaí leabhar eile a bheadh ina chumas murach an iriseoireacht agus an chraoltóireacht laethúil. Ó 1974 ar aghaidh bhí sé gafa le bainistíocht agus é ina Cheannasaí Clár Raidió agus ina dhiaidh sin ina stiúrthóir ar Ghnóthaí Eachtracha RTÉ.

Chun tuairisc iomlán a thabhairt ar a shaol chaithfí cur síos ar scata rudaí a raibh dlúthbhaint aige leo: ‘Tuarascáil’ in The Irish Times sna 1960idí agus sna 1970idí; na portráidí de dhaoine aige in Scéala Éireann (‘An Mhuintir s’againne’); a chumas mar léirmheastóir; an eagarthóireacht a rinne sé ar The Pleasures of Gaelic Poetry; an tréimhse a chaith sé ina bhall d’Údarás RTÉ agus de Bhord na Gaeilge; a pháirt i mbunú agus i bhforbairt Chumann Merriman; an dochtúireacht a bhronn Ollscoil na hÉireann air.

Thiteadh sé ormsa taisteal míosúil traenach go Corcaigh a dhéanamh leis ar feadh trí bliana chun freastal ar Choiste Comhairleach Raidió Chorcaí. Tig liom a dheimhniú gur chomhráití den scoth é agus éisteoir thar barr. An t-aon locht a gheobhadh comrádaí taistil air nach raibh sé riamh sásta caitheamh anuas ar dhuine eile. Chaithféa a thomhas ar an gcor a bhainfeadh sé as a chroiméal cén drochmheas a bhí aige ar dhuine!

Ní raibh an tsláinte go maith aige féin ná ag a bhean Pat (nee Hall) ar feadh tamaill fhada sular éag sé ar 17 Eanáir in Ospidéal Naomh Uinsionn, Baile Átha Cliath. Thugadh a iníonacha Seona agus Laoise agus a mhac Brian tacaíocht leanúnach gan staonadh dóibh. Bhí scata mór cairde aige ach ní miste leo sin mura luaimse ach beirt a thugadh cabhair ar leith dó i rith an tinnis: Seán óg Ó Baoill agus Louis Marcus.

Ag Scoil Gheimhridh Merriman (‘Anocht is uaigneach Éire: Imeacht na nIarlaí’) [26-28 Eanáir] beifear ag cuimhneamh ort, a Sheáin, agus gan amhras dá laghad ar do chairde ach gurb ag foghlaim ó mháistrí léinn na bhflaitheas a bheidh tú feasta. (Bhí an t-alt seo le Diarmuid Breathnach i gcló in Foinse 21 Eanáir 2007)

Cuntais iarbháis eile: Irish Times 18 Eanáir (‘Journalist Seán Mac Réamoinn dies in Dublin hospital aged 85 years’); Irish Times 20 Eanáir (‘Broadcaster inspired generations with love of Irish culture’); Nuala Ó’ Faoláin, Sunday Tribune 21 Eanáir (‘I never saw anyone turn away at the door for fear of being bored by Seán Mac Réamoinn’); Irish Times (Beocheist: ‘Imeacht an Iarla’ le Eilís Ní Anluain) 23 Eanáir; Sunday Independent 28 Eanáir (‘In memory of Seán Mac Réamoinn’ le Eoghan Harris); The Guardian 15 Feabhra (‘Seán Mac Réamoinn: Progressive Irish broadcaster dedicated to preserving Gaelic’); Comhar, Feabhra 2007 (‘Seán Mac Réamoinn 1921-2007’ le Liam Mac Con Iomaire. Gheofar tuairim den gcion a bhí air agus an tábhacht a bhain leis i dtuairisc an Irish Times ar a shochraid ar 22 Eanáir agus ar ar labhair cuid dá chairde ina thaobh i ndiaidh an aifrinn éagnairce i nDún Droma; ina measc bhí Séamus Heaney, Garret FitzGerald, Ciarán Mac Mathúna, Nuala Ó Faolain, John Horgan, Louis Marcus, Bob Collins, Richard Ryan, Dr Harri Pritchard-Jones, an t-iriseoir Mary Maher…. Bhí Máire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann, sa láthair agus in aice na haltóra bhí Dr Diarmuid Martin, Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, agus an tUrramach Terence McCaughey, ministéir Preispitéireach. Ba é an ceiliúraí an tAthair Tom Stack, duine de dhlúthchairde an Réamonnaigh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú