B’fhéidir é a chur in aon ghrúpa leis na pearsana móra ildánacha úd a thug tacaíocht don Ghaeilge i rith na dtrí scór bliain tosaigh den stát dúchais. Fear ilteangach ba ea é. Bhí spéis ar leith aige san Iodáilis agus sa Fhraincis. Ach an dlí agus an Ghaeilge an dá rud ar thiomnaigh sé a shaol dóibh. Ag 85 An tSráid Mhór, Bré, Co. Chill Mhantáin, a rugadh é ar 12 Feabhra 1911. Bhí a athair Richard ina bhainisteoir ar shiopa éisc Mhic Chába ag an seoladh sin. Ba í Úna Thornton a mháthair; nuair a d’éag sí ar 11 Bealtaine 1950 tuairiscíodh gur fhoghlaim sí Gaeilge ó Dhubhghlas de hÍde i gceann de ranganna tosaigh Chonradh na Gaeilge agus go raibh sí ina ball de Iníní na hÉireann. Caroll O’Daly agus Cearbhall Ó Dálaigh na hainmneacha atá ar thaifead an bhaiste in Eaglais an tSlánaitheora Rónaofa, Bré. I nDaonáireamh 1911 ag 85 an tSráid Mhór, Bré, bhí Richard O’Daly, a rugadh i mBaile Átha Cliath, 32 bliain d’aois. I gContae Bhaile Átha Cliath a rugadh Úna (33). Bhí siad pósta le trí bliana agus bhí an duine clainne ba shine, Angus (Aonghus a bheadh ina leabharlannaí clúiteach in Scéala Éireann ) bliain d’aois. Bheadh iníon acu ar ball, Fionnghuala, a phósfadh Diarmuid Ó hAlmhain.

Bhí Cearbhall ar scoil i Scoil Náisiúnta Naomh Crónán, Bré, ó 18 Aibreán 1918 go 8 Bealtaine 1920. Bhí an teaghlach ina gcónaí ar feadh tamaill in Ardán na Seanchúirte, Bóthar Vevay, Bré. Nuair a cailleadh an t-athair d’aistrigh siad go Baile Átha Cliath agus thosaigh Cearbhall ag freastal ar Scoileanna na mBráithre i Sráid Synge. Chaith sé an scoilbhliain 1922-23 i Scoil na Leanbh sa Rinn, mar a raibh Eibhlín Cilligriú mar oide múinte aige. Ó 1954 go 1970 bheadh sé ina chathaoirleach ar Choiste Bainisteoireachta Choláiste na Rinne agus bheadh baint aige le meánscoil na Rinne a athbhunú. Tar éis meánoideachais i Sráid Synge, rinne sé staidéar ar an léann Ceilteach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ar dhuine de bhainisteoirí gnótha an The Irish Student. Bhí sé ina reachtaire ar an L & H, cumann staire agus litríochta an Choláiste. Dúirt sé féin gurbh é Brian Ó Nualláin a d’fhéach chuige go gceapfaí é ina reachtaire tar éis do chara leis a aird a dhíriú ar léacht toghchánaíochta Chearbhaill. ‘Apart from his college activities he was in those days writing articles in all manner of outside publications, all contentious and reeking with politics, a sort of primitive Myles na Gopaleen’, a scríobh Brian faoi i stair an chumainn. Thagair Cearbhall féin do thoghchán an L & H ina óráid insealbhaíochta mar Uachtarán na hÉireann: ‘I was a little ahead of my opponent in terms of promises. But the decisive factor was going to be a third group, numerous, uninterested in office, much given to heckling and, as I then thought, the life if not the soul of the society; and whose much-loved leader was Brian Ó Nualláin. . . the most gifted bilingual genius of half a century. This group was known with undergraduate inelegance and accuracy as ‘the mob’. I didn’t seek the suffrage of ‘the mob’ but I wrote an electoral address emphasising the importance of the heckler’s role (an immortal Irish poet has said ‘doras feasa fiafraí’) and I placed the only copy of this address. . . into the hands of my righthand man . . . . He brought it to the notice of Brian Ó Nualláin’ (Irish Times 20 Nollaig 1974).

Dubhghlas de hÍde a bhí mar ollamh aige agus bhí aistí aige ag gearán faoi roinn na Gaeilge in The National Student Márta 1931 agus in The Nation 8 Samhain 1930. Gearrscéalta agus aistriúcháin a rinne sé ar ghearrscéalta Fraincise is ea cuid dá raibh aige in The Nation. Idir 1929 agus 1933 bhíodh ábhar aige freisin in An Phoblacht, Humanitas, Catholic Bulletin, Outlook, Inisfáil. Toghadh ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge é i gcomhair 1931/2 ach d’éirigh as um Meitheamh 1931. Bhí sé ina eagarthóir Gaeilge in Scéala Éireann ón lá a thosaigh an páipéar, 5 Meán Fómhair 1931, agus lean sé sa phost anuas go 1940. Dúirt Liam Mac Gabhann in Irish Times 22 Márta 1978: ‘Cearbhall and Aenghus [were] among the first batch to be called to work in the Irish Press in 1931—I believe that this was at the request of Eamon de Valera who was a friend of their father and who had watched their progress in secondary school and in the university. . . . He published all the great Irish writers of the time. Aenghus was the inspiration that began the making of Irish Press films’. Deirtear freisin go raibh Cearbhall ar saoire i nGaeltacht Chiarraí nuair a chuala sé faoin bpáipéar nua agus gur scríobh sé chuig Frank Gallagher.

Chuir sé roimhe leathanach Gaeilge a bheith aige gach lá. Agallamh a chuir sé ar an gCraoibhín, a bhí ag éirí as ollúnacht na Gaeilge, a bhí aige sa chéad eagrán agus ba é Cearbhall freisin a thóg an pictiúr. Sa chéad eagarfhocal ar an leathanach Gaelach dúirt sé: ‘Beidh na sé leathcholúin seo faoi Ghaeilge gach aon lá. Tráchtfar scéal na hÉireann ann agus scéalta na cruinne maraon leis. Nochtfar tuairim agus tuairim eile ó mhórscríbhneoirí na Gaeilge ar gach a thitfidh amach faoin ngréin. Beidh cead cúitimh agus iomarbhá ag cách ann, d’réir mar a bheidh má agus machaire chuige. Ach is i nGaeilge a bhéarfar an moladh agus an cáineadh, díreach mar do dhein Solamh fadó é’. In eagarfhocal Inniu 31 Márta 1978 (‘Fir mhóra ag imeacht uainn’) dúradh: ‘Is maith go dtuigfí i gceart tábhacht na hoibre a rinne sé agus é ina eagarthóir Gaeilge ar Scéala Éireann i mblianta tosaigh shaol an pháipéir sin. Leathanach na Gaeilge a bhí ann dáiríre sna blianta sin agus iomlán leathanaigh i nGaeilge ann lá i ndiaidh an lae eile gona gceannlínte móra dea-chumtha agus idir chúrsaí na hÉireann agus chúrsaí an domhain mhóir á bplé ann agus sin i nGaeilge snasta soléite. Chomh maith leis na cúrsaí sin thugadh Cearbhall Ó Dálaigh áit agus aitheantas sa leathanach do na scríbhneoirí óga. Is sa leathanach sin a foilsíodh céadshaothar chéad-eagarthóir an pháipéir seo [Ciarán Ó Nualláin] agus is ann a foilsíodh cuid maith de shaothar Sheosaimh Mhic Grianna don chéad uair. Is dóigh linn nach bréag a rá gurbh é Cearbhall Ó Dálaigh a chuir tús leis an iriseoireacht Ghaeilge dáiríre agus gur mar thoradh ar a shaothar a d’fhás an réim scríbhneoireachta sa teanga sin a bhláthaigh ar na saolta deireanacha seo agus ar cuid suntasach í de dhul ar aghaidh na teanga d’ainneoin deacrachtaí. Ní beag sin mar theist ar pháirt Chearbhaill Uí Dhálaigh in athréimniú theanga máthartha na tíre’. Is i leathanach Chearbhaill a foilsíodh an chéad alt Gaeilge a scríobh Brian Ó Nualláin (Myles na Gaeilge, 1986 le Breandán Ó Conaire ).

I mblianta tosaigh sin an pháipéir lean sé air ag staidéar agus bhí ag díriú freisin ar chúrsaí dlí. Glaodh chun an bharra é i 1934 agus phós sé Máirín Nic Dhiarmada an bhliain chéanna. Rinneadh Abhcóide Sinsearach de i 1945. In Comhar, Meán Fómhair 1944 tuairiscíodh go raibh sé i measc an cheathrair ar iarr an Comhchaidhreamh orthu dul san iomaíocht i dtoghcháin Sheanad Ollscoil na hÉireann. Fuair sé 1,273 vótaí. Faoi 1946-8 bhí sé ina Ard-Aighne agus bhí an post sin aige arís i 1951-3. Dúirt sé féin ina aitheasc insealbhaithe mar Uachtarán na hÉireann gur sheas sé ceithre huair mar iarrthóir i dtoghcháin Oireachtais. Bhí sé ina bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach 1953-1961. Ó Dheireadh Fómhair 1953 go 1956 bhí sé ina chathaoirleach ar choiste chun cáin ar thionscal a iniúchadh. Ceapadh ina chathaoirleach é 26 Meán Fómhair 1957 ar choimisíun chun an spás a bhí a dhíth ar choláistí Ollscoil na hÉireann a dheimhniú. Ó Mheán Fómhair 1960 bhí sé ina chathaoirleach ar choimisiún chun ardoideachas a iniúchadh. Bhí sé ina Phríomh-Ghiúistís ar feadh 1961-1973 agus ina bhall de Chúirt Aontas na hEorpa ó 1973 go 1974. Insealbhaíodh é ina Uachtarán na hÉireann 19 Nollaig 1974. D’éirigh as 22 Deireadh Fómhair 1976 nuair a ghlaoigh an tAire Cosanta (Patrick Donegan) ‘a thundering disgrace’ air toisc gur chuir sé bille um chumhachtaí éigeandála faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí. Is é breithiúnas J. J. Lee (Ireland 1912-1985: politics and society, 1989): ‘Cosgrave [An Taoiseach] treated him from the outset more as a Fianna Fáil politician than as president. But Ó Dálaigh was no party hack. . . . He was widely respected as a scholar and a gentleman. His resignation was the only proper course for a president, even had he not been a man of honour’. Scríobh Breandán Ó hEithir i dtaobh a théarma: ‘Measaim gur thuig gach mionaicme pobail, lucht léinn, aos ealaíon agus pobal na Gaeilge go raibh Uachtarán againn nach loicfeadh orthu, ar a gcúiseanna agus ar an tír. Níor loic. Nuair a chonaic sé oifig na hUachtaránachta agus a ionad faoin mBunreacht dá dhíspeagadh, chonaic pobal mór na hÉireann cén miotal a bhí sa bhfear séimh, cuirtéiseach seo’ (Immediate man. . ., 1983).

Gur toghadh ina Uachtarán é bhí cónaí air sa teach ‘Caoin Druim’, Cill Chomhaid, Co. Chill Mhantáin, agus nuair a d’éirigh sé as an bpost chuaigh sé chun cónaithe i dTathuile in aice le Snaidhm, Co. Chiarraí. Ann a d’éag sé 21 Márta 1978 agus is i Snaidhm a cuireadh é. Scoláire aitheanta Gaeilge ba ea a bhean Máirín, a rugadh san India. Bhronn rialtas na hIodáile an gradam ‘Commendatore (al remito)’ uirthi. Bhronn Ollscoil na hÉireann an D.Litt.Celt. uirthi féin agus ar Chearbhall. Cailleadh í 25 Eanáir 1994.

Ceann dá thréithe dúchais ba ea an mórmheas a bhí aige ar lucht ealaíne i gcoitinne. Chaith sé tamall ina chathaoirleach ar an gComhar Cultúra Éireann. Bhí sé ina leasuachtarán ar Fhéile Amharclainne Bhaile Átha Cliath. Chaoin Breandan Kennelly, Aidan Carl Mathews, Máirtín Ó Direáin, John Montague, Pádraig Ó Fiannachta, Paul Durcan. . . é. In Immediate man: cuimhní ar Chearbhall Ó Dálaigh, 1983 scríobh Tom Murphy, Brendan Smyth agus Siobhán Nic Cionnaith i dtaobh na comaoine a chuir sé ar an amharclann. Bhí sé ar dhuine d’iontaobhaithe Amharclann na Mainistreach. Dhéanadh sé moltóireacht ar iarrachtaí drámaíochta i gcomórtais liteartha an Oireachtais.

Léiriú áirithe ar a mheas ar an bhfilíocht an turas a thug sé ar Chúirt an tSáirséalaigh i gCorcaigh 2 Feabhra 1977 nuair a bhí Seán Ó Ríordáin ag fáil bháis ann: ‘Ní fhéadfadh aoinne bheith níos deise, níos míne, níos muinteartha liom, ná níos imníchí fúm’, a dúirt an file (Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982 le Seán Ó Coileáin). Tá an chaint a thug sé os cionn uaigh Uí Ríordáin in Comhar, Bealtaine 1977. Ba é a labhair freisin os cionn uaigh Mhic Liammóir. I bhfad roimhe sin, ba é a roghnaíodh chun an dealbh ag uaigh Pheig Sayers a nochtadh. Foilsíodh a bheathaisnéis: Cearbhall Ó Dálaigh, 2001 le Risteárd Ó Glaisne. In Ionad Oidhreachta an Bhlascaoid i Meán Fómhair 2002, thugadh sé léacht ar ghnéithe dá shaol is dá shaothar. Tá siad i gcló in Léachtaí Cholm Cille XXXIII, 2003 in eagar ag Ruairí Ó hUiginn. In Cearbhall Ó Dálaigh: Léachtaí Cholm Cille XXXIII, 2003 tá léachtaí a thug Risteard Ó Glaisne, Pádraig Ó Fiannachta, Gearóid Ó Tuathaigh, Micheál Ó Cearúil agus Leachlain S. Ó Catháin. Foilsíodh 15 aiste ina thaobh in Iris Chumann Staire Bhrí Chualann: Cearbhall Ó Dálaigh Centenary Issue: Journal of the Bray Cualann Historical Society No. 6, 2011 in eagar ag Colum Kenny.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú