Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 158
Fógraíodh in Fáinne an Lae 12 Samhain 1898 gur rugadh mac don lánúin óg i nGlaisín, le hais Cathair Chorcaí ··· Bhí sé sa chathaoir nuair a bunaíodh craobh in Eochaill agus bhí ina mhúinteoir acu go sealadach (Fáinne an Lae 15 agus 22 Deireadh Fómhair 1898) ··· Is cosúil go raibh sé ag easaontú leis an gcraobh ina dhiaidh sin san argóint a d’éirigh eatarthu sin agus an Coiste Gnó i dtaobh Fáinne an Lae ··· Committee and pronounced as bad taste Lawless’s attack on Fáinne an Lae and denied his right to dictate to the branch as he had done on that occasion’ ··· Bhí Osborn Bergin [B2] agus Donnchadh Pléimionn [B1] i measc na mball a bhí in aghaidh an Choiste Gnó agus d’oir dóibh a bheith ar son Fáinne an Lae
In Fáinne an Lae 16 Meán Fómhair 1899, mar shampla, tuairiscíodh go ndúirt sé i nGaeilge le cruinniú i gCaisleán Ghriaire: ‘You are all aware that I left the country when but a youngster in my teens ··· B’fhéidir gurbh i gCumann Buanchoimeádta na Gaeilge, tuairim 1892, a bhí sé ar dtús; bhí sé ina bhall go fóill in 1899 (Fáinne an Lae 7 Deireadh Fómhair 1899) ··· Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 5 Márta 1898 gur bliain go leith roimhe sin a bhunaigh sé ranganna Gaeilge ag 15 Sráid Gloucester Uachtarach i gcomhair lánstaonairí thuaisceart na cathrach ··· ar feadh cúig bliana sular thóg craobhacha Chonradh na Gaeilge na crúséadacha agus na haeiríochta seo’. ‘The Gaelic-Irish crusader’ a tugadh air in Fáinne an Lae 7 Eanáir 1899 ··· ‘Mr Courtney’s Gaelic Class Rooms’ an tagairt in Fáinne an Lae 14 Bealtaine 1898 agus tuairiscíodh 7 Eanáir 1899 go raibh cúigear de mhuintir Uí Churnáin ag an rang seo ar chuir sé tús leis trí nó ceithre bliana roimhe sin
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ar a chostas féin bhunaigh sé Fáinne an Lae, an chéad pháipéar nuachta agus bolscaireachta dá raibh ag Conradh na Gaeilge. I mBealach Conglais i gCill Mhantáin a rugadh é ··· Bearing this in mind, it should be the chief aim in circulating the paper, to obtain readers for it among the mass of the Irish-speaking people’. Tháinig an chéad uimhir de Fáinne an Lae amach ar 8 Eanáir 1898 ··· Bhí a n-aigne déanta suas ag an gConradh go mbeadh iris dá gcuid féin acu agus foilsíodh an chéad uimhir de An Claidheamh Soluis ar 18 Márta 1899. Le cabhair Chraobh na Laoi lean Fáinne an Lae ar aghaidh go dtí Iúil 1900 ach bhí ag teip uirthi nuair nach raibh tacaíocht an Chonartha aici ··· Cheannaigh an Conradh teideal na hirise sa deireadh, cé nach bhfuair Brian féin aon phingin dá luach, agus is é teideal pháipéar an Chonartha ó 4 Lúnasa 1900 amach An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae. Bhí a ghnó ar fad caillte ag Brian ··· Cibé airgead a fuair Brian de bharr na teistiméireachta, faoi Aibreán 1903 bhí gnó clódóireachta tosaithe aige arís. Níorbh é Fáinne an Lae an t-aon pháipéar a bhunaigh sé
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Rinne Liam Gógan [B2] an tagairt seo dá chumas chun aisteoireachta: ‘Sílim gur fear é atá ag feitheamh le hoidhe éigin nár scríobhadh fós b’fhéidir chun iomlán na dtréithe atá ann a chur i bhfeidhm’ (Fáinne an Lae I Márta 1924) ··· In Fáinne an Lae 29 Bealtaine 1926 dúradh go raibh comórtas liathróide láimhe ar siúl aige ann chun an Ghaeilge a chur á labhairt i measc na mbuachaillí ··· D’aistrigh sé dán Stephen Gwynn[q.v.] ‘A song of defeat’ (Fáinne an Lae, Deireadh Fómhair 1926). Mar amhránaí ar an sean-nós ghlac sé páirt i gceolchoirm a chuir Craobh na gCúig gCúigí ar bun (Misneach 6 Nollaig 1919) ··· In Fáinne an Lae 26 Lúnasa 1922 fógraíodh go raibh cartaí dátheangacha le haghaidh druileála réitithe aige féin agus ag Pádraig Ó Piogóid. Bhí sé pósta ar Agnes Mangan ó Chathair Saidhbhín agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu
It was not the Irish of Keating and we can recall his natural and rather despairing remark: “Ah, this is slang”.’ In ainneoin a raibh le rá ag an Móránach thuairiscigh Fáinne an Lae 21 Bealtaine 1898 gur mhol an Captaen go bhfoilseofaí Mionchomhrá leis an Athair Peadar ··· Toghadh ina bhall de Chraobh Londan é 3 Samhain na bliana céanna (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 le Donncha Ó Súilleabháin) agus thug sé síntiús le haghaidh leabharlann Árann (Fáinne an Lae 3 Nollaig 1898) ··· Bhí tuairisc in Fáinne an Lae 22 Aibreán 1899 gur aistrigh sé go Conamara agus dúradh in An Claidheamh Soluis 11 Samhain go raibh sé i láthair ag Feis Eanach Dhúin agus gur bhronn sé duaiseanna ar na daltaí scoile ba mhinice a labhraíodh Gaeilge taobh amuigh den scoil ··· Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 18 Samhain: ‘In the west the Gaelic language must be saved, in the west it must be cultivated
Bhí na scéalta seo leis i gcló: ‘Fód’ (Dublin Magazine, Bealtaine 1924); ‘An Fiadhach’ (Fáinne an Lae 27 Meitheamh 1925); ‘Bás na Bó’ (Fáinne an Lae 18 Iúil 1925); ‘Daoine bochta’ (Fáinne an Lae 29 Lúnasa 1925); ‘An tAonach’ (Fáinne an Lae 5 Meán Fómhair 1925)
Bhí baint aige le hEagras Céadbhlianach ’98 agus toghadh é ina uachtarán ar Chraobh Chorcaí de Chonradh na Gaeilge (Fáinne an Lae 4 Márta 1899) ··· Thug sé léacht sa Rotunda ar ‘England’s unjust wars and Ireland’s participation in them’ ar mhaithe le Ciste Comórtha ’98 (Fáinne an Lae 17 Feabhra 1900) ··· Gairid ina dhiaidh sin toghadh é ina uachtarán, oiriúnach go leor, ar Chraobh Mhichíl Uí Dhuibhir, ceann de chraobhacha móra Bhaile Átha Cliath ag an am sin (Fáinne an Lae 21 Iúil 1900) ··· But I have studied it and I am proud to say that I can now read books written in modern Irish with much facility, and I can say from experience that the study of Irish fully rewards the student’ (Fáinne an Lae 15 Deireadh Fómhair 1898)
D’fhreastail sé ar Fheis Mhaigh Chromtha thar ceann an Ardchoiste (Fáinne an Lae 26 Márta 1898) agus tuairiscíodh 4 Meitheamh na bliana sin gurbh eisean a d’imlínigh páirt an Chonartha i riaradh Fáinne an Lae ··· Toghadh é ina bhall den Ardchoiste an bhliain sin ach d’éirigh sé as i Meán Fómhair (Fáinne an Lae 16 Meán Fómhair 1899) ··· Bhí sé féin agus Norma mar theachtaí neamhoifigiúla ón gConradh chuig Feis Dhún na nGall i Meán Fómhair 1898 ( Fáinne an Lae 22 Deireadh Fómhair 1898) agus cuireadh i leith na beirte gur mhaith leo an Craoibhín a ruaigeadh as uachtaránacht an Chonartha agus an tEaspag Pádraig Ó Domhnaill [B2] a chur ina áit (Feasta, Deireadh Fómhair 1988)
Ba é Palliser Wayland (1816-1900), feirmeoir mór, a athair; bhí tuairisc a bháis-sean in Fáinne an Lae 3 Feabhra 1900 ··· Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 19 Feabhra 1898 go raibh sé féin agus cúigear eile ag píobaireacht ag scoraíocht i gCorcaigh ··· Bhí tagairt in Fáinne an Lae 21 Eanáir 1899 dá chártaí Nollag. Cé gur sloinne coitianta i dTiobraid Árann Ó Faoláin gach seans gurbh eisean an ‘Seaghán Ua Faoláin’ a scríobh an litir dar ceannlíne ‘Why is Tipperary behind ?’ in An Claidheamh Soluis 15 Meán Fómhair 1900
Tá a chuid aistí i gcló in Fáinne an Lae, An Lóchrann, An Scuab, Sinn Féin, An Síoladóir, Timire an Chroí Naofa... ··· I measc na n-amhrán a bhailigh sé bhí leagan de ‘Cailín deas crúite na mbó’ in Fáinne an Lae, Lúnasa 1926 ··· Um Meitheamh 1918 bhí sé i bpríosún i mBéal Feirste agus rang Gaeilge ar bun aige ann (Fáinne an Lae 8 Meitheamh 1918)
In Fáinne an Lae 26 Samhain 1898 rinneadh tagairt don duais: ‘A grand reunion took place on last Sunday evening when the students of both the male and female classes were entertained at a well-considered and well-regulated feast provided at the expense of Miss A ··· Shorten [B4] and J[ohn] O’Leary all of whom were money prize winners at the Feis held in Macroom at the end of last March but who refused to accept the same and tendered them to the local committee to provide an evening’s entertainment for the young people at some future date.’ Áine a bhí i gceannas ar Choiste na mBan agus a bhí ag stiúradh na gcailíní scoile ag canadh na gcurfánna Gaeilge ag an gcóisir sin. In Fáinne an Lae 17 Meán Fómhair 1898 tuairiscíodh: ‘Miss O’Reilly detailed her experiences as a travelling teacher in West Cork’ ··· Tá tuairisc sin Fáinne an Lae sin ag teacht le rud a scríobh Domhnall Bán Ó Céileachair in Scéal mo bheatha, 1940
In Fáinne an Lae 4 Meitheamh 1924 tugann sé cuntas ar chuairteanna a thugadh sé ina pháiste ar a muintir i bparóiste na Priarachta ··· Ag Oireachtas 1916 i bPort Láirge bhí sé ina mholtóir sa chomórtas a bhain le seanchas na haimsire (An Claidheamh Soluis 18 Márta 1916). Ní raibh aon phrós aige sna hirisí ó 1905 go 1924 nuair a thosaigh sé ag foilsíu ábhair in The Leader, An Branar, Fáinne an Lae ··· Maidir leis an bhfilíocht, bhí beagán dán i gcló in Banba, Fáinne an Lae, agus An Sguab i rith na tréimhse 1903 go 1925, agus bhí ‘Cónaigh liom, is gearr uaim deireadh an lae’, aistriúchán ar an iomann ‘Abide with me’ in Humanitas, Meán Fómhair 1930
Naonúr mac agus ochtar iníonacha a rugadh don lánúin. Cláraíodh í mar bhall de Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge i Meán Fómhair 1898 (Fáinne an Lae 1 Deireadh Fómhair 1898) ··· Ba chuimhin le Earnán de Siúnta [B1] cuairt a thabhairt ar a theach (Fáinne an Lae 17 Bealtaine 1919): ‘Bhí Gaeilge bhinn na Mumhan ag an mnaoi óig seo ach ní raibh an teanga ag a hathair ...
Bhí sé ina bhainisteoir ar Fáinne an Lae i 1924 ··· Bhíodh aistí agus scéalta aige in An Claidheamh Soluis, The Kerryman, Freeman’s Journal, Fáinne an Lae, An Branar, An Síoladóir
Tuairiscíodh 4 Meán Fómhair 1917 é a bheith i gceannas ar Dhún na nGall, Tír Eoghain, Doire, agus Aontroim agus ar 17 Samhain gur faoi Shéamus Ó Glasáin a bheadh an chuid eile den chúige. In Fáinne an Lae 20 Iúil 1918 tá tuairisc gur pósadh é 9 Iúil 1918 ar Eibhlís Nic Con Uladh, iníon le Francis McCullough, feirmeoir sa Chaisleán Glas ··· In Fáinne an Lae 31 Eanáir 1925 tuairiscíodh gur scaoileadh saor é cúpla seachtain roimhe sin agus go raibh Gaeilge foghlamtha uaidh ag céad duine ar an Argenta agus go raibh fáinní acu
Fógraíodh in Fáinne an Lae 26 Eanáir 1918 gur pósadh in Inis Córthaidh é le Mairéad iníon do Shéamus Mac Comartúin, Inis Córthaidh ··· Tuairiscíodh (Fáinne an Lae 2 Márta 1918) gur bronnadh dileagra maisithe ar Shéamus in Inis Córthaidh
Tuairiscíodh an bás sin in Fáinne an Lae 21 Nollaig 1918 agus dúradh gurbh i mBaile Átha Cliath, ar nós a dheartháireacha, a d’fhoghlaim Risteard Gaeilge, go raibh sé sa troid i gCill Dhéagláin i 1916, gur daoradh chun báis é ach gur seoladh go príosún Lewes é ··· Bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge sna 1920idí: bhí sé i láthair ag an mórchomhdháil ar 8 Eanáir 1925 nuair a féachadh leis an eagraíocht a chur ar ais ar a bonnaibh; bhí sé ina bhall de choiste ceantair Bhaile Átha Cliath (Fáinne an Lae 21 Eanáir 1925) agus ó 1926 go 1930 ina bhall den Choiste Gnó
Bhíodh ábhar Gaeilge aige in Misneach, Fáinne an Lae, An Branar, Éarna, Fr Mathew Record, Humanitas, Éire, Feasta. D’éirigh sé as a phost i Scoil Naomh Pádraig in 1921: níor ceapadh ina phríomhoide é agus bhí ráfla ag dul timpeall gurbh i ngeall ar a pholaitíocht nach bhfuair sé an post ··· An bhliain sin a toghadh é ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus a thug sé fianaise os comhair Choimisiún na Gaeltachta (Fáinne an Lae 13 Meitheamh 1925) Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh
Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 30 Nollaig 1922 go raibh Tomás ag iarraidh ardú tuarastail agus gur socraíodh ar dhá phunt sa mhí a thabhairt dó. De réir Clár litridheacht na Nua-Ghaedhilge III: prós i dtréimseacháin bhí breis is 110 píosa i gcló aige idir 1917 agus 1934 in An Lóchrann, An Claidheamh Soluis, Fáinne an Lae, Misneach, An Phoblacht, An Sguab agus Timthire Chroidhe Naomhtha Íosa
Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 11 Eanáir 1919 go raibh sé ag foghlaim dochtúireachta le tamall ··· Bhí sí ina ball de choiste a bhí ag iarraidh bunscoileanna Gaeilge a bhunú sa chathair (Fáinne an Lae 5 Nollaig 1925)
Bhíodh ábhar i gcló aige go rialta in Misneach, Fáinne an Lae agus An Sguab agus anois is arís in Banba, An Reult, An Lóchrann, An tÓglach, An Chearnóg, Inis Fáil, The Irish Rosary ··· Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha agus ar feadh tamaill de 1926-27 ina eagarthóir ar Fáinne an Lae
Nuair a léigh Dubhghlas de hÍde[q.v.] páipéar ag cruinniú de Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge dúirt sé go raibh aithne aige ar an nGordúnach le fada 'as a poet and a fine Irish scholar' (Fáinne an Lae 21 Deireadh Fómhair 1899) ··· In An Gaodhal a d'fhoilsítí a dhéantús de ghnáth agus bhíodh ábhar aige freisin in Irisleabhar na Gaedhilge, United Ireland agus Fáinne an Lae
Phós siad i 1918 (Fáinne an Lae 15 Meitheamh 1918) agus bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu ··· Bhí ailt aige i dtaobh Bhaile Coinleora in Fáinne an Lae 8 Deireadh Fómhair 1921 agus Misneach 10 Nollaig 1921. Bhí sé ina rúnaí ar chraobh Chill Dalua ar feadh i bhfad agus bhí ina bhall den Choiste Gnó i 1930–1
‘Is é m’achainí air anois, ós rud é go bhfuil an oiread sin eolais agus tuiscinte aige agus smaointe is tuairimí ar leith aige agus an Ghaeilge go líofa aige agus féith an scríbhneora ann, luí isteach ar “criticism” a scríobh i nGaeilge’ (Fáinne an Lae 9 Feabhra 1918) ··· Benson. Nuair a cuireadh gasra den Fháinne ar bun i gcathair Chorcaí ba é Séamus a toghadh mar aoire. Ceapadh ina chigire bunscoileanna é 1923
Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 5 Feabhra 1924 í a bheith ina ball de Chomhairle an Fháinne. Ceapadh Seán Beaumont[B1] ina rúnaí ar Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath agus d’fhostaigh sé í faoin bpolasaí a bhí aige cainteoirí dúchais a bheith ina múinteoirí sna scoileanna a bhí faoina chúram (Éamon Ó Ciosáin, An t-Éireannach 1934–1937: páipéar sóisialach Gaeltachta, 1993). Ó 1919 amach bhíodh scéalta agus aistí i gcló aici in An Stoc, Fáinne an Lae, An Lóchrann, An tÉireannach, An Scuab, An Chearnóg...
In An Claidheamh Soluis 26 Aibreán 1902 scríobh sé i litir: ‘Níor dhearcas ar aon Ghaeilge chlóbhuailte ón uair sin go dtí gur tháinig Fáinne an Lae amach’ ··· Agus in ainneoin na tagairte sin do Fáinne an Lae dúirt sé leis an gCraoibhín i 1916 go gceannaíodh sé An Gaodhal (1881-) agus leabhair de hÍde
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá sé ar dhuine de ghrúpa thimirí cáiliúla Chonradh na Gaeilge a bhfuil a bpictiúr ar leathanach tosaigh Fáinne an Lae 22 Lúnasa 1903: é féin, Séamas Mac an Bhaird [B3], Peadar Ó hAnnracháin [B1], Pádraig Ó Máille [B3], Pádraig Ó Cadhla [B2], Tomás Ó Míodhcháin [q.v.], Tomás Ó Concheanainn [B2], Fionán Mac Coluim [B1], Donnchadh Ó Laoghaire[B1]. D’áirigh an Dr Seán P ··· ‘Fear díreach macánta cráifeach’ an cur síos a bhí air in Fáinne an Lae 13 Feabhra 1926.
Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 28 Eanáir 1899 gur toghadh é ina bhall de choiste comórtha 1798 thar ceann Thamhnach an tSalainn ··· In Fáinne an Lae 19 Bealtaine 1900 tá scéala go raibh sé ina rúnaí sealadach ar an gConradh san Airgintín agus go raibh £100 curtha aige thar a gceann chuig Ciste na Teanga
Bhí beirt mhac agus iníon acu. Toghadh é ina thimire ag cruinniú den Choiste Gnó (Fáinne an Lae 20 Deireadh Fómhair 1923) agus thosaigh sé ag obair i gContae Shligigh ··· Bhíodh ábhar aige in Fáinne an Lae, Misneach, agus in An Sguab idir 1918 agus 1924 agus in Ar Aghaidh ina dhiaidh sin.
Ó 1917 go 1920 bhí sé ina eagarthóir ar pháipéar an Chonartha, Fáinne an Lae ··· Ceann dá dhualgais cinsireacht a dhéanamh agus, iorónta go leor, ba air a thit sé Fáinne an Lae féin ‘a bhánú’
Bhí sé i measc na ndaoine ar tugadh cuireadh dóibh labhairt ag ollchruinniú i mBéal Feirste (Fáinne an Lae 25 Márta 1899) ··· Cé gurbh as leabhair a d’fhoghlaim sé an teanga bhí sí sách líofa aige chun óráid a thabhairt ag feis sna Frosa (Fáinne an Lae 6 Eanáir 1899)
Foilsíodh a chéad leabhar Oidhcheannta Sidhe (1922) agus bhíodh aistí agus scéalta aige i gcló i rith na tréimhse sin in Fáinne an Lae, An Branar, Irish Statesman, An Scuab... ··· D’éag Máire i Menton na Fraince 7 Eanáir 1927 agus tá scéala a báis in Fáinne an Lae, Feabhra 1927. Cheangail sé le complacht taistil Anew McMaster in earrach 1927
As sin amach bhí sé i Loch gCaol i gContae Aontroma, de réir threoirleabhair Eaglais na hÉireann. Luaitear Cúl Dabhaigh agus Rinn Mhic Ghiolla Rua sa chuntas ar a bhás in Fáinne an Lae 5 Iúil 1919 ··· An 17 Samhain a bhí ag Fáinne an Lae agus ní foláir nó is ann a fuair Muiris Ó Droighneáin [B2] an dáta sin
Chraol sé caint ar shaol an Dr de Hindeberg[B2] ar 2RN (i gcló in Fáinne an Lae, Meitheamh 1928) ··· Comhartha é, b’fhéidir, ar an gcaidreamh a bhí aige ar mhuintir na Rinne go raibh sé i láthair thar ceann An Scuab ag cruinniú de mhuintir na bpáipéar Gaeilge in Aibreán 1925 (Fáinne an Lae 25 Aibreán 1925) ··· Scríobhadh sé aistí agus scéalta le cur i gcló in Irish Fun, Fáinne an Lae, An Camán
‘Chuirfeadh sé suim as miosúr i rud éigin nó i ngluaiseacht éigin agus i gcionn tamaillín chaithfeadh sé ar leataobh é agus chuirfeadh sé dúil in ábhar éigin eile.’ In Fáinne an Lae 22 Iúil 1899 deirtear go raibh eolas maith aige ar an mBriotáinis agus ar an mBreatnais, agus eolas gan cháim aige ar an bhFraincis ··· Tá cuntas an-inléite aige i nGaeilge ar an turas sin in Fáinne an Lae 16 Nollaig 1899–27 Eanáir 1900
Chum Peadar Ó hAnnracháin caoineadh uirthi (Fáinne an Lae 11 Eanáir 1919) ··· Dar le Gogarty gur thug sé grá leatromach do Mary Spring Rice, a bhunaigh Craobh na gCúig gCúigí, agus gurbh in í an gharchúis ar mharaigh sé é féin. Nuair a cailleadh Sadhbh thagair Fáinne an Lae dó: ‘Tá cuimhne ag mórán Gael ar Dhiarmuid de Trinse, a col ceathrair, a bhí chomh dílis dúthrachtach sa chúis
Foilsíodh aiste a scríobh sé i dtaobh saoirse na hÉireann in Fáinne an Lae 23 Feabhra 1918. Nuair a bunaíodh Treas Briogáid Thiobraid Árann ceapadh Éamon mar leasmháistir ceathrún ··· Nuair a bhí sé i bpríosún in Durham chuir sé abhaile aiste ag moladh an chumannachais (i gcló in Fáinne an Lae 11 Eanáir 1919). Phós Éamon Winnifred O’Sullivan ón Ros Mór ar 14 Meán Fómhair 1929 agus bhí mac agus iníon acu
Nuair a d’éirigh raic idir Bernard Doyle, foilsitheoir Fáinne an Lae (1898–1900), agus an Coiste Gnó bhí Craobh na Laoi agus go háirithe John J ··· Níor theip ábhar cló riamh ar Fáinne an Lae
I nóta in Fáinne an Lae 19 Deireadh Fómhair 1918 deir Pádraig go mba chainteoir dúchais Gaeilge é, molann a fheabhas a bhí caint an Chláir aige agus deir sé go raibh ‘poirt thar comhaireamh’ aige. Chuir Pádraig an-dúil i nGaeilge an Chláir ··· Tá sé curtha sa Dún Beag. Idir 1919 agus 1932 bhí aistí agus dánta i gcló ag Pádraig in An Scuab, Misneach, Irish Fun, Fáinne an Lae agus An Claidheamh Soluis
Ar feadh cúpla tréimhse b’éigean dó dul i bhfeighil eagarthóireacht Fáinne an Lae
Roimhe sin bhí go leor scéalta i gcló aige in Fáinne an Lae, An Claidheamh Soluis, An Branar, Limerick Leader, An tÓglach ..
Chaith sé leathbhliain ag cur eagar ar pháipéar an Chonartha, Fáinne an Lae, in 1926
Ó 1922 go 1925 bhí sé ina eagarthóir ar Fáinne an Lae
Patrick’s, Banba, The Nationalist, An Sguab, An Lóchrann agus Fáinne an Lae idir 1901 agus 1926. Bhí triúr mac agus cúigear iníonacha aige
Ó 1926 go 1929 bhí sé ina eagarthóir ar iris Chonradh na Gaeilge Fáinne an Lae
Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 2 Eanáir 1920 gur bronnadh D.Litt
Cheap Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge é ina eagarthóir ar a n-iris Fáinne an Lae in áit Phiarais Béaslaí a bhí i bpríosún ach thug siad foláireamh dó gan an cló rómhánach a úsáid, rud a ghoill air
Ach, mar a dúirt Brian Ó Cuív, “His work may not be without error, but it has a quality of vastness which leaves one amazed”. De réir an fhógra in Fáinne an Lae 2 Samhain 1918, phós sé Máire Ní Bhuachalla ó Bhaile Uí Annáin, Mainistir na Corann ar 17 Deireadh Fómhair 1918
Bhíodh ábhar aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Fáinne an Lae, An Claidheamh Soluis, An tÉireannach, The Shan Van Vocht, The Irish Nation, The Parnellite, Cork Examiner
Scríobh sé litir in Fáinne an Lae 26 Samhain 1898 ag cur in aghaidh an bhailiúcháin airgid a bhí á dhéanamh chun leabharlann a bhunú in Árainn
Deirtear gur air a bhunaigh Breandán Ó Beacháin an carachtar ‘Monsewer’ in An Giall. Chomh fada siar le 1921 bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar aistí staire, agus bhíodh ábhar aige in Misneach, An Síoladóir, Fáinne an Lae
Tá tuairisc a bháis in Fáinne an Lae 26 Samhain 1898: ‘Monuar géar
I 1904 bhí sé ag soláthar corramhrán do An Claidheamh Soluis agus ó 1918 amach ag scríobh idir aistí agus scéalta do An Stoc, Misneach, Fáinne an Lae, Catholic Bulletin, An Phoblacht agus Ar Aghaidh
Scríobhadh sé do An Claidheamh Soluis, Sinn Féin, An tUltach, Misneach, The Leader, An Sguab, Fáinne an Lae, Catholic Bulletin, Dundalk Democrat agus go leor eile irisí agus nuachtán. Scríobh sé idir dhrámaí, scéalta agus rannta go raidhsiúil don aos óg
Tá cuid mhaith dá shaothar spréite ar fud páipéirí agus irisí—The Irish Peasant, An Lóchrann, Irisleabhar na Gaedhilge, An Claidheamh Soluis, An Saol Gaedhealach, An Tír, Fáinne an Lae agus Réalt an Deiscirt (Southern Star)
D’éag sé ann ar 3 Aibreán 1944. Idir 1898 agus 1908 scríobhadh sé dánta agus aistí in Irisleabhar na Gaedhilge, Fáinne an Lae, Banba, United Irishman, An Gaodhal, agus An Claidheamh Soluis
Ní raibh fonn troda air ach ní sheachnódh sé an troid agus thuig sé stair agus seanchas ar dhóigh nach dtuigeann mórán iad’ (Fáinne an Lae, Bealtaine 1928)
Idir 1903 agus 1926 bhí aistí agus scéalta aige in An Claidheamh Soluis, Irisleabhar na Gaedhilge, An Lóchrann, Loch Léinn, United Irishman, An Branar, Fáinne an Lae, Banba agus irisí eile
I 1926/7 bhí sé ag tabhairt cúnaimh do Leon Ó Broin chun eagar a chur ar iris an Chonartha, Fáinne an Lae. Bhí sé pósta faoi dhó, le Lily Barton as Cill Chainnigh i dtosach agus i ndiaidh a báis lena deirfiúr Caitlín
Is cosúil gur thug Pádraig cuid éigin de Ghaeilge an cheantair leis (“I had a good smattering of native Irish and had learned to read Father O’Growney and Fáinne an Lae at home”, dúirt sé in aiste a athfhoilsíodh in Vintage Carbery, 1984)
Tá sé i gcló in An Claidheamh Soluis 9 Meitheamh 1900 agus tá leagan Gaeilge i gcló in An Duinníneach. In Eanáir 1899 bhí an chéad phíosa i nGaeilge i gcló aige in New Ireland Review agus in Fáinne an Lae an dán ‘Ó Súilleabháin ag fágáil na sléibhte’. I Lúnasa 1900 scar sé le Cumann Íosa
Is cosúil go raibh Dónall agus an Piarsach cairdiúil le chéile agus is sa teach sin a chaith Bean Mhic Phiarais a laethanta saoire 1918 (Fáinne an Lae 27 Iúil 1918)
D’éag sé ar 13 Nollaig 1952 agus d’éag a bhean trí lá ina dhiaidh. Faoina ainm pinn ‘Déaglán’ bhí aistí agus scéalta i gcló aige in An Claidheamh Soluis, Fáinne an Lae, An Branar, The Leader
Nuair a ceapadh Colm mar fhothimire i gContae na Gaillimhe i nDeireadh Fómhair 1917 rinneadh tagairt in An Claidheamh Soluis 3 Samhain dó féin, do Thomás Ághas[B1] agus de Valera beith ‘i ngarraí prátaí i bpríosún Lewes i Sasana ag leogaint orthu bheith ag rómhar agus gan pioc ar siúl acu mar chúrsaí cainte ach an Ghaeilge agus obair náisiúntachta na hÉireann’. Toghadh é ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge in 1919 agus toghadh é ina chathaoirleach ar an gComhairle Dúiche in Uachtar Ard in 1920 (Fáinne an Lae 26 Meitheamh 1920)
Fiú i 1918 bhí Seán Ó hÓgáin[B2] ag cur na ceiste ‘An file is fearr: an é “Pádraic” é?’ (Fáinne an Lae 9 Feabhra 1918). I Málainn Bhig i nDún na nGall a rugadh é
Tá tuairisc ar bhás Mhairéid in Fáinne an Lae, 24 Lúnasa 1918.
Tá ar bhailigh Seán den bhéaloideas le fáil in aistí in An Claidheamh Soluis, An Lóchrann, Fáinne an Lae ..
Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 26 Eanáir 1918: ‘King’s County Independent contains the first instalment of an interesting and well-written novel of present day life in Ireland by Pádraic Óg Ó Conaire, the organiser of Offaly’
Cuireadh í i Reilig Ghráinseach an Déin. Dúirt Fáinne an Lae 9 Bealtaine 1925 fúithi: ‘Bhí sí ar na hoibrithe ba dílse agus ba dúthrachtaí dá raibh ar lucht cothaithe na teanga’ agus dúirt An tÉireannach, Meitheamh 1925: ‘Má bhí aon duine riamh a chaill a saol agus a sláinte ar son na Gaeilge ba í Deora an duine sin’. Tuairiscíodh in Scéala Éireann 6 Feabhra 1956 gur osclaíodh an Halla Frinseach ag 19 Plás Éile, Baile Átha Cliath
Léigh Tomás Ó Colmáin an dán sin ag an gcruinniú i gCois Fharraige an lá a nochtadh leacht Mhichíl Bhreathnach Meán Fómhair 1909. Foilsíodh ábhar i nGaeilge uaithi in Fáinne an Lae agus An Claidheamh Soluis
Ó C.’ in Fáinne an Lae 12 Meitheamh 1926 agus ainm Phádraig ina measc
B’fhéidir gurbh í an chéad tagairt dó sna hirisí an cuntas atá ag Fournier d’Albe[q.v.] in Fáinne an lae 16 Nollaig 1899–27 Eanáir 1900: ‘Ní raibh an iomarca leabhar ag Séamus ach bhí foclóir Uí Raghallaigh aige agus leabhair an Athar Ua Gramhnaigh
Nuair a d’éag sé mhol an Duinníneach [q.v.] go hard é in Fáinne an Lae 19 Meitheamh 1926 ach dúirt freisin: ‘Ach cé go raibh mánlacht na gcolúr ann ní raibh sé gan roinnt de ghliocas na nathrach nimhe’
Ba í príomhaidhm na Feise seo aird a dhíriú ar an gceol traidisiúnta ach i litir in Fáinne an Lae 16 Aibreán 1898 ghearán Tomás Ó Néill Ruiséal [q.v.] gur méadaíodh ar líon na gcoisteoirí toisc brú ó cheoltóirí ‘so that Dr Patterson consented to allow what is generally and in my view wrongly styled classical music to be part of the programme’
gaiscíoch fir sé throigh ar airde, iománaí mear tréan, ceoltóir ...’ (Fáinne an Lae 6 Aibreán 1918)
St Clair Boyd, duine de cheannairí an Chonartha i mBéal Feirste, go mba phátrún ag an gConradh a bhanchéile (Fáinne an Lae 26 Samhain 1898) – bhí sí ar chomhairle Chumann Bhuanchoimeádta na Gaeilge roimhe sin
In aiste in Fáinne an Lae 12 Meitheamh 1926 deir ‘S Ó C’ – agus is dóigh gurbh é Sceilg é – gurbh é Peadar Ó Laoidhléis [q.v.] a thug isteach sa Chonradh é
‘Gaeilgeoir cliste’ a thug Fáinne an Lae 21 Feabhra 1925 air
Bhí dán Gaeilge i gcló aige in Fáinne an Lae, Meán Fómhair 1929, faoin teideal ‘In ísle brí’ agus túgann sé leid de shaol seachmallach na haimsire sin: ‘Is cuimhin liom gorta is gátar is fós gach uile lá bocht/ A chaitheas ar na hardchnoic i gcuideachtain mórghníomh/ Ach b’aoibhne liomsa lá díobh ná ráithe ar na sráidibh/ Gan gáire san dtigh tábhairne ina sciobtaí uainn ár gciall’
Féachadh lena theach a chur trí thine (Fáinne an Lae 6 Eanáir 1923)
D’éag sé 28 Meitheamh 1952 san Fhiacail agus tá sé curtha ansin, in aon reilig le Brian Merriman. I dtuairisc ar chomhdháil na múinteoirí Gaeilge in Fáinne an Lae, Bealtaine 1928, tá an abairt seo: ‘Pilib de Bhaldraithe a thug an tríú léacht
Bhí an tuairisc seo ag Fáinne an Lae 22 Meán Fómhair 1923: ‘Ní ligfidh biocáire Fhairche Luimnigh don Athair de Bhál agus triúr sagart eile labhairt ag cruinniú mara n-abrann siad nach n-éileoidís saoirse do phríosúnaigh, ach ar choinníoll nach ngabhfaidis arm arís leis an rialtas a throid’. Aistríodh go Faing é i 1922 agus ceapadh é ina shagart paróiste i gCill Curnáin i 1930 agus i mBaile an Gharraí i 1936
Ceann de na dánta is mó riamh i mbéal an phobail, ‘Valparaiso’, bhí sé i gcló in Fáinne an Lae 3 Lúnasa 1918 faoin teideal ‘An Long’
In Fáinne an Lae, Eanáir 1929, cuimhníodh go léadh sé caibidil de Searc-Leanamhain Chríost in aghaidh an lae ann
Dhaor an chúirt airm chun báis é ‘ach níorbh fhéidir é a bhású toisc páipéir ghéillsine Mheiriceá a bheith aige’ (Fáinne an Lae 21 Nollaig 1918)
Tá cuntas greannmhar in Fáinne an Lae 22 Márta 1924 ar theagmháil a bhí aige le ball den Gharda Síochána nua agus é ag rothaíocht san oíche gan lampa
Bhí aistí i gcló aige in An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae i 1917–18. Bhí baint aige le cúirteanna Shinn Féin agus cuireadh i bpríosún é faoi dhó (Misneach 20 Márta 1920)
Bhí baint éigin aige, shílfeá, le dúiche Dhroichead na Bandan, más fíor dá bhfuil sa chaoineadh a scríobh Peadar Ó hAnnracháin[B1] in Fáinne an Lae 30 Samhain 1918
Buaileadh breoite é i 1915 agus fuair sé bás ina theach ag Ardán Fhionntain, Cill Fhionntain, Baile Átha Cliath, 25 Aibreán 1918 (Fáinne an Lae 4 Bealtaine 1918). Ba í Lil Nic Dhonnchadha, duine de na mná ba mhó le rá i ngluaiseacht na teanga ó 1916 i leith, an iníon ab óige aige
Ba í a chuidigh le rún Liam Uí Bhriain[B3] go dtabharfaí le chéile ar 8 Eanáir 1925 comhdháil de Ghaeil na hÉireann (Fáinne an Lae 20 Nollaig 1924)
Idir dhá linn bhí sé ina eagarthóir Gaeilge ag Fáinne an Lae
Ó 1898 amach bhí aistí agus scéalta i gcló aige in Fáinne an Lae, Irisleabhar na Gaedhilge, St Stephen's, An Claidheamh Soluis.....Chuir sé féin agus Tadhg Ó Donnchadha[B1] eagar ar An tAithriseoir, dhá chuid (1900–02)
Bíonn tagairtí in Fáinne an Lae agus in An Claidheamh Soluis don pháirt a ghlacadh sé in imeachtaí Gaelacha i gColáiste Uladh agus in imeachtaí an Chonartha i mBéal Feirste agus i nGlaschú
Théadh sé ar saoire beagnach gach bliain go Ráth Daingean agus 70 bliain i ndiaidh a bháis bhí éigse bhliantúil ar siúl le hómós dó ann. Tá tagairt in Fáinne an Lae 15 Márta 1919 dá bhás agus deirtear gur scríobh sé drámaí gairide i nGaeilge agus go léireofaí ceann díobh ag Feis Charman
Dúradh in Fáinne an Lae 13 Nollaig 1924: ‘Bhí sí ar na daltaí ba dílse is ba dúthrachtaí dá raibh ag Conradh na Gaeilge
Foilsíodh óráid a thug sé uaidh mar chuid de chómoradh ’98 i gCorcaigh in Fáinne an Lae 23 Iúil 1898
Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 8 Meán Fómhair 1923 go raibh sraith léachtaí ar an bhfoghraíocht tugtha aige i ‘Scoil na Gaeilge’ [Scoil an Léinn Ghaelaigh] i mBaile Átha Cliath
Bhíodh ábhar aige in Shamrock, The Irishman, Banba, agus Fáinne an Lae
Bhí cónaí orthu ag 11 Cúilbhealach Naomh Seoirse, Droim Conrach, agus bhí post cuntasóra ar an mbóthar iarainn ag Séamus. Bhí sé i láthair ag cruinniú de Chonradh na Gaeilge 27 Meán Fómhair 1893 (Fáinne an Lae 12 Meitheamh 1926), bhí ina bhall den Ard-Choiste ó thús agus den Choiste Gnó faoin mbunreacht nua anuas go ham a bháis, agus ar dhuine de rúnaithe na heagraíochta ó Nollaig 1896 go Feabhra 1901
Bhí aiste agus scéal i gcló aige in Irisleabhar na Gaedhilge agus bhí os cionn 30 píosa filíochta aige in An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae
Bhí sé ina leasuachtarán ar Choiste Chontae Chorcaí den Chonradh i 1919 agus bhí sé i gCionn tSáile go fóill nuair a toghadh é ina uachtarán ar Chumann Múinteoirí Gaeilge na hÉireann, de réir Fáinne an Lae, 19 Meán Fómhair 1923
Chaith sé tamall ina rúnaí ag Cumann Múinteoirí Gaeilge na hÉireann (Fáinne an Lae 29 Meán Fómhair 1923)
Shligigh (Fáinne an Lae, 22 Meán Fómhair 1918).
Tá tagairtí don aighneas a lean sin ag an Athair Pádraig Ó Laoi in Father Griffin, 1994. Comhthoghadh é ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha i 1918 (Fáinne an Lae 9 Bealtaine 1918) agus toghadh é arís 1919–21
Cuireadh bainistíocht Chlódhanna agus Fáinne an Lae mar chúram air freisin, gan aon tuarastal breise a thabhairt dó
Bhí aistí i gcló aige in Fáinne an Lae, An tÓglach, agus An Tír
D’éag sé ar 29 Bealtaine 1956. Scríobh sé aistí i dtaobh cúrsaí cultúir, oideachais agus litríochta in Misneach, An Camán, An Claidheamh Soluis, Inis Fáil agus Fáinne an Lae idir 1920 agus 1931
Ar na hamhráin aitheanta a scríobh sé tá ‘An Buachaill Caol Dubh’ (An Claidheamh Soluis, 7 Meitheamh 1913), ‘Gleann beag lách an cheoil’, ‘Slán le Corcaigh’, ‘Múscail do mhisneach, a Bhanba’ (Banba, Nollaig 1901), ‘Domhnall Bán’ (Fáinne an Lae, 28 Iúil 1900)
Luaitear é a bheith ar choiste Chumann Cosanta na Gaeltachta (Fáinne an Lae, Aibreán 1930)
Coiste an Oireachtais a chuir tús leis an tionscnamh i dtreo go mbeadh teacht ag iomaitheoirí ar fhocail agus ar fhoinn. Bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh an Fheis Cheoil in 1897; tuairiscíodh in Fáinne an Lae 31 Nollaig 1898 go raibh sé i gceannas ar chruinniú de choiste gnó na Feise
Faoi Aibreán 1898 bhí post aige — agus is minic ‘Sweeney’ mar shloinne air go fóill—i Mainistir Fhear Maí, mar chléireach dlí in oifig Mhaignéir, aturnaetha, agus gheall sé a dhícheall a dhéanamh chun craobh a bhunú sa bhaile sin (Fáinne an Lae 16 Aibreán 1898)
Added to a splendid knowledge of Gaelic he had considerable literary ability and made quite a reputation as a translator and a writer of original verse...’. D’aistrigh sé ‘Father O’Flynn’ go Gaeilge agus tá sé i gcló in Fáinne an Lae 4 Feabhra 1899
Bhí litir ón Phailistín aige in Fáinne an Lae 28 Deireadh Fómhair 1899 i dtaobh na Gaeilge agus i dtaobh na nAngla-Iosraelach i dTeamhair. Thagadh sé chuig Coláiste Uladh agus tá tagairtí dó sa leabhar a cuireadh amach chun iubhaile airgid an Choláiste a cheiliúradh, chomh maith le bailéad Gaeilge ina thaobh
agus “cuireadh isteach i gCiste na Teanga ar iasacht é”.’ Dúradh in Fáinne an Lae 12 Eanáir 1924: ‘Fear uasal ba ea é dáiríre—léannta, saoithiúil, grádiaúil ar gheal leis a thír dhúchas agus arbh áil leis go mbeadh sí ar ardthíortha an domhain
Bhí comhfhreagras in Fáinne an Lae, Iúil 1898 et seq. Tá cuntas ag Seán Ó hUrmoltaigh in Agus, Márta-Bealtaine 1989, ar an bplé a rinneadh faoin uacht
I gcomhfhreagras le Liam Ó Rinn[B1] in The Irish Statesman i 1925 bhí sé in aghaidh Gaeilge a mhúineadh do pháistí na mbocht agus chreid sé gur fimíneacht a bhí ar siúl ag cuid mhór de cheannairí na tíre; thug sé faoi deara gur i mBéarla a bhí feachtais an dá thaobh san olltoghchán i nGaeltacht Dhún na nGall agus as 34 fógra in Fáinne an Lae nach raibh ach trí cinn i nGaeilge ‘and the rest are in the much-abused but ever serviceable English’
Caithfidh nach raibh sé sásta leis an gcaoi ar éirigh leis mar tuairiscíodh in Fáinne an Lae 30 Meán Fómhair 1899: ‘Of course I have no practical speaking knowledge of Irish but I have been working for some time at the earlier periods of language and literature’
Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh nuair a bunaíodh iad, dar le Scéala Éireann 24 Eanáir 1939, agus ghlac páirt sna gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair. Phós sé Máire Nic Giolla Craoibhe (Rice) ó na Sceirí, Baile Átha Cliath, 11 Meán Fómhair 1918 (Fáinne an Lae 22 Meán Fómhair 1918)
Tá tuairisc bháis Sheáin in Fáinne an Lae 19 Eanáir 1924
Bhíodh aistí agus scéalta i gcló aige ó 1923 amach in Fáinne an Lae agus go háirithe in The star i 1929/30
Luaitear in Fáinne an Lae 1 Aibreán 1899 gur bhuaigh Micheál Ó hAilgheasa duais i gcomórtas próis ag Feis Dhún Mánmhaí agus is dóigh gurbh eisean an deartháir.
Luaitear mar dhuine d’aisteoiri Chraobh Chill Chainnigh é in Fáinne an Lae, 26 Márta 1898
Bhí ábhar i gcló aige in Fáinne an Lae, An tÉireannach, An Sguab, Catholic Bulletin, Leader, Scéala Éireann
Bhí baint aige le ceolchoirm i 1918 a síleadh a bhí neamhghnách ag an am, sa mhéid nach raibh sa chlár ach amhránaithe sean-nóis, Colm féin ina measc (Fáinne an Lae 16 Feabhra 1918)
Bhíodh idir dhánta agus aistí i gcló aige in An Claidheamh Soluis agus in Fáinne an Lae
Cuireadh é i reilig Bhaile Mhuiris, Dún Léire. In Fáinne an Lae 21 Eanáir 1900 a cuireadh ‘Ar an dtaobh thall den ghóilín’ i gcló
Deirtear ar an leac uaighe go raibh a mhac Pádraig (1900-24) ina chaptaen i mBriogáid Mhaigh Eo Thoir. Bhí an tuairisc seo faoi Shéamas in Fáinne an Lae 30 Márta 1918: ‘Deir an Midland Tribune go dtug na pílir in Aonach Urmhumhan cuairt ar thigh Shéamais Uí Mhaoileoin, timire Chontae Thiobraid Árann, an lá faoi dheireadh agus gur chuardaíodar gach poll agus póirse, ach gur theip orthu greim a fháil ar Shéamas
Bhí seanscéalta i gcló in Fáinne an Lae aige in Aibreán 1899. Bhuaigh sé duais ar ghearrscéal ag Feis na Mumhan (An Claidheamh Soluis 29 Meán Fómhair 1900)
Bhí scoil timireachta ar bun aige i mBaile Átha Cliath i 1918 agus arís i 1919 (Fáinne an Lae, 24 Bealtaine 1919) agus bhí ina rúnaí ag coiste Bhaile Átha Cliath ag Oireachtas 1920
Is cosúil gur lean sí uirthi ag múineadh ina ceantar dúchais, cé gur ‘Gaelic authoress’ a cuireadh síos mar shlí bheatha i nDaonáireamh 1901. In Fáinne an Lae 2 Nollaig 1899 a bhí an chéad phíosa riamh i gcló aici
Ní raibh aon bhliain ó 1917 go 1927 nach raibh sé ina bhall den Choiste Gnó. Gearradh ceithre mhí príosúnachta air mar gheall ar óráid a thug sé sa Sciobairín (Fáinne an Lae 27 Iúil 1918) agus gabhadh i gCuan Dor é mar gheall ar dhruileáil agus ar chruinniú mídhleathach (ibid 30 Lúnasa 1919)
Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 1 Lúnasa 1925 gur bhronn a chomhfheidhmeannaigh féirín cuimhnimh air féin, ar a bhean chéile agus ar a mhaicín
De réir an Drogheda Independent 2 Iúil 1949 gur chaith sé tamall ina eagarthóir Gaeilge ag an Irish Independent. De réir Fáinne an Lae 28 Feabhra 1925, bhí sé ina rúnaí ar Chomhaltas Uladh
Cothrom lá a bháis an bhliain dár gcionn osclaíodh ‘Roinn an Athar Dónall’ in Ardscoil Uladh, seomra a raibh pictiúir ‘fhíor-Ghaelacha’ de dhéantús phéintéirí óga na cathrach ar taispeáint (tuairisc in Fáinne an Lae 19 Eanáir 1924)
Toghadh é ina bhall de chomhairle Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge (Fáinne an Lae 1 Aibreán 1899)
Tá cuntas aige ar an gcaoi ar cuireadh tús leis an obair sin in Fáinne an Lae, Eanáir 1930 (féach lch 58 in Dóchas agus Duainéis
Agus i dtaobh na rincí nua-aimseartha scríobh sé in Fáinne an Lae, Iúil 1928, 'nach fada a mhairfeas creideamh Chríosta agus náisiúntacht na hÉireann i gcuideachta na ndamhsaí seo'. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.
Ba Chonraitheoir gníomhach é Seán, rud a thugann Seán Ó Ceallaigh le fios tar éis dó teacht abhaile ó chamchuairt sna Stáit: ‘Seán Ua Suilleabháin, Gaedheal óg ó dhúthaigh Bhéara an té ba dhúthrachtaighe d’ar bhuail liom ’san chathair sin’ (Fáinne an Lae, 13 Márta 1926). Luaitear i dtuairisc a bháis in The Southern Star an méid seo a leanas ar an Súilleabhánach: ‘Imbued with an intense love of his native land he was a noted Gaelic scholar and also wrote many patriotic verses
Ó aois 14 go raibh sé 18 bhí sé ina mhonatóir sa scoil faoin seanscéim agus lena linn sin, i 1926, bhí ailt Ghaeilge i gcló aige in Fáinne an Lae
Bheadh Tomás ina bhainisteoir ar thrí cinn de shiopaí páin ar ball. Bhí sé sa láthair ag cruinniú den Chonradh ar 27 Meán Fómhair 1893 (Fáinne an Lae 12 Meitheamh 1926) agus bhí ina bhall de Chomhairle an Chonartha in 1894 (Ar son na Gaeilge, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa)
Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 28 Meitheamh 1924 go raibh sé ar dhuine de fheitheoirí na nua-Ghaeltachta a bhíothas le bunú i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina Choimisinéir Riaracháin ar Chontae Liatroma agus ar bhoird sláinte Ros Comáin agus an Longfoirt ó 1923 go 1926
Tagraíodh dó mar dhuine ‘a bhí ina oibritheoir ar son an Chonartha agus ar son na teanga leis na blianta fada’ (Scéala Éireann 17 Márta 1947). Bhí scéalta i gcló aige idir 1903 agus 1924 in Irisleabhar na Gaedhilge agus Fáinne an Lae
Is ar scéal Gaeilge leis a bunaíodh The bucko caol dubh, fronsa dátheangach a léirigh an Compántas in Amharclann an Gheata i 1952. Ó 1916 ar aghaidh bhíodh gearrscéalta agus aistí i gcló aige in An Lóchrann, Fáinne an Lae, An Claidheamh Soluis, An Reult ..
Bhí aiste ar Ghaoth Dobhair i gcló in Fáinne an Lae, Lúnasa 1927 ag a deirfiúr Sorcha; scríobh Eoin Ó Searcaigh marbhna uirthisean (‘Is brónach fuaim na dtonn ar thrá’) in An Tír, Feabhra 1931
Bhí aistí i gcló aici in An Stoc, Fáinne an Lae, An Lóchrann idir 1923 agus 1930. I 1921 dódh beairic Thuar Mhic Éadaigh
In Fáinne an Lae 19 Samhain 1898 tuairiscíodh go raibh dinnéar ag Craobh na Fáschoille cúpla lá roimhe sin chun slán a fhágáil leis: ‘Mr Dan Kelleher, with his fiddle and Irish songs, has largely contributed to the success of all Gaelic League festivals here’
Deir Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus Duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932 gur chun cibé olc a bhí curtha ag Fáinne an Lae ar dhaoine, faoi eagarthóireacht Shéamuis Uí Ghrianna[B2], a chur i ndearmad a cinneadh ar an teideal a athrú
Bhí sí sna hAisteoirí (Fáinne an Lae 1 Márta 1924)
Nuair a d’éag sé dúradh in Fáinne an Lae, Márta 1930, go raibh sé ar an gcéad dream a d’ardaigh meirge Chonradh na Gaeilge agus nár comóradh feis ná céilí ná coirm cheoil i gcríoch Lú ar feadh na mblianta nach é a bhíodh i mbun is i mbarr na hoibre
Tuairiscíodh a bháis in Fáinne an Lae 5 Aibreán 1919.
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tuairisc bháis an Chanónaigh in Fáinne an Lae 31 Nollaig 1898
Tuairisc a bháis in Fáinne an Lae ar 24 Iúil 1898.
Tuairisc a bháis in Fáinne an Lae 7 Meitheamh 1924.
Tuairisc an bháis in Fáinne an Lae 12 Aibreán 1919.
Froude, The English in the West Indies, i gcló in Fáinne an Lae 5 Feabhra 1898 agus ag Tomás Ó hAilín). Chaith sé na blianta deiridh i dteach a nia i bparóiste na Scríne i Sligeach agus d’éag ann 27 Iúil 1854
Bhí spéis ag a chlann mhac sa teanga agus in Fáinne an Lae 24 Márta 1923 tuairiscíodh go bhfuair a gharmhac bás; gabha dubh ba ea é agus dúradh gurbh eisean faoi deara scríbhinní Dháibhí a theacht slán. Ina cholún ‘An Peann Coitianta’ (Irish Times 13 Márta 1997) tráchtann Liam Ó Muirthile ar aistriúchán a rinne Dáibhí ar scéal i dtaobh Hamlet as Tales of William Vade agus deir sé: ‘
Ó 1923 ar aghaidh bhíodh aistí agus scéalta i gcló aige faoin ainm ‘Tóchar Mháirtín’ in Fáinne an Lae, Misneach, Ar Aghaidh, Humanitas
Ó 1924 ar aghaidh, bhíodh idir aistí agus scéalta aige in: The Standard, The Irish Statesman, The United Irishman, An tUltach, Fáinne an Lae, Iris an Fháinne, Humanitas, An Camán, An Phoblacht, Irish Press