I mBaile Átha Cliath a rugadh William Gerard O’Loughlin an 11 Deireadh Fómhair 1892. B’as Cill Chainnigh dá athair, John O’Loughlin, taistealaí ag comhlacht clódóireachta. Ba í Delia (Bridget) Carr ó chathair Luimhigh a mháthair. Lucht gnó i Luimneach a muintirsean agus is leo a rinne John O’Loughlin a phrintíseacht. Bean phósta neamhghnách í, b’fhéidir, sa mhéid gur gheall le gnó aici tithe cónaithe a cheannach is a dhíol. I 1901 bhí cónaí ar an gclann ag 49 Bóthar Naomh Pádraig, Droim Conrach, agus, de réir an Daonáirimh, ba iad John, Willie, Úna agus Nora na leanaí. Ceannaí páipéir ag 111–112 Sráid Dorset. ba ea an t-athair agus is aigesean amháin a bhí Gaeilge. Faoi 1911 bhí cónaí orthu ag ‘Beechlawn’, 158 Bóthar Ráth Garbh. I nGaeilge a líon an t-athair foirm an Daonáirimh agus chuir sé síos go raibh Gaeilge ag gach duine den chlann. ‘Uilliam’ a bhí ar Cholm go fóill. Tugadh d’eolas freisin gur seisear a rugadh don lánúin ach nár mhair díobh ach ceathrar. Tá an chuma air go raibh an chlann go maith as sa saol. Cuireadh Colm ar scoil chuig Aithreacha an Spioraid Naoimh i gColáiste Naomh Muire. Faoi 1914 bhíodh obair le fáil aige i Scoil Éanna mar mhúinteoir cúnta. I bhfómhar na bliana sin bhain sé céim BA amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Gheobhadh sé MA ar ball agus bronnadh D.Litt.Celt air i 1960.

Tuairim 1913 thóg sé mionn Bhráithreachas na Poblachta (Comh-ghuaillithe na Réabhlóide 1913–1916, 1966 le Pádraig Ó Snodaigh). Ba mhac léinn de chuid Eoin Mhic Néill é agus dhealródh sé gurbh eisean a d’fhéach chuige go raibh sé i láthair ag cruinnithe tionscnaimh na nÓglach agus go raibh sé ina bhall dá gcoiste sealadach. Bhí sé ag staidéar ar an Sean-Ghaeilge i dteach Mhic Néill an lá a chuaigh Ó Rathghaille ann chun plé a dhéanamh le Mac Néill i dtaobh cruinnithe phoiblí ag a mbunófaí na hÓglaigh. Bhí baint ag Colm le díormaí díobh a eagrú anseo is ansiúd. Faoi Lúnasa 1915 bhí sé ar fhoireann Eagrúchán Míleata Sheosaimh Pluincéad, deir Ó Snodaigh, ach áiríonn sé freisin é ar bhaill an Bhráithreachais a bhí in aghaidh phleananna réabhlóide na heagraíochta sin.

Nuair a bhí súil le Roger Casement a theacht san Aud d’ordaigh an Pluincéadach síos go Cathair Saidhbhín é chun bheith i gceannas ar sheilbh a ghabháil ar ghléas raidió ann. Shíl sé go raibh an turas seo údaraithe ag Mac Néill. Theip ar an bplean nuair a bádh Con Keating, Charlie Monaghan agus Donal Sheehan go timpisteach in aice Chill Orglan Aoine an Chéasta 1916. Scríobh Colm cuntas ar an eachtra in Dublin Magazine, July/Sep 1949 (‘A Night in Kerry’ Written in 1920 when the boyish adventure was still a vivid memory, this narrative is printed unaltered against the maturer judgement of the writer). Sa chéad charr a bhí Colm agus níorbh eol dó cad a tharla don triúr. ‘It was in Belfast a full month afterwards that I read a newspaper yarn of a car in the river at Killorglan and three men drowned. Then at last I knew my boys’ Odyssey had ended. Chuadarsan an t-áth agus mise an bóthar. Báthadh iad san ach tháinic mise slán....Beannacht dílis Dé orthu triúr’. B’amhlaidh a cuireadh ó thuaidh go hOileán an Ghuail i dTír Eoghain é le hordaithe cealaithe Mhic Néill. Níor fhéad sé filleadh agus fuair fostaíocht ar veain troscáin.

Tamall de laethanta sular cuireadh síos go Ciarraí é thug Ruairí Ó Conchubhair an ‘Castle Document’ dó le clóbhualadh. cáipéis a thug eolas ar phleananna an rialtais, dá mba fhíor, chun daoine agus foirgnimh áirithe a ghabháil. ‘Ara Coeli’ a bhí tugtha mar sheoladh Ardeaspag Bhaile Átha Cliath. Thaispeáin Colm an botún seo don Phluincéadach agus dúirt seisean é a cheartú. Ba é an ceartúchán sin a thug ar Cholm a fheiceáil gur falsaitheoireacht ag an bPluincéadach agus a chomrádaithe a bhí sa cháipéis agus gurbh í an aidhm a bhí acu léi a thabhairt ar Mhac Néill aontú lena bpleananna. Thug Colm an t-eolas seo do Mhac Néill agus bhí sin ar cheann de na fáthanna a ndearna Mac Néill a dhícheall stop a chur leis an Éirí Amach. Sin é an leagan den scéal atá in Eoin MacNeill: scholar and man of action, 1980 le Michael Tierney.

In Irish Times 9 Márta 1964 scríobh Colm: ‘After 1916 I was rather disillusioned by discovering a certain amount of deceit and duplicity in those who engineered the rising and although helpful in elections and in various subversive activities I did not give my whole enthusiasm to the cause. I kept on with Gaelic studies, taught and lectured but steadfastly refused to stand for the Dáil though requested more than once by two principal parties’.

Caibidlí i scéal a bheatha is ea na hábhair is mó a raibh spéis aige iontu: léann na Gaeilge, amhráin agus ceol na hÉireann, an chlódóireacht, an fhoilsitheoireacht, leabhar-eolas i gcoitinne, an iascaireacht....

Maidir le gnó na leabhar ba bheag duine eile in Éirinn riamh, seachas Pádraig Ó Briain b’fhéidir, a d’fhéadfadh a mhaíomh go raibh gach aon ról sa ghnó sin á thógáil aige: scríobh agus eagarthóireacht, clóbhualadh agus foilsiú, díol na leabhar. Thosaigh sé mar rúnaí agus bainisteoir i ngnó O’Loughlin, Murphy agus Boland i Sráid na Driseoige ach bhí corrleabhar á fhoilsiú aige féin. Nuair a scaoileadh an comhlacht sin go toildeonach chuir sé fógra sna páipéir go leanfaí den traidisiún ar cuireadh tús leis in 1896. Chuir sé síos air féin mar leanas: ‘Colm Ó Lochlainn, RDS medallist in Typography, Tailteann medallist in Bookbinding’. Bhunaigh sé Comhlacht na dTrí gCoinneal tuairim 1926. Bhí an gnó sin lonnaithe anseo is ansiúd: Bóthar Ráth Garbh, Sráid Dásoin, Sráid Fhearchair, agus ar deireadh thiar Sráid na Toinne. Is dóigh gurbh é an t-ionphrionta ba cháiliúla lena linn in Éirinn é. Bhuaigh a chuid leabhar duaiseanna ag Aonach Tailteann. Ba iad a chuireadh Éigse i gcló. Chnuasaigh sé agus d’ullmhaigh go leor de scríbhinní an Athar Pól Breathnach le haghaidh a bhfoilsithe agus chóirigh a eagránsan de Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill Iml. a 2, 1957 do Chumann na Scríbheann Gaeilge. Sampla de chineál áirithe athfhoilsitheoireachta aige is ea The Boyne and its tributary the Blackwater, 1949 le Sir William Wilde, a ghiorraigh sé agus a chuir sé in eagar, agus Siamsa an Gheimhridh le Domhnall Ó Fotharta. Bhí sé mórálach go háirithe as Féil-Sgíbhinn Eoin Mhic Néill, 1940 in eagar ag John Ryan S.J. I bhfad roimh Chló na dTrí gCoinneal a bhunú d’fhoilsíodh sé iris bheag réabhlóideach dar teideal The Spark.

In Anois 12 Eanáir 1994 tá cuntas ar an gcló-aghaidh gaelach, Cló Cholm Cille, a dhear Colm le cabhair an ealaíontóra Karl Uhlemann. Bhunaigh siad é ar na litreacha leathuingeacha cuarda sna sean-lámhscríbhinní. Deirtear san alt freisin gur thaistil Colm ar fud na hEorpa sna 1920idí agus sna 1930idí agus thapaigh an deis chun staidéar ar mhodhanna clódóireachta. ‘Sna fichidí d’athchóirígh sé cló-aghaidh uingeach, Hammerschrift, a cheap Victor Hammer, agus ba í seo a d’úsáid sé go dtí gur chum sé cló-aghaidh Cholm Cille’. Ba eisean a sholáthraigh an leathanach as Geineasas sa chló gaetach in Liber Librorum a foilsíodh in Stockholm ar ócáid chothrom cúig chéad bliain Gutenberg i 1955.

Ó 1933 go 1943 bhí sé ina chúntóir i Roinn na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus thugadh léachtaí freisin i Scoil na Leabharlannaíochta ann. Bhíodh ábhar léannta i gcló aige in Éigse, Irish Book Lover, Béaloideas, Studies .... Ó 1929 amach bhí sé ina eagarthóir ar Irish Book Lover. Saothar ceannrodaíochta ba ea Tobar fíorghlan Gaeidhilge: deismireachta na teanga 1450–1853, 1939. Sholáthraigh sé aiste dar teideal ‘Roadways in ancient Ireland’ do Féil-Sgríbhinn Eoin Mhic Néill, 1940. Scríobh sé an leabhar beag Cruach Phádraig, 1961 agus ba é a chuir leagan Béarla de ‘Lúireach Phádraig’ ar fáil in Story of St Patrick’s Purgatory, 1917 le Shane Leslie. Leabhar eile leis is ea Brian’s Battle as it is told in the Norse Saga: made into English by George Webbe Dasent, retold and reprinted by Colm Ó Lochlainn, c.1932].

Ach is dóigh gurbh iad an péire leabhar Irish street ballads, 1939 agus More Irish street ballads, 1965 is mó a chuir a ainm i mbéal an phobail mhóir. D’admhaigh an t-amhránaí Ronnie Drew gurbh iad na leabhair sin a chuir ag canadh an chéad lá é. Chuaigh spéis Choilm sna hamhráin i bhfad siar. Bhí baint aige le ceolchoirm i 1918 a síleadh a bhí neamhghnách ag an am, sa mhéid nach raibh sa chlár ach amhránaithe sean-nóis, Colm féin ina measc (Fáinne an Lae 16 Feabhra 1918). I mblianta tosaigh Radio Éireann nó 2RN ba mhinic é féin agus a dheirfiúr Úna ag craoladh amhrán. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i 1927–8 agus faoi 1931 bhí sé i gceannas an Chlaisceadail agus ba é a d’fhoilsigh a sraithsean d’amhránleabhair. É féin agus Jack Larchet a chuir eagar orthu.

Píobaire ba ea é. Théadh sé ar cuairt gach Déardaoin chuig sean-Shéamus Ennis agus d’fhaigheadh ceachtanna píbe uaidh mar mhalairt ar cheachtanna Gaeilge—sin é an chaoi ar tharla sé gur fhostaigh sé a mhacsan, Séamus Ennis (1919–1982), mar chléireach i gComhlacht na dTrí gCoinneal. Bhí ceachtanna faighte aige roimhe sin ó Nicholas Markey agus bhí aithne aige ar chuid mhaith de phíobairí an tseansaoil. Bhí sé ina rúnaí ag Cumann na bPíobairí le linn dó bheith ina mhac léinn. Leabhair eile ar cheol a scríobh is a d’fhoilsigh sé is ea Deoch-sláinte nan gillean. Dórnan óran a Barraidh, 1948 agus Anglo-Irish song writers since Moore, [c.1950]. Ach fonn a chloisteáil aon uair amháin d’fhéadfadh sé é a phiocadh suas. Is amhlaidh a scríobhadh sé síos focail na n-amhrán ach choinníodh sé na poirt ina cheann go scríobhfadh Joseph Crofts síos uaidh iad. I gclár raidió a taifeadadh 16 Iúil 1972 dúirt Breandán Breathnach: ‘Confronted with songs from Colm you could never be sure, occasionally, as to whether the version was that as found by Colm or whether it was that as improved by him’. Ba é tuairim Bhreandáin gurbh é Colm a chum na foinn a ndeirtear ‘Preab san ól’ agus ‘Sé fáth mo bhuartha’ leo de ghnáth.

Fear ildánach ba ea é, gan amhras. Bhí sé ina bhall de na Cluicheoirí, compántas aisteoirí, agus ba mhinic é ar stáitse Amharchlann Shráid Hardwicke roimh 1916. Bhí baint aige le Scoil Acla agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí An Óige.

Cheannaigh sé iascaireacht Chasla, a bhí tráth i seilbh Bruce Ismay, fear an Titanic, agus scríobh cuntas faoin teideal The fishery at Casla, Conamara, and its history and records 1864–1956, [1957]. Ach níorbh é an dea-chuimhne a bhí ag muintir na háite sin ar Cholm: i 1954 dhíshealbhaigh sé líon tí a bhí ina gcónaí in aice le Tí Mór Chasla le cúig nó sé de ghlúnta.

D’éag sé ar 26 Meitheamh 1972. Bhí sé pósta ar Ailish McInerney ó Bhré agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha aige. D’iompaigh duine de na mic amach ina cheoltóir nótáilte jazz. ‘Brothel music’ a thugadh Colm ar an gceol sin!

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú