Bíonn ainm an státseirbhísigh seo le feiceáil go minic in annála Chonradh na Gaeilge i rith na mblianta tosaigh. I gcuntas ar Fheis Chnoc an Bhile i gColáiste Charraig an Tobair scríobh an tAthair Pembroke: ‘30 years ago, when the study of Irish was not as widespread or as fashionable as it is today, Fr Martin Kelly had very flourishing Irish classes in Rockwell. Among his pupils was a student, Mr Patrick Keawell, who became later on in Dublin, as the old Gaelic Leaguers will know, one of the pioneers of the present Irish movement’ (An Claidheamh Soluis 3 Iúil 1909). Ba dheartháir leis an tAthair J.M. Keawell C.S.Sp. (1861-1942). De réir na dtaifead atá ag an ord, b’as baile Thiobraid Árann dósan. Bhí fear darb ainm Thomas Keawell ina theachta ó Charraig na Siúire ag Ard-Fheis an Chonartha i 1904. Is minic an leagan ‘Mac Cathmhaoil’ ar shloinne Phádraig. Luann de hÍde in Mise agus an Connradh (lch 70) go raibh ‘P.S. Mac Cathmhaoil nó Keawell ina leabharlannaí’ ag an gConradh in 1897. Níl fiú duine amháin den sloinne Keawell in Eolaí Telefóin na hÉireann.

Bhí fear darb ainm P. T. Keawell (88 Penrose Street, Walworth, London S.E.) ag íoc sintiúis le Irisleabhar na Gaedhilge i Meán Fómhair 1883. Is cinnte gur go botúnach a cuireadh an ‘T’ sin san ainm agus gurbh é an fear s’againne é. De réir an Blackrock College Annual 1933, chaith sé tamall ag ullmhú le haghaidh scrúduithe na státseirbhíse sa Choláiste agus bhí 14 bliana i seirbhís an phoist i Londain agus ina bhall den Chonradh ann. Tagraíonn Liam P. Ó Riain dó in Irish Literary Revival, 1894 mar oibrí gníomhach i Londain, é ina bhall den Irish National Literary Society agus é ina chisteoir acu tamall, agus mar fhear a chuireadh sa láthair a chuimhní ar Charles Kickham. San iris Shan Van Vocht, tá giotaí i dtaobh an Fhínín sin ag scríbhneoir a thugann ‘A Drangan Boy’ air féin agus b’fhéidir gurbh é Keawell é.

Bhí sé ar dhuine den triúr ball den Choiste Riartha a rinne na socruithe don chéad Oireachtas in 1897. Bhí an chéad Fheis Cheoil ar siúl an tseachtain chéanna agus de réir an chláir bhí sé ina bhall den choiste sin freisin. Bhí sé ina rúnaí oinigh ar choiste an Oireachtais agus in éineacht le Eoin Mac Néill bhí sé ar dhuine de theachtaí an Chonartha chuig Mod na hAlban i Meán Fómhair 1897. Ba é a thugadh aire don ábhar Béarla in Irisleabhar na Gaedhilge (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1897). D’fhreastail sé ar Fheis Mhaigh Chromtha thar ceann an Ardchoiste (Fáinne an Lae 26 Márta 1898) agus tuairiscíodh 4 Meitheamh na bliana sin gurbh eisean a d’imlínigh páirt an Chonartha i riaradh Fáinne an Lae. I mí Iúil bhí sé i láthair ag comhdháil a phléigh an t-airgead a d’fhág Patrick Mullen le huacht agus ba é a chuidigh le rún an Athar Peadar Ó Laoghaire go gcuirfí múinteoirí chun na Gaeltachta d’fhonn léamh agus scríobh na teanga a mhúineadh do chainteoirí dúchais agus gurbh iad na cainteoirí seo a chuirfí ag múineadh i scoileanna na Gaeltachta (Seán Ó hUrmoltaigh in Agus, Márta-Bealtaine 1989). In aiste ar Phádraic Ó Conaire in Blackrock College Annual 1982 maíodh gur thrí thionscantacht Keawell a ceapadh Tomás Bán Ó Concheanainn ina thimire.

Léigh sé páipéar i dtaobh an dátheangachais san oideachas ag Oireachtas 1899 (An Claidheamh Soluis 17 Meitheamh 1899). Toghadh é ina bhall den Ardchoiste an bhliain sin ach d’éirigh sé as i Meán Fómhair (Fáinne an Lae 16 Meán Fómhair 1899). I nDeireadh Fómhair na bliana sin toghadh é ina rúnaí agus ina chisteoir sealadach sa chraobh nua a cuireadh ar bun i Ráth Maonais (idem 21 Deireadh Fómhair 1899). Ag 22 Bóthar Effra sa cheantar sin a bhí cónaí air ag an am agus i nDaonáireamh 1901 chuir sé síos go raibh sé ina chléireach den dara roinn in Ardoifig an Phoist, gur i gContae Thiobraid Árann a rugadh é, gurbh as Port Láirge dá bhean Mary agus go raibh beirt iníonacha aige, Gladys agus Eileen. Aige féin amháin a bhí Gaeilge.

De réir an teastais pósta phós sé Mary Catherine Peyton ar 23 Iúil 1891 i Séipéal Naomh Caoimhín i mBaile Átha Cliath. Patrick Keawell, ‘gentleman’, a athair. Bhí cónaí ar Mary ag 24 Victoria Street, Baile Átha Cliath. Deartháir Phádraig, An tAthair Keawell, a bhí i mbun an tsearmanais. Daoine eile den sloinne a rugadh timpeall 1864-70 ba ea: Mary a saolaíodh in Brookville, Tiobraid Árann, ar 29 Meán Fómhair 1864; Catherine i Lios Fearnáin, an Bháinseach, Co. Thiobraid Árann, ar 10 Samhain 1866. Ba iad tuismitheoirí na beirte sin Patrick Keawell, ‘constable of police’, agus Mary Kearns. Ba iad sin tuismitheoirí an Athar Keawell, dar le taifid Aithreacha an Spioraid Naoimh. De réir thaifid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, ceapadh Patrick Keawell ina ‘cheannchonstábla’ um Shamhain 1877. In 1879, bhí sé i Muileann na hUamhan agus i nDún Droma in 1881. B’fhéidir go raibh tamall maith caite aige ina ghnáthchonstábla i nDrongán, nach bhfuil ach trí mhíle ó Mhuileann na hUamhan, agus gurbh ann a rugadh an fear s’againne, gurbh é ‘A Boy from Drangan’ é in Shan Van Vocht, is é sin le rá go raibh caidreamh aige ar Kickham ag pointí éagsúla i ndiaidh 1869, nuair a scaoileadh an Fínín as príosún.

Bhí Pádraig cairdiúil go háirithe le Norma Borthwick agus le Mairéad Ní Raghallaigh. Bhí sé féin agus Norma mar theachtaí neamhoifigiúla ón gConradh chuig Feis Dhún na nGall i Meán Fómhair 1898 ( Fáinne an Lae 22 Deireadh Fómhair 1898) agus cuireadh i leith na beirte gur mhaith leo an Craoibhín a ruaigeadh as uachtaránacht an Chonartha agus an tEaspag Pádraig Ó Domhnaill a chur ina áit (Feasta, Deireadh Fómhair 1988). Luaitear é a bheith ina theachta chuig an gCoiste Gnó ón gCumann in aghaidh Imirce (An Claidheamh Soluis 12 Samhain 1904) agus bhí Mairéad Ní Raghallaigh sáite san obair sin freisin. Is inspéise gur chaith aithreacha na beirte sin tamaill ina bpílir sa Bháinseach i seascaidí an 19ú céad.

Ag 11 Ascaill Winton, Ráth Maonais, a bhí sé le linn Dhaonáireamh 1911 agus chuir sé síos gur chléireach den chéad roinn in Ardoifig an Phoist anois é, ach ní luann an Ghaeilge beag ná mór. Bhí cailín darb ainm Eileen E. M. Keawell ag freastal ar Scoil Alexandra: bhuaigh sí taispeántas sna scrúduithe idirmheánacha i 1912 agus dhealródh gurbh í iníon Phádraig í.

Ceapadh é ina bhall den Bhord Cinsireachta i 1929. In Irish Statesman 15 Feabhra 1930 cuirtear síos é mar dhuine de na ‘nonentities’—áirítear mar ‘entities’ an Canónach Ó Baoighealláin agus an tOllamh Thrift. D’éag sé 28 Eanáir 1933 agus tuairiscíodh sna páipéir go raibh sé éirithe as ballraíocht an Bhoird le tamall i ngeall ar dhrochshláinte. Bhí sé ina Phríomhchléireach in Oifig an Rúnaí, Ardoifig an Phoist— Rúnaí Cúnta sa Roinn Poist agus Telegrafa a dúradh in The Nationalist—nuair a chuaigh sé amach ar pinsean i 1929 agus dúradh go bhfreastalaíodh sé ar chomhdhálacha idirnáisiúnta poist thar ceann an tSaorstáit ó aimsir an Chonartha Angla-Éireannaigh amach. Tugadh suas dó go raibh sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge. Bhí sé ina bhall de Choiste na gCeapachán Áitiúla i mBaile Átha Cliath. Ag am a bháis bhí cónaí air ag Páirc Clarinda Thoir, Dún Laoghaire. Cuireadh é i Reilig Pheadair i mBré.

‘A distinguished Carrickman’ an cur síos a bhí in Nationalist Chluain Meala i ndiaidh a bháis. Dúradh gur dhuine mór le rá é sa saol náisiúnta, liteartha agus Caitliceach le daichead bliain anuas. Deartháir é, dúradh, le Bean L. Hally agus Iníon Keawell, Sráid an Chaisleáin, Carraig na Siúire, leis an Athair Keawell, C.S.Sp., Coláiste Charraig an Tobair, le T. Keawell, poitigéir, Baile Átha Cliath, agus le hIníon Keawell, oide scoile i nDroichead Átha. Ní raibh siad i Sráid an Chaisleáin, Carraig na Siúire, i nDaonáireamh 1901 agus ní raibh ach Bean Hally ann i 1911. Is cosúil gur lean a dheartháir Tomás ag tacú leis an gConradh. Bhí an fógra seo in An Claidheamh Soluis 21 Samhain 1914: ‘You need not look old if you use Hirsolene, the marvellous hair restorer. To be had only from Thomas Keawell, MPSI, Kenilworth Pharmacy, Rathgar’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú