Bhí sé ar dhuine de cheannasaithe Chonradh na Gaeilge i gCorcaigh sa tréimhse 1895-1903. Joseph Lawless, feirmeoir i Saucerstown, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, a athair agus ba í Mary Anne Ennis a mháthair. Rugadh é ar 2 Feabhra 1872. Deartháir leis ba ea Proinsias Ó Laoidhléis a toghadh ina Theachta Dála in olltoghchán 1918. Is mar seo a bhí an teaghlach i Sord i nDaonáireamh 1901: Mary Anne, feirmeoir, baintreach, a rugadh i gContae Bhaile Átha Cliath, Gaeilge agus Béarla aici; Mary Teresa, a hiníon (31), agus Edward Stephen, a mac (24), a raibh Gaeilge ag an mbeirt acu; Brid Rooney (23), oibrí a rugadh i gContae Bhaile Átha Cliath agus Gaeilge aici; Thomas Kerrigan (82), oibrí, baintreach fir, a rugadh i gContae Liatroma, ar Ghaeilge amháin a bhí aige. Faoi Dhaonáireamh 1911 ba le Proinsias (40) an fheirm. Sa teach leis bhí a bhean Cáit (41), a rugadh i gContae Bhaile Átha Cliath agus a dheirfiúr Máire (41). Bhí Proinsias agus Cáit pósta le 14 bliana agus aon duine déag clainne a rugadh dóibh, a raibh deichniúr díobh, seisear mac agus ceathrar iníonacha, beo. Bhí Gaeilge ag gach duine sa teach cé is moite de chailín aimsire. Nuair a fuair Peadar bás i 1938 luadh beirt deartháireacha, J. V. agus Éamonn, a bheith beo go fóill. Duine eile de na deartháireacha ba ea Séamus, státseirbhíseach.

Bhí Peadar i Southampton ar dtús (Irish Independent 6 Nollaig 1938). Tá tagairtí in Irisleabhar na Gaedhilge dó a bheith i gCorcaigh ó 1895 amach: é a bheith ag cruinnithe de Chonradh na Gaeilge idir 20 Aibreán agus 17 Deireadh Fómhair 1895 (1 Bealtaine agus 1 Samhain 1895); bhí sé ar dhuine díobh sin a bhunaigh craobh i nDún Mánmhaí 14 Meitheamh 1896 (Iúil 1896) agus a bhí sa láthair ag cruinnithe i Halla Uladh, Béal Feirste, 10 Aibreán 1896 (Bealtaine, 1896), agus i mBéal na Carraige chun craobh a bhunú (Samhain, 1896); é a bheith ina chomhrúnaí ag an gConradh i gCorcaigh (Nollaig, 1896). Bhí comhdháil múinteoirí chun an teanga a phlé ar siúl i mBéal Feirste tuairim an ama sin agus ba é a dúirt Alice Milligan faoi in An Claidheamh Soluis 22 Deireadh Fómhair 1904: ‘Two members of the Cork League, Mr P. Lawless and Mr Connor Kelly, although not teachers, came the whole way to Belfast to see how we were getting on’.

Tuairiscíodh san iris chéanna in Aibreán 1897: ‘Mr P.J. Lawless, a prominent member of the Cork Gaelic League, was married a few days ago. The wedding festivities were conducted in the genuine Irish fashion, and among those who joined in the rejoicings were a large number of his colleagues of the Cork Branch. Irish music, Irish dances, and songs in Irish were features of the occasion, and the ladies and gentlemen present conversed freely in Irish. The bride was Miss [Siobhán] Buckley, daughter of a well-known and constant adherent of the national tongue, Mr Buckley, of Derrinacahera’. Ba é seo Tadhg Ó Buachalla, duine de na múinteoirí náisiúnta úd a bhí ag teagasc Gaeilge ina scoileanna i bhfad roimh Chonradh na Gaeilge; d’éag se Lá Nollag 1906 i nDoire na Cathrach, cé gurbh i dTóchar a bhí cónaí air, agus bhí aiste ina thaobh in The Leader ag Pádraig Ó Duinnín 19 Eanáir 1907. Fógraíodh in Fáinne an Lae 12 Samhain 1898 gur rugadh mac don lánúin óg i nGlaisín, le hais Cathair Chorcaí. Dhealródh gurbh in é Mathúin. Bhí ar a laghad beirt mhac eile acu, Fergus agus Rory, agus beirt iníonacha.

Peadar a thug Sceilg (Seán Ó Ceallaigh) isteach sa Chonradh in 1897 (An Claidheamh Soluis 12 Meitheamh 1926). Bhí sé sa chathaoir nuair a bunaíodh craobh in Eochaill agus bhí ina mhúinteoir acu go sealadach (Fáinne an Lae 15 agus 22 Deireadh Fómhair 1898). Tuairiscíodh an tseachtain dár gcionn é a bheith ag cruinniú i mBaile Mhac Óda thar ceann Chraobh na Laoi. Is cosúil go raibh sé ag easaontú leis an gcraobh ina dhiaidh sin san argóint a d’éirigh eatarthu sin agus an Coiste Gnó i dtaobh Fáinne an Lae. San iris ar 15 Iúil 1899 dúradh: ‘Councillor Fitzgerald, vice-president of Ballymacoda Craobh condemned remarks made by Mr Lawless at last meeting of Cork Co. Committee and pronounced as bad taste Lawless’s attack on Fáinne an Lae and denied his right to dictate to the branch as he had done on that occasion’. Bhí Osborn Bergin [B2] agus Donnchadh Pléimionn [B1] i measc na mball a bhí in aghaidh an Choiste Gnó agus d’oir dóibh a bheith ar son Fáinne an Lae. Tá aigne Eoin Mhic Néill faoin scéal le feiceáil i gcuntas ar an ngéarchéim luath seo sa Chonradh in Eoin MacNeill: scholar and man of action, 1867-1945 ... , 1980 le Michael Tierney. Cuireadh Craobh na Laoi faoi chois in Eanáir 1899. Lean Peadar air i rúnaíocht Choiste Chontae Chorcaí den Chonradh (An Claidheamh Soluis 8 Iúil 1899). Ba é a mhol do Mhicheál Ó hIceadha [B1] go mbunófaí feis san Aird Mhór, Co. Phort Láirge (idem 19 Lúnasa 1899), agus tuairiscíodh 2 Meán Fómhair 1899 gur chan sé ‘An Páistín Fionn’ tar éis léachta a thug Liam Ó Maolruanaidh [B3] i mBéal Easa, Co. Mhaigh Eo. In éineacht le Risteárd Ó Maoilbhréanainn agus Pádraig Archer bhí sé ar na daoine ba mhinice a dhéanadh moltóireacht ar rince ag feiseanna agus ag an Oireachtas. Bhí sé ina theachta ó Chorcaigh ag Ard-Fheis an Chonartha (idem 12 Bealtaine 1900). Faoi fhómhar 1901 bhí sé ina chisteoir ag Coiste Chonate Chorcaí (idem 5 Deireadh Fómhair 1901) ach luadh mar rúnaí arís é 10 Meitheamh 1902.

Déanann Diarmuid Ó Murchadha tagairt dó in Liam de Róiste, 1976: ‘Peadar Laighléis a bhí ina rúnaí ar an gcraobh, fear ciúin díograiseach ...’ agus deir gur lorgaigh sé rúnaí cúnta nuair ba mhian le Craobh ChorcaíFeis na Mumhan a chur ar siúl agus gurbh é a roghnaigh Liam de Róiste. Bhí sé ar dhuine de bhainisteoirí roinn ‘Éire na Gaeilge’ i dTaispeántas Chorcaí (An Claidheamh Soluis 15 Feabhra 1902).

Sa chuntas atá ag Pádraig Mac Suibhne (1871-1936) ar Fheis na Mumhan i 1902 tá an abairt seo: ‘The two little children of Peadar Ua Laoidhléis—next to an tAthair Peadar the attraction of the Feis—who lisped Irish all day long, furnish abundant proof of what can be done in the home, if only parents will take heart, and face the problem of making the children Irish’ (idem 20 Meán Fómhair 1902).

Bhí sé ina bhall de choiste Fheis na Mumhan i dtosach 1903 (idem 3 Eanáir 1903). Ag pointe éigin aistríodh as Corcaigh é. Bhí sé i mBéal Feirste, i Londain agus i mBaile Átha Cliath. D’éag sé 4 Nollaig 1938 ag 12 Bóthar na Dothra, Ráth Fearnáin. Sa chuntas báis in Scéala Éireann 6 Nollaig 1938 luadh gur loisceadh a mhac Mathúin ina bheatha nuair a cuireadh tine le Teach an Chustaim i mBealtaine 1921. Bhí beagán de mhearbhall ar Phroinsias Mac an Bheatha faoin eachtra sin agus é ag scríobh An Earnáil agus an Ghaeilge : ‘Bhí mac le hoifigeach eile ar na hÓglaigh a dhóigh Teach an Chustaim an lá sin dar le Seán Ó Ciarghusa. Deir Seán gur maraíodh é nuair a d’ionsaigh arm na Breataine iad sula raibh an obair críochnaithe. Mathúin Ó Laoidhléis ab ainm don fhear óg seo agus ba mhac é le Peadar Ó Laoidhléis. Níl a fhios agam cad é an t-údarás atá ag Seán Ó Ciarghusa leis an eolas seo. Níl an t-ainm sin ar an liosta atá ag bun an leachta cuimhneacháin atá os comhair Theach an Chustaim agus níor éirigh liom teacht ar an ainm sna leabhair ina bhfuil cur síos ar an eachtra sin. Maidir le Peadar Ó Laoidhléis féin, b’oifigeach é a raibh clú air as an obair a rinne sé ar son na Gaeilge áit ar bith a mbíodh sé .... Phós sé bean a raibh an Ghaeilge aici agus thóg siad an chlann leis an teanga sin. Deir Seán Ó Ciarghusa nach raibh aon Bhéarla acu nuair a aistríodh an t-athair go Béal Feirste. Bhí Peadar chomh gníomhach céanna in imeachtaí na teanga ansin. Aistríodh go Londain ina dhiaidh sin é ach nuair a bunaíodh an Saorstát tháinig sé ar ais go hÉirinn ...’ . Ach sa chuntas a bhí in Freeman’s Journal 27 Bealtaine 1921 dúradh go raibh Mahon J. Lawless fostaithe mar chléireach sealadach ag Bord an Rialtais Áitiúil i dTeach an Chustaim le trí mhí déag anuas, gur liostáil sé in Arm na Breataine in aois 18 mbliana d’aois dó, go raibh sé ina shaighdiúir cróga ag an bhfronta sa Fhrainc ar feadh trí bliana go leith. Thabharfá leat as an gcuntas gur maraíodh é agus é san fhoirgneamh i mbun a dhualgaisí cléireachais. Bhí cónaí ar Pheadar ag an am sin ag 65 Highbury Gardens, Seven Kings, Essex.

Ar 10 Deireadh Fómhair 1870 a rugadh Proinsias Ó Laoidhléis. Faoi 1902 bhí sé ina chomhairleoir contae agus tuairiscíodh é a bheith ina chisteoir sealadach i gCraobh Cholm Cille de Chonradh na Gaeilge i Sord (An Claidheamh Soluis 8 Feabhra 1902). Bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta, dar le Pádraig Ó Snodaigh (Comhghuaillithe na Réabhlóide, 1966). I gCill Dhéagláin, Co. na Mí, a bhí sé féin agus a bheirt mhac páirteach san Éirí Amach. Bhí sé ar an dara duine ab airde ann faoi Thomás Ághas agus daoradh chun báis é. Athraíodh sin go pianseirbhís aon bhliain déag. Chaith sé 14 mí in Dartmoor agus Lewes. Scaoileadh saor é i 1917 ach gabhadh é arís 18 Bealtaine 1918 agus coimeádadh in Usk é. Le linn dó a bheith ann a toghadh é i mBaile Átha Cliath Thuaidh in olltoghchán 1918. ‘Is fada é ag obair i gConradh na Gaeilge i bhFine Gall’, a dúradh faoi in Fáinne an Lae 21 Nollaig 1918. I ndiaidh a theacht abhaile ó Usk bhí sé á choinneáil i gcampa Bhaile Coinnleora. Vótáil sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh. Maraíodh é 16 Aibreán 1922 nuair a bhain timpiste don trap a raibh sé ann (Freeman’s Journal 17 Aibreán 1922). D’fhág sé baintreach agus naonúr clainne ina dhiaidh. Bíonn tagairtí do bheirt de na mic a bheith i bhFrongoch. Tá Proinsias curtha i gCill Osraí.

In An Claidheamh Soluis fógraíodh gur pósadh Sinéad Ní Laoidhléis ó Shord le Pilib Ó Riain as Cill Chuimín, Co. Thiobraid Árann, ar 18 Aibreán 1899 i séipéal Chill Osraí i bhFine Gall. Bhí an Pilib seo ina bhall de choiste bunaidh Chraobh an Chéitinnigh agus ina thaistealaí le haghaidh mustaird de dhéantús na hÉireann (idem 9 Nov 1901). Bhí Séamus Ó Laoidhléis áirithe bainteach le bailiúchán Chiste na Teanga a rinneadh in Oifig na nOibreacha Poiblí, Teach an Chustaim, i 1902. B’fhéidir gurbh eisean deartháir Pheadair a bhí ag troid in Éirí Amach 1916.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú