An Domhnall seo a chum ‘Ar an dtaobh thall den ghóilín’, ceann de na hamhráin nuachumtha ba mhó a bhíodh i mbéal an phobail.

I nDoirín Átha na gCorr in aice le Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí, a rugadh é 18 Iúil 1856. Bhí beirt deirfiúracha agus deartháir amháin aige agus ba eisean an duine clainne ab óige ag Diarmaid Ó Loingsigh agus Síle Ní Cheallaigh ón Sosa i bparóiste na Priarachta. Ba í an Ghaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh. I scoil náisiúnta Chill Phéacáin a bhí sé ar dtús sular cuireadh é chun scoil an Chárthainn ‘mar a mbíodh rang ar siúl do ógánaigh ar mhian leo dul le múinteoireacht’ (‘Dónal Ó Loingsigh, file agus oide’ leis an mBráthair Peadar Ó Loingsigh in Déirdre, Feabhra 1972).

Bhí sé ansin ina mhac léinn ar feadh tamaill agus tamall eile ina mhonatóir sula ndeachaigh sé chuig an gColáiste Oiliúna i Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath. Fuair sé post ar dtús i gCathair Saidhbhín agus bhí sé ag múineadh i nDroim Conrach, Co. na Mí. Ceapadh é ina phríomhoide i scoil náisiúnta Bhaile Philib in aice le Dún Léire, Co. Lú, 14 Feabhra 1878. Phós sé Mairéad Ní Chalanáin agus bhí dáréag clainne acu. B’éigean dó gan amhras bheith ag cur lena ioncam agus thugadh sé cúnamh sa mhatamaitic i gcolún na mac léinn in Freeman’s Journal. Thugadh sé amach freisin cóipleabhair chinnlínte. Deir an Bráthair Peadar gur i mBéarla agus i nGaeilge a bhí siad, gur foilsitheoir darb ainm Blackie a bhí á dtabhairt amach ar dtús agus gur ag Comhlacht Oideachais na hÉireann a bhí siad ina dhiaidh sin.

Bhí sé ina ionadaí ó Chraobh Dhún Léire ag Ard-FheisChonradh na Gaeilge i 1904. I 1906 d’aistrigh sé go Droim Conrach, Baile Átha Cliath, nuair a fuair sé post i scoil Chromghlinne. D’aistrigh sé go Dún Droma i 1910. Deir an Bráthair Peadar: ‘Ar nós go leor múinteoirí san am, dhéanadh sé suirbhéireacht talún do fheirmeoirí a chomharsanachta. Ba í an tsuirbhéireacht chéanna ba thrúig bháis dó. Lá is é ag suirbhéireacht fliuchadh go craiceann é’. Fuair sé bás den niúmóine ar 13 Meitheamh 1920. Cuireadh é i reilig Bhaile Mhuiris, Dún Léire.

In Fáinne an Lae 21 Eanáir 1900 a cuireadh ‘Ar an dtaobh thall den ghóilín’ i gcló. Bhí dánta, idir bhundánta agus aistriúcháin, i gcló aige ó 1882 amach in Irisleabhar na Gaedhilge, An Gaodhal, The Leader, Banba, An Claidheamh Soluis. Ó 1897 amach bhí amhráin, dánta, seanfhocail, logainmneacha agus aistriúcháin i gcló aige in The Dundalk Democrat (The Dundalk Democrat agus oidhreacht na Gaeilge in Oirdheisceart Uladh..., 2008 le Gearóid Trimble). Áiríonn Muiris Ó Droighneáin a dhéantús i measc ‘Filíocht na gcainteoirí dúchais 1892–1903’ in Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge.... Is faoin gCraoibhín Aoibhinn agus Domhnall a bhí sé Seán Mac Héil a chaoineadh in Irisleabhar na Gaedhilge, cé go raibh caoineadh Dhomnaill i gcló cheana féin in The Irishman. Is beag má scríobh sé rud ar bith i ndiaidh 1906. Sa bhliain sin bhí dán aige in An Claidheamh 10 Samhain ag fáiltiú abhaile ó Mheiriceá roimh an gCraoibhín agus dán eile ar 1 Nollaig ag moladh na mBráithre Críostaí.

Bhí sé ina bhall de Chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1883 agus is cosúil go raibh sé ina bhall de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge roimhe sin. In The Leader 26 Meitheamh 1920 scríobh Pádraig Ó Duinnín ina thaobh: ‘Gaeilgeoir álainn ab ea Domhnall agus scríbhneoir cliste ab ea é agus file féitheach leis. Ach féach nár chuir Gaeil Éireann puinn suime riamh ann. Múinteoir scoile ab ea é agus múinteoir maith leis. Ach d’fhéadfadh fear ba shuaraí aigne ná é a chur chun na hoibre sin. Dála Dhomhnaill bhí muirín mhór air agus b’éigean dó cloí leis an mhúinteoireacht ..... Ní raibh amhránaí ba bhinne ná ba mhó pathos ná é lena linn’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú