Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge i gCorcaigh agus ba é a bhunaigh Cumann Píobairí Chorcaí. Deirtear go coitianta gurbh é faoi deara fás na mbannaí píobairí in Éirinn agus gurbh i mBealach in aice le Crosaire an Ghúlaigh a bunaíodh an chéad cheann díobh, The Ballagh War Pipers. Sa cheantar sin idir Crosaire an Ghúlaigh agus Dún Droma i dTiobraid Árann a rugadh é ar 25 Meitheamh 1868—i gCluain Cheallaigh a deir Francis O’Neill in Irish minstrels and musicians, 1913. Deir O’Neill go raibh sé chomh maith céanna ar an bpíb mhór agus bhí sé ar an bpíb uileann. Ba é Palliser Wayland (1816-1900), feirmeoir mór, a athair; bhí tuairisc a bháis-sean in Fáinne an Lae 3 Feabhra 1900. Ba í Martha Rebecca Smithwick Manning (1829-1890) a mháthair agus ba é an duine ab óige de dháréag é. Bhain an chlann le hEaglais na hÉireann.

D’fhoghlaim sé ceol ó dhuine d’oibrithe a athar, ó fheirmeoir sa chomharsanacht agus ó phíobaire nótáilte i gCaiseal, Tom Hogan. Dar le Pádraig Ó Nuatáin (Feasta, Bealtaine 1963) go mba chléireach é i siopa mór i gCorcaigh. Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge sa chathair chomh luath le 1896; bhí sé sa láthair i nGabhgán Barra thar ceann an Chonartha ar 21 Meitheamh 1896 (Irisleabhar na Gaedhilge, Iúil 1896). Tuairiscíodh in The Nation 20 Samhain 1897 gur chas sé ‘Máire Ní Chuirnín’ ag cruinniú i gCorcaigh agus rinneadh tagairt dá veidhleadóireacht agus dá phíobaireacht. Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 19 Feabhra 1898 go raibh sé féin agus cúigear eile ag píobaireacht ag scoraíocht i gCorcaigh. Bhunaigh sé Cumann Píobairí Chorcaí ar 8 Márta 1898. Tuairim an ama seo sheinn sé an phíb ag an gcéad fheis riamh i mBaile Bhuirne. Bhí tagairt in Fáinne an Lae 21 Eanáir 1899 dá chártaí Nollag.

Cé gur sloinne coitianta i dTiobraid Árann Ó Faoláin gach seans gurbh eisean an ‘Seaghán Ua Faoláin’ a scríobh an litir dar ceannlíne ‘Why is Tipperary behind ?’ in An Claidheamh Soluis 15 Meán Fómhair 1900. Ba é fáth na litreach díograiseoirí an chontae a spreagadh chun craobhacha den Chonradh a bhunú. ‘We can see in the Irish press that there are not a few enthusiasts in the county, such as Father Mat Ryan [Mathúin Ó Riain] of my native parish of Knockavilla. . .’.

Bhí sé orthu sin a bhunaigh Compántas an Phléimionnaigh d’fhonn cuimhne Dhonncha Pléimionn a bhuanú. Fuair seisean bás ar 8 Meán Fómhair 1900 agus tionóladh cruinniú den ‘Fleming Memorial Committee’ ar 24 Meán Fómhair. Cé go raibh Osborn Bergin, Tadhg Ó Murchadha (1843-1919) agus Shán Ó Cuív sa láthair ba é Wayland a bhí sa chathaoir ag an gcruinniú sin agus arís i mí na Nollag (An Claidheamh Soluis 6 Deireadh Fómhair agus 29 Nollaig 1900).

Tuairiscíodh san iris chéanna 24 Deireadh Fómhair 1908 gur fostaíodh é féin agus banna de phíobairí cogaidh le haghaidh Oireachtas 1908 in ainneoin gur sheinn sé ag an Taispeántas Idirnáisiúnta i nDroichead na Dothra a thosaigh 4 Bealtaine 1907 agus ar chuir na gluaiseachtaí náisiúnta baghchat air.

Tuairiscíodh in Sinn Féin 26 Deireadh Fómhair 1912: ‘Mr Wayland is on his way to Australia and at Toulon in France, Naples in Italy and Port Said in Egypt he paraded the streets in Irish costume, playing the Irish pipes. The delight with which this novel instrument was heard by the people of these cities was, it is said, remarkable. In Toulon a couple of hundred Frenchmen fell in behind the piper and keeping step to his music, marched with him through the city’. Deir Francis O’Neill gur thug díograiseoirí ceoil in Perth na hAstráile cuireadh dó imeacht chun na tíre sin i Lúnasa 1912. Chuir sé faoi in Geralton san Astráil Thiar. Bhí scoil aige ann agus mhúineadh luathscríbhinn. Ach go hiondúil is i mbun obair chléireachais a bhíodh sé. An creideamh Preispitéireach a chleachtadh sé thall. Gan amhras bhunaigh sé banna píobairí ann. D’éag sé ar 29 Bealtaine 1954. Tá a fhoireann píbe in Ollscoil na hAstráile Thiar. Scríobh Ormond Waters cuntas ar a shaol sa mhíosachán Astrálach An Ceoltóir Traidisiúnta Iúil 1993-Meitheamh 1994 agus ba é an fear céanna a bhunaigh an John Wayland Society agus is mó a rinne taighde ina thaobh.

Bhí an sliocht seo i gcló ag P.J. Jones in alt ‘Pioneer Piper and noted Gael of other days’ in Cork Weekly Examiner 4 Bealtaine 1945. Baineadh é as cuntas a bhí ag Proinsias Ó Néill in The Gaelic American . ‘Of fine physique, agreeable countenance and attractive figure when dressed in his saffron-coloured kilt, dark green shawl and belted stockings and brogues, Sean Wayland organised and got taught troupes of picturesquely dressed boy and colleen dancers whose presence at Feiseanna lent colour and charm to what would otherwise have been dull gatherings’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú