Bhí an fear seo ar dhuine de cheannairí 1916 in Inis Córthaidh nuair a bhí seilbh acu ar an mbaile ar feadh ceithre lá. Is in Áth an Chorráin, Guaire, Co. Loch Garman, mar a raibh feirm ag a athair Pádraig, a rugadh é. Is dóigh gurbh in Inis Córthaidh a d’fhoghlaim sé Gaeilge. Dúradh in The Echo 14 Bealtaine 1971 gurbh i Ros Muc a chuir sé slacht uirthi. Bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta agus ina Bhriogáidire Cúnta in Inis Córthaidh i 1916. Ba é a scríobh agus a chuir suas an forógra ag an Athenaeum sa bhaile. Tá a chuntas féin ar an Éirí Amach (‘Activities in Enniscorthy’) in Capuchin Annual 1966. Ba é an t-oifigeach ar thug na húdaráis airm é chuig cillín an Phiarsaigh chun go bhfaigheadh sé uaidh ordú a thabharfadh ar ÓglaighInis Córthaidh géilleadh.

Daoradh chun báis é ach athraíodh an pionós go cúig bliana príosúnachta. Chaith sé tamaill in Dartmoor, Lewes, Parkhurst agus Pentonville. Ligeadh saor é i 1917. Is dó a scríobh Aodh de Blacam an dán ‘Chum Braighe Ghaelaigh .i. Séamus Ó Dubhghaill i gcarcair Lewes dó’ (in Dornán dánta, [1917]). Bhí sé ar dhuine díobh sin a shínigh ‘Dileagra na gCeannfort Éireannach chuig Uachtarán agus Comhdháil Stát Aontaithe Mheiriceá 18 Meitheamh 1917’. Fógraíodh in Fáinne an Lae 26 Eanáir 1918 gur pósadh in Inis Córthaidh é le Mairéad iníon do Shéamus Mac Comartúin, Inis Córthaidh. An 7 Eanáir dáta an phósta agus cuireadh síos sa teastas go mba chléireach oifige é agus cónaí air i Sráid na Cúirte sa bhaile agus 33 bliana d’aois a bheith aige. Ní raibh aon ghnó ag Margaret Comerford a bhí 33 bliain d’aois freisin. Bhí cónaí uirthisean ag Hillview Tce. ‘Driver’ an cur síos ar cheird a hathar. In Misneach 9 Aibreán 1921 tuairiscíodh gur loisceadh scoil a bhí ag Mairéad Ní (sic) Dhubhghaill i mBun Clóide. Tuairiscíodh (Fáinne an Lae 2 Márta 1918) gur bronnadh dileagra maisithe ar Shéamus in Inis Córthaidh. Bhí sé ar dhuine den cheathrar a roghnaigh Robert Brennan chun eagraíocht Shinn Féin a bhunú sa dáilcheantar (Allegiance, 1950 le Robert Brennan). Gabhadh é i 1920 agus bhí i ngéibheann i gCampa Bhaile Coinnleora. Toghadh é an bhliain sin ina Theachta Dála i Loch Garman Thuaidh agus vótáil sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Toghadh ina chomhairleoir contae é an bhliain sin freisin. Thacaigh sé le Fianna Fáil i 1927. Um Meitheamh 1928 bhí sé ina rúnaí ag Coiste Chontae Loch Garman de Chonradh na Gaeilge (idem Meitheamh 1928). Bhí baint aige ar feadh i bhfad le Feis Charman agus le Coláiste Charman agus bhí sé ina bhall de Choiste Comórtha 1798. Ceapadh é ina bhall de Choimisiún na Logainmneacha.

Scríobhadh sé aistí in The Past agus The Echo. Iarradh air uair bheith ina Uachtarán ar an Oireachtas ach b’éigean dó diúltú mar gheall ar dhrochshláinte (The Echo 14 Bealtaine 1971). In Ascaill Pharnell, Inis Córthaidh, a bhí conaí air ag am a bháis, 1 Bealtaine 1971. D’fhág sé ina dhiaidh a bhean Mairéad, a dheartháir William in Áth an Chorráin, agus a dheirfiúr Áine Ní Dhubhghaill (Wexford People 15 Bealtaine 1971). Níor luadh aon chlann a bheith aige.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú