Sa tSrath Bán a rugadh é ar 27 Meitheamh 1881. Bhí a athair, William Nicholls, cigire scoileanna, lonnaithe ann ag an am. B’as Shropshire do mhuintir Mhic Niocaill. Ba í Margaret Kelly, deartháir le R. J. Kelly, iriseoir agus úinéir an Tuam Herald, a mháthair. Bhí triúr deirfiúracha aige agus beirt deartháireacha, ar dhuine díobh Harry.

Mar bhaill d’Eaglais na hÉireann a tógadh iad. Fuair Seoirse bunoideachas sa Teampall Mór, Co. Thiobraid Árann, agus chuaigh sé ansin go dtí Scoil Ghramadaí Dhún Dealgan agus go dtí an Scoil Choláisteach i gCúl an tSúdaire dá bhliain deiridh. Ghnóthaigh sé scoláireacht sa Mhatamaitic i gColáiste na Tríonóide. B’fhearr leis cúrsa sna Clasaicigh a dhéanamh ach d’áitigh an máistir i gCúl an tSúdaire air claí leis an mhatamaitic. Ghnóthaigh sé an bonn óir san ábhar sin i 1904. I ndiaidh dó céim a bhaint amach fuair sé post máistir scoile i Scoil Ghramadaí Market Bosworth i Sasana. D’fhan sé sa phost sin gur ceapadh é ina chigire scoileanna in Éirinn i 1912. I mBaile Átha Cliath dó bhí sé ina bhall de Chraobh na gCúig gCúigí de Chonradh na Gaeilge. D’éirigh leis bheith ina Phríomhchigire Ginearálta sa Roinn Oideachais faoin stát dúchais. Bhí go leor dá chairde a shíl gur cheart dó post rúnaí na Roinne Oideachais a fháil ag pointe áirithe agus gurbh í polaitíocht inmheánach na Roinne a choimeád amach as an bpost é. Bhí sé tamall ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha agus bhí sé ar an gCoiste chúig dhuine déag a ceapadh in Eanáir 1925 chun bealach nua a cheapadh a chuirfeadh an Conradh ar aon dul leis an saol nua a bhí sa tír. Ar 1 Nollaig 1925 ceapadh ina chathaoirleach é ar an roinn nua den Chonradh a bhí bunaithe chun déileáil le cúrsaí oideachais. I gCill Chainnigh ar 21 Feabhra 1926 labhair sé ag cruinniú poiblí ar bhealach a shíl an rialtas a bhí ró-láidir. Ní raibh sé i gceist le dátheangachas go mbeadh an Béarla ar chomhchéim leis an nGaeilge, dúirt sé, agus “and they did not care what hog, dog or devil stood in their way they were going to smite them”. Tá cuntas ar an eachtra seo ag Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis:scéal Chonradh na Gaeilge, 1922-1932. Dúirt an tAire Oideachais sa Dáil nár chuí d’ardstátseirbhíseach ráitis faoi pholasaí oifigiúil na Gaeilge a dhéanamh. D’éirigh Seoirse as post an chathaoirligh láithreach. I 1926/7 bhí sé ag tabhairt cúnaimh do Leon Ó Broin chun eagar a chur ar iris an Chonartha, Fáinne an Lae.

Bhí sé pósta faoi dhó, le Lily Barton as Cill Chainnigh i dtosach agus i ndiaidh a báis lena deirfiúr Caitlín. Bhí mac amháin, Kenneth Nicholls, an scoláire staire, ag Seoirse agus Caitlín. I mBré a bhí cónaí orthu. Cailleadh Seoirse ar 18 Deireadh Fómhair 1968.

Rinne sé obair cheannródaíochta i soláthar téacsleabhar matamaitice. Thug sé treoir agus cúnamh do Sheán Ó Cuirrín chun Uimhrigheacht (1922) a scríobh. Scríobh sé féin Algébar (1923–31) le cabhair Phádraig Uí Dhomhnaill. Leabhair eile mhatamaitice leis is ea An chéad chéim san ailgéabar (1935) agus Céimseata chomhordnaidhtheach (1939). Scríobh Pádraig Ó Siochfhradha agus é féin Ceapadóireacht chainnte agus sgríobhtha (g.d.). Faoin ainm cleite ‘Seoirse Mac Liam’ scríobh sé an t-úrscéal An doras a plabadh (1941). Foilsíodh “Cnósach ó Chorca Dhuibhne” leis in Béaloideas, Iml. XVII (1947).

I nDoire a rugadh Harry in 1889 ach is sa Teampall Mór, Co. Thiobraid Árann, agus i mBaile Átha Cliath a d’fhás sé suas. Chuaigh sé le hinnealtóireacht i gColáiste na Tríonóide agus bhí sé fostaithe ag Bardas Bhaile Átha Cliath. Bhí sé i gceannas na hoibre a bhain le tochaltán faoin Life a thógáil. I 1954 bhí sé ina uachtarán ar Institiúid na nInnealtóirí Sibhialta.

Bhí sé páirteach sna gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair agus i gCill Chumhaill. Bhí sé ina chaptaen ar innealtóirí sna hÓglaigh. Toisc nach bhfuair sé aon ordú Luan Cásca 1916 is i bhFaiche Stiabhna agus i gColáiste na Máinlianna le hArm na Saoránach a bhí sé ag troid. Tá cuntas ar an gcaoi ar tharla sin ag Liam Ó Briain in Cuimhní cinn. I Knutsford agus i bhFrongoch a bhí sé i ngéibheann.

Bhí sé pósta ar Kathleen Holmes, bean a rinne cuid mhaith ar son saoirse na mban. Bhí cónaí orthu i bPort Mearnóg agus nuair a fuair Kathleen bás bhí árasán ag Harry i Sráid Grafton. Fuair sé bás ar 11 Feabhra 1975.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú