Bhí an scoláire seo ina ollamh le stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 1977-97. Bhí eolas domhain aige ar fhoinsí dúchasacha staire. Bheifeá in amhras nach scoláire Gaeilge a bhí ann, mura mbeadh d’fhianaise agat ach liosta a shaothair in irisí mar Éigse, Ériu, Celtica, Études Celtiques, Studia Celtica, Galvia, Seanchas Ardmhacha, Analecta Hibernica, Irish Jurist, Analecta Bollandiana, Studia Hibernica, Comhar..., agus a bhfuil in eagar aige den dán díreach nó i gcló aige i dtaobh na seandlíthe. Tá aiste ina thaobh ag Gearóid Ó Tuathaigh in uimhir speisialta de Peritia, Journal of the Medieval Academy of Ireland, 16, 2004 (tá ann freisin leabharliosta cuimsitheach a thiomsaigh Donnchadh Ó Corráin). Scríobh ‘D. Ó C.’ aiste ómóis in The Irish Times 27 Meitheamh 2004 agus ag Nicholas Canny tá aiste in Analecta Hibernica, 39, 2006. In Hull, Sasana, a rugadh é ar 28 Márta 1932. Cléireach ba ea a athair Austin Nicholson agus b’as ceantar na Forraí Móire, Co. Chill Dara, dá mháthair, Máire O’Toole. Bhí deartháir agus beirt deirfiúracha aige. Deir Ó Tuathaigh faoi: ‘Thug Gearóid Mac Niocaill cuid mhaith dá shaol, agus cuid nach beag dá shaothar acadúil, ag fónamh don nGaeilge mar theanga bheo. Ba í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh aige agus teanga an chaidrimh a bhí aige le dlúthchairde.... Bhí sé saor ar fad ón mhioscais úd a fhásann go minic i gcúinní áirithe den ghort acadúil.’ Bhí sé ar scoil ag sagairt Chumann Mhuire in Hull roimh dhul i 1950 dó go hOllscoil Leeds mar a ndearna sé staidéar ar fhealsúnacht, ar Laidin agus Fraincis; is inspéise gur sa Fhraincis atá cuid nach beag dá aistí, in Études Celtiques go háirithe. Rinne sé cúram ar leith de Fhraincis na meánaoiseanna agus chaith cuid de 1952 in Angers na Fraince. I rith an ama seo freisin bhí spéis á cur aige i stair agus litríocht na hÉireann. Sa Laidin agus sa Fhraincis a bhain sé céim le honóracha amach i 1953. Chaith sé an bhliain dár gcionn ag taighde ar stair na gCistéirseach in Éirinn sna meánaoiseanna agus tá cuid de thoradh na hoibre sin le léamh in Na Manaigh Liatha in Éirinn, 1959. Tuairim an ama chéanna a thosaigh a spéis i dtéacsanna crábhaidh Gaeilge den 14ú agus an 15ú haois. Agus rud ceannródaíoch san aimsir sin ba ea an spéis a chuir sé sa dán díreach mar fhoinse eolais; is é a chuir eagar ar ‘Duanaire Ghearóid Iarla’ (tríocha dán) in Studia Hibernica 3, 1963. Is luath ina shaol a thosaigh a spéis sa Ghaeilge. Théadh sé ar saoire chuig muintir a mháthar agus chloiseadh a sheanathair ag rá an ‘Ár nAthair’ i nGaeilge. Chloiseadh sé scéalta faoi 1798, rud a d’adhain an náisiúnachas ann, is dóigh. Bhíodh sagairt Éireannacha sa mheánscoil agus mhúineadh duine díobh, an tAthair Agnew, Gaeilge. Agus thagadh iarchéimithe inealltóireachta as Corcaigh go Leeds i ngeall ar na muilte olla, rud a thugadh deis dó Gaeilge a labhairt leo. Bhí i gceist uair go mbeadh roinn Ceiltise san ollscoil agus bhí teacht aige ar na leabhair a bailíodh chuige sin.

I 1954 bhronn Scoil an Léinn Cheiltigh (Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath) scoláireacht air chun go leanfadh sé den staidéar; i rith 25 bliain bhí baint aige leis an Scoil mar chomhalta sóisearach (‘scoláire’), mar dhuine den fhoireann, agus mar Chomhalta Taighde. Chaith sé tamall freisin sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag gabháil don Mhoch-Ghaeilge agus don Mheán-Ghaeilge faoi stiúir Francis Shaw agus Ghearóid Uí Mhurchadha.

Ceapadh é ina Leabharlannaí Cúnta i roinn na lámhscríbhinní den Leabharlann Náisiúnta i 1956. Deir Ó Tuathaigh: ‘Together with Dr Ludwig Bieler, he made a large contribution to the magnificent guide to the manuscript sources of Irish cultural history, edited by Richard J. Hayes [De Hae B5]...’. I 1962 thuill a thráchtas ar ‘Cáipéisí Dlí i nGaeilge 1493-1621’ Ph.D. dó. Foilsíodh cuid de na téacsanna sin in Analecta Hibernica agus tá aistí in Éigse agus in Irish Jurist bunaithe ar ábhar sa tráchtas sin. I 1965 ceapadh é ina Ollamh Cúnta i Scoil an Léinn Cheiltigh. Rinne sé obair ansiúd ar eagrán nua de Annála Uladh, rud a raibh tús curtha leis ag Seán Mac Airt, ar eagrán nua de Chronicum Scotorum agus ar na seandlíthe. Bhí ábhar i dtaobh na naomh á chur aige chuig an >Bibliotheca Sanctorum. Deir Ó Tuathaigh: ‘It is worth noting that Mac Niocaill’s striking productivity as a scholar throughout the 1960’s was achieved at a time when he was also devoting considerable time to projects - mainly in publishing, but in other cultural activities also - connected with his lifelong commitment to the Irish language. Quite apart from his own deliberate decision to publish a considerable body of scholarly work in Irish, Mac Niocaill was generous with his time and his expertise... in supporting various publishing ventures in Irish, and in assisting cultural organisations involved in Irish language activities.’ Agus cuireann sé an méid seo leis: ‘No doubt the firm support of his wife, Laoise (Ní Chuinneagáin), whom he married in 1960, and the loving family environment which they created, were vital to his growing confidence and reputation among his peers as a scholar of international distinction.’ Bhí Gaeilge Thír Chonaill ó dhúchas ag Laoise (Canny).

Ó 1971 go 1997 is inOllscoil na hÉireann, Gaillimh a bhí sé, é ina léachtóir statúideach le stair, agus go háirithe le stair na meánaoiseanna, agus ansin, ar bhás Gerard Hayes-McCoy, ina ollamh le stair. Thug Ollscoil na hÉireann an dara dochtúireacht dó, D.Litt, i 1976. Toghadh é ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann, den Royal Historical Society, den Choimisiún Logainmneacha, agus de Choimisiún na Lámhscríbhinní.

Bhí triúr mac agus triúr iníonacha ag an lánúin. D’éag sé ar 9 Márta 2004 agus tá sé curtha sa Reilig Nua i nGaillimh. Is iad na leabhair a scríobh sé: Na Manaigh Liatha in Éirinn 1142-c.1600, 1959; Notitiae as Leabhar Cheanannais 1033-1161, 1961; Na Buirgéisí XII-XV Aois, 1964 (dhá imleabhar); The Red Book of the Earls of Kildare, 1964 (in eagar ag Mac Niocaill); Ireland before the Vikings, 1972; The Medieval Irish Annals, 1975; Irish population before Petty; problems and possibilities, 1981; Keimelia: studies in medieval archaeology and history in memory of Tom Delany, 1988 (mar chomheagarthóir le Patrick F. Wallace);Crown surveys of lands, 1540-41, with the Kildare Rental begun in 1518, 1992 (in eagar aige). Bhíodh idir aistí agus léirmheasanna i gcló aige in Comhar.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú