‘Peadar Aerach’ a thugtaí air. Bhí sé ar dhuine de na timirí ba mhó dá raibh ag Conradh na Gaeilge i gCúige Uladh. Sa Chorrbhaile, an Droim Mór, Co. Thír Eoghain, a rugadh é 21 Meán Fómhair 1877. Ba iad Daniel Donnelly agus Margaret Maguire a thuismitheoirí. Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1901: Margaret (50), baintreach; Daniel (24), mac feirmeora; Peter (21 [sic]), mac feirmeora; Charles (19); Hugh P. (16); Mary E. (19). Níor luadh an Ghaeilge, cé gur cosúil ar thuairisc in An Claidheamh Soluis 1 Bealtaine 1915 gurbh in 1900 a thosaigh sé ar an teanga a fhoghlaim. In 1911 bhí an mháthair marbh agus ní raibh Peadar sa teach. Bhí cócaire agus garraíodóir (Francis Boyle a rugadh i nDún na nGall) sa teach in éineacht le Daniel, Hugh agus Mary. Ag Hugh agus ag an ngarraíodóir amháin a bhí Gaeilge. Chuaigh Charles agus Francis le sagartacht. Múinteoir ba ea Hugh agus fuair Daniel an fheirm. Bean rialta i mBaile Átha Luain ba ea Mary.

In An Claidheamh Soluis 10 Iúil 1909 atá an chéad tagairt do Pheadar mar mhúinteoir taistil, é ag teagasc Gaeilge ar tháillí i 17 scoil i gceantar Mhainistir na Búille agus i mbun ranganna i gcomhair múinteoirí. ‘Peadar has excellent testimonials and, judging from the impression created and the enthusiasm raised at the outset, will give a good account of himself at the end of the year’. Tuairiscíodh in Sinn Féin 21 Nollaig 1910 go raibh sé ag saothrú leis i gceithre pharóiste agus go raibh ranganna múinteoirí aige i Mainistir na Búille agus i gCloigne. Trí bliana ina dhiaidh sin thosaigh sé ag múineadh faoin gConradh san Iarmhí (An Claidheamh Soluis 20 Meán Fómhair 1913). Nuair a d’éirigh Aodh Ó Dubhthaigh [feic faoi Niall Ó Dubhthaigh B1] as a phost ceapadh Peadar ina thimire agus Cúige Uladh faoina chúram (idem 1 Bealtaine 1915 agus Freeman’s Journal 22 Aibreán 1915). Dar le Donncha Ó Súilleabháin (Na Timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990) gur i gCabhán, Liatroim, Aontroim agus Dún na nGall a bhí sé ag obair ar dtús. In 1916 tá tuairiscí i bpáipéar an Chonartha ar 18 agus 25 Márta, 15 Iúil, 31 Samhain, agus 9 Nollaig ar a chuid oibre i dTír Eoghain agus Muineachán. Tuairiscíodh 4 Meán Fómhair 1917 é a bheith i gceannas ar Dhún na nGall, Tír Eoghain, Doire, agus Aontroim agus ar 17 Samhain gur faoi Shéamus Ó Glasáin a bheadh an chuid eile den chúige.

In Fáinne an Lae 20 Iúil 1918 tá tuairisc gur pósadh é 9 Iúil 1918 ar Eibhlís Nic Con Uladh, iníon le Francis McCullough, feirmeoir sa Chaisleán Glas. A dheartháir, an tAthair Proinsias Ó Donghaile, a bhí i mbun an tsearmanais san Ómaigh. Ceapadh Eibhlís ina fo-thimire i dTír Eoghain i 1917. Tuairiscíodh a bás den fliú mór in Misneach 19 Deireadh Fómhair 1918. Níor phós sé arís. Nuair a tioncnaíodh scéim nua na rúnaithe contae ceapadh é i dTír Eoghain (idem 14 Meán Fómhair 1920). Gabhadh é go luath ina dhiaidh sin ‘toisc go raibh sé ag craobhscaoileadh soiscéal an Chonartha’ (Ó Súilleabháin). Go ceann ceithre mbliana bhí sé i ngéibeann i nDoire, dar le tuairisc in Irish News 6 Aibreán 1949, i dTeach na mBocht i Latharna agus ar an long Argenta. In Fáinne an Lae 31 Eanáir 1925 tuairiscíodh gur scaoileadh saor é cúpla seachtain roimhe sin agus go raibh Gaeilge foghlamtha uaidh ag céad duine ar an Argenta agus go raibh fáinní acu. Ceapadh é ina chigire faoi Choiste Gairmoideachais Mhuineacháin (idem 26 Meán Fómhair 1925). In An tUltach, Mí na Nollag 1995, in alt faoi bhunú Chomhaltas Uladh i 1926, tugtar Béal Átha Beithe mar sheoladh aige. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge in 1926-8 agus ina theachta chuig an Coiste Gnó ó Chomhaltas Uladh in 1927 agus 1929. Ní léir aon tuairisc dó sna páipéir Ghaeilge ina dhiaidh sin.

D’éag sé 3 Aibreán 1949 agus tá sé curtha sa Droim Mór. ‘At his residence, Hibernian Hotel, Dromore’ a dúradh in Scéala Éireann. Bhí an tuairisc ba fhaide in Ulster Herald 16 Aibreán 1949: ‘But he would probably like best to be known as a disciple of the great Father Matt [Maitiú Maguidhir], the young curate of Trillick who infused new life into the Gaels of Tyrone in the wakening days of forty golden years ago. To Father Maguire, who died pastor of Trillick, Peadar owed more than to any other living man for the enthusiasm that was in him for Irish-Ireland. Together they made a duet who brought a latent Gaelic spirit to a pinnacle of achievement. Who does not remember, of the older stock, the first great aeridheacht of west Tyrone thirty three years ago or so, the first great event of its kind, which brought priests and people flocking in numbers to the extent of five or six thousand from all over Ulster and from Connacht and Leinster? That was Father Matt’s and Peadar’s first great public venture for Ireland’. Cuimhníonn a mhuintir, ní hamháin ar a dhúthract timpeall na teanga, ach gurbh fhear cráifeach é, go raibh spéis aige sa cheol dúchais agus gur bhunaigh sé banna céilí. Nuair a d’éag a dheartháir, an Canónach Francis Donnelly, sagart paróiste Lios na Scéithe, 20 Nollaig 1960, dúradh in Irish Independent gurbh é a bhí i bPeadar ‘Gaelic scholar and traditional musician’. Chuaigh Fermanagh Herald 31 Nollaig 1960 níos faide ná sin: ‘well-known for his Irish-Ireland activities, fine Gaelic scholar, outstanding traditional musician’. Nuair a thug an IRA fogha faoi bheairic an RUC i Lios na Scéiche um Nollaig 1956 rinneadh damáiste do theach an tsagairt pharóiste. Bhí an Canónach chomh croite gur thit sé i ndrochshláinte agus níor tháinig chuige féin i gceart riamh, dar leis an Fermanagh Herald. Íorónta go leor thug an Tiarna Brookeborough cuairt air ag an am.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú