I dtuarascáil 1919 Acadamh Ríoga na hÉireann deirtear go bhfuair an tAcadamh £3,000 ó eastát an Ghinearáil James Smythe ‘to invest same in whatever manner the council of the said Academy might deem prudent and to employ the interest thereof to the encouragement and promotion of the Irish language by the publication of books giving aid to teachers of the language or by such other ways as might appear to the said council most desirable’.

I nGléib na Cúile, Carn Monaidh, Co. Aontroma, a rugadh William James Smythe ar 25 Eanáir 1816. Ba é dara mac Samuel Smythe, biocáire Charn Monaidh, agus a bhean Margaret Owens é. Tar éis bheith ar scoil in Aontroim cuireadh é chuig an Acadamh Míleata i Woolwich nuair a bhí sé 14 bliana d’aois.

Thuill sé bonn ag troid in aghaidh na gCafar san Afraic Theas in 1835 agus faoi 1839 bhí sé ina rúnaí ag an Institiúid Ríoga Airtléire. Bhí saineolas aige ar an oideachas mileata, é i mbun cúrsaí oiliúna na hInstitiúide. Chaith sé tamall i gceannas na réadlanna in Oileán S. Helena agus tamaill i Nova Scotia, san Fhidsí agus san India. D’fhill sé ar Éirinn in 1869. Tá cuntas fada ar chúrsa a shaoil mhíleata in Dictionary of national biography.

Bhí sé ar son féinrialtais a bheith ag Éirinn cé nár theastaigh uaidh an ceangal le Sasana a bhriseadh. Chuir sé tábhacht mhór le forbairt eacnamaíoch na tire. Bhí suim ar leith aige sa talmhaíocht, é ina bhall coiste ag an Chemico Agricultural Society of Ulster.

In 1857 phós sé Sarah Maria Bland, iníon mhinistir. Ní raibh aon chlann acu. I dTobar Cuaráin in aice le Carn Monaidh a bhí cónaí orthu. In 1882 bhí sé ina phátrún ag Comhlacht Chlann na nGael a bunaíodh Lá Fhéile Pádraig na bliana sin i mBéal Feirste chun an Ghaeilge a shaothrú (‘To promote the study of the Irish language and literature together with the history of Ireland, and to cultivate the practice of the national music and to encourage generally an interest in matters connected with the land and its people’).

Rinne sé staidéar ar an nGaeilge agus dhealródh ó litir a bhí ag J. St Clair Boyd, duine de cheannairí an Chonartha i mBéal Feirste, go mba phátrún ag an gConradh a bhanchéile (Fáinne an Lae 26 Samhain 1898) – bhí sí ar chomhairle Chumann Bhuanchoimeádta na Gaeilge roimhe sin. Bhí an Gineareál ar choiste an Chumainn agus mar leasuachtarán acu. Ba bhall é den toscaireacht a chuaigh chun cainte in 1884 leis an Athair Peter Byrne, uachtarán Choláiste Phádraig, Droim Conrach, i dtaobh ollúnacht Ghaeilge a bheith acu. I dtuarascáil 1886/7 an Chumainn dúradh faoi: ‘One of the vice-Presidents of this society, an ardent and generous promoter of its objects and an able and zealous advocate of all he thought conducive to the advancement of his native land’.

D’éag an Ginearál ar 12 Iúil 1887. Is léir ar na páipéir go raibh ardmheas air: ‘... of great and varied attainments as well as of distinguished service’ (Times 21 Iúil 1887); ‘... of a generous disposition and whatever his views it may be truly said of him that he had the courage of his convictions’ (Belfast Telegraph 14 Iúil 1887).

Ní bhfuair a bhean bás go dtí 1918 agus de réir théarmaí na huachta is ansin a fuair an tAcadamh an t-airgead úd.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú