Sa Pháirc (an áit arbh as Máire Ní Dhroma a chum ‘Na Prátaí Dubha’) ar Chnocán an Phaoraigh i bparóiste na Rinne, Co. Phort Láirge, a rugadh é ar 26 Feabhra 1887. Iascaire a raibh acra talún aige a athair Dónall agus ba í Siobhán Carey a mháthair. Ba é Micheál an t-aon duine amháin clainne acu.

Ní raibh Béarla ar bith aige go ndeachaigh sé ar scoil. Is dóigh gurb eisean atá i gceist sa mhír nuachta dar cinnlíne ‘The Irish language in Ring’ in An Claidheamh Soluis 30 Márta 1901: ‘The Oireachtas (Cleaver) prizes were distributed as follows: Mike Kinneally, 1st prize; Pat Terry, 2nd; John Curreen, 3rd.... The first two boys won the prizes offered by the London Gaelic League in September last, through the Cork Feis, for the three boys who spoke Irish most during the year. These boys are the best English and Irish scholars in the school. They and their teacher almost always use Irish in conversation and in explanation of lessons’. D’fhreastail sé ar an gcéad rang Gaeilge sa Rinn (‘Scoil an Chalaidh’) i 1905 agus ar chúrsa do mhúinteoirí sa Rinn i 1909–10. Bhí an teanga á múineadh aige i gCaisleán Uí Chonaill, Co. Luimnigh ó 1908 go 1911 agus ó 1912 anuas go 1952 bhí sé ag teagasc sna cúrsaí samhraidh sa Rinn. Múinteoir taistil i mBaile Átha Í, Co. Chill Dara, ba ea é i dtosach na tréimhse sin agus is sa bhaile sin a rugadh a mhac Dónall. Toghadh ina bhall de choiste stiúrtha Choláiste na Rinne é i 1915 agus chabhraigh sé le Séamus Ó hEocha chun Comharchumann na Rinne a bhunú.

Ceapadh ina mhúinteoir i Scoil na Leanbh sa Rinn é nuair a bunaíodh í i 1919. Deir Micheál Ó Domhnaill ‘gur thuill sé clú agus cáil ar fud na hÉireann mar oide dúthrachtach coinsiasach’ (Iolscoil na Mumhan ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne: gearrstair, [1987]). Scoil phríobháideach ba ea Scoil na Leanbh anuas go 1927 nuair a thug an Roinn Oideachais isteach sa chóras náisiúnta í. Ach ní dhearna an Roinn aon socrú i dtaobh phinsean mhúinteoirí na Rinne go dtí 1953.

Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus d’Arm na Poblachta in iarthar Phort Láirge, dar le tuairisc an Dungarvan Leader 25 Lúnasa 1956. Chaith sé tamall ina rúnaí ag Cumann Múinteoirí Gaeilge na hÉireann (Fáinne an Lae 29 Meán Fómhair 1923). Bhí sé pósta ar an amhránaí aitheanta Bríd Ní Nuanáin ó Bhaile na nGall agus bhí beirt iníonacha agus ochtar mac acu. D’éag Micheál ar 18 Lúnasa 1956 agus cuireadh i seanchill na Rinne é. D’éag Bríd ocht lá ina dhiaidh. Tá cuimhní a mhic Dónall air i gcló in An Linn Bhuí 4, 2000.

Scríobh sé: Tigheas is cócaireacht, 1923; Eolas ar Éirinn, 1923; Seanbheidhlín Chriostóir, 1927; Mac an fheirmeora, 1928; Eachtra an phortáin; Eachtra na beiche. Aistriúcháin is ea Fionn agus a chuideachta, 1923, ar bhunleabhar Standish James O’Grady, agus Cúrsa simplidhe sa chreideamh, 1950, ar leabhar leis an Dr Micheál Ó Síocháin. Chuir an Seabhac eagar ar léitheoir a scríobh sé faoin teideal Pádraig Mhichíl Mhóir. Beatha Mhicíl Turvaoin, 1956 an leabhar is tábhachtaí dár chuir sé ar fáil. Ba chomharsa le Micheál ar Chnocán an Phaoraigh an seanchaí cáitiúil seo. Deir Risteárd B. Breatnach (Comhar, Bealtaine 1957) gur saothar na beirte atá sa leabhar: Micheál Turraoin (Mike Dhá) agus a dhuine muinteartha Micheál Ó Cionnfhaolaidh. Deir sé gur deacair a dhéanamh amach cé mhéid a chuir Ó Cionnfhaolaidh leis an méid a fuair sé ó Mhike Dhá, in ainneoin go bhfuil an cuntas ar fad sa chéad phearsa. Is cosúil gur theip ar shláinte Mhichíl sula bhfuair sé deis na profaí a léamh. Deir Risteárd B. Breatnach: ‘... tá saothar liteartha agus saothar seanchais an-luachmhar sa leabhar’. In An Linn Bhuí 9, 2005 tá ‘Michéal Ó Cionnfhaolaidh’ le Muiris Budhlaeir.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú