É féin agus an tAthair Agaistín Ó hAodáin an bheirt sagart is minice a luaitear le hÉirí Amach 1916. Ag 17 Sráid Regent, Muine Bheag, Co. Cheatharlach, mar a raibh siopa ag a athair John, a rugadh é 25 Deireadh Fómhair 1877. Thomas Francis a baisteadh air. Bhí ceathrar deirfiúracha aige. B’as Cill Chainnigh do John Bibby agus dá bhean, Julia Coogan. Sa 17ú haois Protastúnaigh sa chathair sin ba ea muintir Bhibby. Cuid de bhéaloideas na clainne gur thug siad dídean do shagart Caitliceach le linn na bPéindlíthe. Bheannaigh sé iad agus thairngir gur shagart a bheadh san fhear deireanach den chlann. Cuid de iarmhar thábhacht na clainne sa tseanaimsir go mba shaorfhear oidhreachtúil de chuid na cathrach an tAthair Albert.

D’fhill a mhuintir ar Chill Chainnigh agus bhí siopa acu ag 17, an tSráid Ard. B’fhéidir gurbh í a mháthair a spreag a spéis sa Ghaeilge: ba í an t-aon duine amháin í dá raibh sa teach oíche Dhaonáireamh 1901 a dúirt go raibh an teanga aici. Cheangail sé leis an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge agus d’fhan Tomás Mac Donnchadha (1878–1916) ina bhuanchara aige. Bhíodh sé ag friotháil Aifrinn i mainistir na gCaipisíneach sa chathair agus chuaigh isteach san ord i mBaile an Róistigh. Bhí sé ar an gcéad dream de na Caipisínigh a fuair céimeanna ollscoile ón Ollscoil Ríoga. D’fhreastail sé ar Choláiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh. Bhí a dhóthain den Ghaeilge aige chun misin a thabhairt i gceantair Ghaeltachta. Is í an tagairt dá chumas in Cork Examiner 16 Feabhra 1925: ‘He was a keen student of the national language in which he became so proficient as to be able to preach missions entirely in the native language in several of the Irish-speaking districts’. Is í an tagairt in Kilkenny Journal 21 Feabhra 1925: ‘So proficient that a noted Irish scholar took him for a native Irish speaker’. ‘Gaeilgeoir cliste’ a thug Fáinne an Lae 21 Feabhra 1925 air. I mainistir Shráid na hEaglaise, Baile Átha Cliath, a chaith sé an chuid is mó dá shagartacht. Thaithíodh sé cruinnithe Chraobh Cholm Cille den Chonradh sa tsráid sin agus bhí baint aige le feiseanna agus aeríochtanna.

Is air a thit sé cúram spioradálta a thabhairt do cheannairí 1916, Con Colbert, Seán Heuston agus Micheál Ó hAnnracháin, sular cuireadh chun báis iad. In éineacht leis an Athair Agaistín bhí sé sa láthair nuair a bhí Tomás Ághas ag saothrú an bháis. Ghabh Dubhchrónaigh é sa mhainistir uair i rith Chogadh na Saoirse agus thug go Caisleán Bhaile Átha Cliath é mar ar chaith siad leis go bagarthach. Ba é a d’fhan le Kevin Barry sular crochadh é. Bhí sé sna Ceithre Chúirt i 1922 agus rinne iarracht ar théarmaí réitigh a shocrú le Micheál Ó Coileáin.

Faoi 1924 bhí ag teip ar a shláinte agus cuireadh go California é chun dul i gceannas ar mhainistir N.Inez i Solvang. D’éag sé in ospidéal N.Proinsias i Santa Barbara 14 Feabhra 1925. I 1958 bailíodh airgead ó sheansaighdiúirí Chogadh na Saoirse in Éirinn agus i Meiriceá chun a chorp a chur abhaile, in éineacht le corp Caipisínigh eile a bhí bainteach le 1916, an tAthair Doiminic. Cuireadh sochraid an-mhór orthu i gCorcaigh agus cuireadh i mBaile an Róistigh iad 14 Meitheamh 1958.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú