Bhí sé ar na daoine ba dhíograisí den deichniúr úd a bhunaigh Conradh na Gaeilge 31 Iúil 1893. Seachas Mac Néill agus de hÍde ba é an duine é ba mhó a raibh gealladh faoi. Ach is é an duine díobh is lú a raibh buneolas dearfa ann ina thaobh. Ba é a chuidigh le rún Eoin Mhic Néill ag an gcruinniú tionscnaimh ‘go gcumfar cuideachta dá ngoirfear Cunnradh na Gaedhilge’. Dúirt Seoirse Ó Muanáin, fear a bhí cairdiúil leis, in agallamh i gcló in The Irish Peasant 15 Meán Fómhair 1906, go mba Chiarraíoch é. Casadh ar Eoin Mac Néill den chéad uair é i seomra léitheoireachta Acadamh Ríoga na hÉireann. ‘A young man’, a dúirt sé, ‘full of energy and enthusiasm, but who was cut off soon after by T.B.’ (Eoin Mac Neill: scholar and man of action 1867–1945, 1980, le Michael Tierney). Rinne Brian Mac Giolla Phádraig talamh slán de, geall leis, go mba chléireach sna Ceithre Chúirt é (‘Bunaitheoirí an Chonartha’, Feasta, Márta 1956).

Dúirt Brian go mba chainteoir dúchais Gaeilge é agus bhí deis ag Brian ó 1909 ar aghaidh bualadh le go leor Gaeilgeoirí a raibh aithne acu ar Shéamus. An t-eolas eile a thug sé gur ag 49 Sráid Eachdroma, An Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath, a bhí sé ar lóistín 1893, agus go raibh sé ar dhuine den ochtar ar ghabh an Conradh buíochas leo ag deireadh na bliana sin mar gheall ar an gcabhair a thug siad sa rang comhrá. Bhí sé ina bhall de Chomhairle an Chonartha in 1893 agus arís in 1894. Chláraigh mac léinn darb ainm James Cogan i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath 1893 ach níl fianaise ann gurbh é an fear seo againne é, cé gur dóigh gurbh é.

In Irisleabhar na Gaedhilge 1 Nollaig 1894, ar lch 144, ta an mhír nuachta seo: ‘The first branch of the Gaelic League, outside of the large towns, has been established in the Beara district, West Cork, principally through the energy of Mr Patrick O’Leary], National Teacher, Eyeries, and of Mr James Cogan of the Central Branch, who specially visited the locality’. Faoi cheann ceithre bliana bheadh an bheirt ógfhear sin marbh den eitinn.

Bhí Séamus i láthair ag cruinniú den Ard-Chraobh 28 Nollaig 1894 chun léitheoireacht as an Irisleabhar a thabhairt. Tagairt dó níl ina dhiaidh sin san Irisleabhar go dtí Aibreán 1897. I measc na síntiús do chistean Oireachtais tá cúig scilling ó ‘James M. Cogan, Inland Revenue, Darwin’. Ba é Port Darwin an calafort ba mhó i dtuaisceart na hAstráile ach níorbh é ainm an bhaile sin é go ceann píosa ina dhiaidh sin. Is dóigh gurb é baile Darwen i Lancashire a bhí i gceist.

Dhealródh an scéal gur fhág sé Éire 1895. Tá tuairisc a bháis in Fáinne an Lae 26 Samhain 1898: ‘Monuar géar. Tháinig scéala chughainn thar lear i gcéin ón Astráil á insint go bhfuair Séamus Mac Cogadháin bás. Is mór an scéala é sin. Ár scalladh cráite is é an scéal dubhach dobrónach sin, an t-éag á sciobadh uainn i lár a ré. Ógánach séimh suairc soineanta suáilceach ab ea é. Fior-Ghael forránta faobhrach nár ghéill riamh don namhaid a bhí ann. Ba dhathúil a ghné agus ba dhóighiúil dealbh agus déanamh é – a shamhail sin de Ghael álainn cumtha caoindhealbhach a chuireas in iúl don tsaol d’aon amharc amháin a mhéid agus a adhfhuathmhaire agus a ifreanndacht de bhréig a dhéanann an tSacsanacht bholgmhór bhaothghlórach chraosach chruachroíoch ag cur cuma agus déanamh ápa orainne an Ghaeltacht ina bpáipéir ghreannmhaireachta (mar dh’ea!). Ba den bhun-Chonradh Séamus Mac Cogadháin. Mórsheisear (sic) a tháinig le chéile sa chéad tionól. Siúd go ndeachaigh uainn ar shlua na marbh, beidh a mhian agus a mheanma beo inár measc fós. Bímis chomh séimh chomh soineanta lena chéile agus a bhí seisean lena chairde agus chomh dúr chomh dána leis ar an namhaid’.

Níor dearmadadh an Cógánach. Nuair a fuair Donnchadh Pléimionn bás bhí an méid seo in An Claidheamh Soluis 25 Lúnasa 1900: ‘The League is yet too young to have suffered severely from death; but Fr O’Growney, and Patrick O’Leary, and James Cogan, and Denis Fleming are gone, and with them four of the noblest-minded and most enthusiastic workers any cause could boast of’.

In Féilire na Gaedhilge 1906 tá cuntais ghairide ar 26 de Ghaeilgeoirí marbha agus ina measc tá James Cogan. Seo a leanas an cuntas sin: ‘SÉAMUS MAC COGADHÁIN 1870–1898. Muimhneach ab ea é. Do fuair tabhairt suas i gColáiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí. Do tháinig go Baile Átha Cliath, 1891. Scrúdaitheoir in Oifig Áirimh an Rialtais. Do scríobh sé chum an Irisleabhair agus chum United Ireland. Bhí sé ar an mórsheisear do chuir Conradh na Gaeilge ar bun. Ba mhinic “Duine gan ainm” mar ainm pinn air. Do chuaigh anonn go Sasana mar ar phós sé. D’imigh sé fá dhéin na hAstráile i ndrochshláinte agus is ansin do fuair bás’.

An t-aon James Cogan a bhí i gColáiste Cholmáin ba é James Cogan ó Theach Srafáin, Cill Dara, é. Bhí seisean ann ar scoláireacht i mbliain 1888–9. Dearbhaíonn an tAthair Seán Mac Oitir, Uachtarán Choláiste Cholmáin, gurbh é an coláiste féin a chuirfeadh an scoláireacht ar fáil agus nach foláir nó ba bhuachaill cliste amach is amach an Cógánach seo. Níl aon amhras ach gur d’Oifig Dhaonáireamh 1891 an tagairt sin san fhéilire (‘Oifig Áirimh an Rialtais’). In An Claidheamh Soluis 14 Aibreán 1900 tá alt faoi Acht Dhaonáireamh 1901. ‘The Irish member who takes the matter in hands might also find it convenient to inquire how it happened that in 1891 the special clerks employed in Dublin on Census work were paid only two-thirds of the salary allowed to similar clerks doing similar work in London; and whether the same little bit of Government sweating of Irish clerks is going to be done again this time. We put this point in recollection of a statement by the late Mr James Cogan, one of the founders of the Gaelic League, who was employed in Dublin as a Census clerk in 1891’.

Mar chabhair d’údair an chuntais seo fuair Gréagóir Ó Broin, Gaeilgeoir atá ag cur faoi i New South Wales, teastas báis James Cogan, ‘Excise Officer, Oldham, England, late of Turton Street, Semaphore’ a d’éag den eitinn 14 Deireadh Fómhair 1898. Tá Semaphore tuairim míle ó Phort Adelaide. 25 bliana d’aois a bhí an Cógánach seo, dá mba fhíor don teastas báis, rud a d’fhágfadh gur in 1873/4 a rugadh é. An t-adhlacóir a thug an fhaisnéis faoin mbás don chláraitheoir. Fiafraíonn Gréagóir an gciallaíonn seo go raibh an Cógánach ina aonar, nach raibh a bhean san Astráil.

Ón eolas sin go léir dhealródh an scéal go raibh sé ag obair in Darwen, Lancashire, in Aibreán 1897, gur phós sé bean in Oldham sa dúiche chéanna, gur imigh ina aonar chun na hAstráile nuair a tholg sé an eitinn.

An 17 Samhain 1897, in ‘Our Lady’s and St Patrick’s R.C. Chapel’, Oldham, pósadh James Cogan, baitsiléir 23 bliana d’aois, ‘clerk in Inland Revenue Office’, ar mhac é le John Cogan (a bhí marbh), maor talún, agus Ann Jane Cunliffe, baintreach 51 bliana d’aois arbh iníon í le George Croft, feirmeoir. Ba é seoladh na beirte 95 Napier St West, Oldham.

Níl aon amhras ach gurb é an James Cogan céanna é a rugadh 26 Meán Fómhair 1874 ag I Anna Villa, an Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath. Ba é John Joseph Cogan, maor talún, a athair agus ba í Mary Maclean an mháthair. Fuair John Cogan, maor talún, bás 13 Meitheamh 1897 i gCúirt an Easpaig in aice leis an Nás. Bhí an Cógánach seo caoga bliain d’aois agus is dóigh gurbh é athair Shéamuis é. Rinneadh an teastas báis a cheartú um Shamhain 1897 agus ní foláir nó is fiosrúchán a bhain le pósadh Shéamuis faoi deara an ceartúchán.

Rithfeadh le duine fiafraí cad a thug ar Shéamus bean a bhí, seans maith, níos sine ná a mháthair féin a phósadh. Ní dóigh go mbeidh fios fátha againn go bráth. Ach níor dheacair a shamhlú nárbh aon ghnáthchleamhnas a bhí ann, má bhí sé i ndrochshláinte cheana féin.

Conas a tharla eolas chomh maith sin ar an nGaeilge ag fear óg a rugadh is a tógadh i gceartlár na Galltachta? B’fhéidir go raibh an chlann lonnaithe i gceantar Gaeltachta ar feadh tamaill sular aistrigh siad go dtí Teach Srafáin. Nó b’fhéidir go mba Ghaeilgeoir an t-athair nó an mháthair? Ní haon chabhair a dteastas pósta. In Oifig an Chláraitheora, Ceantar Bhaile Átha Cliath Thuaidh, a pósadh iad 17 Samhain 1873. Ba é seoladh John Cogan 35 Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath. Maor talún ba ea é ag an am agus bhí an cheird chéanna ag a athair James. McClean an leagan de shloinne na máthar atá sa teastas pósta. Bean níocháin i gCúirt an Easpaig, Teach Srafáin, ba ea í agus bhí a hathair Hugh ina gharraíodóir ann. Ní réitíonn an t-eolas sin aon cheist atá le cur i dtaobh eolas Shéamuis ar an nGaeilge. Is amhlaidh a dhúisíonn sé ceisteanna eile.

Dhealródh an scéal go raibh baint leanúnach ag a mhuintir le Teach Srafáin. Fuair Séamus, an seanathair, bás i gCúirt an Easpaig 20 Meitheamh 1883 in aois 65 dó, agus bhí John Cogan – a mhac, ní foláir – ar dhuine dá sheiceadóirí. I Rathdaire, Mainistir Eimhín, a bhí seisean ag obair mar mhaor talún ag an am agus b’fhéidir gurbh ag an am sin a d’aistrigh sé féin agus a chlann go dtí Cúirt an Easpaig, tharla folúntas do mhaor talún ann, b’fhéidir.

Bhí aithne ag George Moonan (1872–1945) ar Shéamus óg, mar a dúradh thuas. Chaith seisean tamall i gcoláiste pulctha ag staidéar le haghaidh scrúdaithe státseirbhíse. Bhí sé ag freastal ar rang Risteard Uí Mhaoilbhréanainn i gceann de chlubanna Irish Fireside tuairim 1889–90. B’fhéidir gur sa choláiste agus sa rang Gaeilge a chastaí Séamus air. Ó Shéamus a chuala sé i dtaobh an Chonartha den chéad uair. Tá sé deacair a thuiscint cén fáth ar shíl an Muanánach gur Chiarraíoch Séamus mura ndéarfadh Séamus féin leis gurbh ea. B’fhéidir freisin gur chuig coláiste pulctha Mhártain Uí Cheallaigh, fear eile de bhunaitheoirí an Chonartha, a théadh Séamus.

Bhí litir ag ‘Duine gan ainm’ in United Ireland 29 Aibreán 1893 ag iarraidh ar an eagarthóir colún Gaeilge a fhoilsiú agus ba é ‘Duine gan ainm’ a bhí i mbun an cholúin ó 20 Bealtaine 1893 go 19 Eanáir 1895. Chuireadh Pádraig Ó Laoghaire, Pádraig Ó Briain agus Dubhghlas de hÍde ábhar chuige agus d’aistríodh sé féin dánta go Gaeilge agus chuireadh i gcló a leaganacha Béarla de dhánta Gaeilge. Thabharfá leat go raibh eolas ar leith aige ar Chorcaigh agus ar Chúige Mumhan. B’fhéidir gurb in é an fáth ar shíl daoine, arbh eol dóibh gurbh é ainm cleite Shéamuis é, gur Mhuimhneach é ‘Duine gan ainm’. Inniu féin is i gCorcaigh, ar ndóigh, atá formhór na gCógánach lonnaithe agus b’fhéidir gurbh ón gcontae sin dá athair.

Is iontach gur éirigh le buachaill 18 mbliana d’aois ról chomh tábhachtach sin a bheith aige i mbunú gluaiseachta a rachadh i gcion go mór ar chúrsaí na hÉireann go ceann i bhfad. Ach ní gá ach an Piarsach agus Liam Ó Maolruanaidh a lua chun a thaispeáint nár rud neamhghnách ar aon chor san am sin guth na hóige a bheith le cloisteáil sna comhairlí ab airde.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú