Rugadh Peadar ar 29 Deireadh Fómhair 1873 in Inse na gCatach i bparóiste na Cathrach lámh leis an Sciobairín i gContae Chorcaí. Bhí feirm bheag de thalamh bocht ag a athair Seán. Máire Ní Dhonnabháin ab ainm dá mháthair. Trí dhuine déag a bhí sa chlann. Den deichniúr a mhair chuaigh cúigear go Meiriceá. Cainteoirí dúchais Gaeilge an t-athair agus an mháthair ach is le Béarla a thóg siad Peadar. D’fhan sé ag freastal ar Scoil Náisiúnta Bharrach an Bhile go raibh sé ocht mbliana déag d’aois. Nuair a bhí sé sa tríú rang chuir a dheirfiúr i San Francisco leabhrán abhaile chuige agus is as a d’fhoghlaim sé aibítir na Gaeilge. Sa chéad abairt dá Fé bhrat an Chonnartha (1944) deir sé gur timpeall 1895 a chuir sé roimhe i gceart Gaeilge a fhoghlaim. Cheannaigh sé céad leabhar Uí Ghramhnaigh ach deir sé: ‘Ní raibh aon mhúinteoír agam ach mo mháthair agus ní múinteoireacht a dheineadh sí ach ag freagairt mo cheisteanna .... Do b’fhearr an Ghaeilge a bhí ag m’athair ná aíci. Níor casadh cainteoir Gaeilge riamh ó shin liom dob fhearr ná eisean’. Thosaigh sé ar Séadna a léamh os ard cois na tine d’oíche. Chuireadh a athair an oiread sin spéise sa scéal gur éirigh le Peadar cúnamh a fháil uaidh. Faoi 1898 agus é fós ag obair ar an bhfeirm bhí rang Gaeilge ar siúl aige sa scoil áitiúil.

In 1900 tháinig Tomás Bán Ó Concheanainn go dtí an Scoil. Cé go raibh sé ag spealadh acra féir an lá roimhe sin fuair Peadar rothar ar iasacht agus thaistil an fiche mile ann agus abhaile. Ní raibh ach fíorbheagán taithí aige ar an rothaíocht agus thit sé i bhfanntais ar an mbealach abhaile. ‘Sórt baiste i gcreideamh na timireachta a deineadh orm an lá sin’. I Samhain na bliana céanna d’eagraigh Tomás Bán cruinniú sa Sciobairín agus d’iarr ar Pheadar óráid a dhéanamh. Foilsíodh é in An Claidheamh Soluis, 17 Samhain 1900. I Samhain 1901 tugadh post timireachta dó. Bhí an obair sin ar siúl aige go dtí 1916. Ba é an timire par excellence é. Cé is moite de Thomás Bán ní raibh éinne eile a shiúil an oiread céanna den tír. Ba mhaith a bhí sé in ann ag múinteoirí agus sagairt agus pílir, an fear crua láidir seo nárbh fhéidir don fhuacht ná don fhliuchán é a chloí. Bhí comharthaí sóirt uile an timire aige, an dúil sa tseanchas agus sna hamhráin, é ag síorlorg na Gaeilge. Cuntas 731 leathanach i dtaobh na hoibre is ea Fé bhrat an Chonnartha.

Ar 10 Meitheamh 1912 i Mainistir na Féile sacadh isteach i bpoll dubh na beairice é mar gheall ar an leagan Gaeilge dá ainm a thabhairt do phílear. Scríobh Brian Ó hUiginn amhrán i dtaobh na heachtra

Says the Peeler to Peadar: ‘Come tell me your name’.

Says Peadar: ‘With pleasure I’ll tell you that same—

’Tis Peadar Ó hAnnracháin—small is the blame

To myself if it’s only a plain one’.

The Peeler grew white and the Peeler grew red,

He looked at his feet and he felt for his head.

He swelled and he swore and his dignity fled,

And he blurted out ‘What a yeh sayin’ man?’

Bobero, Birrello, what’ll we do?

The Depot is crowded and crimes are but few;

With no one to throttle, the future is blue—

Ochón for the Peelers of Éireann!

Ó 1904 bhí sé ag cumadh véarsaí faoin ainm ‘Lorga Liathbhán’. Tá breis agus 200 píosaí liostaithe in Clár litridheachta na nua-Ghaedhilge. Foilsíodh dhá chnuasach, An chaise gharbh in 1918 agus An chaise riabhach in 1937.

Ní raibh aon earnáil nár thriail sé— saothar dírbheathaisnéiseach (Mar mhaireas é, 1953; Mar chonacsa Éire, 1944; Machtnamh cime, 1933), an t-úrscéal (Nuala de Barra, 1944), gearrscéalta agus aistí, dráma (Stiana sa Mhainistir ar 26 Márta 1944). Tá cuid mhaith dá shaothar spréite ar fud páipéirí agus irisí—The Irish Peasant, An Lóchrann, Irisleabhar na Gaedhilge, An Claidheamh Soluis, An Saol Gaedhealach, An Tír, Fáinne an Lae agus Réalt an Deiscirt (Southern Star). Roghnaigh go leor eagarthóirí a dhánta dá nduanairí. Bhí sé ina eagarthóir ar An Lóchrann in 1907–8.

Ó 1913 amach bhí baint aige leis na hÓglaigh agus chaith sé an tréimhse Bealtaine 1916 go dtí Márta 1919 i bpríosúin éagsúla in Éirinn agus i Sasana. Arís in 1921 bhí sé i bpríosún san Oileán Mór, Beanntraí. In 1919 phós sé Máire Ní Dheasúna ó Chionn tSáile. Cheannaigh sé feirm tuairim 1.5 míle ón Sciobairín. Bhí post aige faoin gComhairle Chontae mar chláraitheoir. Bhí sé ina eagarthóir ar The Southern Star (Réalt an Deiscirt) ar feadh tamaill. Chaitheadh sé gach Lúnasa i mbun Choláiste Chairbre i gCuan Dor. Dar le ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 26 Feabhra 1955) gurbh é a bhunaigh Coláiste Chairbre i gCuan Dor in 1910 le cúnamh Mhichíl Uí Chuileanáin.

In 1938 dhíol sé an fheirm agus chuaigh chun cónaithe i mBaile Átha Cliath mar a bhfuair sé post i gCoimisiún na Muc agus an Bhágúin. D’éag sé ar 29 Márta 1965. Seisear clainne a bhí aige, ina measc Fachtna, ceoltóir agus dlíodóir, Neasa, aisteoir, agus Ciarán, an t-aisteoir scannán Kieron Moore.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú