Murach gur toghadh é ina Ard-Mhéara ar chathair Chorcaí, ar dá chionn sin a dúnmharaiodh é, ní bheadh sé difriúil, maidir le cúrsa a shaoil phoiblí, leis na scórtha d’ógánaigh a chuaigh isteach i gConradh na Gaeilge idir 1900 agus 1913. Tá a bheathaisnéis scríofa ag Florence O’Donoghue, Tomás MacCurtain, 1958.

Tionóntaí ar fheirm i mBaile an Chnocáin, Mainistir na Mórna, Co. Chorcaí, ba ea muintir a mháthar Julia Sheehan. Nuair a d’éag a hathairsean agus a deartháir dóbair go gcaillfeadh sí an fheirm. Ní raibh sí ach 17 mbliana d’aois. Ach phós sí Patrick Curtin agus ba é Tomás, a rugadh 20 Márta 1884, an duine ab óige den dáreag clainne. Tar éis bunoideachais i Ráth an Tóiteáin d’fhreastail sé ar Scoil na mBráithre sa Mhainistir Thuaidh, Corcaigh. Bhí sé ina chónaí lena dheirfiúr sa chathair. Fuair sé post cléireachais sa Cork Steam Packet Co.

Chuaigh sé isteach i gCraobh na Linne Duibhe den Chonradh i 1901. Bhí Gaeilge ag a athair. Deir Peadar Ó hAnnracháin: ‘Is dócha gur sa chathair a fuair sé féin eolas uirthi, ach dúirt daoine liom gur thug sé roinnt di isteach sa chathair leis ó cheantar Mhainistir na Mórna...’ (Fé bhrat an Chonnartha, 1944). D’fhoghlaim sé an teanga go maith agus deir O’Donoghue go bhfuair sé cabhair ó chainteoir dúchais darbh ainm Seán Ó Muimhneacháin a bhí ag obair san aon chomhlacht leis. Faoi 1902 bhí sé ina rúnaí ag an gcraobh. Bhunaigh sé ceolfhoireann do na baill. Veidhleadóir ba ea é agus d’fhoghlaim sé an phíb mhála ó John S.Wayland, bunaitheoir Chumann Píobairí Chorcaí. Tar éis dó bheith i mbun ranga ar feadh tamaill liostáil Fionán Mac Coluim é mar mhúinteoir taistil agus anuas go 1907 bhí sé anseo is ansiúd, deir O’Donoghue, in oirthear Luimnigh, Tiobraid Árann agus in oirthear Chontae Chorcaí. Fuair sé post i muilte mhuintir Mack i gcathair Chorcaí ansin ach lean air ag múineadh na teanga i gcraobhacha na cathrach. ‘Between 1901 and 1907, when the Gaelic League and its various activities were his main preoccupation, he filled many notebooks with copies of Irish songs, written in beautifully clear script’, a deir O’Donoghue. Agus deir Peadar Ó hAnnracháin: ‘Bhailigh sé amhráin ó sheandaoine agus é ar a choimeád, tráth, agus ba néata an scríbhneoir é.... Agus níorbh olc an iarracht a dhéanadh Tomás ar chúpla líne amhráín a cheapadh. Dhineamar le cabhair a chéile aistriú ar Hail Glorious St Patrick d’fhonn é a mhúineadh don bhuíon a chanadh dánta diaga sa teampall beag a bhí san áit’.

Phós sé ball de Chraobh na Linne Duibhe, Éilís Bhreathnach, i 1907 agus bhí cúigear clainne acu.

Timpeall 1906 ghlac sé mionn Bhráithreachas na Poblachta agus cheangail le Sinn Féin i 1907. Bhí baint aige le Craobh Chorcaí den Chomhairle Náisiúnta a bunaíodh an chéad lá chun cur in aghaidh chuairt an Rí i 1903. Bhí baint aige freisin leis an agóid in aghaidh Bhardas Chorcaí bheith ag dearbhú dílseachta don Rí um Meitheamh 1911. Bhí sé ina chisteoir agus ina mhúinteoir Gaeilge ag slua d’Fhianna Éireann ó 1911 amach. Nuair a bunaíodh na hÓglaigh i gCorcaigh i ndeireadh 1913 ba é Tomás a ceapadh ina rúnaí ar an gcoiste. Mheall sé iarshaighdiúír ina áit oibre, Suttons Ltd., chun bheith ina mhúinteoir druileála acu. Ceapadh é ina cheannasaí ar Bhriogáid Chorcaí i ndeireadh Eanáir 1915.

Toisc thrasnaíocht na dteachtaireachtaí a shroich Corcaigh theip ar na socraithe don Éirí Amach ann. Gabhadh Tomás 3 Bealtaine agus cuireadh go príosún Wakefield i Sasana é ar dtús agus ansin ar 10 Meitheamh go Frongoch. Aistríodh go Reading é 11 Iúil agus scaoileadh saor é um Nollaig 1916. Choinníodh sé dialann i nGaeilge agus d’eagraíodh ranganna Gaeilge sna príosúin sin. Díbríodh go Ledbury, Hertfordshire, é i 1917 agus chaith cúig mhí ann. Gabhadh arís é 30 Deireadh Fómhair. Cuireadh cúirt mhíleata air féin agus na príosúnaigh eile agus Tomás a dhréachtaigh ráitis i nGaeilge dóibh le léamh os ard sa chúirt. Tar éis tamaill ghairid ar stailc ocrais ligeadh saor iad.

Sheas sé mar iarrthóir sna toghcháin áitiúla i gCorcaigh in Eanáir 1920 agus fuair sé an vóta ab airde ina thoghlach féin. Toghadh é ina Ard-Mhéara ag an gcéad chruinniú den chomhairle cathrach nua 30 Eanáir, Micheál Ó Cuill á mholadh agus Toirealach Mac Suibhne ag tacú leis an rún. An chéad rud a rinne sé a mholadh dílseacht na comhairle a thabhairt do Dháil Éireann. Chuidigh Liam de Róiste leis an rún. Dúnmharaíodh ina theach féin é an 20 Márta. Ba é breithiúnas an choiste cróinéara gur bhaill den Constáblacht Ríoga a rinne an gníomh agus luadh go háirithe an Cigire Ceantair Swanzy. Shiúil 10,000 duine ina shochraid agus ba é Mac Suibhne a thug an t-aitheasc cois na huaighe i reilig Fhionnbharra.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú