Bhí sé ar dhuine de na cairde ab fhéile dá raibh ag Conradh na Gaeilge i gContae Lú. Nuair a d’éag sé dúradh in Fáinne an Lae, Márta 1930, go raibh sé ar an gcéad dream a d’ardaigh meirge Chonradh na Gaeilge agus nár comóradh feis ná céilí ná coirm cheoil i gcríoch ar feadh na mblianta nach é a bhíodh i mbun is i mbarr na hoibre. I mBaile Átha Fhirdhia, Co. Lú, a rugadh é. Baisteadh é ar 7 Eanáir 1872 agus ba iad Thomas Dolan agus Anne Seagrave a thuismitheoirí. Is mar seo a bhí acu i nDaonáireamh 1901 i Sráid an Chaisleáin: Thomas (75), ceannaí ginearálta; Anne (55); a mac Joseph (28), ardbhainisteoir a raibh céim mháistir aige ón Ollscoil Ríoga; a n-iníon Anne (18). Teach tábhairne a bhí ann agus bhí seisear oibrithe sa teach. Cuireadh síos go raibh Gaeilge ag an athair. I nGaeilge a líon Seosamh an fhoirm i 1911: Seosamh Tomás Ó Dóláin (39), grósaeir; a aint Úna Ní Shiochrú (45). Den seisear oibrithe sa teach bhí Gaeilge ag duine amháin. Níor chuir Seosamh síos go raibh Gaeilge aige féin.

Bhí sé ar scoil sa Tulach Bheag agus i gColáiste Choill Chluana Gabhann. Ghnóthaigh sé an chéim mháistir úd le honóracha sna clasaicigh in 1894 (liosta na gcéimithe in The National University of Ireland: Calendar for the year 1912) ach chaith sé a shaol i mBaile Átha Fhirdhia. Bhunaigh sé Cumann Seandálaíochta Lú i 1903 agus ba é a bhí mar chéad uachtarán air. Chuireadh sé eagar ar an Louth Archaeological Journal. Bhí sé ina rúnaí ar Chraobh Bhaile Átha Fhirdhia (An Claidheamh Soluis 24 Meitheamh 1905) agus ba ghnách é ina theachta acu chuig an Ard-Fheis. Ainmníodh don Choiste Gnó é i 1906. Bhí sé ina bhall de choiste Dháil Uladh (idem 9 Bealtaine 1908 agus Freeman’s Journal 21 Nollaig 1908). Thugadh sé léachtaí: ar ghleann na Bóinne i gColáiste Uladh (An Claidheamh Soluis 29 Lúnasa 1908); ar bharrshamhail Chonradh na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (idem 22 Bealtaine 1909). Bhí litir aige ag gearán i dtaobh an fhogha a tugadh faoi na heaspaig nuair a bhris siad Micheál Ó hIceadha as a phost (idem 10 Iúil 1909). Chuir páipéar an Chonartha sliocht i gcló 5 Márta as litir a bhí aige in Freeman’s Journal á chur in iúl go raibh Comhairle Contae Lú ar son an Ghaeilge a bheith éigeantach in Ollscoil na hÉireann: ‘The County Council would not co-operate with any university system which cut out the tree of native culture and intellectual growth from the roots’. Toghadh é i ina bhall den Choiste Gnó an bhliain sin 1910 (idem 13 Lúnasa 1910). Tuairiscíodh 8 Deireadh Fómhair go raibh sé i Meiriceá agus go raibh ar intinn aige monarcha bhróg a bhunú ar fhilleadh abhaile dó. Bhí moladh ar leith tugtha dó ag Craobh Uí Ghramhnaigh, San Francisco, i ngeall ar a raibh déanta aige ar mhaithe leis an nGaeilge.

Thugadh sé cabhair airgid do Scoil Éanna agus tá tagairtí dó in Letters of Patrick Pearse, 1980 in eagar ag Séamas Ó Buachalla. £1,100 a thug sé ar iasacht don Phiarsach. I litir amháin dúirt seisean: ‘I need not labour my gratitude to you for coming in this way to the rescue of Scoil Éanna. It is one of the generous noble things which make great movements possible and which great movements always call forth’. Ar 12 Deireadh Fómhair 1911 d’iarr sé air a bheith ar dhuine de stiúrthóirí na scoile. Bhí sé ina bhall de choiste oideachais na scoile le tamall (An Claidheamh Soluis 13 Feabhra 1911). Go gairid sula bhfuair sé bás scríobh sé chuig Bean Mhic Phiarais le rá nár mhian leis go dtabharfaí ar ais dó den iasacht a bhí tugtha aige ach cibé airgead a bheadh fágtha nuair a bheadh soláthar déanta di féin agus dá hiníon.

Seo iad na tagairtí dó i bpáipéar an Chonartha anuas go 1917: é a bheith ina chisteoir agColáiste Ó Méith (24 Lúnasa 1912); gur labhair sé ag mórchruinniú poiblí i dtaobh na teanga (22 Márta 1913); go raibh sé sa láthair ag an gcomhdháil teanga in Óstán Gresham (8 Iúil 1916); mar rúnaí ar choiste ceantair Lú go raibh sé ag lorg múinteora ó Chonnachta nó ó Ulaidh (9 Nollaig 1916); gur thug sé síntiús don Ridireacht Liteartha (2 Meitheamh 1917). Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais i nDún Dealgan (Freeman’s Journal 21 Eanáir 1915) agus ag cruinniú de Chonradh na Gaeilge i gContae Lú mhol sé rún go bhfillfeadh Dubhghlas de hÍde ar an uachtaránacht. Chuir sé in aghaidh daoine nár bhain leis an gConradh a bheith páirteach san Ard-Fheis (idem 6 Lúnasa 1915).

I 1922, le linn an Chogaidh Chathartha, gortaíodh é nuair a loiteadh músaem Chumann Seandálaíochta Lú.

In Old friends: being memories of men and places cuireann Lughaidh Breathnach síos air: ‘It was because Ireland was so little of an abstraction that his love for her was so real and practical. No task was too small or unimportant for him if it tended to exalt her. The little small-town Irish class kept together with such infinite patience and trouble, the preservation of some almost forgotten national memorial, the helping of some young person who might in time become a worthy and useful citizen, the editing of an archaeological journal, the attempt to educate public opinion on some point of national economics, and a hundred and one other things were outward and visible signs of the love that burned at his heart’s core’. Cuireadh i gcló sa leabhar céanna cuntas a bhí scríofa ag an Mon. Lyons in The Clongownian, Meitheamh 1930. Dúirt seisean: ‘His purse was always open and he spent a fortune in financing nascent industries. . . Over a dozen well-known pseudonyms, letters and articles poured weekly from his prolific pen. Often the same issue of a journal had contributions from him on subjects as far apart as afforestation, cost of living, housing, care of our graveyards, Irish-made cement, Proportional Representation, home-milled flour, and school gardens. His best writing was naturally in Irish history and archaeology. In it he had done work of real and abiding value and was actually engaged on a promising work up to the very day of his death’.

Deir Lughaidh Breathnach gur dócha gur thart ar £30,000 a d’infheistigh sé i scéimeanna éagsúla in Éirinn agus gur minic a chaill sé airgead leo. Ach d’éirigh le monarcha chathaoir a bhunaigh sé sa bhaile. Is mar gheall ar a chuid oibre a cuireadh feabhas ar chúrsaí tithíochta i mBaile Átha Fhirdhia: d’éiríodh leis dul i gcion ar rannóga éagsúla rialtais. D’eagraigh sé scoil oíche d’óige an bhaile agus bhí sé ag éileamh go mbunófaí leabharlann sa chontae. In New Ireland Review agus Louth Archaeological Society Journal is mó a scríobhadh sé ailt. D’éag sé 23 Eanáir 1930. Tá cuntais iarbháis in Louth Archaeological Society Journal, 1929, Breifny Antiquarian Society's Journal, 1931 agus in Catholic Bulletin, 1930.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú