'An Gabhar Donn' an t-ainm pinn a d'úsáideadh sé. Nuair a léigh Dubhghlas de hÍde páipéar ag cruinniú de Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge dúirt sé go raibh aithne aige ar an nGordúnach le fada 'as a poet and a fine Irish scholar' (Fáinne an Lae 21 Deireadh Fómhair 1899). In Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge luann Muiris Ó Droighneáin in aon anáil leis an gCraoibhín agus Pádraig Ó Beirn é mar dhuine de phríomhfhilí 'Ré na dTosaitheoirí'. In An Gaodhal a d'fhoilsítí a dhéantús de ghnáth agus bhíodh ábhar aige freisin in Irisleabhar na Gaedhilge, United Ireland agus Fáinne an Lae. Deir de hÍde gur toghadh é 'ina rúinchléireach in éineacht le Eoin Mac Néill' ag cruinniú den Chonradh i Meán Fómhair 1893 (Mise agus an Conradh). Bhí sé fós ina bhall deArd-Choiste Chonradh na Gaeilge in 1897. Thogh an Ard-Chraobh mar chisteoir é 22 Samhain 1899 agus bhí sé i gceannas ar rang staire acu. In An Claidheamh Soluis 25 Samhain 1988 tá 'the veteran in the fight' mar chur síos air: b'amhlaidh a thug Éamonn Ó Néill (1876-1946) mar shainmhíniú ar Éireannach 'one who Irish or is sorry he doesn't' agus chuir an Gordúnach mar eireaball leis 'that the sorrow should bear fruits of repentance'.

Chuir Micheál Ó Maoláin as Árainn aithne air san Ard-Chraobh. I bhfad ina dhiaidh sin chuir sé síos mar seo air in Ar Aghaidh, Aibreán agus Bealtaine 1954: 'An fear seo atá i gceist agam bhí sé meánaosta téagartha, gan é ró-ard, é maol; cuma dlíodóra den ré sin air, cé go gcreidim nach raibh ann ach cineál cléirigh a bhíodh de shíor ag gabháil do chuntasaíocht. Bhí sé lách go maith le labhairt leis ach ní abróinn gur thuig sé dada faoi chúrsaí na Gaeltachta ná an bhaint a bhí ag na ceantracha sin le hathbheochan na Gaeilge.... Bhain sé leis na Plymouth Brethern nó dream éigin mar sin. Chonnacas féin amuigh ar an tsráid leo siúd é'. Dar leis an Maolánach gurbh é an chaoi a mbaineann ball barrúil den Ard-Chraobh, Liam Soirtéil, síneadh as an sloinne Gordon a tosaíodh ar 'Gabhar Donn' a thabhairt air!

Bhí sé ina theachta ón Ard-Chraobh chun mórchomhdháil an Chonartha i 1900 agus bhí baint mhór aige le Feis Laighean agus Mí an bhliain dár gcionn. Is annamh ar fad aon tagairt dó ina dhiaidh sin. D'éag sé 30 Lúnasa 1934. Ní raibh aon pháipéar á fhoilsiú ag an am toisc stailce. 'Retired clerk' an cur síos atá air ina uacht agus bhí cónaí air ag 34 Bóthar Chluain Tarbh. Bhí mac amháin ar a laghad aige mar bhí soinéad aige faoi An Gaodhal in 1891 nuair a bhí sé ceithre mhí d'aois. Is dá iníon Dorothy a deonaíodh probháid a uachta. Phós sé Isabella Wiallamson, iníon le Alexander Williamson, máistirghunnadóir, san eaglais Phreispitéireach i mBré 23 Samhain 1889. Cuireadh síos gur chuntasóir (book-keeper) ba ea é agus gurbh é Samuel Willard Gordon, a raibh gnó déanta scuab aige, a athair.

Bíonn meascán mearaí faoina ainm. Luaitear an sloinne 'Mac Gabhráin' anseo is ansiúd. Is coitianta 'McSharry' ná 'McSherry' ach 'McSherry' atá sa teastas pósta.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú