Scríobh an fear seo, a bhí ina Rúnaí ag an Roinn Oideachais, téacsleabhair Ghaeilge, d’aistrigh téacsleabhair, agus scríobh drámaí. Bhí sé ar dhuine den ‘Dá Aspal Déag’, mar a thugtaí ar na chéad chigirí scol a ceapadh i 1923 chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna scoileanna. Ba é an duine ab fhadsaolaí díobh sin é agus, is dóigh, de mhuintir thús na hAthbheochana, agus tá eolas ar a shaol sa dírbheathaisnéis Cuimhne an tSeanpháiste, 1966. Deir sé ar leathanach a 203: ‘Ní minic a luaim ainm duine sa leabhar seo.’ Cé go dtugann sé cur síos fada ar an mbreac-Ghaeltacht láidir arbh as dó, go hiondúil ní luann sé ach oiread logainm ná ainm scoile; fiú ainm an athar ná na máthar ní luann sé ná an Trian Bán, an baile fearainn i mBéal Chláir inar saolaíodh é ar 26 Deireadh Fómhair 1886. Bhí ‘Trian Bán’ ar cheann dá ainmneacha pinn in éineacht le ‘Tóchar Mháirtín’ agus ‘Clais an Aifrinn’. Tugtar 10 Deireadh Fómhair mar dháta breithe in áiteanna.

Cainteoir Gaeilge as Co. Mhaigh Eo a athair Michael, fear a scríobhadh véarsaí Gaeilge; fuair seisean post i Scoil Saighleáin i gceantar Bhéal Chláir agus tugadh lóistín dó i dteach mhuintir mháthair Mhichíl sa Trian Bán; fuair sise (Bridget Joyner) post sa scoil chéanna agus pósadh iad. Ba é Micheál an seachtú mac acu agus d’éag an t-athair nuair a bhí sé ceithre mhí d’aois. Fuair cuid de na mic bás ina naíonáin ach mhair Tomás, Pádraig agus Riocard; bheadh post an mhúinteora i Saighleán ag Riocard (An Claidheamh Soluis 5 Aibreán 1902 agus Cuimhne an tSeanpháiste) agus bheadh Tomás ina Ollamh le gné den leigheas i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe agus ina uachtarán ar an gCumann Éigse agus Seanchais sa Choláiste. Ní sa bhaile a bhí Micheál nuair a rinneadh Daonáireamh 1901 agus is mar seo a bhí an teaghlach: Bridget Walsh, N.T. (52), baintreach; a mac Richard, N.T. (28) agus a bhean Mary agus a mhac Michael (3). I 1900 chaith Micheál bliain i gColáiste Iognáid mar dhalta lae, ansin bliain eile mar mhac léinn cónaithe i gColáiste na bProinsiasach sa Chreagán, agus bliain eile fós i gColáiste Sheosaimh i nGaillimh. Is timpeall an ama seo a thosaigh a spéis i ngluaiseacht na teanga; bhí páirt aige sa dráma Lá an Chíosa le Labhrás Ó Tuathail agus bhuaigh duais ar labhairt na Gaeilge ag Feis na Gaillimhe. Roghnaigh sé Gaeilge, Fraincis agus Béarla sa chéim BA. Is inspéise an cuntas a thugann sé ar a dheacracht a bhí sé aon staidéar ar fónamh a dhéanamh ar an nGaeilge sa choláiste san am sin. Ní raibh aon duine ar an bhfoireann in ann eolas ar an Sean-Ghaeilge a thabhairt agus is i mBaile Átha Cliath a chaitheadh mic léinn dul faoin scrúdú cainte. D’fhaigheadh Micheál obair pháirtaimseartha mar léachtóir le Gaeilge agus é ina mhac léinn go fóill. Chaith sé tamall ina eagarthóir ar iris an choláiste agus i 1908-9 ghlac páirt sa díospóireacht i dtaobh an Ghaeilge a bheith ina hábhar riachtanach sa Mháithreánach. Agus é ar saoire sa bhaile bhí sé rannpháirteach sa bhfeachtas a bhain le hainmneacha i nGaeilge a bheith ar thrucailí.

Chaith sé sé bliana ag múineadh i scoileanna pulctha i mBaile Átha Cliath agus i rith an ama sin phós sé Nóra Ní Allmhuráin (arís ní thugann sé fiú a hainm ná a sloinne agus b’éigean teacht ar thaifead beireatais a mhic Aodhán a rugadh i Ros Cré 20 Lúnasa 1922 chun teacht orthu) agus bhain céim mháistir amach sa Ghaeilge. Bhí sé ocht mbliana ag múineadh i gColáiste na gCistéirseach i Ros Cré agus i rith an ama sin a tharla imeachtaí 1916-23. I ndiaidh an Éirí Amach bhí sé gníomhach sa National Aid Association. Chabhraigh sé le Sinn Féin in Olltoghchán 1918 agus bhí ar aon ardán le Darrell Figgis, Larry Ginnell agus Pádraig Ó Máille i dTuaim oíche. Bhí a bhean ina cisteoir ag Cumann na mBan i Ros Cré. Dhéantaí a dteach a chuardach go minic; babhta díobh sin cad a goideadh ach nótaí a bhí scríofa aige le cur lena thráchtas máistir, tráchtas a bheadh Cumann na Scríbheann nGaedhilge sásta a fhoilsiú ach nótaí a bheith curtha leis. Ní raibh de chroí ann tosú arís ar an taighde. Bhí céim mháistir aige ó Ollscoil na hÉireann.

Ó 1923 chaith sé bliain is fiche ag cigireacht: bliain ina bhunchigire, tamall fada ina mheánchigire, ina chigire ar an nGaeilge agus ar an teagasc trí Ghaeilge ar fud na hÉireann—ba mhinic ag taisteal trí sheachtain as a chéile é sa phost sin—agus ó 1934 ar aghaidh ina chúntóir ag an bPríomhchigire. Sular bunaíodh an Gúm bhí baint aige le Coiste na Leabhar agus le soláthar téacsleabhar Gaeilge. D’aistrigh sé féin Bun-chúrsa Laidne 11 (Longman’s Latin Course 11), Stair na hÉireann ó thosach anuas go dtí 800 A.D., 1932 agus Stair na hÉireann ó 800 A.D. go dtí 1600, 1934 (ba leabhair le John Ryan, S.J. an dá leabhar staire); is insuime ó thaobh na polaitíochta de gur sa chló rómhánach atá an chéad imleabhar den saothar staire sin agus gur sa chló gaelach atá an dara ceann. D’aistrigh sé Think well on’t le R. Challoner (Déan do mhachtnamh go maith air, 1943). Scríobh sé na téacsleabhair: Cúrsaí na hÉireann, 1935-36, Fíon na filidheachta, 1931, Stair na hEorpa, [gan dáta] agus Prós na Fiannaidheachta, 1932. Nuair a d’éirigh Seosamh Ó Néill as a bheith ina Rúnaí ar an Roinn i 1944 fuair Micheál an post sin agus bhí ann go 31 Márta 1953. Is i rith na tréimhse rúnaíochta sin a tharla stailc fhada na múinteoirí náisiúnta (1946) agus a cuireadh ar ceal an riail faoina gcaitheadh múinteoirí ban éirí as a bpoist ar phósadh dóibh. Ní luann sé ina dhírbheathaisnéis an iris liteartha An Treallán ar foilsíodh an chéad uimhir de i 1952 agus ar measadh gurbh é Micheál faoi deara é; dhamnaigh Máirtín Ó Cadhain é le barr tarcaisne in Comhar, Meitheamh 1952, é ag tagairt go háirithe do sheanaimsearacht na scríbhneoireachta, agus b’in deireadh leis an iris sin. Ceapadh é ina chathaoirleach ar An Chomhairle Leabharlanna i 1954.

Cnuasach aistí leis is ea Trom agus éad-trom, 1927, aistí a bhí foilsithe i nuachtáin ó 1915 ar aghaidh. Scríobh sé péire dráma: Cor in aghaidh an chaim. Dráma grinn aon-mhíre, 1931, ar tugadh an chéad léiriú dó in Amharclann na Mainistreach 4 Márta 1929 (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail) agus Draoidheacht Chaitlín, 1932, ar tugadh an chéad léiriú dó sa Phéacóg 25 Bealtaine 1930 (idem). Bhuaigh sé an chéad duais ag Oireachtas 1922 sa chomórtas ‘Dráma aistrithe ó theanga eile’. Ó 1923 ar aghaidh bhíodh aistí agus scéalta i gcló aige faoin ainm ‘Tóchar Mháirtín’ in Fáinne an Lae, Misneach, Ar Aghaidh, Humanitas. I Ros Cré dó scríobhadh sé ar logainmneacha Thiobraid Árann Thuaidh in Tipperary Star. D’éag sé ar 18 Bealtaine 1987 agus cuireadh é i Ráth Tó, Co. na Mí. In Tuam Herald 30 Bealtaine 1987 tuairiscíodh: ‘At 99 years of age he recorded two tracks, “Anach Cuain” and “Mise Éire”, for the LP Reflections of Ireland released by the Sylane Hurling Club, 1985.’ Nuair a shroich sé an céad bhronn an club sin pláta airgid air. Dúradh sa tuairisc chéanna go bhfuair a bhean bás tuairim is tríocha bliain roimhe sin agus gur mhair iníon agus triúr mac ina dhiaidh; dochtúirí ba ea an ceathrar agus i Sasana a bhí cónaí ar thriúr acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú