I 1922 nuair a bhíothas ag téisclim chun go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach feasta sna bunscoileanna bhí an-ghá le dea-thoil na múinteoirí a bheith le cibé rud a dhéanfaí. Bhí ionad straitéiseach ag Cormac Breathnach san obair go léir. Bhí sé ar Choiste Gnóan Chonartha le fada, é ina idirghabhálaí idir an Conradh agus Cumann na Múinteoirí Náisiúnta i 1920 agus ina uachtarán ar an gCumann i 1922–3.

Ar an gCnapóg i nGleann na hUíne, Co. Chiarraí, a rugadh é. Tá an Uíne ag sní ó Bhealach Oisín chun na farraige i mBá Bhaile an Sceilg. Feirmeoir ba ea a athair Seán agus iníon feirmeora a mháthair Cáit Ní Chonchubhair ó Chom an Spiara. B’í an Ghaeilge gnáththeanga an cheantair nuair a bhí Cormac ag éirí suas.

I ndiaidh dó bheith ina mhonatóir sa scoil náisiúnta i mBaile na Cille fuair sé oiliúint sa mhúinteoireacht i gColáiste Maoilbhríde, Baile Átha Cliath. Bhí sé ag múineadh anseo agus ansiúd i dTiobraid Árann agus tharla ar feadh tamaill é i Scoil Gharraí Sheáin i nDún Eochaille. Deir Dan Breen ina leabhar My fight for Irish freedom (Eagrán nua c.1965): ‘The Principal died about the time I was in fourth class. Charlie Walshe, a Kerryman, was appointed to act as substitute. He was better known in later years as Cormac Breathnach, Lord Mayor of Dublin. Charlie had been engaged by the Gaelic League to teach Irish in the rural areas. He did relief work in several national schools in our district. It may be of interest to learn that he also taught Sean Treacy, Dinny Lacey, Packy Deere, Sean Hogan.... He did not confine his history lesson to the official text-book. He gave us the naked facts about the English conquest of Ireland.... To the end of his days Charlie was in the habit of boasting of his rebel past pupils’.

Phós Cormac Caitlín Ni Riain as Tiobraid Árann. Saolaíodh beirt chlainne dóibh. Duine díobh Seán Breathnach a bhí ina bhreitheamh nuair a d’fhás sé suas. Ach cailleadh Caítlin go hóg. D’fhan Cormac ina bhaintreach go ceann tamaill mhaith sular phós sé Bríd Prendergast, príomhoide scoile. Bhí sé tar éis filleadh ar Bhaile Átha Cliath tuairim 1912 agus chaith sé breis agus 20 bliain ag múineadh i Scoil Maoilbhríde. Deirtear nár bhain sé feidhm riamh as slat sa scoil.

Bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge sa tréimhse 1926–28 agus ba é a mhol go dtiocfadh Mac Giolla Bhríde (An Tiarna Ashbourne) i gcomharbacht air féin. I 1929 foilsíodh a aistriúchán ar chuid de shaothar Phádraic Uí Chonaire faoin teideal Field and Fair : travels with a donkey through Ireland. I mórthoghchán 1932 toghadh ina Theachta Dála é d’Fhianna Fáil. D’éirigh leis a shuíochán a choimeád i mBaile Átha Cliath Thuaidh ar dtús agus ansin i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh i ngach toghchán go dtí gur éirigh sé as an bpolaitíocht lánaimseartha i 1954.

I 1932 toghadh é arís ina uachtarán ar Chumann na Múinteoirí Náisiúnta. D’fhreastail sé ar an gcruinniú beag ar 13 Feabhra 1933 a chuir an cumann foirgníochta E.B.S. ar bun agus bhí sé ina bhall den chéad bhord. I 1933 freisin a bhronn Ollscoil na hÉireann céim LL.D. air toisc a raibh déanta aige ar son an oideachais. Toghadh é ina ArdMhéara ar Bhaile Átha Cliath i 1949/50. D’éag sé ar 29 Bealtaine 1956.

Scríobh sé aistí i dtaobh cúrsaí cultúir, oideachais agus litríochta in Misneach, An Camán, An Claidheamh Soluis, Inis Fáil agus Fáinne an Lae idir 1920 agus 1931. D’aistrigh sé William Tell Schiller in An Claidheamh Soluis – (Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1931).

Is spéisiúil gur sheas a dheartháir Fionán do Chlann na Poblachta i mBaile Átha Cliath (Thuaidh Láir) i dtoghcháin 1948, 1951 agus 1954.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú