Ag fágáil beirt Árannach as an áireamh, den 322 Gaillimheach a cuireadh i bpríosún in Frongoch b'as iarthar na Gaillimhe do thriúr díobh: Micheál Ó Droighneáin seo, Pádraig Ó Máille agus Conchubhar Ó Laoghaire a rugadh i Ros an Mhíl (Frongoch: university of revolution, 1987 le Seán O’Mahony). Gan amhras bhí fir go leor ón taobh sin i bpríosúin eile sa Bhreatain.

I dTuar Beag tamall taobh thiar den Spidéal, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 20 Eanáir 1889. Feirmeoir beag ba ea a athair Seán agus b’as Ros an Mhíl dá mháthair, Bríd Ní Scanláin. Cúigear deartháireacha agus beirt deirfiúracha a bhí aige. Cuireadh bunoideachas air i Scoil an Spidéil. Bhí sé ina bhall de Chraobh Choláiste an Spidéil de Chonradh na Gaeilge agus tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 4 Eanáir 1913 é bheith ag aisteoireacht le foireann drámaíochta na craoibhe sin. Ba é a roghnaíodh an bhliain sin chun Óid an Oireachtais, a scríobh Seán Mac Maoláin, a reic.

Bhí sé ina Oifigeach Ceannais ar Bhriogáid Chonamara Theas de na hÓglaigh agus ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta. Gabhadh é 1 Bealtaine 1916 agus ar 24 Meitheamh thuairiscigh páipéar an Chonartha go raibh sé ar dhuine de na múinteoirí Gaeilge i Wandsworth. Áiríonn Seán O’Mahony é mar dhuine den seisear ba ghníomhaí i ngnóthaí na teanga in Frongoch. Ionnarbadh as Éirinn é, dar leis An Claidheamh Soluis 3 Márta 1917, agus tuairiscíodh san iris chéanna 21 Aibreán 1917 gur briseadh as a phost múinteora é i Scoil na bhForbacha. Tá tagairtí don aighneas a lean sin ag an Athair Pádraig Ó Laoi in Father Griffin, 1994.

Comhthoghadh é ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha i 1918 (Fáinne an Lae 9 Bealtaine 1918) agus toghadh é arís 1919–21. Bhí sé gníomhach i gCogadh na Saoirse i rith an ama ach i Lúnasa 1919 bhí sé ar dhuine de phríomhbhunaitheoirí Choláiste Gaeilge Mhic Phiarais i gCathair na Gaillimhe. Aistríodh an coláiste sin ar ball go Cill Éinne, Árainn, agus ansin go dtí na Forbacha (Fuaim na mara: irisleabhar Choláiste Mhic Phiarais Uimhir I 1925). Micheál a bhí ina uachtarán agus ba é a thairg post ollúna do Phádraig Ó Conaire. Tá cuntas aige ar a chaidreamh ar an údar in Clocha ar a charn, 1982 in eagar ag Tomás de Bhaldraithe.

Bhí sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh i 1922 agus chaith tamall gairid ina ghovarnóir ar phríosún na Gaillimhe. Ach mhair an cairdeas a bhí snaidhmthe aige le ceannairí an taoibh eile agus go háirithe le hiarghéibheannaigh Frongoch ar nós Thomáis Uí Dheirg.

Bhí sé ina bhall de Mhuintir na Gaeltachta ó thosach agus ina chathaoirleach ar choiste Chonnacht den eagraíocht ó 1955. Bhí sé ar dhuine den choiste a bhunaigh an páipéar Amárach agus dar le uimhir 13 Feabhra 1964 den pháipéar sin go ndíoladh sé seasca cóip ina cheantar féin.

Rinne sé roinnt aisteoireachta agus aistritheoireachta do Thaibhdhearc na Gaillimhe. ‘É ina scríbhneoir oilte agus ina aisteoir clúúil, ar ardán na Taibhdheirce, an t-am ab fhearr don drámaíocht Gaeilge i nGaillimh’, a dúradh in Ar Aghaidh, Márta 1964. Foilsíodh aistriúcháin a rinne sé ar phéire dráma leis an mBantiarna Gregory: Cara an phobail, 1934 (Hyacinth Halvey); An fear siúil, 1936 (The travelling man). D’aistrigh sé drámaí eile ach níor le haghaidh a bhfoilsithe. Deirtear go raibh spéis mhór aige i gcúnna ráis agus bhí sé ina bhainisteoir oinigh tráth ar ráschúrsa na Gaillimhe. Bhíodh sé gafa go mór freisin le cúrsaí Chumann Lúthchleas Gael ina cheantar féin.

Bhí sé pósta ar Mháire de Búrca ó Bhaile na Cúirte, Órán Mór, Co. na Gaillimhe. Múinteoir sna Forbacha ba ea í agus bhí triúr mac agus triúr iníonacha acu. Dúradh in Ar Aghaidh, Márta 1964 gur le Gaeilge a thóg siad iad. D’éag sé 5 Feabhra 1964 agus tá sé curtha i Rathún, Gaillimh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú