Sna Sceichíní ar Shliabh gCua a rugadh é 18 Samhain 1852. Muiris a bhí ar a athair. B’as an gCnoc Buí dósan. B’as Sliabh gCua féin don mháthair Cáit Ní Iceadha. Bhí an Ghaeilge aige ón gcliabhán. Ba sheanuncail leis Pilib Séimh Ó Fathaigh, an fear ar chum a dheirfiúr amhrán atá i mbéal phobal na nDéise go fóill. Dar le cuntas in Honesty 14 Nollaig 1929 nár chaith sé ach bliain go leith sa scoil naisiúnta agus gurbh i scoil scairte is mó a fuair sé oideachas. Deirtear sa chuntas céanna: ‘He spoke Irish with unsurpassed fluency and power’. Dúirt Marbhán in The Leader 21 Nollaig 1929 faoina chuid cainte; ‘... a chomhrá caoin a raibh seanfhocail agus filíocht ag fiach a chéile agus ag sárú a chéile ann ...’. Deir Séamus Ó Casaide in Irish Book Lover, Nollaig 1930: ‘Do chuir sé suim mhór i leabhraibh Gaelacha agus do bhí bailiú beag de sheanlámhscríbhinní aige’.

Ó 1868 amach bhí Dónall ar aimsir i siopa éadaitheora i nDún Garbhán. D’éirigh leis a shiopa féin a oscailt ar ball. Is i ndiaidh dó dul i mbun gnó is ea a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge. Sna 1880idí bhí baint aige leis an Dungarvan Industrial Association. Deirtí gur de dhéantús na hÉireann nócha faoin gcéad dá mbíodh ar díol aige agus gur trí Ghaeilge a dhéantaí ochtó faoin gcéad de ghnó an tsiopa.

Lúthchleasaí den scoth a bhí ann agus bhain sé clú amach ag caitheamh bollaí, sa léim agus sa choisíocht. Tugadh aird ar leith ar an gcomórtas ilbheartach a bhuaigh sé in Eochaill in 1883. Bhain sé craobh na hÉireann sa phreab, coiscéim agus léim faoi rialacha an IAAA in 1885 dar leis an Waterford News 6 Nollaig 1929. Tríocha troigh agus ocht n-orlach a ghlan sé, curiarracht nár sáraíodh go dtí 1888. Tá tagairt don lá sin sa chaoineadh a chum a chara Pádraig Ó Mileadha (Duanta andeas, in eagar ag Gearóid Denvir). Is cur síos an-bheoga ar a ghaiscí lúthchleasaíochta an t-alt úd in Honesty.

Bhí sé ina bhall de Chumann Lúthchleas Gael ó thús agus is gnách ‘Athair an Chumainn i gContae Phort Láirge’ a thabhairt air. Ar feadh blianta fada bhí sé ina chisteoir ag Comhairle na Mumhan. Bhí sé ina bhall den choiste a rinne na rialacha a chaighdeánú. Ba é a cheannaigh an chéad fhaiche dá raibh i seilbh an Chumainn, an faiche darb ainm ‘Dan Fraher’s Field’ i nDún Garbhán. Is iomaí cluiche mór a imríodh ann, cluichí ceannais na Mumhan agus trí cinn de chluichí ceannais na hÉireann féin. Bhí Dónall ina réiteoir i gcluiche ceannais iomána 1892 idir Corcaigh agus Baile Átha Cliath i bPáirc Chluain Toirc i mBaile Átha Cliath i mí an Mhárta 1893. Ba é an chéad chluiche ceannais é a raibh 17 bhfear ag imirt ar fhoireann agus arbh fhiú cúig chúilín cúl agus ar cheadaithe don chraobhchlub imreoirí nár leo féin sa chontae a roghnú. Bhí conspóid i dtaobh cúil a chuir na Corcaigh isteach agus nuair nárbh fhéidir an cluiche a chríochnú chinn lárchomhairle an Chumainn ar an gcraobh a thabhairt do Chorcaigh.

Bhí sé ina bhall den chéad chraobh de Chonradh na Gaeilge i nDún Garbhán agus ina chisteoir acu ar ball. Thug sé cabhair do Mheánscoil na Rinne trína mhac Muiris a chur ann. Dúirt Pádraig Ó Cadhla ina thuairisc chuig Ardfheis Chonradh na Gaeilge i 1908: ‘Ó pharóiste na Rinne agus Sean-Phobal Dhéagláin do na scoláiri go léir a chleachtann léann sa scoil seo ach aoinne amháin .i. Muiris óg Ó Fearchair, mac an rí-Ghaeil sin Dónall Ó Fearachair a rug leis óna shinsir gach cáil agus clú ba dhual do Ghaeil agus nár staon dá gcleachtadh riamh. Ghabh sé bua ar ghaiscigh a chomhaimsire i bhfuinneamh géag agus lúth cnámh. Ba bhéas dó suim thar chách a chur i leabhair an tseanchasa agus gach éacht agus eachtra a ghnáthaídís Gaeil’ (Iolscoil na Mumhan ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne: gearrstair, 1987 le Micheál Ó Domhnaill). Bhí sé ina uachtarán ar Choiste Dúiche Chonradh na Gaeilge i gContae Phort Láirge.

Líon sé foirm Dhaonáireamh 1911 go hiomlán i nGaeilge agus dúirt go raibh an teanga ag gach aon duine sa teaghlach agus ag beirt searbhóntaí sa teach. Is cosúil go raibh Dónall agus an Piarsach cairdiúil le chéile agus is sa teach sin a chaith Bean Mhic Phiarais a laethanta saoire 1918 (Fáinne an Lae 27 Iúil 1918). Chaith Muiris tamall i.

Bhí Dónall i bpríosún i gCampa Bhaile Coinnleora agus deir Pádraig Ó Mileadha (Duanta andeas, 1934) an méid seo: ‘Gur mar gheall ar a raibh déanta aige ar son na hÉireann a gabhadh é aimsir an chogaidh; gurbh í an aimsir a chaith sé sa phríosún a bhris a chroí, agus ba thrúig báis dó’. Phós sé Máire Bhreathnach agus bhí mac agus iníon, Cáit, acu. Ag 17 Cearnóg Grattan, Dún Garbhán, a bhí cónaí orthu. D’éag sé ar 2 Nollaig 1929 agus tá sé curtha sa Chnoc Buí. Bhí Cáit pósta ar Pax Ó Faoláin, duine de laochra Chogadh na Saoirse i gContae Phort Láirge.

Corn Uí Fhearchair atá ar throfaí chraobhchomórtas peile na Mumhan.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú