I gCinn Aird, Lios Póil, Co. Chiarraí, ar 28 Aibreán 1885 a rugadh é. Feirmeoir a athair, Maitiú, agus ba í Máire Ní Shúilleabháin ó Lios Deargáin a mháthair. Cainteoirí dúchais Gaeilge iad ach dhealródh gur Béarla a labhraítí sa teach. Ach ar nós a choil seisir Tomás Ághas bhí an oiread sin Gaeilge ag daoine fásta an cheantair go raibh an teanga ag Pádraig óna óige. Deartháireacha ba ea Séamus agus Seán, seanaithreacha Phádraig agus Thomáis. Comharsana béal dorais agus cairde ba ea an bheirt ógánach. Nuair a scaoileadh fir Lewes saor ar 17 Meitheamh 1917 ba é Pádraig a bhí i gcoinne Thomáis i nDún Laoghaire. Ar Phádraig a thit sé a mholadh gurbh é Tomás a bheadh ina iarrthóir i bhfothoghchán an Chláir Thoir. Ach tharraing Tomás siar chun go rachadh de Valera ar aghaidh.

D’fhoghlaim Pádraig léamh agus scríobh na Gaeilge i Scoil an Aird Mhóir i Lios Póil. Bhí múinteoirí den scoth ann, Micheál Ó Conchubhair go háirithe, agus an teanga á múineadh ann chomh luath le 1890. Mhéadaigh ar spéis Phádraig inti i Meánscoil na mBráithre Críostaí sa Daingean (1900–1904).

Chaith sé an tréimhse 1905–1910 ina mhúinteoir Gaeilge i Lios Mór agus oileadh é ina mhúinteoir náisiúnta i gColáiste De La Salle, Port Láirge, sna blianta 1910–12. Fuair sé post sa Dún Beag, Co. an Chláir, i 1912 agus lean air ag múineadh ansiúd go ndeachaigh sé ar pinsean i 1950. Phós sé Eibhlín Ní Shúilleabháin, múinteoir i scoil na gcailíní san áit, ar 8 Eanáir 1916 sa Dún Beag. Ní raibh aon chlann orthu. Bhí tuismitheoirí Eibhlín ina múinteoirí i scoileanna an Dúin Bhig freisin agus is nuair a scoir siad a ceapadh Pádraig ina phríomhoide i Scoil na mBuachaillí agus Eibhlín i bhfeighil na gcailíní. Is spéisiúil go dtiocfadh Micheál Ághas, file, nia Phádraig, mar chomharba ar ball.

Fuair athair Eibhlín, Pádraig Ó Súilleabháin, bás 24 Meán Fómhair 1918. Cainteoir dúchais Gaeilge é agus bhí sé ina mháistir scoile sa Dún Beag ar feadh 40 bliain. I nóta in Fáinne an Lae 19 Deireadh Fómhair 1918 deir Pádraig go mba chainteoir dúchais Gaeilge é, molann a fheabhas a bhí caint an Chláir aige agus deir sé go raibh ‘poirt thar comhaireamh’ aige.

Chuir Pádraig an-dúil i nGaeilge an Chláir. Scríobhadh sé seanchas, scéalta agus dánta ó Ghaeilgeoirí Chorca Baiscinn. Scríobh sé leagan de “Barántas na mBróg” síos ó Mháire Bean Mhic Dhomhnaill igCill Ard, Dún Beag (i gcló in An Scuab, Eanáir 1923). B’in í máthair Pat (Babe) MacDonald a bhuaigh boinn óir Oilimpeacha i Stócólm agus in Antuairp.

Bhíodh sé ina ollamh i gColáiste Uí Chomhraí, Carraig an Chabhaltaigh gach samhradh den tréimhse 1913–1927. Ó 1919 go 1926 bhí sé ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge agus bhí baint aige le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó 1943 amach. Ó thosach go dtí timpeall 1960 bhí sé ina bhall de Choiste Gairmoideachais an Chláir. Nuair a d’ainmnigh de Valera é don phainéal saothair i 1951 toghadh ina Sheanadóir é (1951–1954). Bhí sé ina chathaoirleach tamall ag múinteoirí náisiúnta an Chláir.

Cúpla bliain sula bhfuair sé bás d’aistrigh sé féin agus Eibhlín go dtí Órán Mór, Co. na Gaillimhe. Ann a fuair sé bás ar 22 Nollaig 1966. Tá sé curtha sa Dún Beag.

Idir 1919 agus 1932 bhí aistí agus dánta i gcló ag Pádraig in An Scuab, Misneach, Irish Fun, Fáinne an Lae agus An Claidheamh Soluis. Bhuaigh sé go leor duaiseanna Oireachtais ar phrós agus ar fhilíocht sna blianta 1913 go 1921. Scríobh sé Scéalta triúir (gearrscéalta), Scéalta andeas (úrscéal) agus Gaetha gréine 1 agus 2. Roghnaigh Shán Ó Cuív dán le Pádraig, “Maidin mheala Chásca sea tháinig Séamus chugham”, dá dhuanaire Dord Féinne (1927). Foilsíodh freisin Toirmeasg sidhe (1929), dráma do pháistí, Sgéalta scoile (g.d.) agus Gnáth-Eolas ar nádúir (1922).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú