Is toisc gur thosaigh a shaol poiblí nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois a thugtaí Domhnall Óg air de ghnáth. Ní raibh teacht ar theastas breithe ach is ar 20 Iúil 1890, san Ardeaglais i gCorcaigh, a phós a thuismitheoirí, William Callaghan agus Catherine Donovan. ‘Labourer’ an cur síos ar William féin, ar a athair agus ar athair Catherine i dtaifead an phósta. Bhí cónaí orthu ag 11 Cnocán an tSéipéil, Corcaigh (Irisleabhar na Gaedhilge, Márta 1903). Faoi Dhaonáireamh 1901 is mar seo a bhí an teaghlach: William Callaghan (34), gníomhaire árachais a raibh Gaeilge aige, a bhean Catherine (34) nach raibh aici ach Béarla. I gContae Chorcaí a rugadh William agus Catherine. Ba iad a gclann: Daniel (9), scoláire, Gaeilge aige; Mary (5); William (2); Jeremiah (dhá mhí). Bhí siad imithe ón teach roimh Dhaonáireamh 1911. Fuair sé bunoideachas i Scoil Chnoc Easúin mar a raibh Éamonn Ó Donnchadha ag múineadh.

In An Claidheamh Soluis 20 Meán Fómhair 1902 scríobh Pádraig Mac Suibhne (1871-1936): ‘At Feis na Mumhan, however, we had evidence of genuine teaching in one school at least—the Eason’s Hill School in the North Parish. A pupil of that school, who got his first lesson in Irish a year ago, came up in conversation, and, after an exhaustive fire, which he stood in fine style, carried off second prize. At Feis na Mumhan, happily, it is well nigh impossible for anyone not a native speaker “ón gcliabhán” to win a prize, and this young “cainteoir” from Eason’s Hill had for antagonists some of the youthful giants who are to continue into the future the tradition which Humphrey Lynch [Amhlaoibh Ó Loingsigh q.v.] and others in the Baile Bhuirne school are creating today. In recitation the same boy won first prize. Other competitors from the same school came, showing good teaching; but Domhnall Ua Ceallacháin overshadowed them. This incident of the Feis has not been touched by others who have written their impressions, and it seems to me well worth recording’. Bhain sé an chéad áit sa chomórtas sóisearach aithriseoireachta ag an bhFeis sin. Sa pháipéar ar 4 Deireadh Fómhair 1902 bhí aiste dar teideal ‘Here and there in Cork’ ag Pádraig Mac Piarais: ‘In Cork City, the most stimulating thing noticeable just at present is the incipient conversion of the North Parish into an Irish-speaking district. This is due partly to the fine local branch of the League, partly to the work of the Eason’s Hill Schools. Anyone who doubts the feasibility of making even our cities Irish-speaking in time should drop into those schools and have a chat in Irish with some of the boys—preferably with young Domhnall Ó Ceallacháin’. Mar bhall de Chraobh an Pharóiste Thuaidh ghlac sé páirt in Oireachtas 1903 agus ba é an t-aon iomaitheoir sóisearach nárbh as Baile Átha Cliath dó. Tá litir agus pictiúr i gcló aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Márta 1903. Bhí comórtas ar siúl ag an iris faoin ábhar ‘An tSlí inar chaith mé an Nollaig’. D’imigh sé ar a laethanta saoire tuairim 12 míle ar an taobh thuaidh de chathair Chorcaí agus bhailigh scéalta agus amhráin ó shean-Ghaeilgeoirí. Roinneadh an chéad duais air féin agus ar Phádraig Ághas, Coláiste Bhréanainn. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 31 Eanáir 1903 go raibh sé ar dhuine de thoscaireacht ó Chraobh an Pharóiste Thuaidh a labhair ag bunú craoibhe i Ráth an Tóiteáin, Mainistir na Móna.

Tá an méid seo ina thaobh in Fé bhrat an Chonnartha, 1944 le Peadar Ó hAnnracháin: ‘Ní raibh aon gharsún óg i gCorcaigh lena linn chomh líofa i nGaeilge le Domhnall Óg. Bhí an Conradh go cumhachtach sa tír nuair a rugadh é, agus shocruigh a athair go bhfaighfeadh sé tabhairt suas Gaelach. Fuair, leis, agus siúd agus go bhfuair an t-athair bás sular fhás an mac leanadh den teagasc. Ba shárchliste an cainteoir é. Ní bhfuaireas a thuairisc le fada’.

I ndiaidh an Éirí Amach toghadh é mar dhuine de rúnaithe an ‘Irish National Aid Association’ i gCorcaigh agus ar 3 Nollaig 1916 ina bhall de chraobh athbhunaithe Shinn Féin. Faoi Mheán Fómhair 1918 bhí sé ar a choimeád. Nuair a dúnmharaíodh Tomás Mac Curtáin bhí Domhnall ar dhuine díobh siúd sa Bhardas a ainmníodh mar chomharba agus a tharraing a n-ainmneacha siar chun gurbh ag Traolach Mac Suibhne a bheadh post an Ard-Mhéara. Ar 4 Samhain 1920 toghadh é mar chomharba ar Mhac Suibhne agus bhí sa phost go 1922. Bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhairle Chontae Chorcaí ag an am. I ndiaidh loisceadh Chathair Chorcaí 11 Nollaig 1920 chuaigh sé go Meiriceá chun fianaise a thabhairt i dtaobh an ghnímh sin. Toghadh é ina Theachta Dála gan freasabhra i mBealtaine 1921. Bhí sé ar dhuine den triúr a thug corp Thaidhg de Barra ó Bhaile Coinnleora abhaile go Corcaigh ar 17 Samhain. Ar 3 Eanáir 1922 labhair sé sa Dáil in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Níor atoghadh ina Ard-Mhéara é agus chaill sé a shuíochán Dála ar 16 Meitheamh. Chaith sé tamall fada i ndiaidh 6 Eanáir 1922 ag míniú cás na bPoblachtach i Meiriceá. I rith an Chogaidh Chathartha bhí sé ina bhall de rialtas na bPoblachtach. Lean a spéis sa Ghaeilge agus bhí sé ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge ó 1917 go 1923 agus bhí ar choiste áitiúil an Oireachtais i gCorcaigh i 1919.

Fuair sé post i mBord Soláthair an Leictreachais nuair a bunaíodh é agus bhí ag obair i mBaile Átha Luain agus i mBaile Átha Cliath mar chuntasóir acu. ‘Cúilín na Mara’, Dumhach Trá, Baile Átha Cliath, a sheoladh nuair a d’éag sé 12 Meán Fómhair 1962. Bhí sé 71 bliana d’aois. Tá sé curtha i Reilig Ghráinseach an Déin, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí sé pósta ar Eibhlín Ní Shúilleabháin ó Chill na Martra, deirfiúr le Micheál Ó Súilleabháin a scríobh Where mountainy men have sown. Ní raibh sliocht orthu. Bhí ar a laghad triúr deartháir agus beirt deirfiúracha aige.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú