‘Ní mheasaim go bhfuil aon iascaire in Éirinn a bhfuil a eolas aige ar Ghaeilge agus is cinnte nach bhfuil aon fhear ag scríobh Gaeilge atá in ann a ghabháil chun céimíochta leis maidir leis an iascaireacht. Fear a chuir trí cinn is daichead d’ainmneacha cineálacha feamainne le chéile agus a thug sampla de gach ceann díobh ní beag a eolas ar chladaí...’, a dúirt Tomás Ó Máille sa réamhrá a chuir sé le leabhar Shéamuis, Cladaigh Chonamara, 1938.

I Maínis, Co. na Gaillime a rugadh é 13 Eanáir 1891. An t-aon chlann de mhuintir Ridge i Maínis nuair a rinneadh Daonáireamh 1901 ná Colman (32), feirmeoir, a bhean Barbara (30), a mic James (8), Kerrins (sic) (6) agus John (2), agus a n-iníon Mary (4). Bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla ag an athair agus ní raibh ag an mháthair ach Gaeilge. In ainneoin go ndúradh san fhoirm go raibh Séamus dhá bhliain níos óige, caithfidh sé gurb in iad a mhuintir. Sa tuairisc ar a óige in Conamara man, 1969, a scríobh sé faoin ainm ‘Séamus Ridge’, luann sé a athair Colmán, a mháthair Bairbre agus a dheartháireacha Séan agus Ciarán agus a dheirfiúr Máirín. Thug sé le fios sa leabhar sin nach raibh aon Ghaeilge ag ‘an mbunmhúinteoir ar scoil ná aon Bhéarla ag na daltaí. Le hiascaireacht a chuaigh sé agus thosaigh sé go luath ag cruinniú na dtéarmaí a bhain leis an gceird sin agus leis an mbádóireacht. Chrom sé freisin ar scéalta agus amhráin a bhailiú.

Bhuaigh sé duais ón iris Ireland’s Own ar chur síos a rinne sé ar bhá Lá Fhéile Mhic Dara 1907. B’in a d’adhain a spéis sa scríbhneoireacht an chéad lá. Bhí aistí, scéalta agus amhráin i gcló aige in An Stoc idir 1919 agus 1926. Ba é Colm Ó Gaora a mhol dó cáilíocht mar mhúinteoir Gaeilge a fháil i gColáiste Chonnacht agus chaith sé tamall leis an gceird sin i gContae Ros Comáin sula ndeachaigh sé go Bealach Conglais i gCill Mhantáin.

Le linn an Chogaidh Chathartha cuireadh ina leith go raibh tiomáint eallaigh ar siúl aige agus b’éigean dó dul ar a choimeád. D’éirigh leis teastas múinteora a fháil i gColáiste na Rinne agus thug Séamus Ó Dubhghaill (c.1885-1971) post dó in Inis Córthaidh. Tá cuntas greannmhar in Fáinne an Lae 22 Márta 1924 ar theagmháil a bhí aige le ball den Gharda Síochána nua agus é ag rothaíocht san oíche gan lampa. Fuair sé duais ar chnuasach de sheanamhráin ag Oireachtas 1924.

Chuir sé isteach ar phost buan i Sligeach ach ní raibh sé le fáil aige nuair nach dtógfadh sé mionn dílseachta. Chuaigh sé go Meiriceá i 1926 agus bhí i bhfeighil ranganna Gaeilge don Chumann Gaelach agus do Chonradh na Gaeilge. In ‘Seosamh Daibhéid agus cuid dá chairde’ (Feasta, Deireadh Fómhair 1988) tuairimíonn Tomás de Bhaldraithe gur cheal Béarla a theip air cead dul go dtí na Stáit Aontaithe a fháil ón gconsalacht i mBaile Átha Cliath. Deir Tomás gur oibrigh sé an seanchleas, dul go Ceanada agus scrúdú a sheasamh a bhí i bhfad níos éasca. Gur éirigh sé as obair i 1960 bhí post aige i gcomhlacht iarnróid. Dúirt Ó Máille: ‘B’éigean dó Meiriceá a thabhairt dó féin, an áit a gcaitheadh sé ó bhliain go chéile gan grian an lae a fheiceáil go ndeachaigh sé faoina shláinte’. An eitinn a bhí air.

I leaba ospidéil, agus gan focal dá theanga dúchais le cloisteáil aige ar feadh trí bliana, a scríobh sé Cladaigh Chonamara, 1938. Chabhraigh Seosamh Daibhéid leis chun eagar a chur air agus ar bhealaí eile (Tomás de Bhaldraithe in Feasta, Deireadh Fómhair 1988). Foilsíodh eagrán nua i 1985. D’éag sé 15 Samhain 1967. Irene ab ainm dá bhean.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú