I gCluain Coirbthe, Fíonach, Co. Luimnigh, in aice leis an Ráth, a rugadh é. Feirmeoir ba ea a athair Máirtín agus deir Séamus Ó Cróinín sa réamhrá a chuir sé le Duanaireacht Sruthán Dúthalla, 1984 (a d’fhoilsigh Glór na nGael Chuilinn Uí Chaoimh, agus arb é an dara heagrán é de Duanaire Dúitch’ Ealla, 1932 a d’fhoilsigh an Gúm) gur Ghaeilgeoir díocasach ba ea Máirtín, é ina bhall den Chumann Oisíneach (1853–), de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus d’Aontacht na Gaeilge. Nuair a bhí sé ina ógfhear mhúineadh sé an teagasc críostaí i nGaeilge sa tséipéal do dhaoine nach raibh léamh acu. Tá a charta ballraíochta ó Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge i seilbh gharmhac Sheáin i gCuilinn, Diarmuid Ua Cadhla. B’as Cill Mhuire i gceantar Dhroichead Abhann ó gCearnaigh sa Chlár do mháthair Sheáin. Máire Nic Chonmara ab ainm di. Is cuid de sheanchas na clainne gur dhuine dá muintir a chum ‘Cnocáinín Aerach Chill Mhuire’.

D’fhreastail Seán ar an scoil áitiúil agus ar scoil i dTeampall Gleanntáin sular ceapadh é ina chúntóir i scoil Fhíonaí. Tar éis cúrsa bliana (1881–82) sa Mhodhscoil i Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, bhí poist aige i gCill Mhichíl i gContae an Chláir agus i gCill Fhionáin, Co. Luimnigh, sular ceapadh é ina phríomhoide i gCuilínn Uí Chaoimh, Co. Chorcaí, in aice le teorainn Chiarraí, Feabhra 1884. D’fhreagair sé fógra in Cork Examiner ag lorg iarratas ar phost príomhoide. Ba ghá bheith cáilithe chun amhránaíocht a theagasc, an harmonium a sheinm, agus chun cór na heaglaise Caitlicí i gCuilinn a stiúradh.

Níor fhéad sé lóistín a fháil i gCuilinn. D’fhan sé i Sráid an Mhuilinn agus bhíodh air cúig mhíle a shiúl gach maidin go dtí an scoil. Ar deireadh fuair an sagart paróiste lóistín dó i dteach feirmeora ar an Mullach Rua. Phós sé iníon an tí, Eilís Ní Chaoimh, ar ball agus thóg teach ar an leath-acra a fuair sé mar spré léi. Bhí ceathrar mac agus seachtar iníonacha acu.

B’fhéidir a rá gurbh eisean a thug ionad ar léarscáil Chonradh na Gaeilge don cheantar, ionad a bhí lán chomh suntasach lena raibh ag paróistí cáiliúla Chnoc a’ Bhile i dTiobraid Árann, agus Chill Scíre i gContae Thír Eoghain.

Tuairiscítear in Irisleabhar na Gaedhilge 1 Aibreán 1895 go bhfuair sé teastas múinteoireachta Gaeilge in Iúil na bliana roimhe sin. I measc an 23 eile a fuair an teastas in éineacht leis bhí Tomás Ó hAodha, Peadar Ó Gráinne, Eoghan Ó Súilleabháin, Michéal Ó Dochartaigh, Domhnall Ó Duibhne, Pádraig Ó Laoghaire, agus Eibhlín Ní Dhonnabháin, comhluadar suaitheanta. Deir Seámus Ó Cróinín gurbh é a athair Máirtín a mhol do Sheán cromadh ar an nGaeilge a mhúineadh tuairim an ama sin.

Nuair a bunaíodh craobh den Chonradh i gCuilinn Meán Fómhair 1898 toghadh é ina chathaoirleach agus as sin amach bhíodh a ainm le feiceáil an-mhinic i bpáipéir an Chonartha. Bhí sé ina leasuachtarán ar choiste Fheis Dhúthalla a cuireadh ar siúl den chéad uair riamh, i gCuilinn, 9 Iúil 1899. Ba é a mhol an rún buíochais don Dr Dónall Ó Loingsigh a bhí sa chathaoir an lá sin, agus tuairiscítear gur chas Seán ‘An Cúilfhionn’ ag an bhFeis. Dúirt Peadar Ó hAnnracháin faoi in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Bhí sé ana-cheolmhar agus bhíodh an veidhlín agus an fheadóg ina thigh aige chun caitheamh aimsire a thabhairt dó féin’.

Peileadóir ba ea é agus gairid i ndiaidh a cheaptha i gCuilinn agus i ndiaidh bhunú Chumann Lúthchleas Gael mhúin sé rialacha na peile do bhuachaillí na scoile. Ní raibh peil ná iomáint á imirt san áit roimhe sin.

Bhí cainteoirí dúchais Gaeilge sa cheantar go fóill agus murach Seán ní móide go scríobhfaí síos aon ábhar uathu. In Irisleabhar na Gaedhilge, Feabhra 1897, tá scéal Fiannaíochta a fuair sé ó bhéalaithris Thaidhg Uí Chonchubhair, an Cnoc Dubh, Cuilinn, agus fuair sé duais Oireachtais in 1899 ar scéal eile ón bhfear céanna. Arís ag Oireachtas 1902 fuair sé duais sa chomórtas ‘Dornlach de sheanscéalta nár cuireadh i gcló riamh fós’. Ba ón gCnoc Dubh freisin do Dhomhnall Ó Conchubhair agus ní móide go leanfadh seisean ag scríobh véarsaí murach an misneach a thug Seán agus Conradh na Gaeilge dó. Cnuasach díobh is ea Duanaire Dúitch’ Ealla. Tá ar bhailigh Seán den bhéaloideas le fáil in aistí in An Claidheamh Soluis, An Lóchrann, Fáinne an Lae ... I gcló in Éigse, Vol I, Part III, Fómhar 1939 tá leagan den dán cáiliúil ‘Caoine ar Dhiarmuid Mac Cárthaigh’, a scríobh Seán síos ó Bhríd Bean Uí Chathasaigh, Cathair Bhearna, tuairim 1931. Foilsíodh an leagan sin arís in Seanchas Dúthalla 1991, mar aon le haiste ar Chárthaigh Ráth Rua agus Ráth Dubháin le Diarmuid Ua Cadhla, garmhac Sheáin.

Mac le seanchomharsa i gCluain Coirbthe ba ea an Mgr Micheál Ó Riordáin, Reachtaire Choláiste na nGael sa Róimh, agus deirtear gurbh eisean a ghríosaigh Seán chun scéalta agus seanchas a bhreacadh ar eagla a gcaillte. Scríobh sé ábhar síos ní hamháin i gCuilinn ach i mBaile an Fheirtéaraigh agus sa Rinn. Ar an drochuair cailleadh nó milleadh a chuid páipéar.

Is léir go raibh spéis ar leith aige freisin i modhanna múinte teanga. Bhí iarracht istigh aige ar chomórtas Oireachtas 1906. D’éirigh leis i scrúdaithe Choláiste Múinteoireachta na Mumhan an bhliain chéanna. Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhain sé dintiúirí amach sa Rinn. I litir atá i gcló in Duanaireacht Sruthán Dúthalla scríobh sé: ‘Do mhúineas an Ghaeilge le héifeacht do Scoil Chuilinn le breis is deich mbliana fichead; agus do mhúineas chomh héifeachtach san ar feadh treimhse í, gur bhagair an Starcach [Dr William J. Starkie, Coimisinéir Cónaitheach an Bhoird Oideachais] briseadh amach orm dá chionn san’. Tá cuntas ag Peadar Ó hAnnracháin ar an raic a tharla nuair a chuir Seán tús leis an gClár Dátheangach ina scoil féin 1907. Bhí eagla ar chuid de mhuintir na háite go leanfadh scoil na gcailíní a shampla agus bhailigh siad ainmneacha le cur in aghaidh an fhiontair nua. ‘Ach bhí an Cadhlach rompu agus a mhalairt de scéal ar pháipéar ag cairde leis agus a n-ainmneacha leis mar dheimhniú air sin .... Bhí cuid de na daoine seo i bponc mar chualamar go raibh a n-ainmneacha ar an da pháipéar’. Thionóil an timire Seán Ó Cearbhaill cruinniú poiblí agus is ag an gCadhlach a bhí an lá. Ach is cosúil gur chuir cigire drochthuairisc isteach air tuairim 1911 agus gur ag an bpointe sin a rinneadh iarracht ar é a bhriseadh as a phost.

In aiste dar teideal ‘The Old school in Cullin’ (Seanchas Dúthalla 1981) deirtear gur ghlac Seán mionn Bhráithreachas na Poblachta go hóg ina shaol agus gur mhinic i rith 1919–21 a bhíodh a theach cónaithe mar cheanncheathrúna ag Colún Reatha Chorcaí Thuaidh. Bhí páirt ag a mhac Roger sa troid. D’imríodh seisean peil le foireann an chontae agus ba é a ceapadh ina phríomhoide i ndiaidh Sheáin.

Lean Seán den mhúinteoireacht go dtí 1925 agus d’éag 4 Aibreán 1942.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú