Chuaigh Dubhghlas de hÍde in éineacht le W. B. Yeats go cruinniú i gCorcaigh ar 23 Eanáir 1893. Bhí 150 sa láthair ach 44 bliain ina dhiaidh sin níor chuimhin leis ach gur ann a casadh dó den chéad uair Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896) agus Pádraig Stúndún (Mise agus an Connradh, 1937).

Sa Churraichín, Baile Mhac Óda, Co. Chorcaí, a rugadh an Stúndúnach. Nuair a d’éag sé ar 30 Samhain a bhí fógra a bháis in Cork Examiner. Bhí ‘Boston papers copy’ san fhógra báis; sa chathair sin a bhí cónaí ar a mhac Edmund um an taca sin. Scríobhadh in Cork Examiner 2 Nollaig 1908: ‘Sprung from an old and respected Ballymacoda family.... Nobody had a better command of Irish than he and nobody did so much to preserve the old sayings, proverbs, and idioms and for this he was wont to visit some of the best Irish speaking districts in Munster during his holidays. He acted as official interpreter in the courts in Cork for a great number of years ...’.

Nuair a bhí Daonáireamh 1901 á dhéanamh bhí cónaí air ag 12 Bóthar Síorghlas, Corcaigh. Dúradh san fhoirm go raibh a bhean Mary 45 bliana d’aois agus go raibh an t-aon duine clainne a bhí in éineacht leo, a mac Edmund, 17. ‘Court interpreter’ an cur síos atá ann ar a shlí bheatha agus dúradh go raibh sé 67 bliana d’aois. B’fhéidir gur ar mhaithe lena bhean a thug sé an aois sin. In Banba, Márta 1902, scríobhadh:

Cé go bhfuil Pádraig os cionn a cheithre fichid tá a lámh chomh cliste agus an mheabhair chomh meanmnach anois is bhíodar tá blianta ó shin nuair a thairg sé fáilte Chlanna Gael do Dhomhnall Mac Cába, Gaeilgeoir ón mBántír, tar éis dó téarma a chaitheamh i gcarcar Chorcaí ar son Éireann. Sonas ort, a Phádraig, a éigeas na Laoi.

Tuairiscíodh in Irisleabhar na Gaedhilge, Nollaig 1895, i dtaobh cruinnithe den Chonradh i gCorcaigh a raibh an Craoibhín i láthair aige: ‘Léigh mac mic an Stúndúnaigh scéal as An Sgéulaidhe Gaedhealach. Fuair an garsún seo príomhdhuais na haicme ar a raibh sé sa Scrúdú Meánach i mbliana mar gheall ar fheabhas a Ghaeilge’. Ní bheadh sin ag teacht le haois bhean chéile Phádraig i 1901! Ní raibh fáil ar theastas breithe an mhic Edmund a tuairiscíodh a bheith sa teach i 1901. B’fhéidir gur bhotún é agus gur gharmhac le Pádraig é. An t-aon mhíniú eile a d’fhéadfadh a bheith ar chontrárachtaí aoise agus eile an scéil gur phós Pádraig faoi dhó.

Thosaigh Pádraig ag cur scéalta chuig Irisleabhar na Gaedhilge in 1884. Bhíodh ábhar aige in Shamrock, The Irishman, Banba, agus Fáinne an Lae’. Bhí aistriúchán ón nGaeilge ar bheatha Naomh Fionnbharra i gcló aige in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, Aib.-Beal. 1893. Deir Pádraig Ó Riain ina thaobh in uimhir 1991 den iris sin:

Dá fheabhas chun na peannaireachta Stanton, áfach, is minic a bhíodh sé dall go maith ar bhrí an téacs. Go deimhin, más iad na heachtraí drochshamplacha féin iad, d’éirigh leis iad a chur ó aithint ar fad san aistriú Béarla a chuir sé lena eagrán.

Tá tagairtí dó ag Pádraig de Brún in Lámhscríbhinní Gaeilge Thorna I. ‘Thug Pádraig tamall ag díol leabhar do Blackie & Sons, Glasgow, Virtue & Co., London, etc. ach nuair a thráigh ar an ngnó fágadh gan obair é. Casadh é féin agus an scríbhneoir [C. G.Doran] ar a chéile i gCorcaigh timpeall an ama seo agus dúirt Pádraig go raibh an LS seo ar siúl aige. Thairg Doran cúig ghiní dó ach dúirt sé gur dó féin a bhí sé á scríobh, go raibh bailithe inti aige mórán rudaí ó Bhaile Mhacóda agus go raibh a ainm féin aige i bhfoirm acrostic i dtosach an leabhair agus mar sin nár mhaith leis é a thabhairt uaidh. Cúpla mí ina dhiaidh sin, áfach, nuair a bhí an LS críochnaithe fuair sé uaidh í. Chuir Doran an Stúndúnach in aithne don Athair É. de Barra, Ráth gCormaic, agus d’fhostaigh sé sin é chun cóipeanna a dhéanamh de LSS an Athar Cinipheic, iarshagart paróiste na háite sin, sular aistríodh iad go Coláiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí’.

D’aistrigh sé ‘Carraig Dhonn’ go Gaeilge do Éilís Ní Mhurchú agus dúirt sí é ag Cúirt Chuimhne an Phléimionnaigh i mBéal Feirste ar 26 Meán Fómhair 1902. Roghnaigh an tAthair Pádraig Breathnach trí bhunamhrán dá dhéantús le cur in Sídh-Cheol, [1924–26].

Ba chuimhin le Liam de Róiste é:

Scoláire eile den seandream ab ea Pádraig, fear a chaith díograis le litríocht na Gaeilge gan aon chuimhneamh ar shochar a bhaint aisti. Bhí sé ina fhear teanga sna cúirteanna le haghaidh cúiseanna a mbeadh Gaeilgeoirí ag tabhairt fianaise iontu. Ba chuimhin le Liam tráthnóna samhraidh dár thug sé cuairt ar theach an Stúndúnaigh chun leagan Gaeilge d’fheartlaoi a fháil uaidh. Bhí loinnir an bhróid i súile an tseanduine agus é ag taispeáint lámhscríbhinní dá chuid féin dó; bhí an ghrafnóireacht go hálainn iontu, agus gach ceann acu faoi chumhdach ar nós leabhair (Liam de Róiste, 1976 le Diarmuid Ó Murchadha)

Pearsa thábhachtach ba ea é i gConradh na Gaeilge i gCorcaigh. Ba dhuine é den triúr a cheap siad chun leaganacha Gaeilge de na sráidainmneacha a sholáthar do Bhardas Chorcaí (An Claidheamh Soluis 29 Márta 1902). Bhí sé ar dhuine de na moltóirí ag céad Fheis na Mumhan i 1900. D’éag sé ar 29 Samhain 1908.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú