Ba é seo an ceannasaí ba dhúthrachtaí a d'oibrigh ar son na teanga i gCúige Uladh sa scór bliain go 1941. Nuair a bhíothas ag comóradh a chuimhne in 1983 d'fhoilsigh Éigse Oirialla péire leabhrán: Father Larry Murray le Liam Mac an tSagairt agus Lorcán Ó Muireadhaigh: sagart agus scoláire leis an Athair Anraí Mac Giolla Chomhaill. Sa chéad uimhir de Seanchas Ard Mhacha (1954) bhí aiste shubstaintiúil i dtaobh a shaothair staire ag Tomás Ó Fiaich agus tá an abairt seo aige sa chéad alt: 'Bíodh an aiste seo a leanas, mar sin, ina chéad chomhartha ómóis ó Sheanchas Ard Mhacha don té a bhí ina oibrí aonair sa ghort céanna ar feadh daichead bliain'.

I gCairlinn, Co. Lú, mar a raibh a athair James Murray ina bhall den Chonstáblacht Ríoga, a rugadh é ar 8 Meitheamh 1883. B'as Cúil Darach i Muineachán do James ach b'as Cairlinn féin don mháthair, Julia McGrath. Fuair James ardú céime i gClár Chlainne Mhuiris go luath ina dhiaidh sin. Sa bheairic a bhí cónaí ar an gclann agus is sa bhaile sin agus i nDún Dealgan, mar ar chuir sé faoi nuair a d'éirigh James as an gConstáblacht in 1891, a rugadh an chuid eile den chlann: ceathrar mac agus ceathrar iníonacha. Tá cuntas ar an gclann agus ar ar tharla dóibh ag Mac Giolla Chomhaill.

Bhí Lorcán ag freastal ar bhunscoil an chlochair i gClár Chlainne Mhuiris agus ansin ar Scoil na mBráithre i nDún Dealgan agus chaith na blianta 1893-7 ag freastal ar Scoil Náisiúnta Maolmhaodhóg sa bhaile sin agus bhí ina mhonatóir ann. Chuaigh sé isteach i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha, roimh dhul go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, dó in 1901. Is beag má bhí aon ghnáthábhar léinn nár ghnóthaigh sé duais ann ansiúd agus in 1904-5 bhain sé Duais Mhic Ghiolla Máirtín ar stair eaglasta. Chabhraigh sé sa Choláiste leis an Dr Mac Cafraidh chun a stair eaglasta a scríobh. Cheana féin bhí aistí staire á scríobh aige in Louth Archaeological Journal – bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Seandalaíochta Chontae Lú in 1903 – agus in Irisleabhar Mhaigh Nuad. Ba dhóigh le Tomás Ó Fiaich go ndeachaigh a chomh-mhac léinn Pól Breathnach agus aistí Eoin Mhic Néill ar an seanstair in Irish Review i gcion air go mór. Bhí baint aige le cúrsaí na Gaeilge agus an náisiúnachais sa Choláiste.

ls fear eile de bhunaitheoirí Chumann Seandálaíochta Co. Lú, Énrí Ó Muirgheasa, a mhúscail a spéis sa Ghaeilge an chéad lá agus ba eisean faoi deara gur bronnadh air an scoláireacht a thug go Coláiste Uladh é in 1906. Is ar an gcuma sin a adhnadh a spéis freisin sna hamhráin tuaithe, sna dánta diaga agus sa seanchas.

Ba é an Dr Mannix a bhí ina uachtarán ar an gColáiste ag an am agus bhí dúil ar leith aige i gcúrsaí disciplín. Bhíothas tar éis rabhadh a thabhairt do Lorcán faoi pheacaí a rinne sé in aghaidh na rialacha, ach in 1907-8 aithníodh é mar dhuine de cheannairí na mac léinn úd a bhí ábhairín ceannairceach. B'éigean dó Maigh Nuad a fhágáil agus is le bheith ina shagart i ndeoise Naomh Pól, Minnesota. a oirníodh é ar 5 Eanáir 1910. Go dtí 1918 bhí sé ag teagasc matamaitice i gColáiste Naomh Tomás sa deoise sin. Théadh sé abhaile gach samhradh ó 1912 amach chun dhá mhí a chaitheamh sa choláiste Gaeilge in Ó Méith. Nuair a bhris an Cogadh Domhanda amach bhí ar mhúinteoirí Mheiriceá mionn dílseachta a ghlacadh agus deirtear gur oibrigh sé a phasáiste abhaile mar stócálaí nuair nach dtabharfadh Ambasáid na Breataine víosa dó. Dúirt Tomás Ó Fiaich in An tUltach, Bealtaine 1976: 'Bhí an tAthair Lorcán agus an tEaspag Ireland an-mhór le chéile go dtí gur bhris an chéad chogadh domhanda amach in 1914. Cibé rud a dúirt an sagart ina láthair faoi na comhghuaillithe ba leor é leis an chairdeas a bhriseadh'.

Chaith sé tamall ag obair i bparóiste an Mhaí i dTír Eoghain ó Shamhain 1918 go dtí gur ceapadh é ina chigire deoise in 1922, post a d'oir go breá dó. As sin go 1937 bhí deis aige bheith ag bailiú seanchais ar fud na deoise, 'He searched parish registers, visited old graveyards for inscriptions, garnered from priests and teachers scraps of local history, took down any of Gaelic poetry or inscriptions of verses yet remembered from the lips of the older inhabitants, or hunted up a manuscript. This tremendous energy of research was continued year in year out during the seventeen years of his office until note book was piled on note book' (Séamus Ó Cuinn in Journal of the Louth Archaeological Society XI 1941). Agus bhí sé saor sa samhradh chun leanúint dá obair i gColáiste Bhríde, Ó Méith. Thosaigh sé ag múineadh ann in 1913 agus an bhliain dár gcionn ceapadh é ina phríomhchúntóir ag Eoin Mac Néill. Bhí sé ina Ard-Ollamh ó 1925 amach.

Nuair ba léir go raibh ag teip ar an teanga in Ó Méith, chinn sé ar an gcoláiste a athbhunú i gceantar ina raibh an teanga ar bhonn láidir go fóill. Seán Mac Maoláin a mhol dó dul go Rann na Feirste agus ba é Seán Ó Domhnaill (Johnny Shéamuisín) a thug suíomh dó ansiúd. Osclaíodh an coláiste i Lúnasa 1926. Chomh maith lena bheith ina Ard-Ollamh bhí sé ina chisteoir, ina rúnaí agus ina dhéan ann ar feadh na mblianta.

Ba é a bhunaigh An tUltach in 1924 agus bhí sé ina eagarthóir ar an iris ó thosach go 1940, ach tréimhse ghairid i mbliain 1933-4, nuair a bhí Séamus Ó Néill sa phost, a fhágáil as an áireamh. Gaeilge Chúige Uladh a chothú agus a chaomhnú an fáth ar bhunaigh sé an iris. B'fhéidir a mhaíomh gur chéim eile i leith na haidhme sin ba ea bunú Chomhaltas Uladh in 1926. Ach bhí an riocht ina raibh gluaiseacht na teanga sa chúige tar éis na críchdheighilte go mór i gceist freisin. Tá scéal bhunú na heagraíochta nua inste ag Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: Scéal Chonradh na Gaeilge 1922-32 (lgh 145-58). ls inspéise gur faoi dhlínse Chomhaltas Uladh a bheadh Co. Lú, 'Nárbh é Co. Lú a chontae dúchais féin, agus nárbh ann, i nDún Dealgan, a bhí cónaí air um an dtaca seo áirithe' an tagairt a dhéanann Ó Muimhneacháin don socrú seo. Bhí an tAthair Lorcán ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i rith na tréimhse 1925-9 agus bhí sé ar dhuine den choiste cúig dhuine déag a toghadh ag mórchomhdháil 8 Eanáir 1925 chun atheagar a chur ar an ngluaiseacht. Bhí sé ina chisteoir ag Comhaltas Uladh ó thosach go lá a bháis.

Ceapadh ina shagart paróiste i nDún Léire, Co. Lú, é 1937. Buaileadh síos le stróc é Lá Fhéile Pádraig 1941 agus d'éag sé 25 Meitheamh na bliana sin. Trí bhotún cló tá 5 Meitheamh mar dháta báis ag Mac an tSagairt. 25 Meitheamh atá ag Irish Catholic Directory agus is léir ar fhógra an bháis in Dundalk Democrat 28 Meitheamh 1941 gurb in é an dáta ceart.

Rinne Anraí Mac Giolla Chomhaill a shaothar scríofa a liostú in An tUltach, Feabhra 1983, agus arís sa bheathaisnéis: 164 mír san iomlán idir 1902 agus 1941. Is mar scríbhneoir staire is minice a áirítear é. Is é dúirt Tomás Ó Fiaich ina thaobh: 'Ní mar staraí náisiúnta a chuimhneofar air dalla an Niallaigh [Eoin Mac Néill]. Staraí Chontae Lú, staraí chléir Ard Mhacha, staraí fhilí Oirialla, sin an clú staire a bheas air agus sin an clú staire a ba ghile leis féin'. Ach dúirt sé freisin: 'Ní heol dúinn go bhfuair sé aon traenáil faoi leith i gcúrsaí staire seachas an gnáthchúrsa a lean sé mar mhac léinn diagachta agus an oiliúint a thug sé dó féin',

Saothar leis a luaitear go minic is ea: a eagrán de ‘Chínlae uí Mhealláin’ (‘An Irish diary of the Confederate Wars’) a foilsíodh in Journal of the Louth Archaeological Society, 1923-30, cé gur nocht Ó Fiaich an tuairim gurbh í an eagarthóireacht an chuid ba laige dá shaothar; A history of the parish of Creggan in the seventeenth and eighteenth centurties, 1940; Omeath: its history ancient and modern, 1922: Ceolta Óméith 1, 1920; Pota cnuasaigh, 1923-4, cúpla imleabhar de scéalta agus d'amhráin a bhailigh sé; Amhráin Shéamuis Mhic Chuarta Cuid a 1, 1925; Amhráin Chúige Uladh 1, 1927. Dhearbhaigh Ó Fiaich tábhacht a bheith lena shaothar ar na Hearth Money Rolls do agus Ard Mhacha toisc gur scriosadh na bunscríbhinní sna Ceithre Chúirt in 1922. Agus shíl Ó Fiaich 'gur bhain sé amach barrchéim i seanstair na hÉireann' lena aiste 'The Ancient Territories of Oirghialla, Uladh and Conaille Muirtheirmhne' in Journal of the Louth Archaeological Society 1912. Bhaineadh sé úsáid as an ainm cleite 'An Muireadhach Méith'.

Maidir lena shaothar ceoil, bhailigh sé tuairim 250 amhrán. Ní raibh scríobh an cheoil aige agus ba í Nuala Ní Chatháin a chuir na nótaí ceoil faoi na focail in Amhráin Chúige Uladh tar éis gur bhailigh an tAthair Lorcán na foinn le fónagraf. Ba mhinic a chasadh sé féin seanamhráin Ó Méith i láthair an phobail. Tá aiste 'Lorcán Ó Muireadhaigh agus traidisiún na hamhránaíochta i Rann na Feirste' i gcló ag Rose Ní Bhaoill in Nua-Aois, 1986.

'Chuir sé an pheil ar a bhonnaí i gContae Lú'. Sin é a dúirt Anraí Mac Giolla Chomhaill in Irish Times 5 Aibreán 1983. Ceanglaítear a ainm go háirithe lena fheabhas a d'éirigh le foirne mionúr an chontae: bhuaigh siad Craobh na hÉireann in 1936 agus arís in 1940 agus ba é an tAthair Lorcán a bhí ina chathaoirleach ar bhord roghnaithe na mionúr ó 1934 go 1940. Chun a chuimhne a bhuanú tá a ainm ar thrófaí Chraobh Peile Mionúr Laighean agus ainmníodh an pháirc imeartha i nDún Léire as. Bhí baint aige le bunú An Camán agus scríobhadh sé colún ann faoin ainm cleite 'Mochta'.

Bhí an ghráin aige ar an gcaoi a raibh Éire á galldú agus d'fhág sin éadulangach é. 'Bhí fuath na namhad aige ar an tsacar", dar le Mac Giolla Chomhaill. Agus i dtaobh na rincí nua-aimseartha scríobh sé in Fáinne an Lae, Iúil 1928, 'nach fada a mhairfeas creideamh Chríosta agus náisiúntacht na hÉireann i gcuideachta na ndamhsaí seo'.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú