Tá cuntas ar an gConnachtach seo ag Pádraigín Ní Uallacháin in A Hidden Ulster: People, Songs and Traditions, 2003. Is cosúil gurbh i gContae na Gaillimhe a rugadh é. Dhealródh sé gur chainteoir dúchais Gaeilge é. Chaith sé tamall ag múineadh scoile, ceird nár oir dá shláinte, agus faoi dheireadh an chéid bhí siopa beag aige i gCrois Mhig Lionnáin. Agus é i mbun an ghnó sin chuir sé aithne ar chuid de sheanchainteoirí Gaeilge Ard Mhacha agus bhí ábhar, idir amhráin, sheanfhocail agus eolas ar logainmneacha agus sloinnte, á bhailiú aige uathu. In Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1899, faoin ainm Seaghán Óg Ó hAnnáin, bhí an t-amhrán ‘Nach fada an lá’. Deir an t-eagarthóir ina thaobh: ‘The above is from a collection of songs belonging to the Fews district, Co. Armagh, by Mr John Hannon, jun., of Crossmaglen. Mr Hannon is very painstaking. In order to habituate himself to, and also to preserve the local dialectical pronunciation, he makes use of Father O’Growney’s Key system to supplement the ordinary orthography.’ Tá an leagan sa litriú foghraíochta sin i gcló ag Ní Uallacháin. San iris chéanna, Lúnasa 1900, faoin ainm Seaghán Ó hAnnabháin, bhí aiste dar teideal ‘Irish Personal Names (Oirghialla)’ aige. Ó Mhárta 1928 go Feabhra 1930 bhí ocht n-aiste aige dar teideal ‘Ráidhteachas an Fheadha’ in An tUltach. Sna blianta 1928 agus 1929 sholáthraigh sé seanamhráin do An tUltach. Deir Ní Uallacháin gur thug sé amhráin d’Énrí Ó Muirgheasa, agus do Thomás Mac Cuilleanáin [Tommy Hollywood B4], nuair a bhí siad ina n-eagarthóirí ar roinn na Gaeilge san Dundalk Democrat, agus do Lorcán Ó Muireadhaigh. Tá neart dár bhailigh sé sna lámhscríbhinní ar coimeád i Leabharlann Uí Fhiaich, Ard Mhacha, agus i Leabharlann John Ryland i Manchain. D’éag sé 27 Deireadh Fómhair 1931 agus tá sé curtha i gCrois Mhic Lionnáin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú