Tá sé ar an bhfíorbheagán Gael a choinnigh cín lae. Bíodh go bhfuil tábhacht leis an gceann áirithe seo ó thaobh na staire de, ní dialann phearsanta í agus níl eolas intí ar bheatha an dialannaithe; is é atá inti nótaí ar chúrsaí an chogaidh a bhí á fhearadh ag Sir Féilim Ó Néill agus Eoghan Rua Ó Néill í Laighin agus in Ulaidh 1641–47. Tá a bhfuil de eolas ina taobh agus i dtaobh an údair ag Tadhg Ó Donnchadha sa réamhrá a chuir sé leis an téacs in Analecta Hibernica 3, 1931. Deir sé: ‘Is é is dóichí gurb é a sgríobh é an tAthair Toirdhealbhach Ó Mealláin, O.S.F.M., ón mBreantur i gContae Thír Eoghain. Déanann sé tagairt dó féin ann, an 15 lá de Mheitheamh an tSamhraidh, 1643, mar seo: “Bamur ceathrar brathar san mBrentur, Toird. Ó Meallán, Sagart, agus triar Brathar, clann Laochtren .i. Eoghan Benedictus agus Tadg a n-anmonna”. Deirtear go raibh an tAthair Ó Mealláin seo ina shéiplíneach ag Sir Feidhlim Ó Néill.’ Dar le DIB ‘It has been stated that Ó Mealláin may also have been known by the pet name Feardorcha’. In 1633-4 chum Fear Dorcha Ó Mealláin an dán ‘An díbirt go Connachta’ (‘In ainm an Athar go mbuaidh’ an chéad líne) (i gcló in Nua-dhuanaire 1, 1971).

In Macariae Excidium ..., 1850, cuntas comhaimseartha ar chogaí 1641–91 le Charles O’Kelly, tá an nóta seo: ‘Bonaventure Conney [Brian Mac Giolla Coinnigh q.v.] from St Isodore’s directed the Irish chief officers to keep a journal of the war.’ Is cosúil gurbh é an t-ordú sin, maille le foláireamh Fhéilim Uí Néill agus cead a uachtaráin féin, faoi deara don Meallánach tosú ar an gcín lae. Tuairimíonn Ó Donnchadha go raibh sé ar intinn aige stair na haimsire a scríobh agus nach bhfuil sna hiontrálacha ach nótaí cuimhneacháin le dátaí agus eile a dheimhniú: is minic abairtí gearra agus teidil bheaga aige agus gan aon mhíniú orthu.

Tosaíonn an chín lae ar 22 Deireadh Fómhair 1641 agus críochnaíonn go tobann i mí Feabhra 1647. Is é a deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar ..., 1996 faoi: ‘Is í an t-aon tuairisc i nGaeilge atá againn ar imeachtaí an chogaidh an dialann a scríobh Toirdhealbhach Ó Mealláin, Proinsiasach ó chontae Thír Eoghain a bhí mar shéiplineach ag Sir Féilim Ó Néill. Cuntas lom teicniúil a thugann sé ar an gcogadh, go háirithe in Ultaibh, ach dá loime neamaisithe mar thuarascáil a shaothar nochtar go soiléir neamhchas a thuisceantsan agus tuiscint na gcinnirí ar an choimhlint agus ar a raibh páirteach inti. Ar thaobh amháin bhí “Éireannaigh” / “Caitlicigh” a bhí ag troid faoi “Shéarlas” / “rí Séarlas”; ina gcoinne sin bhí “an namhaid” – “Albanaigh” is “Sasanaigh” arbh ionann iad agus “na heiricigh”.’

I gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh atá an bhunscríbhinn. Tugadh don Iarla Ó Néill í uair éigin go luath san 19ú céad, á mheas go botúnach gurbh ó Eoghan Rua Ó Néill a bhí seisean síolraithe. Tháinig sí i seilbh James Edward Hartnett Murphy, Ollamh na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, agus is ag Corcaigh atá a chnuasachsan. I measc na ndaoine a chuir spéis ar leith sa scríbhinn tá: Eoghan Ó Comhraí, Seán Ó Donnabháin, George Petrie;Roibeárd Mac Ádhaimh; Lorcán Ó Muireadhaigh. Rinne Ó Comhraí cóip den bhunleabhar don Acadamh Ríoga. Tá aistriúchán Mhic Ádhaimh i gcló in Historical notices of Old Belfast and its vicinity, 1896 le R.M. Young. Tá an saothar i gcló ag Ó Muireadhaigh, maille le haistriúchán Mhic Ádhaimh, in Louth Archaeological Journal ó 1924 ar aghaidh. Chuir Petrie an chín lae á haistriú agus tá sin i lámhscríbhinn san Acadamh Ríoga. Chuir Ó Donnabháin ardspéis inti nuair a thaispeáin Mac Ádhaimh dó í i mBéal Feirste in 1834 agus bhí ag beartú í a fhoilsiú (I mBéal Feirste cois cuain, 1968 le Breandán Ó Buachalla). Foilsíodh ‘Cinn Lae Uí Mhealláin: Friar O Mellan Journal’ in eagar ag Charles Dillon in Dúiche Néill 10, 1995-96.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú