Ba duine é de phearsana ghluaiseacht na hathbheochana i gContae an Dúin i bhfíorthosach an 20ú céad. Tá cuntas air (‘The Irish Language in Co. Down’ le Ciarán Devine [Ó Duibhín]) in County Down: History and Society, 1997 in eagar ag Lindsay Proudfoot. Rugadh an mac seo le James Graham, feirmeoir, agus a bhean Ellen Burns 18 Samhain 1878. I gCoill Chon Murchaidh, Droichead na Banna, Co. an Dúin, a bhí cónaí ar an teaghlach. Ba é Aodh an duine ba shine de cheathrar buachaillí agus triúr cailíní. Oileadh mar mhúinteoir é i gColáiste de La Salle, Port Láirge. Bhí sé ag múineadh i dTulaigh Oirir agus i scoileanna eile i rith 1899-1904. Bhí sé ina ardmháistir i Scoil na mBuachaillí, Baile na hInse, ar feadh 1904-17. Bhain sé céim BA Ollscoil Ríoga na hÉireann amach i 1907 agus rinne staidéar i gColáiste Ríoga na hEolaíochta, Baile Átha Cliath, i 1914. Bhain sé amach an H.Dip.Ed. i 1916 i gColáiste na Ríona, Béal Feirste. Bhí sé ag múineadh Béarla agus Matamaitice i gCeardscoil Dhún Phádraig ar feadh 1912-15. Bhain sé teastas teagaisc Gaeilge amach i gColáiste Chomhghaill i mBéal Feirste agus bhí an teanga á múineadh aige i mBéal Feirste, in Ó Méith agus i nDún Pádraig i rith 1909-16. Fuair sé an chéad duais ar chnuasach logainmneacha ag Feis Ó Méith i 1901; thug sé do Sheosamh Laoide scéalta a bhailigh sé sa cheantar céanna agus foilsíodh iad in Sgéalaidhe Oirghiall .i. Sgéalaidhe Fearnmhuighe agus Tuilleadh leis, 1901. Bhí páirt mhór aige in eagrú Choláiste Bhríde, Ó Méith, i 1912. ‘Bheir sé le fios i litir ar An Claidheamh Soluis gur scríobh sé síos rud beag Gaeilge ó na cainteoirí deireanacha i gCo. an Dúin’ (Ciarán Ó Duibhín).

D’imigh sé go Meiriceá i 1917 agus bhí ag obair i gColáiste Naomh Tomás, St. Paul, Minnesota, sa phost a bhí ag Lorcán Ó Muireadaigh roimhe. Ina dhiaidh sin bhí sé ina ardmháistir ar scoil phoiblí Rosemount agus ina stiúrthóir ar cheantar Maple Lake. Bhain sé céim mháistir amach in Ollscoil Minnesota agus Ph.D. le tráchtas ar an meánoideachas. Bhí sé i gceannas ar Roinn an Oideachais, Coláiste Naomh Treasa, Winona, ina leas-Ollamh le hOideachas in Ollscoil Naomh Louis agus ina Ollamh le hOideachas in Ollscoil John Carroll, Cleveland. Bhí sé pósta faoi dhó. D’éag an chéad bhean Susan McKay, arbh as Droim Bearach di, i mBaile na hInse i 1919; bhí mac agus iníon acu. Phós sé ansin Margaret Teresa Meagher. D’éag sé 2 Bealtaine 1952 agus cuireadh in Cleveland é. I mBaile Átha Cliath a foilsíodh a leabhar The Early Irish Monastic Schools, 1923 faoin ainm Hugh Graham. Fuair sé saoránacht Mheiriceá i 1924. (Tá iomlán na tuairisce seo bunaithe ar thaighde a rinne Ciarán Ó Duibhín).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú