In 1991 chuir Breandán Ó Conchúir eagar ar Corraghliocas na mBan, aistriúchán a rinne Dáibhí ar Female Policy Detected, or the Arts of a Designing Woman Laid Open le Edward Ward (1667-1731), agus tá cuntas aige ann ar bheatha Dháibhí. Feirmeoir ba ea é i nGort an Mhuicí, Carraig Thuathail, Co. Chorcaí. 48 acra a bhí ag a athair, Dáibhí eile, san áit chéanna ach faoi 1833 ní raibh ag an bhfear s’againne ach 29 acra. Nuair a bhí sé tuairim daichead bliain d’aois phós sé Eilís Ní Chaoimh agus bhí ceathrar mac agus cúigear iníonacha acu. Cé gurbh fhile agus scríobhaí é agus cáil an léinn air, bhí sé chomh gnóthach i mbun cúraimí feirme agus teaghlaigh nach gcuireadh sé peann le pár ar feadh tréimhsí fada. Tuairimíonn Ó Conchúir gur fáth eile a bhí leis, b’fhéidir, an Ghaeilge féin a bheith faoi lagmheas i measc an phobail. Luann sé go háirithe na blianta 1791-1821. D’fhág an sclábhaíocht ar fad go raibh sé i ndrochshláinte i rith an tríocha bliain deiridh dá shaol, an radharc ag teip air, bodhaire air agus é breoite de ghnáth. Seachas Corraghliocas na mBan, tá péire dá scríbhinní próis i gcló: ‘Parlaimint na bhfíodóirí’ in eagar ag Éamonn Ó Foghludha in Banba, 1902-3; ‘Cath na nDeachún ar Thráigh Rosa Móire’ ag Brian Ó Cuív in RIA Proceedings, 61C 1960. Maidir le Corraghliocas na mBan féin, dhealródh sé gur sna blianta 1775-80 a scríobh Dáibhí é agus go raibh in éineacht leis a aistriúchán ar ‘The Merchant’s Tale’ le Chaucer. Ansin ar 30 Lúnasa 1834 chuir sé dlús le cóip nua i ngeall ar an seancheann a bheith rósractha tar éis gur ‘ghabh sé i measc iomad drochlámh’. D’éag sé an 7 Aibreán 1851. Bhí spéis ag a chlann mhac sa teanga agus in Fáinne an Lae 24 Márta 1923 tuairiscíodh go bhfuair a gharmhac bás; gabha dubh ba ea é agus dúradh gurbh eisean faoi deara scríbhinní Dháibhí a theacht slán.

Ina cholún ‘An Peann Coitianta’ (Irish Times 13 Márta 1997) tráchtann Liam Ó Muirthile ar aistriúchán a rinne Dáibhí ar scéal i dtaobh Hamlet as Tales of William Vade agus deir sé: ‘ . . . tá sé chomh snasta ealaíonta i mbabhtaí le haon obair de chuid thosach ré an Ghúim.’

Foilsíodh in 2011 Párliment na bhFíodóirí, Dáibhí de Barra, in eagar ag Seán Ó Duinnshléibhe. Deir an foilsitheoir: ‘Eagrán criticeach de "Párliment na bhFíodóirí", saothar próis a chum Dáibhí de Barra (1757/8-1851), scríobhaí agus sclábhaí feirme ó Charraig Thuathail, in oirthear Chorcaí, atá sa leabhar seo. Aoir ar fhíodóirí a linne, go háirithe ar an tsaint agus ar an gclaonadh chun camastaíola a chuirtí ina leith, atá ann. Foilsithe ann freisin tá an freagra ar "Phárliment na bhFíodóirí" a scríobh Uileag Ó Céirín, scríbhneoir Muimhneach eile, agus fíodóir taistil, ar shaothar cáinteach an Bharraigh.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú