Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 142
Ba é ba mhó faoi deara gur éirigh leis an gCunta Pluincéad san fhothoghchán. Tugtar suas dó go raibh ról ríthábhachtach aige i ndiaidh 1916 san obair a rinneadh d’fhonn Sinn Féin Airt Uí Ghríofa a nascadh leis an ngluaiseacht phoblachtach ··· Toghadh é féin agus an Gríofach ina Leas-Uachtaráin ar Shinn Féin nua ag mórchomhdháil 25 Deireadh Fómhair 1917 ··· Bhíodh sé ag gníomhú mar Uachtarán ar Shinn Féin le linn de Valera a bheith i bpríosún. Bhain místuaim leis ··· What first steps do you propose?’ Síleadh gur bhain an Príomh-Aire as sin go raibh fonn géillte ar Shinn Féin ··· D’iarr de Valera air teacht abhaile ó Mheiriceá chun polasaí sóisialta a dhréachtadh do Shinn Féin agus chun cabhrú leo i roinnt fothoghchán
Ceapadh ar Ard-Chomhairle Shinn Féin é in 1956 agus toghadh ar Chomhairle Airm an IRA é ··· Sa tréimhse sin fosta a phós sé Patsy O’Connor, agus bhí sé ina Cheann Foirne ar an IRA faoin am ar tháinig deireadh le feachtas na teorann in 1962. In 1969, go gairid i ndiaidh thús na dTrioblóidí ó thuaidh, tharla easaontas i Sinn Féin agus san IRA faoi aitheantas a thabhairt do Dháil Éireann, Stormont agus Parlaimint Shasana ··· An mhí dár gcionn, toghadh Ruairí Ó Brádaigh ina Uachtarán ar Shinn Féin agus d’fhógair sé i nGaeilge don chéad Ard-Fheis i ndiaidh bhunú na Sealadach go raibh ‘Gluaiseacht na Poblachta ina dún daingean arís.’ Ní raibh aon ghá a thuilleadh leis an fhocal ‘sealadach,’ mar sin, nó bhí an t-atheagrú cuí déanta ag an ghluaiseacht ··· Ina ainneoin sin, ní raibh aon mhaolú ar an lipéad ‘sealadach’ nó ‘Provisionals / Provos’ ina dhiaidh ná ar an leasainm ‘Stickies’ a tugadh ar ghluaiseacht ‘oifigiúil’ Chathail Goulding, Thomáis Mhic Giolla agus a gcomhghuaillithe. Bhain deacrachtaí áirithe le Ruairí Ó Brádaigh bheith ina urlabhraí ar son Shinn Féin agus é ag trácht ar imeachtaí a bhí ag tarlú i bhfad óna áit chónaithe ··· Má b’fhada teannas agus easaontas ag fabhrú idir é agus leithéidí Gerry Adams agus Danny Morrrison, mhair Ó Brádaigh ina Uachtarán ar Shinn Féin le linn aimsir na stailceanna ocrais go 1983, nuair a toghadh Adams ina áit
Roimh dheireadh na míosa bhí aitheasc Gaeilge á thabhairt aige os comhair chruinniú den Bhardas. Bhí sé orthu sin a d’fhéach le beartas Ungáireach Airt Uí Ghríofa a chur chun tosaigh i 1904 agus bhí ar dhuine de cheannairí na buíne a bhí gníomhnach in aghaidh an Taispeántais Idirnáisiúnta Earraí an bhliain sin agus ba dhuine mór le rá é i Sinn Féin ón uair a bunaíodh an páirtí ··· Ó Ceallaigh [q.v.] ar an gcaoi ar dhéileáil lucht Shinn Féin leis an gceant in Seán T., 1963 ··· ina gcomhrúnaithe ag Sinn Féin Nuair a chaill sé a shuíochán sa Bhardas i 1908 bhí an méid seo i gcló in An Claidheamh Soluis 15 Feabhra 1908: ‘Ba é an Cumhailleach ba threise de na Gaela a bhí ar Chomhairle na Cathrach... ··· Bhí sé ina bhall den choiste a d’ullmhaigh bunreacht nua Shinn Féin i 1917 ··· by reason of the historic association of the said premises with the Sinn Féin movement in the years 1920 and 1921’. Theip air i dtoghchán an tSeanaid i 1925 agus b’in deireadh lena shaol poiblí
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Mar Ard-Rúnaí ag Sinn Féin is figiúr lárnach é sa tréimhse 1917–23 ··· Faoi 1910 bhí sé ina chomhchisteoir ag Sinn Féin ··· Chaith sé tréimhse i bpríosún i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Bhí a phost caillte aige agus ceapadh é ina ardrúnaí ar phá ag Sinn Féin go luath i ndiaidh dó teacht as príosún ··· An scéal is mó díobh an freagra a thug sé ar iriseoirí ó Shasana nuair a d’fhiafraigh siad cad iad aidhmeanna Shinn Féin: Vingence, bejasus ··· Bhí a chuimhne chomh gabhálach, chomh buan sin gur ró-chuma dá n-éireodh leis na Sasanaigh comhaid uile Shinn Féin a scriosadh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Chuig Sceilg a tháinig uachtaránacht Shinn Féin tar éis do de Valera Fianna Fáil a bhunú ··· Gógan[B2] agus an tAthair Donnchadh Ó Floinn[q.v.]. Bhí sé i láthair nuair a bunaíodh Sinn Féin ar 28 Samhain 1905 ··· Is inspéise gur bhuaigh amhrán a chum sé, ‘Sinn Féin amháin’, bonn óir ag Oireachtas 1905 ··· Nuair a dhealaigh de Valera ó Shinn Féin toghadh Sceilg ina uachtarán ar an bpairtí ag Ard-Fheis ar 31 Deireadh Fómhair 1926. Insíonn a mhac, Mortimer Kelly, an méid seo in An t-Oileánach: the voices of Valentia (1972/3): ‘Sceilg, in his middle fifties in 1935, after a life dedicated to national and cultural revival, saw his own home fall victim to the bailiffs
Nuair a bunaíodh Sinn Féin i mBaile Átha Cliath 1905 cuireadh Liam ar an gCoiste Gnó ··· Toisc gurbh fhear cráifeach é ní raibh sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta riamh. Bhí sé ina chathaoirleach ar Ardchoiste Chonradh na Gaeilge i gcathair Chorcaí timpeall an ama sin agus is thar ceann an choiste sin a bhí sé ina theachta chuig ArdFheis 1915. Tar éis an Éirí Amach bhí sé ar dhuine de rúnaithe an Choiste Cabhrach agus nuair a athbhunaíodh Sinn Féin i gCorcaigh um Nollaig 1916 ceapadh é ina chisteoir ··· Bhí sé ina bhall de choiste seasta Shinn Féin faoi Lúnasa 1918 agus in Olltoghchán na bliana sin toghadh é ina bhall parlaiminte do chathair Chorcaí ··· Nuair a shocraigh Sinn Féin i gCorcaigh go n-íocfaidís tuarastal leis d’éirigh sé as a phost múinteoireachta. I 1919 bhí an tOireachtas ar siúl i gCorcaigh agus ba é Liam a d’oscail é nuair nár tháinig Eoin Mac Néill
Sórt réamhtheachtaithe ag Sinn Féin ba ea na cumainn sin ··· Toghadh é ina bhall de Bhardas Bhaile Átha Cliath thar ceann Sinn Féin ar 15 Eanáir 1906 (An Claidheamh Soluis 20 Eanáir 1906) ··· Bhí sé ina bhainisteoir ar an bpáipéar Sinn Féin, ina chomhrúnaí ar Shinn Féin in éineacht le Walter Cole[q.v.] i 1908 ··· Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha ó 1911 go 1915. D’oibríodh sé in oifigí na bpáipéar eile a bhí ag Sinn Féin agus in 1927 bhunaigh sé agus bhí ina eagarthóir ar a pháipéar féin The Nation. Bhí sé i gceannas na ngunnaí a thabhairt i dtír i gCill Chomhghaill i 1914 agus cuireadh go Nua-Eabhrac é an bhliain dár gcionn agus thug sé abhaile leis míle punt don Bhráithreachas agus míle eile do na hÓglaigh ··· Bhí sé ina thoscaire ag Sinn Féin i Stáit Aontaithe Mheiriceá sna blianta 1924–26
Idir dhá linn bhí sé ag tacú le hiarrthóir Shinn Féin i bhfothoghchán Liatroma Thuaidh ··· Ina leabhar tá tagairt aige d’Ard-Fheis 1913 an Chonartha i nGaillimh ar léir dhá ní shuimiúla uirthi: an teannas idir an dá eite, Sinn Féin agus na Réamonnaigh, mar a mheas sé, agus an méid Gaeilge a bhí aige féin: ‘His [de hÍde] rulings from the chair were distinctly one-sided... ··· Toghadh ina bhall d’Ard-Chomhairle Shinn Féin é 26 Deireadh Fómhair 1917 agus ina bhall de Choiste Gnó na nÓglach an lá dár gcionn ··· Bhí sé freisin ina chisteoir ag Bráithreachas na Poblachta an bhliain sin. Toisc gur measadh gur bhaol don soláthar bia in Éirinn an ganntanas a bhí i Sasana cheap Sinn Féin Diarmuid ina stiúrthóir bia
Gairid ina dhiaidh sin,ar 4 Meán Fómhair, bhunaigh sí féin agus a deirfiúr Eithne (Annie) Scoil Íte i gCorcaigh. Bhí baint mhór aici leis na feachtais chun cabhrú le príosúnaigh 1916 agus a gcleithiúnaithe, agus bhí sí gníomhach ag eagrú chumainn Sinn Féin agus sa troid in aghaidh an choinscríofa ··· Ceapadh ina stiúrthóir poiblíochta ag Sinn Féin í agus bhí sí sa chathaoir ag Ard-Fheis 1923 ··· Tharraing sí siar a hainm do leasuachtaránacht Sinn Féin , post a bhí aici ar feadh cúpla bliain. Mheas mórchuid daoine go raibh sí dolúbtha dígeanta drocharaíonach neamhghéilliúil, tréithe gan amhras a thaitin le mórchuid eile daoine ··· D’fhág sí Sinn Féin in 1934 nuair a toghadh an sagart ina uachtarán ach lean uirthi sa chreideamh poblachtach
I rith na mblianta ina dhiaidh sin thugadh sé isteach chun dinnéar a chaitheamh leis sa Chlub daoine mí-oiriúnacha: sagairt agus manaigh agus baill de Shinn Féin . Bhí sé páirteach sa melée sa Rotunda 18 Bealtaine 1903 agus sa láthair ag an ngráscar sna Antient Concert Rooms i 1904 nuair a bhí an Gríofach agus a chairde ag cur in aghaidh an taispeántais idirnáisiúnta earraí a bhíothas a bheartú ··· Ba é a bhí sa chathaoir 28 Samhain 1905 sa Rotunda nuair a bunaíodh gluaiseacht Sinn Féin ··· Ach nuair a d’éirigh sé as uachtaránacht Shinn Féin i 1908 ba ar an ábhar é gur mhaith leis a dhúthracht a chaitheamh le litríocht ··· Nuair a shuigh cúirt Shinn Féin i Lúnasa 1919 socraíodh gurbh aige a bhí an ceart
Sinn Féin under Arthur Griffith made no appeal to him’, a dúirt William Dawson ··· Bhí sé ina bhall de Shinn Féin i ndiaidh 1917 agus bhí sé ina bhreitheamh i gCúirt Uachtarach Shinn Féin i gCiarraí go dtí gur cuireadh deireadh le cúirteanna Shinn Féin i mBealtaine 1922
Bhí sé orthu sin a shínigh achainí ar Éireannaigh i Meiriceá gan daoine a mhisniú chun dul ar imirce agus gan dul i muinín an ‘mischievous prepaid ticket’ (An Claidheamh Soluis 9 Aibreán 1904) In Sinn Féin 28 Eanáir 1911 tá tuairisc ar léacht a thug sé do Ard-ChraobhShinn Féin agus dúirt sé ann gur cuireadh ina leith uair gur rainseoir é agus go raibh tailte i Meiriceá agus in Éirinn aige: ‘For over 40 years my hobby has been the abolishing of ranches and 30 years ago I bought over 20,000 acres of grassland in America for the purpose of breaking it up into small farms and I succeeded in doing so’ ··· Duine mór le rá i Sinn Féin ba ea é ··· Toghadh é ina uachtarán ar Shinn Féin i 1908 nuair a d’éirigh Edward Martyn[q.v.] as ··· Ba é athair Tone, ar iarratas Tone féin, a bhronn an taise seo ar ‘John Sweetman, the rebel’, a sheanuncail. In Sinn Féin 28 Eanáir 1911 tuairiscíodh go ndúirt sé gur caitheadh amach as Comhairle Contae na Mí é toisc go raibh sé in aghaidh an Pháirtí Pharlaimintigh
Ball de Shinn Féin ba ea an t-athair um an dtaca seo agus is cosúil gur ghlac sé páirt in Éirí Amach 1916; thug a mhac Pádraig gunnaí leis abhaile ó Bhinn Éadair Iúil 1914 agus ba chuimhin le Leon a bheith ag díol bratacha ag sochraid Uí Dhonnabháin Rosa ··· Is i rang de chuid Shinn Féin a thosaigh sé ar Ghaeilge a fhoghlaim; dúirt sé le Ó Glaisne go raibh ábhairín foghlamtha aige ó chainteoir dúchais sna mná rialta ··· Chaith sé féin, a athair agus beirt dá dheartháireacha tuairim is mí i bpríosún Bheairic Wellington (Beairic Uí Ghríofa anois) i ndiaidh Dhomhnach na Fola tar éis dó a admháil gur bhall de Shinn Féin é
Bhí baint aige freisin leis an gComhairle Náisiúnta agus le Sinn Féin le Seoirse Ó hEireamhóin, Séamas Deakin agus an Cathasach bhunaigh sé feachtas chun soiscéal an Ghaelachais a leathadh i measc bhaill Eaglais na hÉireann agus is san iarracht sin a fuair sé taithí ar an óráidíocht ··· Toghadh é ina bhall d’Ardchoiste Shinn Féin agus de Chomhairle Náisiúnta na nÓglach ··· Bhí sé ina eagarthóir ar Réalt an Deiscirt go luath in 1918 agus rinne páipéar de chuid Shinn Féin de, rud a chabhraigh chun an chiorclaíocht a mhéadú ··· Deir sé i gcaibidil XI de Gaeil á múscailt (1973) gurbh in 1919 a chuir sé an argóint sin i gcló den chéad uair. Ní íoctaí táillí leis ar an ábhar Béarla a bhíodh i gcló aige in The Peasant, Sinn Féin, Irish Freedom ná Ulster Guardian agus bhí ionadh air íocaíocht a fháil nuair a thosaigh sé ag scríobh aistí Gaeilge in An Claidheamh Soluis agus Misneach idir 1917 agus 1921
Bhí sé freisin ina bhall de choiste seasta Shinn Féin agus toghadh ina chomhairleoir cathrach é—‘duine den mhórsheisear Gaeilgeoirí ar Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath’, dar le Misneach 27 Samhain 1919 ··· Thuairiscigh Sinn Féin 26 Aibreán 1913 páirt a bheith aige in Bairbre Ruadh in Amharclann na Mainistreach ··· Bhí aistí i gcló aige in An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae i 1917–18. Bhí baint aige le cúirteanna Shinn Féin agus cuireadh i bpríosún é faoi dhó (Misneach 20 Márta 1920)
Ó Maolruanaidh ba thúisce a luaigh ‘Sinn Féin’ leis an nGríofach mar théarma ar pholasaí (feic Dúbhglas de hÍde ..., 1991, le Risteárd Ó Glaisne). Ag 39 Sráid Mabbot, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 20 Deireadh Fómhair 1873 ··· In Sinn Féin 9 Samhain 1912 tá cuntas ag Pádraig Ó Muireagáin ar an gcaoi ar fhoghlaim sé Gaeilge ó Phádraig Mac an Fhailghe [B3] agus ó chainteoirí dúchais eile ··· Céim eile i dtreo Shinn Féin a bhí ann agus bealach le náisiúnaithe den uile dhath a thabhairt le chéile. I 1900 freisin chabhraigh sé le Seán Mac Giolla Bhríde i bhfeachtas toghchánaíochta i gContae Mhaigh Eo
Bhí sí ina ball de choiste gnó Shinn Féin ó thús agus ina hoifigeach formhór an ama ··· Toghadh í ina ball de Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath thar ceann Sinn Féin agus bhí sí ina cathaoirleach ar choiste airgeadais agus sláinte an Bhardais ··· Bhí sé ina bhall den Chonradh agus de Shinn Féin nuair nach raibh aige ach 13 bliana d’aois
Bhí sí ina hambasadóir ag Éirinn sna hÍsealtíortha i ndiaidh bhás Mhic Néill. Bhain Piaras le Sinn Féin ó thosach ··· Chapter 1: Arbour Hill”’.) Toghadh é do Shinn Féin i dTiobraid Árann Thoir in olltoghchán 1918 le 7,487 vótaí in aghaidh 4,794 ag T.J
Fuair sé bás i 1914. An rud i dtaobh Mháire de Buitléar a mbeidh cuimhne air gurbh í a bhaist Sinn Féin ar pholasaí Airt Uí Ghríofa ··· It was she who suggested the name “Sinn Féin” to me, one day at the end of 1904
Bhíodh aistí aige in Sinn Féin , An Claidheamh Soluis, An Stoc timpeall an ama sin. Bhí baint aige le Sinn Féin beagnach óna thús agus bhí sé sna hÓglaigh ··· I Mórthoghchán 1918 sheas sé do Shinn Féin i nGaillimh Thiar agus bhuaigh ar William O’Malley MP le 8,432 vóta
Deir a mhuintir gur dheartháir dó ba ea Thomas Henry Nally (c.1869–1932) a scríobh an dráma The Spancel of Death a bhíothas le léiriú in Amharclann na Mainistreach Luan Cásca 1916. I mBaile Átha Cliath dó fuair sé post cléireachais sa Bhardas agus bhí baint aige ó thosach leis an Celtic Literary Society, cumann a bhí ann sular bunaíodh an Conradh agus ar shórt réamhtheachtaí ag Sinn Féin é ··· Finding no materials at his hand he composed An Modh Múinte’ (Sinn Féin 23 Lúnasa 1913). Chuir sé eagar ar An Gadaidhe dubh Ó Dubháin, 1899, scéal a fuair sé ó Mháire Ní Chillín
Bhí baint aige le Sinn Féin i dtosach an chéid, é ina rúnaí ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath, é ina bhall dá bpainéal i mBardas Bhaile Átha Cliath ··· Chaill sé a phost státseirbhíse i ndiaidh 1916 agus d’fhostaigh Sinn Féin é
Thug Liam cabhair do Shinn Féin i bhfeachtas toghchánaíochta oirthear an Chláir agus an bhliain chéanna sin (1917) ceapadh é ina Ollamh le Teangacha Rómánsacha i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe, post ar chaith sé dhá bhliain agus daichead ann ··· Ó Ceallaigh nuair a phós seisean Máire Cháit Ní Riain Luan Cásca 1918. Bhí sé ina iarrthóir ag Sinn Féin in Ard Mhacha Láir in olltoghchán 1918
Síleadh gurbh é an Gramhnach a scríobh é agus cuireadh i gcló é in Leabhar an Athar Eoghan. Bhí sé sa láthair ag cruinniú tionscnaimh Shinn Féin i 1905 agus thug óráid a thuill clú dó ··· Bíonn tagairtí dó in Sinn Féin ar fianaise cuid díobh i dtaobh a aigne i leith chath na Gaeilge san ollscoil nua
Ba é ba mhó a fuair vótaí 25 Júil 1917 ag Ardfheis Sinn Féin nuair a bhí baill choiste gnó na heagraíochta á dtoghadh, in ainneoin an fhogha a thug an Chuntaois Markiewicz agus baintreach Thomáis Uí Chléirígh faoi ··· Léachtaí a thug sé sa Rotunda in 1918 atá sa chéad leabhar díobh agus deirtear gur chabhraigh sé go mór le Sinn Féin san argóint ar son neamhspleáchas na hÉireann
Chuir sé halla Shinn Féin á thógáil sa Chealtrach i 1919 ··· Bhí baint aige le cúirteanna Shinn Féin in oirthear na Gaillimhe. Bhí baint aige le Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ó thosach agus bhí ina chathaoirleach ar feadh tríocha bliain
I 1914 bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Chill Chainnigh de na hÓglaigh agus níos deireanaí ina chathaoirleach ar Choiste Gnó Shinn Féin i dtuaisceart an chontae ··· Bhí sé ina bhall d’Ard-Chomhairle Shinn Féin agus bhí ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh
Tá a chuid aistí i gcló in Fáinne an Lae, An Lóchrann, An Scuab, Sinn Féin, An Síoladóir, Timire an Chroí Naofa... ··· Dlúthchara leis ba ea Tomás Ághas agus bhí an bheirt acu ag fulaingt i dteannta a chéile nuair a tachtadh an tÁghasach 25 Meán Fómhair 1917 de bharr na ndochtúirí bheith ag cur bia siar a scornach in éadan a thola. Toghadh é ina bhall de Choiste Gnó Shinn Féin i nDeireadh Fómhair na bliana sin
Bhí baint aige le Sinn Féin agus bhí ina chaptaen ar na hÓglaigh sa Chlochán agus gearradh mí príosúnachta i nGaillimh air i ndiaidh dó tine a lasadh ag dealbh John Darcy sa bhaile sin chun bua Shinn Féin i Longfort i mBealtaine 1917 a cheiliúradh
Bhí sé ar dhuine de bhaill bhunaidh Shinn Féin agus na nÓglach i gCorcaigh agus i mBaile Átha Luain ··· I 1918-19 bhí sé ina rúnaí ar Chomhairle Cheantair Chorcaí de Shinn Féin
Bhí sé ina bhall de Shinn Féin sna 1950idí le linn fheachtas an IRA, scéal atá pléite aige in agallamh le Liam Ó Muirthile in Comhar, Nollaig 1988; d’admhaigh sé go dtugadh sé dídean d’fhir an IRA agus gur fritheadh ciontach é in airgead a bhailiú do Shinn Féin gan ceadúnas a bheith aige
Tuairiscíodh in Sinn Féin 5 Deireadh Fómhair 1907 go bhfuair ‘Francis Ua Druatháin’ onóracha i roinn Halla na Scríbhneoirí de scrúduithe Chompántas Cuimhneacháin Dhonnchaidh Pléimionn [B1]. Cheangail Frank O’Meara leis an gCraobh áitiúil tuairim 1908 ··· Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh ach bhí ordú tugtha dó ag Comhairle Cheantair Shinn Féin i dTiobraid Árann Thoir, agus ag an eagraíocht i gCluain Meala, i gCaiseal agus i dTiobraid Árann Theas, tacú leis an gConradh (‘The Second Dáil and the Treaty’ by William Corbett in The nationalist centenary 1890-1990 ) ··· Ní ligfeadh mo chroí ná m’aigne mo ghuth a thabhairt ar thaobh an tsocraithe sin; agus ós rud é gur cheap Comhairle Cheantair Shinn Féin iarradh orm seasamh leis an socrú sin, níl le déanamh agam ach éirí as ar fad, mar is iad na daoine a thoibh mé’
As my sister Annie [Áine Ní Raghallaigh B5] appears to have taken offence with me, because, as far as I can make out, I cannot sympathise with the Sinn Féin policy, although I am friendly with the Sinn Féin people that I know, I think it well to put these few sentences together regarding my life since I left home nearly thirty two years ago
‘Sliabh Luachra’ a bhaist sé ar an teach mór a bhí aige. Bhí spéis á cur aige i ngluaiseacht Shinn Féin tuairim an ama seo ··· Bhí sé bainteach go háirithe le hAonach Nollag Shinn Féin
D’fhan ina bhall de Shinn Féin nuair a bunaíodh Fianna Fáil i 1926 agus sheas ar a shon sa Chlár i Meitheamh 1927 nuair a chaill sé an suíochán tar éis 1,412 vóta a fháil ··· Níor theastaigh uaidh bheith ina uachtarán ar Shinn Féin i 1927 nuair a tairgeadh an post sin dó
Bhí sé fosta ar an bhaicle poblachtach a scar le Sinn Féin in 1986 nuair a chinn an páirtí ar shuíocháin a ghlacadh i nDáil Éireann ··· Luaitear a ainm i measc na bPoblachtach a thaobhaigh le Ruairí Ó Brádaigh agus a scar le Sinn Féin ag Ardfheis 1986 nuair a ghlac tromlach an pháirtí leis an mholadh go suífeadh baill thofa Shinn Féin i nDáil Éireann (Comhar, Iúil 2013)
I mBéal Feirste a tógadh a hathair Seán McEntee, innealtóir a bhí ina chaptaen in Ard-Oifig an Phoist in 1916, a fuair suíochán Dála do Shinn Féin in 1918 agus a bheadh ar bhunaitheoirí Fhianna Fáil, agus ina Thánaiste ··· Bhíodar ar fad i Sinn Féin
Bhí sé ina bhall den Choinbhinsin Éireannach (25 Iúil 1917-5 Aibreán 1918), iarracht ar theacht ar réiteach idir na páirtithe; ní raibh Sinn Féin sásta a bheith rannpháirteach agus ainmníodh Éamonn mar dhuine a raibh bá aige leo ··· D’éirigh sé as ballraíocht de chomhairle Shinn Féin in Eanáir 1918
a chláraigh é mar bhall de Shinn Féin agus a chuir faoi mhionn an Bhráithreachais é. Ceapadh é ina mháistir poist i gCóbh 1913 ··· Chomh luath le 1909 bhíodh litreacha i gcló aige in Sinn Féin
Bhí sí féin agus a deartháir Tom ar bhunaitheoirí Chlub Shinn Féin i bPort Láirge i 1906 ··· Bhí sí ina hionadaí ó Phort Láirge ag Coinbhinsiún Shinn Féin i 1917, agus ba í a mhol rún, ar glacadh leis, go mbeadh cead vótála ag mná
Bhí Deasún fostaithe uair mar eagarthóir na ngné-alt in Scéala Éireann agus, nuair a d’inis Ruairí Ó Brádaigh, uachtarán Shinn Féin Sealadach, do Tim Pat Coogan, eagarthóir an pháipéir sin, le barr trua d’Osgur, nach raibh lámh ná páirt ag an bhfear óg san eachtra, gurbh iad an IRA Sealadach a rinne é, chuir Coogan sin in iúl don Taoiseach Liam Cosgrave, ach aird níor tugadh air (Coogan 2008:206) ··· Bhí Deasún in aghaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta, cé go raibh a iníon Lucilita, Rúnaí Shinn Féin, ar a shon. Bean fhuinniúil ba ea Luci, bean chéile Dheasúin, agus bhaineadh sí taitneamh as bheith ag argóint le Breandán Ó Beacháin [q.v.], le R.M
Clódóir sa chathair sin ba ea Harry ar ball agus é freisin ina chisteoir ag Sinn Féin ann ··· Dhún na nGall, do sheanmhuintir Pearse ar thaobh a mháthar, Caitlin Sara McElhinney, arbh i nGlaschú a rugadh agus a tógadh í agus a bhí freisin ina ball de Shinn Féin ann
Deir Dónall Ó Riagáin: Go lá a bháis bhí ard-mheas ag Diarmuid ar Sheán Sabhat agus déarfainn gur do Shinn Féin a chaitheadh sé vóta, bíodh is gur éirigh sé níos measartha le himeacht na mblianta
A Sinn Féin candidate stood, thus splitting the nationalist vote and ensuring a unionist victory
Ceapadh go buan é ar fhoireann Roinn an Bhéaloidis sa bhliain 1975, agus sna blianta ina dhiaidh sin ina léachtóir agus ansin ina léachtóir statúideach agus ina Ollamh sa bhliain 2006. Ar mhaithe leis an gcuntas seo deir a dheartháir Éamonn Ó hÓgáin: Le linn na 1970aí bhí sé páirteach i ngnóthaí a bhain le polasaithe socheacnamaíocha agus síochána a fhorbairt do Shinn Féin, le súil is go n-aimseofaí réiteach ar theannas agus ar achrann na haimsire sin a chuimseodh Éireannaigh de gach sórt
Nuair a scaoileadh saor é, murab ionann agus Éamonn Ó Néill (1882-1954) [B4], 'ní raibh aon bhuíon cheoil ag an stáisiún roimis, ná ní raibh aon chruinniú sa tsráid, ná níor deineadh aon chaint phoiblí ar an ngníomh a dhein sé' (Ó hAnnracháin). Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus de na hÓglaigh agus bhí cairdiúil le Traolach Mac Suibhne [B5], Diarmuid Lynch [B4] agus Liam de Róiste [B3]
Ceardchumannach tréan i bhFaing ba ea Pádraig agus bhí sé ina rúnaí tamall ar an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge; ceapadh é ina ghiúistís i gcúirteanna Shinn Féin agus chaith sé cúpla tréimhse i bpríosún
Chuaigh sé i bpáirt leis na Sealadaigh nuair a tharla an scoilt i Sinn Féin i 1969-70 agus ceapadh é ina eagarthóir ar An Phoblacht
That volley which we have just heard is the only speech which it is proper to make above the grave of a dead Fenian.’ Toghadh an Coileánach ar fheidhmeannas Shinn Féin i mí Dheireadh Fómhair 1917, más ar éigean é, ach bhí sé níba lárnaí sna hÓglaigh, a raibh atheagar anois orthu, agus rinneadh aidiúnach ginearálta de i Márta 1918 tráth a ceapadh gur shábháilte an rogha é Risteárd Ó Maolchatha mar Cheann Foirne
Níor atoghadh í mar leasuachtarán ar Chumann na nGaedheal (Sinn Féin faoin am seo) ag an ardfheis i mí na Samhna 1905. Is sa Fhrainc a bhí a saol ag Maud Gonne ina dhiaidh sin, óir is ansin amháin a bhí bailíocht ag an scaradh agus ag na téarmaí a bhain leis
Bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhairle Chontae Chiarraí i dtús na 1920idí agus ina bhreitheamh i gcúirteanna Shinn Féin (Amárach 27 Samhain 1964)
Duine de rúnaithe Shinn Féin i gCorcaigh i 1916
Ina chomhfhreagraí ag nuachtáin náisiúnta agus ag an Nationalist i gCarraig na Siúire agus ina bhall bunaidh de Shinn Féin ann
Bhí sé ina Leas-Chathaoirleach ar Bhanc Shinn Féin go dtí an deireadh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Uachtarán ar chraobh de Shinn Féin sa Charn, Co
D’fhoghlaim sé Gaeilge ó Sheán Mac Fhlainn [B3] (Sinn Féin 18 agus 25 Lúnasa 1906)
Toghadh é ina fheisire i Ros Comáin Thuaidh i 1917 le cabhair Shinn Féin agus bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha sa Chéad Dáil
Bhí sé gníomhach freisin i Sinn Féin
Bhí sé ar dhuine de mhic Gerald Boland (1885-1973) a bhí ina aire rialtais ag Fianna Fáil idir 1933 agus 1954 agus ar dheartháir leis Harry Boland a bhí ina rúnaí ag Sinn Féin 1917-22
Chabhraigh sé le Sinn Féin in Olltoghchán 1918 agus bhí ar aon ardán le Darrell Figgis, Larry Ginnell agus Pádraig Ó Máille [B3] i dTuaim oíche
Bhí sé ar dhuine den cheathrar a roghnaigh Robert Brennan chun eagraíocht Shinn Féin a bhunú sa dáilcheantar (Allegiance, 1950 le Robert Brennan)
Bhí aiste aige ‘Thomas MacDonagh and the Rising’ in 1916 and University College Dublin, 1966. Bhí sé ina stiúrthóir toghchánaíochta ag Sinn Féin i dtoghlach Ollscoil na hÉireann i 1918
In olltoghchán 1918 bhíothas ag caint ar é a chur suas mar iarrthóir ag Sinn Féin i bhFear Manach ach measadh go mbeadh na hIbeirnigh rómhór ina aghaidh (Gaeil á múscailt, 1973 le Earnán de Blaghd)
Tuairiscíodh in Sinn Féin 9 Samhain 1909 go raibh sé i gContae Laoise, i gContae Cheatharlach agus i gContae Chill Dara agus gur chuir sagart paróiste an Tulaigh ina aghaidh nuair a rinne sé iarracht ar chraobh a bhunú ansin. D’éirigh sé as an timireacht i 1910 agus bhí ina oide Gaeilge i gColáiste na gCistéirseach i Ros Cré ar dtús agus ansin, anuas go 1919, i Mungairit
Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus de Shinn Féin san Uaimh
Tuairiscíodh in Sinn Féin 25 Iúil 1908 go bhfuair ochtar ar a laghad dá mhic léinn pas sna scrúduithe
Bhí duine den ainm sin bainteach leis an gConradh i Sheffield (Sinn Féin 12 Aibreán 1913)
Bhí sé gníomhach i Sinn Féin
Cé nár sheas sé i mórthoghchán 1918 agus, cé gur fhoilsigh an All for Ireland League forógra ag tacú le Sinn Féin, shíl an teaghlach go mba shábháilte an mhaise dóibh cur fúthu i Londain
Chláraigh sé mar bhall de Shinn Féin tuairim 1970
Bhí Robert ina rúnaí ag Cumann Shinn Féin in Ard Adhain sa chathair agus chaith tamall de 1920-21 i bpríosún
Cuireadh chun tosaigh é mar iarrthóir de chuid Sinn Féin i mBéal Feirste Thuaidh in olltoghchán 1924 agus, cé gur labhair an Chuntaois Markievicz thar a cheann, ní bhfuair sé ach ceithre faoin gcéad den vóta
In aimsir Chogadh na Saoirse baineadh talamh coimín dá athair toisc bá a bheith aige féin agus ag a mhuintir le Sinn Féin. Ba í Julia Ward máthair Ghearóid agus ba é an duine ba shine de chúigear clann é, beirt chailíní agus triúr buachaillí
Ba é Art a dhearadh ceannteidil seachtainiúla The United Irishman, páipéar Airt Uí Ghríofa, agus dhearadh sé cártaí Nollag Shinn Féin i rith 1914-18
Poblachtach ba ea é agus bhí ina eagarthóir tamall ar Leas, páipéar Gaeilge Shinn Féin Shráid Chaoimhín
I nDeireadh Fómhair na bliana sin bhí sé in éineacht le Tom Johnson, Thomas Farren, William O'Brien agus Cathal Ó Seanáin ag plé le Sinn Féin cén ról a bheadh ag Páirtí an Lucht Oibre san Olltoghchán
‘Richard Mulcahy, Baview, Sutton - Clerk’ [sic] an cur síos air i liosta na bpríosúnach in Sinn Féin Rebellion Handbook, 1917 a d’fhoilsigh an Weekly Irish Times
Tá leide den teannas a bhain leis an ngnó in Sinn Féin 13 Meitheamh 1908 mar ar tuairiscíodh gur tionóladh ollchruinnithe i Halla an Bhaile in Holborn, ceann de na hallaí ba mhó i Londain, chun gearán a dhéanamh i dtaobh cosc a bheith ar sheirbhísí Gaeilge san Ardeaglais
Ní bhfuaireas a thuairisc le fada’. I ndiaidh an Éirí Amach toghadh é mar dhuine de rúnaithe an ‘Irish National Aid Association’ i gCorcaigh agus ar 3 Nollaig 1916 ina bhall de chraobh athbhunaithe Shinn Féin
Ba é Éamonn an duine ab óige den dáréag duine clainne agus bhíothas ag súil go bhfanfadh sé ar an bhfeirm ach ó 1916 i leith bhí sé gníomhach i Sinn Féin agus i ngluaiseacht na Gaeilge agus cheangail sé leis na hÓglaigh i 1917
Thuigfeá ó rud a dúirt Sinn Féin tar éis a dhúnmharaithe gur bheag ar fad an bhaint a bhí aige le polaitíocht (Irish Times)
Ach bhí a mháthair níos náisiúnaíche; bhí deartháir léi ina rúnaí ar Shinn Féin i dTeampall Tuaithe in aice leis an Teampall Mór
Bhí sé ina bhall de chomplacht na nÓglach sa Chnoc agus ina gharda i gcúirteanna Shinn Féin
Níor thuig rialtas na hÉireann féin in 1985 gur bhac a ról mar thréadaí air, agus b’fhéidir a bhreithiúnas mar staraí, a rá lena phobal gur peaca é vóta a thabhairt do Shinn Féin
Toghadh ar choiste Shinn Féin é i 1917
Dúirt sé in óráid i Loch Garman uair eile: ‘I can assure you, ladies and gentlemen, from my own experience that the labour of learning Irish is not a painful or tiresome one’ (An Claidheamh Soluis 11 Iúil 1908). Bhí sé mór le hArt Ó Gríofa agus i 1900, i nDún Dealgan, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na nGael, eagraíocht a bhí ina réamhtheachtaí ag Sinn Féin
Glantóir agus giolla i siopa mór éadaigh agus bróg ba ea é ar dtús go dtí go bhfuair ball de Bhráithreachas na Poblachta obair dó i mBardas na Cathrach ag gearradh díog le haghaidh sreangán leictreachais. Bhí baint aige leis na cumainn náisiúnta go léir i dtús an chéid: Cumann Oliver Bond, An Cumann Liteartha Ceilteach, Bráithreachas na Poblachta, Cumann na nGael, Sinn Féin
Cheangail sé le Sinn Féin i 1907
Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 11 Márta 1905 gur cuireadh é i mausoleum nua i Maigh Nuad ag searmanas príobháideach i mí Feabhra. Bhí a dheartháir Pádraig ag cruinniú tionscnaimh Shinn Féin in 1905 (Seán Ó Lúing, Art Ó Gríofa, 1953) agus bhí sé ina chaptaen ar na hÓglaigh i gContae na Mí (Liam Skinner, Politicians by accident).
Toghadh é ina bhall de Bhardas Bhaile Átha Cliath i gceantar Chill Mhaighneann thar ceann Sinn Féin ach bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí an Lucht Oibre i 1912
‘The Sinn Féin organisation in Glasgow, which had kept the Pádraig Pearse Branch of the Gaelic League alive during the lean years, resurrected in 1928 the annual Feis Ghlascú
Is é an cur síos atá air in Sinn Féin 12 Deireadh Fómhair 1909: ‘formerly assistant principal in the Connacht College’
Deirtear sa chuntas sin go raibh sé ina bhall de Shinn Féin ó thús agus de Bhráithreachas na Poblachta, go raibh sé ina bhall de na hÓglaigh (Céad Chathlán Bhaile Átha Cliath) agus, tar éis dó a bheith gníomhach i gceantar Shráid na hEaglaise san Éirí Amach, gur daoradh chun báis é agus gur chaith sé tamall in Frongoch
Luann sé Seán agus Cill Ala go háirithe sa chuntas sin. Nuair a bhí an raic faoi James Owen Hannay [B4] ar siúl thuairiscigh Sinn Féin 6 Deireadh Fómhair 1906: ‘A Gaelic League organiser—Mr Fitzhenry—then proposed an amendment, the effect of which was to exclude Mr Hannay and the chairman supported the amendment, giving as his reason for doing so that it excluded the Rev
Bhí baint ag John le Sinn Féin agus mhaíodh Liam go raibh an teach á ransú ag fórsaí armtha an Rí le linn dó féin bheith á shaolú
D’fhoilsíodh The Dublin Journal, The Nation, Shan Van Vocht, The Shamrock, Sinn Féin .. ··· Nuair a bunaíodh Sinn Féin bhí sé ina bhall dá ngasrasan sa Bhardas. Phós sé Margaret Furlong, deirfiúr le Alice Furlong [B3], 3 Deireadh Fómhair 1900
Ach b’fhéidir go ndeachaigh sé rófhada leis an magadh nuair a bhaist sé ‘The Green Hungarian Band’ ar Shinn Féin
Ach ní dhearna an Roinn aon socrú i dtaobh phinsean mhúinteoirí na Rinne go dtí 1953. Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus d’Arm na Poblachta in iarthar Phort Láirge, dar le tuairisc an Dungarvan Leader 25 Lúnasa 1956
Bhí sé ina bhall den Chumann Liteartha Ceilteach agus de Shinn Féin. Phós sé Áine Nic Aodha ar 9 Feabhra 1899
Bhíodh ábhar aige go minic in Sinn Féin ··· Ar deireadh fuair sé féin agus gach breitheamh Dála a bhí éirithe as a bpoist pinsean £500. Ball gníomhach de Shinn Féin ba ea é ina dhiaidh sin
Dhineamar le cabhair a chéile aistriú ar Hail Glorious St Patrick d’fhonn é a mhúineadh don bhuíon a chanadh dánta diaga sa teampall beag a bhí san áit’. Phós sé ball de Chraobh na Linne Duibhe, Éilís Bhreathnach, i 1907 agus bhí cúigear clainne acu. Timpeall 1906 ghlac sé mionn Bhráithreachas na Poblachta agus cheangail le Sinn Féin i 1907
Bhí cáil na hóráidíochta air freisin agus bhí ina bhall de Aisteoirí Rinn na Feirste. Bhí sé gníomhnach i Sinn Féin sna 1950idí agus nuair a d’éag sé 16 Márta 1979 tugadh sochraid phoblachtach dó
Fiú coicíos roimhe sin ba é ‘Mac Uaimmhóir’ a bhí aige go fóill. Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus rinne canbhasáil do Risteárd Ó Maolchatha i mórthoghchán 1918
Toghadh ina bhall de ardchomhairle Shinn Féin é ag Ardfheis 1917
Tá curtha síos ag Máire Mhac an tSaoi sa léacht úd i nDún Chaoin agus arís i Léachtaí Cholm Cille ar an gcaoi a raibh sé faoi chomaoin ag comharsana áirithe i nDún Chaoin agus é i mbun na n-aistriúchán sin. Bhí sé ar dhuine de shagairt Shinn Féin ó 1917 amach agus bhí ag cabhrú le hArt Ó Gríofa san fheachtas toghchánaíochta sa Chabhán Thoir d’ainneoin easpag na deoise
Dlúthchara le hArt Ó Gríofa agus Liam Ó Maolruanaidh [B2] ba ea é agus ball bunaidh den Chumann Liteartha Ceilteach agus de Shinn Féin . I mBaile Átha Cliath a rugadh é ach b’as Gaillimh do mhuintir a athar agus b’as Cill Dara do mhuintir na máthar
Is mar gheall ar a dhlúthchairdeas le hArt Ó Gríofa go samhlaítear do dhaoine go raibh baint aige le Sinn Féin , cé gur bheag a shuim sa pholaitíocht, dar le Seán Ó Lúing (Art Ó Gríofa, 1953)
An uair seo dúirt na breithiúna go raibh na litreacha inléite ach nach raibh an teanga, ag an té nárbh eol dó an Ghaeilge. Baint eile a bhí ag Domhnall leis an bPiarsach go raibh mac leis i Scoil Éanna an chéad lá. Cheangail sé le Sinn Féin agus ar ball leis na hÓglaigh
Bhí poist éagsúla aige i Sinn Féin, bhí sé ina Thánaiste ag an gConradh tamall agus ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i 1956
Shíl na póilíni baint a bheith aige le Sinn Féin – bhí filleadh beag air agus ní labhródh aon Bhéarla leo. Sloinne Francach é Ceabhasa
Bheadh duine amháin díobh, Michéal, ina uachtarán ar Choláiste Adhamhnáin, agus toghadh Peter Joseph (1891–1970) mar Theachta Dála do Shinn Féin in olltoghchán 1918
Rinne Sinn Féin baghcat ar an gcomhdháil sin
D’fhoghlaim an scoláire York Powell Gaeilge uaidh (Sinn Féin 18 agus 25 Lúnasa 1906). Nuair a cuireadh clabhsúr ar an Tuam News i 1904, ceapadh é ina eagarthóir ar an Tuam Herald
Théadh sé timpeall chuig na ranganna oíche lena chapall agus trap chun páipéir mar An Claidheamh Soluis, The Leader, Sinn Féin .. ··· Bhíodh comórtas le haghaidh paidreacha do Phrotastúnaigh agus a leithéid chéanna do Chaitlicigh. I ndiaidh do Philib de Bhaldraithe [q.v.] imeacht i 1913 fostaíodh beirt chainteoirí dúchais ó Thír Chonaill, Eoghan Ó Gallachobhair agus Nóra Nic Pháidín, agus Caitlín Nic Ghabhann ó Ghleann Dá Loch a bhí ag obair le tamall sa Spidéal, agus Pádraic óg Ó Conaire [q.v.]. Ag Ard-Fheis chinniúnach 1915, cé gur i leith Shinn Féin a bhí claonadh aige féin, bhí sé go mór in aghaidh an Conradh a bheith gafa le polaitíocht an náisiúnachais agus in aghaidh clásal a bheith sa bhunreacht a déarfadh gur cheann de aidhmeanna na gluaiseachta go mbeadh Éire neamhspleách ··· In Sinn Féin 29 Meitheamh 1907 tá tuairisc inspéise ar a chuid oibre
Is dóigh go bhfágfaí ansin é murach gur dúradh leis na saighdiúirí san oileán go mbeadh orthu an tsíocháin a choimeád ag cruinniú mór de chuid Shinn Féin i gCathair Saidhbhín ar 4 Samhain 1917
Ní filleadh beag a bhí ann ach seaicéad fada uaithne agus triús a raibh ribín buí á thrasnáladh go teann suas go dtí a ghlúine ar nós máirtíní nó strácaí lorga’ (Seán T., 1963). Faoi 1908 bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus ba ghairid go raibh sé ina bhall de Chomhairle Náisiúnta an pháirtí ··· Foilsíodh Supreme Sacrifice: the story of Éamonn Ceannt 1881-1916, 2005 le William Henry. Scríobh sé aistí in An Barr Buadh, An Claidheamh Soluis, The Irish Nation, Sinn Féin, Volunteer Gazette, Spark..., cuid mhaith díobh i nGaeilge
D’fhill sé i 1918 agus d’éirigh leis bheith ina bhall de chomhairle chontae na Gaillimhe thar ceann Shinn Féin
An bhliain dár gcionn bhí craobh de Shinn Féin ar bun acu i nDún Droma agus sa bhliain chéanna sin ghlac Éamon mionn Bhráithreachas na Poblachta
Bhí sé ina thimire ag Sinn Féin in 1925 agus tráth éigin ina dhiaidh sin d’imigh sé go Meiriceá
Modhanna múinteoireachta a theagasc an rud ba mhó a bhí ina chúram sa choláiste. Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus baint mhór aige le heagrú an taispeántais d’earraí na hÉireann gach Lá Fhéile Pádraig
Foilsíodh Irish heroines i 1917. Bhí sé ina bhall de Shinn Féin, é ar choiste na Craoibhe Láir
Bhí baint aige le Cairde na Gaeilge ó 1948 ar aghaidh agus chabhraigh sé le Clann na Poblachta in olltoghchán na bliana sin, cé gur ghairid ina dhiaidh a nocht sé gur le Sinn Féin a bhí bá aige
Thosaigh sé ag timireacht do Shinn Féin agus ar 23 Iúil thug sé caint uaidh i mBéal Átha na Lao i gContae an Longfoirt
Toghadh í ina ball de Choiste Seasta Shinn Féin in 1926 agus ba í a bhí freagrach as Saoirse, páipéar poblachtach, a fhoilsiú in 1935–1937
Cúigear clainne a bhí acu. Anuas go dtí 1921 bhí sé ina oifigeach taiscéalaíochta sna hÓglaigh agus ina bhreitheamh i gcúirteanna Shinn Féin
Bhí baint aige le Sinn Féin agus bhí sé ina bhreitheamh sna cúirteanna Poblachtacha
Bhí sí ina cathaoirleach ar Chomhchoiste na gColáistí Samhraidh. Ó thaobh na polaitíochta de, bhí sí i láthair ag an gcéad chruinniú de Shinn Féin ar 28 Samhain 1905
Is deacair gan a mheas gur mar gníomhaire Fíníneach a bhí baint aige leis an iliomad cumann ó 1882 anuas go dtí aimsir Shinn Féin
Ó 1917 amach, bhí sé ag timireacht do Shinn Féin i gCúige Chonnacht. Phós sé Margaret O’Hora as ceantar Choillte Mach i 1928 agus rugadh triúr clann dóibh
Tá cuntas deas ag Alice Milligan[B2] ar an rang Gaeilge a bhí aige in 1892 i mBéal Feirste in Sinn Féin 10 Meán Fómhair 1909
Bhí Sinn Féin i ndiaidh an páipéar sin a cheannach ar chúpla céad punt
Rugadh seachtar clainne dóibh. Sheas sé do Shinn Féin i nDoire Theas in olltoghchán 1918 agus in Aontroim i 1921
tháinig Ruairí Ó Conchubhair chucu le hordú ó Sheosamh Pluincéad dul go dtí a dteach féin i gCearnóg Belgrave, Ráth Maonais. Ba é Tomás ionadaí Bhráithreachas na Poblachta i Sinn Féin, é ina rúnaí oinigh i 1917 agus ina bhall den choiste gnó ó 1917 go 1922
Le saoririseoireacht a chuaigh sí ar dtús i rith 1905-08 agus tá aistí léi le léamh in Ireland’s Own, Irish Packet (faoin ainm pinn ‘Finnéigeas’), Sinn Féin agus Irish Peasant
Bhí sé ar chomhairle Shinn Féin ó 1907 amach agus bhí baint aige le Conradh na Gaeilge agus leis na hÓglaigh
Bhí tosaithe aige ar Ghaeilge a fhoghlaim san ollscoil. Bhí sé ar bhunaitheoirí Shinn Féin sa chathair agus ba é an chéad rúnaí acu é
Dar le Risteárd Ó Glaisne in LÁ 19 Feabhra 1985, bhí sé ina bhreitheamh i gCúirteanna Shinn Féin, tharla céim sa dlí a bheith aige
Toghadh ina bhall de Choiste Gnó Shinn Féin é agus in Olltoghchán 1918 toghadh é d’Oirthear Chiarraí
Bhí sé gníomhach i Sinn Féin agus scríobhadh fógraíocht dóibh
Bhí sé ina leasuachtarán ar Shinn Féin sna Stáit agus ina uachtarán i gCalifornia ar an Association for Recognition of the Irish Republic
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ba é ionadaí Dháil Éireann sa Bhreatain é ó 1919 go 1922 agus ó 1916 go 1923 bhí sé ina uachtarán ar Shinn Féin ann
Bhí sí ar son Parnell agus ar deireadh bhí bá aici leis an Sinn Féin a bhí ann roimh 1916