Bhí an Gaeilgeoir seo ina eagarthóir ar An Phoblacht agus chaith sé tamall ina rúnaí ag an Old Dublin Society. Tá cuntais iarbháis in The Irish Times 24 Lúnasa 2002 agus ag A.P. Behan in Dublin Historical Record, earrach 2003. Ar Bhóthar Ráth Maonais, Baile Átha Cliath, os cionn áras bhriogáid dóiteáin an bhailecheantair, a bhí cónaí ar a mhuintir nuair a rugadh é ar 13 Eanáir 1927. Fuair a athair, James Heathar Thomas, oifigeach sa bhriogáid dóiteáin, bás nuair a bhí Éamonn cúig bliana d’aois agus is in Inse Chór a d’fhás sé suas. Ní bhfuair sé d’oideachas foirmiúil ach bunoideachas. Thosaigh sé ag obair mar ghiolla i gcomhlacht níocháin agus chuir eolas maith ar shráideanna Bhaile Átha Cliath. Ar ball bhí sé fostaithe mar stiúrthóir creidmheasa i gcomhlacht innealtóireachta. Chaith sé an tréimhse 1957-59 i gcampa coinneála an Churraigh. Fuarthas ciontach é faoin Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit i 1961 agus gearradh ceithre mhí príosúnachta air. Chuaigh sé i bpáirt leis na Sealadaigh nuair a tharla an scoilt i Sinn Féin i 1969-70 agus ceapadh é ina eagarthóir ar An Phoblacht. I 1973 agus arís i 1974 gearradh 15 míosa príosúnachta air nuair a fuarthas cáipéisí ionchoiritheacha ina sheilbh; rinneadh agóid mhór in aghaidh an phionóis sin ach níor scaoileadh saor é go Lúnasa 1975. Scríobh sé roinnt leabhar ar stair agus ar sheanchas Bhaile Átha Cliath: Down Dublin Streets 1916, 1966; Me Jewel and Darlin’ Dublin, 1974; Gur Cakes and Coal Blocks, 1976; The Labour and the Royal, 1978; Janey Mack Me Shirt is Black, 1982. Craoltóir maith ba ea é agus rinne sé dhá shraith teilifíse do RTÉ. Rosaleen ab ainm dá bhean agus bhí beirt iníonacha agus beirt mhac acu. D’éag sé ar 16 Lúnasa 2002.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú