I Sráid an Mhuilinn, Carraig na Siúire, a rugadh é 13 Lúnasa 1879. Déantóir cóistí a athair James Drohan agus ba í Mary O’Grady a mháthair. Ba é an duine ba shine é de sheachtar. D’aistrigh an chlann go Cluain Meala nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre go raibh sé 12. Tugadh oiliúint dó mar phéintéir sa ghnó déanta cóistí a raibh a athair ag obair ann. Chuir siad tús lena ngnó féin, James Drohan & Sons, i 1900 ag 86-87 An Baile Gaelach, Cluain Meala. Cheangail sé le Conradh na Gaeilge nuair a bhí sé 18 mbliana. Toisc gur i Halla na gCoillteoirí a bhíodh an rang Gaeilge thagadh cuid mhaith cainteoirí dúchais ann ar bhaill de na Coillteoirí iad. D’insíodh siad sin scéalta sa rang. Ach níor thosaigh an Conradh i gceart i gCluain Meala go 1903 nó 1904. Thug Séamus de Chlanndiolúin cabhair nuair a fuair sé post múinteora i scoil na mBráithre ann. Tuairiscíodh in Sinn Féin 5 Deireadh Fómhair 1907 go bhfuair ‘Francis Ua Druatháin’ onóracha i roinn Halla na Scríbhneoirí de scrúduithe Chompántas Cuimhneacháin Dhonnchaidh Pléimionn.

Cheangail Frank O’Meara leis an gCraobh áitiúil tuairim 1908. Ba é a thug Proinsias isteach i mBráithreachas na Poblachta agus a chuir de chúram air ciorcal a eagrú i gCluain Meala. Proinsias a bhí ina cheann ar an eagraíocht i dTiobraid Árann Theas agus ba é a thug Éamonn Ó Duibhir isteach san eagraíocht agus a chumasaigh é chun ciorcail a bhunú ina dhúiche féin. D’éirigh leis ciorcail a bhunú i gCaiseal, i nDurlas, Tiobraid Árann agus i bhFiodh Ard agus i mbailte eile. Bhaineadh sé úsáid go háirithe as craobhacha an Chonartha san obair sin.

Fuair sé ordú ón mBráithreachas i 1913 na hÓglaigh a bhunú i gCluain Meala. Chabhraigh sé le Seán Mac Diarmada chun airm a cheannach. Nuair a tharla an scoilt leis na Réamonnaigh sna nÓglaigh ba é a d’fhéach chuige gur ghabh na hÓglaigh nach raibh ag réiteach leo sin seilbh ar na gunnaí a bhí á gcoimeád i ngnólacht Hearne i bPort Láirge. Tá a chuntas ar an trí chéile i gCluain Meala i 1916 i gcló in The Nationalist Centenary 1890-1990. Gabhadh é tar éis an Éirí Amach agus tugadh ó Bheairic Mhíleata Chluain Meala é go Príosún Chorcaí, as sin go Beairic Risteamain agus go príosún Barlinnie in Albain sular aistríodh go Frongoch é. Bhí sé ina chaptaen i gCampa a Dó san eagraíocht mhíleata ann. D’iarr Michael Collins air bheith i gceannas ar Thríú Briogáid Thiobraid Árann ach dhiúltaigh sé i ngeall ar dhrochshláinte. Gabhadh é i mBealtaine 1918 agus chaith tamaill i bpríosún in Gloucester agus in Usk. Bhí lámh is focal idir é agus Agnes Davin ón mBaile Gaelach agus chuir sé cárta poist chuici ó Usk 1 Lúnasa 1918: ‘Just a picture of my hotel here. I hope you are enjoying the nice warm weather at the Seaside. I hope you’ll have some of the lessons Eileen learned at Ring again I get back or we’ll have to consider you an outlaw. I’m doing a little here as we have a couple of books. Frank Drohan’. Phós siad nuair a scaoileadh saor é i 1919 agus bhí cónaí orthu ag 16 Baile Gaelach Uachtarach, mar a raibh siopa grósaeireachta agus milseán acu. Fuair Agnes bás i ndiaidh cúig mhí. Níor phós sé arís.

Bhí sé ina bhall de Bhardas Chluain Meala nuair a iarradh air glacadh leis an suíochán Dála (Port Láirge Thiar agus Tiobraid Árann Theas) a bhí ag Piaras Mac Cana. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh ach bhí ordú tugtha dó ag Comhairle Cheantair Shinn Féin i dTiobraid Árann Thoir, agus ag an eagraíocht i gCluain Meala, i gCaiseal agus i dTiobraid Árann Theas, tacú leis an gConradh (‘The Second Dáil and the Treaty’ by William Corbett in The nationalist centenary 1890-1990 ). Níor bhac Teachtaí Dála eile le horduithe dá leithéid. ‘For Frank Drohan, however, the choice was torturous. In his heart he was against the Treaty, yet he had been directed to vote for it. On Tuesday, 5 January, two days before the final vote, the Ceann Comhairle received Drohan’s letter of resignation’. Dúirt sé ann: ‘Is oth liom go gcaithfidh mé an Dáil d’fhágaint mar Theachta. De réir an méid rún a fuaireas ó mhuintir Thiobraid Árann Theas chím ná fuil na daoine sásta liom mar gheall orm bheith i gcoinne an tsocraithe a deineadh le muintir Shasana. Ní ligfeadh mo chroí ná m’aigne mo ghuth a thabhairt ar thaobh an tsocraithe sin; agus ós rud é gur cheap Comhairle Cheantair Shinn Féin iarradh orm seasamh leis an socrú sin, níl le déanamh agam ach éirí as ar fad, mar is iad na daoine a thoibh mé’. Bhí sé ina bhall de Bhardas Chluain Meala ó 1920 go 1925 agus ina Mhéara 1922-24. Nuair a athbhunaíodh Craobh Chluain Meala de Chonradh na Gaeilge i 1932 roghnaíodh é mar uachtarán (Ar son na Gaeilge, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa). Faoi 1950 bhí sé ina leasuachtarán. Chaith sé tamall fada ina stiúrthóir ar an nuachtán The Nationalist. D’éag sé 5 Márta 1953 agus cuireadh é i Reilig Phádraig, Cluain Meala. Séamus Ó Néill (faoi Ó FOGHLUDHA, Áine) a thug an óraid os cionn na huaighe.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú