Ba iad Peadar Ó hAnnracháin agus é féin an bheirt timirí a ceapadh i Samhain 1901 chun cabhair a thabhairt don chéad timire Tomás Bán Ó Concheanainn.

Deartháir é le Micheál agus Tomás Ó Máille. Rugadh é ar 23 Feabhra 1878. De réir Dhaonáireamh 1901 bhí sé ina chónaí ar an bhfeirm i Muintir Eoghain in éineacht lena athair Micheál (71 bliana), a mháthair Sorcha (56), arbh as Co. Mhaigh Eo di (d’éag sí Iúil 1916), a dheirfiúracha Máire (36), Caitlín (34), Sinéad (30), a dheartháireacha Peadar (23), Tomás (20) agus Éamonn (17). Cúig bliana is fiche a bhí Pádraig féin. Bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla acu go léir ach bhí buachaill aimsire acu, Micheál Ó Súilleabháin (18), nach raibh aige ach Gaeilge amháin. Ceithre dhuine déag a rugadh do shean-Mhicheál Ó Máille (d’éag Samhain 1918) ach níor mhair ach naonúr díobh. Ní raibh sa teach oíche an Daonáirimh sin ach seisear den naonúr. I nDaonáireamh 1911 bhí ceathrar ann: Sorcha (38), múinteoir scoile; Tomás, ollamh ollscoile; Peadar, múinteoir scoile; agus Pádraig, arb é an cur síos atá air ‘Mac feirmeora’. Agus aris bhí buachaill aimsire, Patrick Joyce (18), ar Gaeilge amháin a bhí aige.

Bhí Pádraig ina bhall de Chraobh Choill Mhaolacháin nuair a toghadh é ina chomhairleoir ceantair i Roinn an Rosa don údarás áitiúil, Comhairle Cheantair Tuaithe Uachtar Ard. ‘Having taken a deep interest in the revival movement since the League was founded, I was acquainted with its history, its progress, and its difficulties, and since it began an active campaign in the country, I watched each development’ (i gcló in Na timirí ..., 1990 le Donncha Ó Súilleabháin). Níorbh ionadh gur ceapadh é ina thimire do Chúige Chonnacht ar 5 Samhain 1901. Chuirtí a thuairiscí i gcló in An Claidheamh Soluis. D’éirigh sé as an obair 1910. Toghadh é ina bhall den Choiste Gnó 1911 agus faoi Bhealtaine bhíothas á áireamh mar bhall den ‘eite chlé’ sa choiste. Thug sé féin agus a dheartháir Tomás cuairt ar oileáin Chonamara i mBealtaine 1913 le linn don tíofas a bheith forleata ann agus rinne siad roinnt moltaí in An Claidheamh Soluis 7 Meitheamh 1913, i dtaobh tithíochta, sláinteachais, fostaíochta. Bhí sé ag Ardfheis an Chonartha i 1915 agus ba é a mhol an rún cinniúnach úd i dtaobh neamhspleáchas polaitiúil bheith mar aidhm ag an eagraíocht. Bhíodh aistí aige in Sinn Féin , An Claidheamh Soluis, An Stoc timpeall an ama sin.

Bhí baint aige le Sinn Féin beagnach óna thús agus bhí sé sna hÓglaigh. Gabhadh é i nGaillimh go luath i ndiaidh Éirí Amach 1916 agus cuireadh go príosún Wandsworth é. Áiríonn Seán T. Ó Ceallaigh é i measc na bpríosúnach i Reading (Seán T. ..., 1963). Ionnarbadh go Sasana arís é Márta 1917 ach d’éalaigh sé agus é gléasta mar shagart. Bhí sé féin agus Pádraic Ó Conaire ag cabhrú le de Valera i bhfeachtas toghchánaíochta an Chláir Thoir níos deireanaí an bhliain sin. I mBealtaine 1918 rinne póilíní iarracht ar é a ghabháil i Muintir Eoghain ach chuir sé féin agus a dheartháir Éamonn baracáid suas agus scaoil siad leis na póilíní. Shíl Colm Ó Gaora (Mise) gurbh í seo ‘an chéad troid a rinneadh i gConamara ar son na saoirse leis na cianta roimhe sin’. Nuair a chúlaigh na póilíní d’éirigh le Pádraig an cnoc a thabhairt air féin. I Mórthoghchán 1918 sheas sé do Shinn Féin i nGaillimh Thiar agus bhuaigh ar William O’Malley MP le 8,432 vóta. Bhí sé ina bhall den choiste a d’fhéach le téarmaí Gaeilge a cheapadh don Chéad Dáil.

Ar 21 Aibreán 1921 tharla cath i Muintir Eoghain a mhair ó 4.00 a.m. go 4.00 p.m. D’éirigh le Pádraig, Éamonn, Tomás agus an colún reatha ealú ar deireadh ach dódh an teach mar dhíoltas.

Bhí Pádraig ar son an Chonartha Angla Éireannaigh. Nuair a maraíodh Seán Hales TD ag dul isteach sa Dáil ar 7 Nollaig 1922 gortaíodh Pádraig ach thiomáin sé Hales chun an ospidéil. An toradh a bhí ar an marú sin gur cuireadh Ruairí Ó Conchubhair, Liam Ó Maolíosa, Dick Barrett agus Joe McKelvey chun báis gan triail. I dteachtaireacht dar dáta 27 Eanáir 1923, a bhfuil ceannlitreacha Liam Uí Loingsigh léi, tá an méid seo scríofa: ‘Pádraig Ó Máille, Deputy Speaker, F.S. Parliament wounded, Sean Hales, F.S. T.D. and an officer of F.S. Army shot dead – unintentionally while in company with P. Ó Máille. It was intended only to wound Hales, but he was mistaken for Ó Máille’ (i gcló in Michael Collins, a biography, 1990 le Tim Pat Coogan). Toradh eile a bhí ar an iarracht seo ar é a mharú go mbíodh air oícheanta a chaitheamh go minic i dTithe an Rialtais in éineacht le hAirí i rith an Chogaidh Chathartha.

D’éirigh le Pádraig i mórthoghchán 1923 nuair ba aon toghlach amháin Gaillimh. Dar le hAindrias Ó Muimhneacháin (Dóchas agus duainéis) gurbh é féin agus Pádraig Ó hÓgáin, Páirtí an Lucht Oibre ‘fir faire agus lucht labhartha an Chonartha sa Dáil’. Bhí Pádraig ina chomhalta den Choiste Gnó ag an am agus anuas go dtí na luath-thríochaidí. Ach bhí bá aige leo sin a bhí páirteach i gCeannairc an Airm i 1924, agus bhí sé in aghaidh an Chomhaontais i dtaobh na Teorann i 1925. Ghlac sé páirt san iarracht a rinneadh ar na teachtaí poblachtacha a thabhairt isteach sa Dáil chun go vótáilfidís ina aghaidh. I 1926 bhunaigh sé féin agus an tOllamh William Magennis páirtí nua poblachtach, Clann Éireann. Sheas sé i nGaillimh in olltoghchán 1927 agus ní bhfuair ach 3.1% den vóta. Sheas sé d’Fhianna Fáil i gContae Bhaile Átha Cliath in olltoghchán 1932. Fuair sé 2,195 vóta ach i ndeireadh thiar chaill sé an naoú suíochán mar gheall ar 69 vóta. Bhí sé ina bhall den Seanad ó 1934 go 1936 agus arís i 1938. Nuair a fuair Cú Uladh bás [Peadar Mac Fhionnlaoich] d’ainmnigh de Valera mar Sheanadóir arís é agus bhí sé ann go bhfuair sé bás 19 Eanáir 1946.

Bhí feirm aige i gCill Tiarnáin, Co. Bhaile Átha Cliath, agus an dúspéis aige i gcúrsaí feirmeoireachta, é ina chathaoirleach agus ina eagraí ag an United Farmers’ Protection Organisation. Bhí sé pósta ar Eileen Acton ón gClochán agus bhí beirt mhac agus triúr iníonacha acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú